Pota Focal Intergaelic
boor | paor | pooh | pool | poop
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
más saibhir, más bocht for richer, for poorer
" Bhíos ag bainis cairde liom le déanaí agus bhíos ag smaoineamh ar na focail "más saibhir, más bocht".
siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh because he got the poor end of the bargain
" Bhí suim ag Féilim i gcónaí san éadach agus bhí siad siúd ann a shíl gur chothaigh sé an tsuim sin siocair go bhfuair sé an ceann caol den mhargadh ó thaobh na dóighiúlachta de.
níos daibhre poorer
" Cathair is ea Lublin atá in Oirthear na Polainne (ceantar a dtugtar an Pholainn B uirthi mar go bhfuil sé níos daibhre ná an chuid den Pholainn atá ar an taobh thiar d'abhainn na Wisla).
mo ghreidhin é the poor fellow
" Á, caithfidh gur Arabach fós é ina chroí istigh, mo ghreidhin é.
an sop in áit na scuaibe a poor substitute
" Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.
daibhir poor
" Agus má chuirimid an cumas agus an cur chuige atá ag roinnt leis an CLG i gcomórtas le hiarrachtaí an Rialtais, mar shampla, i leith nithe níos tábhachtaí ar nós cúrsaí oideachais agus sláinte, an bhearna idir saibhir agus daibhir, truailliú na timpeallachta agus mar sin de, caithfear a rá dá bhféadfaí cuid de chur chuige agus d'fhís an CLG a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den saol go mb'fhéidir go mbeimis i bhfad níos fearr as mar phobal agus mar náisiún.
fíorbhocht go deo extremely poor
" Bhí chuile dhuine fíor- fíorbhocht go deo.
chosmhuintir poor people
" Tá Rúnaí Ginearálta na heagraíochta sin, Kofi Annan, den tuairim gur ionsaí mídhleathach atá ar siúl ag an Bhreatain agus ag Meiriceá agus go gcothófar fadhbanna uafásacha sláinte agus beatha do chosmhuintir na tíre sin.
nach dtabharfaidh an diabhal bocht na cosa leis that the poor devil won't survive
" "Is cosúil nach dtabharfaidh an diabhal bocht na cosa leis - ceann acu ar aon nós, arsa Simpleoir gan é ag iarraidh a bheith ar bhealach ar bith greannmhar ach é ag tagairt dá bhfaca sé lena dhá shúil féin.
uaigh na mbochtán the poor people's grave
" Ar an taobh eile de Phríosún Walton ó mo theach féin atá Noonan Close, in aice leis an reilig ina bhfuil údar *The Ragged Trousered Philanthropists *curtha in uaigh na mbochtán.
othar bocht poor patient
" De bharr gur othar bocht a bhí ann, cuireadh é i reilig na mbochtán le dhá bhochtán déag eile agus gan leacht ar bith air.
Mo ghraidhin iad muintir na Gaillimhe the poor people of Galway
" Mo ghraidhin iad muintir na Gaillimhe, na créatúir.
an dara tír is boichte the second poorest country
" Ainneoin go bhfuil saibhreas mór mianraí sa tír, ainneoin gurbh í ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna nuair a bhí sí faoi riail ag na Spáinneach, is í an Bholaiv an dara tír is boichte i Meiriceá Theas sa lá atá inniu ann.
saol laethúil bhochtáin na tuaithe the daily life of the rural poor
" "Is in *Ireland's Welcome to the Stranger* a fhaigheann muid cur síos ar bhotháin Éireannacha agus saol laethúil bhochtáin na tuaithe, a ndearnadh scrios iomlán orthu, beagnach, aimsir an Ghorta.
uaigh na mbochtán the poor people's grave
" Sloinnte Éireannacha ======= Cuireadh 7,219 eile in uaigh na mbochtán in dhá áit eile sa chathair agus tá na hainmneacha uilig sa leabhrán fosta.
