Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos béasaí more polite
" Tá daoine níos ciúine agus níos béasaí.
múinte polite
" " Bhí mé múinte, ach airdeallach.
tsochaí bhéasach polite society
" Tharraingeodh siad aird, ar an chéad dul síos, ar an dóigh a mbíonn formhór na daoine sa tsochaí bhéasach an-cháiréiseach agus iad ag plé, cuir i gcás, Afra-Mheiriceánaigh nó Giúdaigh Mheiriceánacha, ach go mbíonn ealaíontóirí gríosaitheacha, scríbhneoirí na conspóidíochta agus lucht an ghrinn gháirsiúil den bharúil gur féidir tabhairt faoi Chaitlicigh.
róbhéasach! too polite!
" Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis – bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán – “Do The Rat, Simon Crowe”– thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht! D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.
bualadh bos béasach polite applause
" Ar an ócáid seo, nuair a bhí an t-amhrán curtha díom, d'osclaíos mo shúile go mall agus an bualadh bos béasach ar siúl.
ní luaitear sin i lúib na galántachta that’s not mentioned in polite society
" Is é Prince Philip a col ochtair trí *Queen Victoria*, gan trácht ar an bheirt acu a bheith ina gcol seachtair fosta trí ríshliocht na Danmhairge! Tá finscéal eile a bhaineann le Naitsithe, le dúnmharú Diana, le hairgead agus go leor eile ceangailte leis na Windsors (d'athraigh siad an t-ainm ó Saxe-Coburg Gotha i 1917) ach ní luaitear sin i lúib na galántachta.
ar son a bheith béasach in order to be polite
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.