Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
snasú polishing
" Is ionann 'llifo' eile na Breatnaise (= llifanu), tá mé ag leagan amach, agus an 'líomhadh' s'againne, agus 'livery' an Bhéarla chomh maith le 'liver' ('geir' le haghaidh snasú).
snasta polished, glossy
" Tá an taispeántas a bhí le feiceáil sa Rubicon snasta, bríomhar agus éagsúil ach tá an cheist go fóill le freagairt: an ealaín é nó fógraíocht chliste? B'fhéidir go bhfuil ag éirí leis an dá thrá a fhreastal.
snas bróg shoe polish
" "Níl a shárú ann - snas bróg Mhamó, é éadrom agus beathúil.
snasta polished
" Beidh dromchla an struchtúir snasta sa dóigh is go mbeidh frithchaitheamh na spéire agus an tsolais le feiceáil ann.
Polannacha Polish
" Ní hamháin sin ach téann déagóirí Éireannacha agus Polannacha 15 nó 16 bliana d'aois thar fóir le hólachán níos mó ná mar a dhéanann an dream céanna in aon tír eile san Eoraip.
Pholainnis Polish
" Chaith mé dhá mhí sa Pholainn am amháin agus tá an Pholainnis a d'fhoghlaim mé ag an am sin agam go fóill.
snas polish
" Ina dhiaidh sin, tháinig snas ar mo chuid Gaeilge trí bheith á labhairt.
snasta polished
" Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
snasta an oiread sin so polished
" Tá na boscaí méadaithe agus dromchla an chopair snasta an oiread sin gur féidir leat d'íomhá féin a fheiceáil ann go soiléir.
Gearmáinis shnasta polished German
" Samhlaigh go bhfuil Gearmáinis shnasta de chuid an Goethe Institut foghlamtha agat agus tú ag tabhairt cuairte ar an nGearmáin den chéad uair.
breac le híomhánna snasta full of polished images
" php?Publishers=Archaeology+Ireland breac le híomhánna snasta ó ríomhairí, mar aon le fógraí ó chomhairleoirí seandálaíochta a bhfuil saineolas acu ar an trealamh nua-aimseartha ar fad.
slacht polish
" "Sílim go bhfuil margadh mór ann de dhaoine a bhfuil cúpla focal acu ach a dteastaíonn uathu slacht a chur ar an méid atá acu agus tuilleadh a fhoghlaim.
snas polish
" " Tá suim aige féin agus ag Dermot McLoughlin sna ceoltóirí céanna agus deir sé gur chuir John Blake go mór leis na poirt a phioc siad, gur chuir sé snas orthu.
ag snasadh leis polishing away
" "Tá cuma bhuartha ort, a Toe Knee," ar seisean, agus é ag snasadh leis thall is abhus.
snasta polished
" Ar nós "Family at War" bhí an tsraith ar Ó hEochaidh snasta agus baineadh úsáid dheas as stoc cartlainne.
críoch snasta a polished finish
" Bhí dhá chéad míle duine bailithe thart ar an fhíor-Joe Mac Donnchadha agus é ar tí críoch snasta a chur le véarsa a daichead a sé de “The West’s Asleep”.
An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas the North-South Polish/Latvian/Estonian Alliance
" Beidh Bertie Ó Hernia agus a dhrong muiníneach go leor as toradh a gclis, ach ní bheidh siad ag súil leis an pháirtí úr a bhunófar i bPoblacht na hÉireann agus sna Sé Chontae ag an aon am amháin: An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas, a rachaidh i gcomhrialtas leis an Chomhaontas Bándearg, agus a chruthóidh rialtas úr le Séamus Walesa mar Thaoiseach.
róshnasta too polished
" Tá úire ag baint leis agus níl sé ar dhóigh ar bith róshnasta, mar a bhíonn go leor dlúthdhioscaí na laethanta seo.
snas deireanach final polish
" Ghlacamar seilbh ar sheomra in aice an halla, leis an snas deireanach a chur ar na píosaí a bhí curtha le chéile againn.
snasta polished
" Cén dochar mura bhfuil tuiscint dá laghad acu ar a bhfuil á scríobh acu a fhad is go mbíonn cóipleabhar snasta le taispeáint don chigire ag deireadh na bliana! Ag múineadh trí Bhéarla ======= Bunriail foghlama é nár cheart go mbeadh páiste ag léamh focal nach dtuigeann sé ach i gcás na Gaeilge is iondúil gur ag léamh agus ag scríobh a bhíonn na daltaí agus gan mórán de chur amach acu ar an teanga labhartha.