bhochtáin an domhain the poor of the world
" Ba cheart na doirse a oscailt agus ligint do bhochtáin an domhain teacht isteach, ar ár son féin agus ar a son-na.
an tír is boichte san Áis the poorest country in Asia
" Tá an t-uachtarán, Xanana Gusmao, ag rá go hoscailte anois go bhfuil an Astráil ag caitheamh leo mar bheadh namhaid ann agus má leantar ar aghaidh mar seo go bhféadfadh sé go dteipfeadh ar an stát nua, an tír is boichte san Áis agus ceann de na tíortha is boichte ar domhan.
níos boichte poorer
" Ó tharla gur chuig tíortha níos boichte ná na Sé Chontae féin a bheas an t-airgead mór ag dul, is amhlaidh is lú suim atá ag tuaisceartaigh sna toghcháin seo.
shaol an sceimhleitheora bhoicht the life of the poor terrorist
" "Níl tuigbheáil ar bith ag Micí do shaol an sceimhleitheora bhoicht," dar le Balor an Bastún.
chomh daibhir le daol dubh as poor as a church mouse
" “Is mór an gar,” arsa Liam, “nó dá mbeadh muid ag iompar an chíosa seo cúpla mí eile bheadh muid chomh daibhir le daol dubh.
Caitheadh go dona leis an bhfear bocht ón taobhlíne the poor man was badly treated from the sidelines
" Caitheadh go dona leis an bhfear bocht ón taobhlíne agus lucht tacaíochta Átha Cliath a bhí i gceist! Is daoine ar leith iad na bainisteoirí i gcúrsaí spóirt.
na boicht the poor
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
cluiche na mbochtán the game of the poor
" Tá cosúlacht láidir ar an scéal gur cluiche na mbochtán é an sacar i mórán tíortha ar nós na Brasaíle agus na hAirgintíne agus gur dóigh gur de bharr daonra chomh mór a bheith ag na tíortha sin agus nach bhfuil ach aon spórt amháin mar rogha ag formhór an daonra go n-éiríonn chomh maith sin leo.
Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil. We'll be the poorer for it if the sector fails.
" Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil.
taistealaithe bochta poor travellers
" Shaothraigh mé go leor leor airgid, caithfidh mé a rá – ní raibh mise bocht agus mé ag taisteal, ní raibh mé ar dhuine de na taistealaithe bochta sin.
agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta and that the poor cars were christened strange names
" Is cinnte nach bhfuil na figiúirí seo ach go measartha (agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta), ach is leor iad le mórán gearrthuras laethúil a dhéanamh.
ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht their leaving upset Poor Balor
" Cuid acu, ghoill a n-imeacht ar Bhalor Bocht agus cuid eile níor ghoill.
is boichte poorest
" Is tír bheag í an Mhaláiv agus tá sí i measc na 10 dtír is boichte ar domhan.
thugadh sé cuairt ar dhaoine daibhre he used to visit poor people
" Ní bhíodh sé sa bhaile Lá Nollag, thugadh sé cuairt ar dhaoine daibhre chun bia agus éadaí a thabhairt dóibh.
muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann the poor long-suffering people of Ireland
" Agus beidh muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann ar tí Máirtín Míleata a naomhú as siocair go mbeidh sé i ndiaidh an Saorstát a aisceadh agus a ghlanadh agus a sciomradh saor ó choirpigh.
mar thraidisiún de chuid na mbocht as a tradition of the poor people
" Bhí sé imithe agus is ceist í an raibh sé mar thraidisiún de chuid na mbocht riamh.
na hoibrithe is boichte the poorest workers
" Tá Páirtí an Lucht Oibre ag beartú airgead a bhaint de na hoibrithe is boichte sa tír, £1,000 sa bhliain uathu sin atá ag déanamh obair “shuarach,” ar mná iad den chuid is mó.
don chomaitéir bocht for the poor commuter
" Bíodh trua agat don chomaitéir bocht i Nua-Eabhrac, mar sin.
