Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an t-iarphéas the former policeman
" Ní nach ionadh, tosaíonn "díospóireacht" idir an t-iarphéas, a bhean chéile agus an poblachtánach ar an choimhlint ó thuaidh.
Póilín ar meisce a drunken policeman
na scórtha péas scores of policemen
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
gléasta mar phóilíní dressed as policemen
" D'éalaigh beirt ghadaithe, a bhí gléasta mar phóilíní, le saothar arbh fhiú $300 milliún é ó Dhánlann Isabella Stewart Gardner i ndiaidh dóibh glais lámh a chur ar na gardaí.
póilín ar ghluaisrothar a policeman on a motorbike
" Agus mé ar mo bhealach abhaile, traochta, fliuch—bhí báisteach ann—agus ocras orm freisin, stop póilín ar ghluaisrothar mé.
Bhí triúr póilíní ar a dtriail three policemen were on trial
" Bhí triúr póilíní ar a dtriail as fear neamharmtha a mharú agus iad i ngnáthéadach taobh amuigh de chlub i lár na hoíche.
nuair a bhasc ceathrar póilíní when four policemen bashed
" Ná déan dearmad, ach an oiread, ar na círéibeacha ollmhóra in Los Angeles sa bhliain 1992 nuair a bhasc ceathrar póilíní fear gorm darbh ainm Rodney King chun báis, beagnach.
forrán a chuir mé ar phóilín sráide addressing a street police man, an exchange I had with a street policeman
" Is maith is cuimhin liom féin forrán a chuir mé ar phóilín sráide i Chicago cúpla bliain ó shin nuair a d’fhiafraigh mé de cá raibh áit éigin.
phríomhphóilín head policeman
" Thug an náisiúnaí Corsacach, Yvan Colonna, faoin sliabh i mí Bealtaine, 1999 nuair a chonaic sé a phictiúr ar nuachtán an lae agus ‘Á lorg: feallmharfóir phríomhphóilín an oileáin’ ina theideal air.
mná chéile na bpóilíní a maraíodh the wives of policemen killed
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
póilín a policeman
" Mharaigh póilín é earrach na bliana 2009.