ré an chumannachais Pholannaigh the era of Polish communism
" Chabhraigh an mhuinín nua seo le cruthú an atmaisféir ónar eascair Solidarnosc, an ghluaiseacht ceardchumann a chuaigh i gcochall na gcumannach, ag cur deireadh le ré an chumannachais Pholannaigh i 1989.
an Pholainnis Polish
" Chuir sé an clár beag déil i gcuimhne dúinn agus mhínigh sé dúinn nach raibh éigeantacht ar bith ag baint le labhairt na Gaeilge, go dtiocfadh linn an Béarla, an Pholainnis, an Rúisis, nó fiú an Mheiriceáinis a spalpadh ó mhaidin go hoíche agus go raibh sé sin maith go leor.
ré an chumannachais Pholannaigh the era of Polish communism
" Chabhraigh an mhuinín nua seo le cruthú an atmaisféir ónar eascair Solidarnosc, an ghluaiseacht ceardchumann a chuaigh i gcochall na gcumannach, ag cur deireadh le ré an chumannachais Pholannaigh i 1989.
snas polish
" Thug sé seans dom snas a chur ar mo sheinnt ar an ngiotár aeir agus mé ag éisteacht leis agus ag léim timpeall mo sheomra leapa.
a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne how well-informed and knowledgeable Poleas are as regards Polish history
" Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.
snasta polished
" B’iontach dom chomh snasta is a bhí a leacht cuimhneacháin - cros Cheilteach ollmhór agus cú faoil ina luí ag a bun.
a gceol casta snasta their complicated polished music
" Martin Hayes agus Dennis Cahill ag seinnt a gceol casta snasta.
ag cur breis snasa ar a céimeanna making her steps more polished
" Jean ag cur breis snasa ar a céimeanna agus Oki níos mó ar a shuaimhneas leis na píosaí ceoil.
comhghleacaí Polannach a Polish colleague
" Ba in éineacht le comhghleacaí Polannach a bhí mé agus í ag iarraidh an pulcadh a bheadh ann an lá dár gcionn a sheachaint.
chomh snasta agus cumhachtach as polished and powerful
" org, pacáiste bogearraí atá ar fáil saor in aisce agus atá beagnach chomh snasta agus cumhachtach leis na leaganacha de Word atá in úsáid faoi láthair (féach http://www.
ró-shnasta. too polished.
" Táimse sásta má théann an leabhar amach go garbh – muna bhfuil sé ró-shnasta.
snas polish
" Uaireanta, laghdaíonn an snas paisean an leabhair.
an Polannach óg mná the young Polish woman
" Ach cá raibh daidí? Faoi dheireadh d’oscail an gasúr doras an *au pair* agus b’in iad daidí agus an Polannach óg mná in aon leaba le chéile.
bríomhar agus snasta lively and polished
" Tá ceol traidisiúnta atá bríomhar agus snasta le fáil air agus liricí comhaimseartha a chuireann Andrew Murray i láthair go cumasach lena ghuth eisceachtúil.
clár as Polainnis a programme in Polish
"clár as Polainnis á chur i láthair aici ar City Channel ó 2005 agus ó shin i leith tá sí tar éis a bheith mar aoi ar chláracha RTÉ “Questions and Answers”, “The View”, “The Late Late” agus “The Tubridy Show” agus cláracha nach iad.
Snasann muid. We polish.
an snas deireanach the last polish
" Coinním an tiománaí ag an doras ag caint fad is a chuireann Karl an snas deireanach ar an gceol.
Páirtí na dTuathánach Polannach é. Polish Peasants' Party
" Ina áit, cuireadh an Platforma Obywatelska (PO), arb é “Ardán Sibhialta” is brí leis, i gcumhacht i gcomhrialtas le Polskie Stronnictwo Ludowe (PSL), ar Páirtí na dTuathánach Polannach é.
teach íochtarach Pharlaimint na Polainne the lower house of the Polish Parliament
" Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa *Sejm*, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.
bhraith Polannaigh Polish people felt
" Chomh maith leis sin, bhraith Polannaigh gurbh ar an am atá caite, seachas ar an todhchaí, ba mhó a bhí PiS dírithe.
formhór na bPolannach most of the Polish people
" Gné amháin de pholasaithe PiS a thaitin le formhór na bPolannach thiar in 2005 ná an gealltanas a thug siad go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta i saol na tíre.
ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh but it was soon apparent to Polish people
" Bhí an chuma ar an scéal go gcomhlíonfaí an gealltanas sin nuair a cuireadh oifig frith-chaimiléireachta (CBA) ar bun, ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh nach raibh i CBA ach uirlis rialtais chun poiblíocht mhaith a fháil do PiS agus chun an freasúra a chiapadh.
cloch ghreanta polished stone
" Thit an tóin as a ngnó luachmhar nuair a d'éirigh saineolaithe ó Mhúsaem na Breataine amhrasach faoi thrí rilíf Aisiriacha a bhí déanta as cloch ghreanta a thairg an teaghlach dóibh in 2005.
snasta agus eagraithe polished and organised
" Faoi dheireadh, a shíl muid ar fad, bhí suíomh gréasánaithe sóisialta ar fáil dúinn a bhí snasta agus eagraithe – cosúil le Bebo, ach amháin go raibh sé dírithe ar dhaoine fásta.
snasta polished
" Faoi dheireadh, a shíl muid ar fad, bhí suíomh gréasánaithe sóisialta ar fáil dúinn a bhí snasta agus eagraithe – cosúil le Bebo, ach amháin go raibh sé dírithe ar dhaoine fásta.
snoite agus snasta refined and polished
" ” Bhí sé ródheacair mo rian féin a fhágáil air – bhí modh seinnte agus amhránaíochta ag Simone a bhí chomh cliste, oilte, snoite agus snasta go mbeadh sé deacair ar dhuine aon ní nua a chur leis an amhrán.
go snasta slíoctha, polished and sleek
" An dara sainchomhartha a léirigh sé ná gur dhírigh sé é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh sé a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dá dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.
Polannach Polish person
" Mharaigh póilíní in Vancouver Polannach le Taser anuraidh.
ar nós dhá úll snasta like two polished, shiny, apples
" Bhí a leicne dearga ar nós dhá úll snasta faoina gcuid súl.
pobal láidir Polannach strong Polish community
" Is cinnte go bhfuil pobal láidir Polannach i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann, agus bhí sé seo le feiceáil go soiléir ar an eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Craców.
boscaí snasáin bróg. the shoe polish containers
" An rud ba mhó a ghoill ormsa ná na rudaí a thug na daoine leo ón Ísiltír, ón nGearmáin, ón Ungáir agus ón nGréig; na málaí, na scuaba fiacla agus na boscaí snasáin bróg.
shnasadh polish up
" Ní éigin a dhéanfadh próiseáil orm, a thabharfadh faoiseamh éigin dom agus a dhéanfadh na cnapáin bheaga gharbha a shnasadh agus a dhíriú! Ach b'fhéidir le sin, go ndíbreofaí an croí as an saol.
taidhleoireacht shnasta polished diplomacy
" I saol na polaitíochta Eorpaí, is tábhachtaí ar fad an taidhleoireacht shnasta ná an neart vótála.
An Polannach Mná the Polish lady
" Ach cad chuige a gcuireann ’ oiread sin daoine anseo suim sa chultúr ghaelach? Cad fúthu siúd nach bhfuil bunús ná oidhreacht Éireannach sa chúlra acu, ach a ghlacann páirt in imeachtaí gaelacha go rialta? An Polannach Mná Tá bean óg áirithe agam sa rang Ghaeilge nach bhfuil rian dá laghad den Éireannachas ina cnámha – is as an Pholainn a tháinig a muintir blianta ó shin, ach ní haon áibhéil a rá nach bhfaca mé a leithéid riamh roimhe.
snasta ildaite polished, multicoloured
" Léirigh an tAire Ó Cuív, i litir chuig *The Irish Times*, go raibh dul amú iomlán ar Gharret Fitzgerald nuair a scríobh sé go gcaithfear tuarascálacha snasta ildaite a fhoilsiú i nGaeilge.
shnasta polished
" Ella ab ainm di agus bean bheag, uasal, bhoglabhartha, shnasta ab ea í as an gCoireán, in Uíbh Ráthach.
shnasta polished
" Ní maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach tá cuma shnasta ar an leacht seo, atá déanta de chloich áitiúil.
snasa polish
" html An Feachtas Tosaithe Seans gur chaith an mhórchuid agaibh seal i gceann de na ceantair Ghaeltachta in Éirinn agus sibh ag cur snasa ar bhur gcuid Gaeilge.