Ba theaghlach bocht, It was a poor family,
" Ba theaghlach bocht, na Smiths, a bhunaigh an láthair turasóireachta.
easpa árachais i measc na saoránach bocht and a lack of insurance among poor citizens
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
neart daoine bochta plenty of poor people
" Tá beáir fíona agus bialanna ann freisin, agus árasáin chostasacha, ach tá neart daoine bochta sa cheantar go fóill.
níos boichte poorer
" Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti! Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
ar son na mbocht. on behalf of the poor
" Agus ansin tá Edwards, fear tuaithe ó South Carolina a bhfuil an-obair déanta aige ar son na mbocht.
i stáit bhochta an deiscirt in the poor southern states
" Tá cónaí ar Ghormaigh na Stát Aontaithe, den chuid is mó, i stáit bhochta an deiscirt agus i ngeiteonna na gcathracha móra – Harlem i Nua-Eabhrac agus South Central i Los Angeles, cuir i gcás.
na bochtáin gheala the poor whites
" In ainneoin go raibh teannas idir Gormaigh bhochta agus na bochtáin gheala faoin tuath sa deisceart, bhí meánaicme na nGormach ag teacht ar an saol sna cathracha.
an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, how people live in poor countries,
" ”Agus céard é an buntáiste is mó a thugann an taisteal do dhuine, dar leis?“Nuair a fheiceann tú an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, bíonn níos mó measa agat ar an méid atá agat.
faoin bhrachán bocht seo about this poor mess
" Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
fá dtaobh den mhí bhocht seo. about this poor month
" Níl dabht ar bith ach go mbíodh cuid mhór rámhaille agus truflaise agus bómántachta san aimsir ghnáthchaite fá dtaobh den mhí bhocht seo.
a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite which was a lot harder than his poor sick head
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
ag gearán faoi na Francaigh bhochta complaining about the poor French
" Ní theastaíonn uaim a bheith ag gearán faoi na Francaigh bhochta i ngach alt a scríobhaim, ach caithfidh mé a rá gur ar éigean a gheobhaidh tú *après-ski* sa Fhrainc.
bainisteoir bocht fhoireann peile Chorcaí, the poor manager of the Cork football team,
" Níl ach mí imithe thart ó bhí raic ann maidir le bainisteoir bocht fhoireann peile Chorcaí, Teddy Holland.
níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, I didn't want to trouble poor Protestant teachers
" Anois, níor theastaigh uaim trioblóid a chur ar mhúinteoirí bochta Protastúnacha, agus mar sin, chinn mé ar na Bráithre Críostaí mar íospartaigh.
i bpócaí daoine bochta, in poor people's pockets,
" Is rud amháin é bheith ag streachailt le hÉire Aontaithe a bhaint amach, ach scéal eile é níos mó airgid a chur i bpócaí daoine bochta, jabanna fiúntacha a chur ar fáil dóibh agus cosaint a thabhairt dóibh ó na bligeaird óga atá á gcrá gach lá den tseachtain.
in éilimh na mbochtán in the demands of the poor
" Ach de réir na huasaicme áitiúla agus SAM, ba chumannachas a bhí in éilimh na mbochtán saol níos fearr a bhaint amach.
le tír bhocht a ionsaí to attack a poor country
" Tugann sé tacaíocht láidir i gcónaí don chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta – an leithscéal is déanaí le tír bhocht a ionsaí ar son na gcorparáidí móra.
báúil leis na boicht sympathetic to the poor
" Dá bhrí sin, cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad rialtais dhaonlathaigh ar bith a bhí báúil leis na boicht i dtír i ndiaidh tíre, ag tosú leis an mBrasaíl i 1964.
go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith. indeed it was often that we were quite poor
" Bhí sé an-dian, ní raibh muid ag éirí saibhir agus go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith.
na bochtáin the poor
" Fuair na bochtáin an rud a bhí tuillte acu, de réir theagasc na manach, mar gheall ar an olc a rinne siad sna saolta a tháinig roimhe seo.
i mbruachbhaile bocht in a poor suburb
" Chun an clár “Faoistin Favela” a dhéanamh, chuir mé fúm i mbruachbhaile bocht – Favela – i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle.
feileann drochthalamh do bhláthanna fiáine, poor land suits wild flowers
" D'inis sí dom go bhfeileann drochthalamh do bhláthanna fiáine, agus tá na gairdíní i NWC déanta as brice brúite, aolchloch, seanéadaí agus dlúthdhioscaí brúite, fiú.
mic léinn bhochta poor students
" B’fhéidir gur deacra é sin fós do na mic léinn bhochta nach léachtóirí iad ach bhí ardseachtain againn agus fágadh “*ram Gaelg”* (go leor Gaeilge) againn ag a deireadh.
Bráthair bocht litríocht na Gaeilge the poor brother of Irish language literature
" Bráthair bocht litríocht na Gaeilge atá sa seanchas.
drochstádas bad status, poor status
" De réir na tuarascála, tá stádas “maith” ag 7 faoin chéad de na gnáthóga; stádas "uireasach" ag 46 faoin chéad acu agus “drochstádas” ag 47 faoin chéad acu.
a chorp bocht ar tí a bheith curtha his poor body about to be buried
" Feiceann tú é agus é ag fulaingt,” a deir sí agus tocht ina glór, “agus ansin, feiceann tú é agus a chorp bocht ar tí a bheith curtha sa talamh.
theaghlaigh bhochta poor families
" Deirtear go minic go gcuireann táillí bac ar pháistí ó theaghlaigh bhochta.
dá bhoichte an tír the poorer the country
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
i gcomhthéacs níos boichte poorer context
" Is tír shaibhir í an Astráil, agus deirtear go mbítear níos measa a bheith gan earra gan éadach i measc dhaoine ilmhaoineacha ná a bhítear i gcomhthéacs níos boichte.
a bhoichte is how poor
" Cé gur thaitin ár gcéad chúrsáil go mór linn, chuaigh sé i gcion go han-mhór orm a bhoichte is atá na tíortha beaga seo in ár réigiún, ár gcomharsana béal dorais.
saibhir is daibhir rich and poor
" Ba é bun agus barr a chuid fealsúnachta ná go raibh an mhíchothromaíocht idir saibhir is daibhir ag dul in aghaidh toil Dé.
mbochtáin poor
" ” An nglacfaidh muintir na hÉireann le bheith ina mbochtáin arís? Nó an éireoidh siad amach uair amháin eile -- má fhaigheann siad amach gur cuireadh dallamullóg orthu? Sin í an cheist mhór.
beo bocht extremely poor
" Bheadh sé ó chumas aon rialtas nó aon phobal na bunathruithe sin a stiúradh i gceart, gan trácht ar thír a bhfuil na céadta milliún duine ann atá beo bocht.
mbocht poor people
" Laghdaigh líon na mbocht go mór in áiteanna (Karnataka, an stát a bhfuil Bangalore ann) ach ar éigin in áiteanna eile (Orissa agus Bihar, dhá stát atá chomh bocht le haon tír san Afraic).
is boichte poorest
" Ach seachas na Mór-Lochanna agus an mhíshocracht fhuilteach, tá rud eile ag roinnt leis na ceithre thír seo nach bhfuil mórán cur amach ag an saol mór air, is é sin, muintir Batwa, grúpa eitneach Pigmí atá ar na pobail is boichte agus is soghonta i gCeantar na Mór-Lochanna.
boicht poor
" Na boicht is mó a bhásaigh dar ndóigh agus an dream daoine a bhí bocht faoin tuath go mór mór.
bhocht poor
" Tá tart ar mhuintir bhocht fhadaraíonach Chorcaí, agus an rabharta uilig thart orthu; ach bhíodh sé á mhaíomh ag Balor an Bhéil Nimhe go raibh tart i gcónaí riamh ar mhuintir Chorcaí.