snas ar polish on, finished of
" Ach sílim féin, cé go raibh sé millteannach blasta – is é an bealach a tháinig an bia chugainn a chuir an snas ar an oíche seo.
snasta polished, snazzy
" Bhí cuma iontach snasta ar an chéad chúpla eagrán a bhí dírithe cuid mhór ar an aos óg, ar scoláirí meánscoile agus ar fhoghlaimeoirí.
oilte polished, trained
" Guth foirfe údarásach a thug an Ciarraíoch oilte seo an doras chugainn isteach ón gcéad lá.
snasta polished
" De réir an dearcaidh seo, íocadh daoine ar bhealach amháin nó ar bhealach as an earra seo a chuirtear ar fáil ina phacáiste snasta den scoth ar fiú a cheannach.
snasta polished
" Caithfidh sé /sí a bheith oilte, snasta, líofa, fileata, socair agus bíonn a bhformhór mór acu amhlaidh.
snas polish, final touch
" Thug na cluichí breise sin deis don bhainistíocht imreoirí difriúla a fhéachaint, snas a chur ar imirt na foirne is araile.
Polannach mná Polish lady
" Tá Béarla cruinn líofa ag Anna Paluch, áfach, Polannach mná a bhain Éire amach i bhfómhar 2004.
Ghiúdaigh na Polainne the Polish Jews
" Nuair a bhí sé 11 bliain d'aois, bhog an teaghlach go léir go dtí an Fhrainc, mar is maith a d'airigh siad an chontúirt a bhí ann do Ghiúdaigh na Polainne tar éis urghabháil chumhachta na Naitsithe sa Ghearmáin.
chuirfeadh snas would polish up
" Cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státsheirbhísigh chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon! Déanann breithiúnas Laffoy mugadh magadh fosta den tuairim choitianta gur pobal faoi phribhléid iad lucht labhartha na Gaeilge a fhaigheann gach buntáiste i margadh an tsaothair.
snasta polished
" ” Is taispeántas snasta é seo agus is fiú go mór do dhaoine cuairt a thabhairt air más suim leo stair agus cultúr na hÉireann.
snas a chur ar bhróga to polish shoes
" Bhí fadhb óil ag an athair agus bhí ar Lula - agus é in aois a sheacht mbliana - oráistí a dhíol ar an tsráid agus snas a chur ar bhróga le hioncam a sholáthar.
leath chomh hoilte half as polished
" Níl Sinn Féin leath chomh hoilte le hiar-Uachtarán cáiliúil dá gcuid, nach maireann, nuair ba nós leis an tsúil leathchaoch a chaitheamh ar a chroí istigh chun mianta phobal Éireann a léamh ar a sháimhín só.
cuma shnasta polished appearance
" Feictear fógraí bréagacha sna meáin nó ar an idirlíon ó am go chéile ag spochadh as fíorshaol na fógraíochta, ach cuma shnasta proifisiúnta orthu.
le blas a chur ar a gcuid Gaeilge to polish up their Irish
" Ansin, tagann siad a fhad leis an Ghleann le blas a chur ar a gcuid Gaeilge.
chomh greanta as polished
" B’í *‘Penelope Longstreet’* an té ba fheargaí díobh uile, ach mar gur thosaigh sí amach ar leibhéal rótheann, ró-ard, ró-righinbhéalach, ní raibh aon ealó aici ó dul thar fóir sa taispeántas, corr nach rabhas ag súil leis ó aisteoir chomh greanta, de ghnáth, le Jodie Foster.
gurb ionann teorainn oirthear na Polainne the eastern Polish border is the same
" Is í an Pholainn, a bhfuil daonra 38 milliún aici, an stát is mó de na deich stát a ligeadh isteach san AE i 2004 agus is tír thábhachtach í ó thaobh na hinimirce de mar gurb ionann teorainn oirthear na Polainne agus teorainn seachtrach an AE.
i gcinneadh na Polainne in the Polish decision
" Cé go ndearnadh roinnt cainte le linn an fheachtais faoi chearta an duine agus an eagla roimh dhíbirt a thréithríonn saol an inimircigh lasmuigh den dlí, bhí ról ag cúrsaí geilleagair i gcinneadh na Polainne an tríú tionscnamh a chur ar siúl, leis.
bróga snasta polished shoes
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin I’ve really polished up my Spanish in the meantime
" Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
chun cuma na maitheasa a chur ar to polish up appearances
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fiacla a bheas ag an Chomhdháil agus nach bhfuil ann ach iarracht mar dhea eile chun cuma na maitheasa a chur ar an rialtas i leith leasú a dhéanamh ar an chóras pholaitiúil.
an réalteolaí Polannach úd that Polish astronomer
" Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’.