daibhre poor
" Is i Cox’s Bazar, ceann de na réigiúin is boichte sa Bhanglaidéis, a chuireann na Rohingya fúthu agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach bhfearann daoine daibhre dúchais na háite fáilte rompu.
bodach na déirce the poor
" An bhfuil siad ag cuimhneamh an rud a ligfidh siad do bhodaigh an airgid a dhéanamh, nach bhfuil bodach na déirce ag gabháil an rud céanna a dhéanamh? SMM: Tá tú amuigh le cén t-achar blianta anois a Mhícheáil? MÓS: Beagnach seacht mbliana anois.
sop in áit na scuaibe a poor substitute
" I ndomhnach, is beag nár éirigh leis, ach cúpla lá dár gcionn ba léir nach raibh ann ach sop in áit na scuaibe.
daibhir poor
" Deir an tAire gurb é an socrú is fearr go mbeadh muintir na tíre uile, bídís saibhir nó daibhir, ag tarraingt phinsin nó ina n-ógánaigh, in ann na cluichí a fheiceáil gan dul i gcostas breise trí íoc as córas príobháideach nó gan dul go dtí an teach tábhairne.
daibhre poor
" Ach pé athrú a thiocfaidh ar an gcúnamh forbartha a chuireann an Domhan Thiar ar fáil, ba dheacair áibhéil a dhéanamh ar an tábhacht atá le seoltáin i dtíortha daibhre is forbraíochta.
shaibhre is dhaibhre rich and poor
" Bíonn scileanna oibrithe iasachta ag teastáil ó stáit shaibhre is dhaibhre ar na saolta seo.
dhaibhir poor
" Ba é láidreacht uachtaránacht Lula ná go raibh fás i ndán do gach uile aicme, idir shaibhir agus dhaibhir.
na créatúir the poor divils
" Na múinteoirí bochta! Tá siad i ndiaidh ceithre seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! Agus tá trí seachtaine eile rompu amach sula dtugann siad aghaidh ar Lanzarote nó Fuerteventura.
beagmhaitheasa poor quality
" Cé acu ab fhearr leat - an tuismitheoir a thugann bia sláintiúil duit, am leapan luath, agus rothar le dul ar scoil, nó an tuismitheoir a cheannaíonn bia beagmhaitheasa duit, teilifís go lár na hoíche, agus síob ar scoil sa charr ar maidin? Tá daoine tuirseach den aiste bhia mar sin.
idir shaibhir agus dhaibhir both rich and poor
" Ní dhearna muintir na Brasaíle – idir shaibhir agus dhaibhir – oiread dul chun cinn ó thaobh chaighdeán saoil is a rinne le linn na n-ocht mbliana a chaith Lula i mbun cúraim.
na bochtáin san áireamh the poor included
" Cé gur chuir rialtas Pháirtí na nOibrithe faoi stiúir Lula deireadh le hocras agus cé gur fheabhsaigh caighdeán saoil an uile dhuine – de na bochtáin san áireamh – níor laghdaigh an bhearna ollmhór idir an saibhir agus an daibhir.
beo bocht really poor
" Deir sé go mbeidh daoine beo bocht mar gheall ar na ciorruithe seo, agus ní hamháin sin, ach go súfaidh na ciorruithe seo ar leasa shóisialaigh idir £300m agus £400m breise as geilleagar na Sé Chontae, próiséas as a dtiocfaidh níos mó dífhostaíacht ina dhiaidh.
bochtáin poor
" Déantar an fheoil a roinnt i dtrí chuid: cuid amháin don teaghlach é féin; cuid eile do theaghlaigh ghaolta; agus an train deiridh do na bochtáin.
saibhir agus daibhir rich and poor
" Ach cé gur laghdaigh géire an bhochtanais d’fhan an deighilt idir saibhir agus daibhir chomh leathan agus a bhí riamh.
mbruachbhailte bochta poor suburbs
" Ach má chuireann tú ceist ar dhuine de na milliúin daoine a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte bochta na tíre cén polaiteoir is fearr leo, ní chloisfidh tú ach freagra amháin: Lula.
bochta poor
" Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
talamh dhearóil poor land
" Caithfidh sé gur daoine seiftiúla iad an Masai a bhfuil scileanna ársa in úsáid acu mar ní raibh puinn féir le feiceáil sa cheantar ina raibh siad lonnaithe, dar linne, ach bhí siadsan in ann maireachtáil ar an talamh dhearóil sin.
An ainnise seo this poor state of affairs
"An ainnise seo, is díol deirce é dóibh sin atá ag iarraidh táillí uisce a thabhairt isteach ó thuaidh, cás láidir a dhéanamh go bhfuil an t-airgead breise riachtanach le go gcuirfear feabhas ar an bhonneagar uisce.
Ba bhoichte an tír the country’d be all the poorer
" Ba bhoichte an tír dá n-éagmais.
bochta poor
" Dálta daoine bochta ar fud na n-oileán seo, is ar na daoine is laige a thitfidh an t-ualach is mó sna ciorruithe atá le déanamh - seandaoine, páistí, daoine atá tinn mar ní thig leo troid in éadan an chórais.
na mbochtán of the poor
" Toisc nach mbíonn sé ar acmhainn na mbochtán – tá 56 mhilliún duine sa tír ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanais – áitreabh ceart, pleanáilte in áit oiriúnach a cheannach, thóg siad féin a dtithe ar an drochthalamh a bhí fágtha, ar leitreacha cnoic, ar riascanna agus mar sin de.
Ba bhocht it was a poor
" Ba bhocht agus ba bhrónach an feic é.
saol na mbocht the lives of the poor
"   “Bhí scoilt riamh idir muintir na gcathracha agus muintir na tuaithe, ach san fheachtas seo, chuaigh muintir na gcathracha amach chun na tuaithe leis na daoine a theagasc agus b’ansin a chonaic siad saol na mbocht mar a bhí sé don chéad uair.
créatúir bhochta poor things
" Áááá, mothaím uaim iad, na créatúir bhochta.
na mbocht the poor people’s
" Tá an eite chlé ó thuaidh mar atá sí ó dheas; scaiftí beaga a bhfuil ceannaire feidhmiúil acu le taobh na n-oibrithe agus na mbocht a chur chun cinn ach tá muid san aois “nua” seo - *New Labour, neo-liberalism, neo-cons*, daoine ag moladh Poblacht úr ó dheas - nuair is féidir neamhaird a dhéanamh ar "seanrudaí".
na daoine ba bhoichte the poorest people
" Má d'aistrigh an rialtas agus lucht rachmais na fiacha s'acu chuig na daoine ba bhoichte i Meiriceá, bhí sé mar a gcéanna sa Bhreatain.
beo bocht desperately poor
" Daoine nach raibh obair acu i mBéal Feirste na 1930í, bhí siad beo bocht.
an Ghaeilg a chodail amuigh very poor Irish
" **MDH: An mbeadh pidsean Ghaeilge againn - an Ghaeilg a chodail amuigh - sa deireadh?** CL: Ní dóigh liom gur pidsean a bheadh ann sa chiall teangeolaíochta, ach teanga theagmhála a bheadh ann cinnte.
dála oiread bochtán eile similar to other such poor people
" Ní toisc go raibh air bliain i ndiaidh bliana a dhéanamh arís, ach toisc go mbíonn air a bheith ag obair le linn am scoile le greim a chur ina bhéal, dála oiread bochtán eile sa Bhrasaíl.
bochtáin poor people
" I bhfocail eile, tá cumas sa Bhéarla anois ar cheann de mhíle mionrud a choinníonn bochtáin na Brasaíle san áit a bhfuil siad, sa favela, i bhfáinne fí de bhochtanas agus d’easpa oiliúna.