Bhí Gaeilge chraicneach ag an seandream the older folk had very polished Irish
" Bhí Gaeilge chraicneach ag an seandream.
Níl an Pholannais ar a thoil ag isn’t fluent in Polish
" Níl an Pholannais ar a thoil ag an fhear seo, faraor, agus níl a fhios againn arbh fhíor a thuairim, faoi mhaireachtáil in Éirinn gan Béarla a labhairt.
deich n-abairt Polannaise a shlogadh to swallow ten sentences of Polish
" Bheartaigh mé deich n-abairt Polannaise a shlogadh is a chleachtadh achan lá, rud a chiallódh an t-anmhéid 3,650 abairt faoi cheann bliana! Tháinig ciall chugam agus ghearr mé sin siar go 5 abairt achan lá, líon a bhéarfas 1,825 abairt ar mo thoil agam faoi cheann bliana.
stíl an-snasta a very polished style
chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg which finished with a slow choking an múinteoir líofa san úrscéal the polished teacher in novel
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
Más Polannais atá uait if it’s Polish you want
" Más Polannais atá uait, déanfaidh Chicago nó Londain cúis chomh maith le Vársá, agus más í an Arabais is spéis leat, b'fhéidir go mb'fhearr duit Páras ná Cairo.
Tá cuma shnasta, tharraingteach air it has a polished and attractive appearance
" Tá cuma shnasta, tharraingteach air agus tá stíl shnoite, sholéite á chleachtadh ins na haltanna.
chun snas a chur ar to polish up
" Luaigh Cheiro ina chuimhní cinn, a raibh an-tóir orthu tráth dá raibh, gur thaistil sé chun na hIndia agus é ina ógfhear chun snas a chur ar na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air.
cheol na Polainne Polish music
" Cúlú an Cheoil ===== Sa seachtú haois déag, bhí cáil ar fud na hEorpa ar cheol na Polainne.
de bhunadh na Polainne of Polish background
" 'Tá rialtas na Polainne a' rá leis na blianta nach bhfuil ceol traidisiúnta ar bith fágtha sa tír,' arsa Eva Skalla, Sasanach de bhunadh na Polainne a bhíonn ag eagrú imeachtaí ceoil ar fud an domhain.
mionlach Polannach beo leo a Polish minority still surviving
" An beagán iarsmaí san iarthuaisceart i gceantar Białystok agus go deimhin i gcríocha na Liotúáine san áit a bhfuil mionlach Polannach beo leo ón tseanaimsir, ní ceart neamhaird a dhéanamh díobh, ach is léir gur le ceathrú an oirdheiscirt a bhaineann an traidisiún anois.
bPolannais ghlan a shinsear his forebears perfect Polish
go snoite snasta perfectly and polished
" Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn.
is snasta most polished
" Dangerous Liaison, tá sé chomh cliste agus b’fhéidir an scannán is snasta ó thaobh scripte, tchítear domh féin, The Lion King.
ag cur snas agus feabhas ar a gcuid Gaeilge improving and polishing up their Irish
" Féadfaidh an obair a bheith saghas uaigneach fosta ach dar léi, is gairm í ar cheart do dhaoine óga pointeáilte atá in ann obair as a stuaim féin, agus atá ag iarraidh a bheith ag cur snas agus feabhas ar a gcuid Gaeilge an t-am uilig a bheith ag smaoineamh uirthi - go háirithe má tá fonn taistil orthu.
raibh Gaeilge shnasta foirfe agam I had perfectly polished Irish
" Roimh an gcúrsa seo, bhí mé cinnte go raibh Gaeilge shnasta foirfe agam – ach a leithéid de sheafóid níor chuala mé riamh as mo bhéal féin.
chun snas a chur ar a to polish his (personal) cv
" Cruth na Tíre nó Cruth na Tiachóige =============== Cheap formhór na vótóirí liobrálacha fiú i gCeanada go raibh sé ar intinn ag Ignatieff an phríomhaireacht a úsáid chun snas a chur ar a churriculum vitae pearsanta.
a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas. who embarressed a lot of Polish people for the last number of years
" Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas.