Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuairim choitianta popular opinion
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
íomhánna coitianta common/popular images
" Le linn a shaoil, bhain sé úsáid as íomhánna coitianta nó faiseanta ina chuid oibre.
níos coitianta more common/popular
" Dar le príomhchoileach seo na sicíní i gContae Chiarraí go bhfuil an smíste *baseball* anois níos coitianta ná an camán faoi Thuaisceart Chiarraí.
Tá an-tóir ar ranganna classes are very popular
" Tá an-tóir ar ranganna ar an bhfidil, mar shampla, le tamall anuas.
leabhair mhór-ráchairte popular books
" Is é úinéir an fhoilsitheora is mó san Iodáil, Mondadori, comhlacht a fhoilsíonn leabhair mhór-ráchairte, nuachtáin agus irisí, agus a bhfuil 20% den mhargadh foilsitheoireachta inmheánach aige.
coitianta popular, common
" (Plibín rubair an Ghráigis a chuala air sin sula raibh an t-earra féin coitianta).
coitianta common, popular
" " Seirbhísí webmail ======= Go deimhin, tá difear suntasach idir cláracha ríomhphoist ar nós Microsoft Outlook, agus na seirbhísí *webmail* atá coitianta anois.
Tá an-tóir ar an Ghaeilge ach go háirithe anseo The Irish language is particularly popular here
" Tá an-tóir ar an Ghaeilge ach go háirithe anseo.
níos coitianta more popular
" Tá loingseoireacht satailíte a bhaineann úsáid as córais ar nós GPS ag éirí níos saoire agus, mar sin, níos coitianta le bliain nó dhó anuas.
coitianta popular
" Mar shampla, tá feiniméan na mbialann ar féidir tiomáint tríothu, nach bhfuil chomh coitianta sin in Éirinn go fóill, mar chuid lárnach den tírdhreach Meiriceánach.
sa spórt úr is mó ráchairt in the most popular new sport
" " Chuig Aerfort na Sionainne a chuaigh sé ansin le páirt a ghlacadh sa spórt úr is mó ráchairt ar chlár imeachtaí samhraidh na hÉireann: "Aimsigh an Turasóir Meiriceánach".
a raibh an-tóir air who was very popular
" "Ní cúis iontais ar bith é go bhfuil Huw Jones anois ina phríomhfheidhmeannach ar S4C agus go bhfuil Dafydd Iwan, ar cheoltóir é a raibh an-tóir air ar feadh na mblianta, ina chathaoirleach ar Phlaid Cymru," arsa Aled.
go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta that the ferry is very popular
" Bhí freastalaí óg croíúil ann, a d'inis dúinn go bhfuil an-tóir ar an bhád farantóireachta.
stíl a mbíodh an-tóir uirthi a style which used to be very popular
" " Tá an siopa lán de rudaí áille sa stíl *Art Deco*, stíl a mbíodh an-tóir uirthi i bPrág.
an ceann ba mhó ráchairt the most popular
" Agus a leithéid de chluichí a bhí iontu! Ar na comórtais ar fad ba é An Ráiteas Fada an ceann ba mhó ráchairt.
sa chultúr coiteann in popular culture
" Lena chois sin, nuair a tháinig *The Godfather* chun cinn tugadh tús áite don *Mafia *Iodálach sa chultúr coiteann, agus, dá bharr seo, bhí sé furasta neamhaird a thabhairt ar an bhithiúnach Éireannach.
a mbíodh an-tóir air which used to be very popular
" Siúlann muid idir fálta iontach arda, agus trí choillte atá lán de phlandaí speisialta, mar an caiméilia, a mbíodh an-tóir air i Lucca.
agus a bhfuil oiread tóra ar an chlár and that the programme is so popular
" Ach an chúis go bhfuil *The Simpsons *chomh greannmhar sin – agus a bhfuil oiread tóra ar an chlár sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn – ná nach gcloíonn siad le greann éadrom amháin.
is mó éilimh most popular
" AÓF: Céard iad na hócáidi is mó éilimh? LÓM: Na comórtais amhránaíochta ar an sean-nóis, an damhsa ar an sean-nós, na hagallaimh bheirte agus na lúibíní, ach tá lucht leanúna dílis, mar shampla, ag leithéidí an chomórtais d'amhráin nua-chumtha agus is breá le daoine na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do na daoine óga.
ceann de na cinn scríbe is mó éilimh one of the most popular destinations
" Loch álainn ======= Bhí go leor cloiste agam faoi Loch Bled, ceann de na cinn scríbe is mó éilimh sa tSlóivéin.
in ainneoin na barúla coitianta despite popular opinion
" Ach, in ainneoin na barúla coitianta, tá boige ag baint le Balor fosta, agus bíonn sé fial flaithiúil lena chuid bronntanas am seo na Nollag.
is mó ráchairte most popular
" Is ceantar náisiúnach den chuid is mó é arb iad na cluichí Gaelacha an spórt is mó ráchairte ann, agus ina roinntear an chumhacht sa chomhairle áitiúil.
dá mbeadh an tóir chéanna air if it was as popular
" ” Tá úrscéal nua dá cuid, *Hurlamaboc*, díreach foilsithe ag Cois Life agus tá mé cinnte gur bhreá le hÉilís dá mbeadh an tóir chéanna air is a bhí ar a céad úrscéal Gaeilge.
fhormáid an chláir mhór-rachairte the format of the popular programme
" Bhí an clár seo bunaithe ar fhormáid an chláir mhór-rachairte “Celebrity Big Brother” a bhíonn le feiceáil ar Channel 4 na Breataine; cuireadh ochtar pearsana aithnidiúla faoi ghlas i dteach mór idir 11 Márta agus Lá Fhéile Pádraig agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
bíonn an-tóir ar an dánlann the museum is very popular
" Má tá do chloigeann ag casadh ag smaoineamh ar an oiread sin seomraí, seo chugat roinnt de na píosaí ealaíne is suntasaí nach mór duit a fheiceáil: Sala Caravaggio ar an chéad urlár, ina bhfuil trí phíosa chiaroscuro de chuid an ealaíontóra chlúitigh sin *Madonna in Maesta* le Cimabue i seomra 1 *La Battaglia di San Romano* (Cath San Romano) le Paolo Uccello i seomra 7 *Fredrico da Montefeltro* le Piero della Francesca i seomra 7 *Madonna col Bambino e due Angeli *le Fra Filippo Lippi i seomra 8 *La Nascita di Venere *(Breith Venéis) agus *Primavera* le Sandro Botticelli i seomraí 10-14 *Anunciazione *(Teachtaireacht an Aingil) le Leonardo da Vinci i seomra 15 *Tondi Doni *le Michelangelo i seomra 25 *Madonna del Cardellino * le Raphael i seomra 26 *Venere d’Urbino* le Titian i seomra 28 Is fiú go mór ticéid a chur in áirithe roimh ré do chuairt mar bíonn an-tóir ar an dánlann agus ag amanna gnóthacha is minic a bhíonn na ticéid ar fad díolta.
coitianta common, popular
" Is ceantar mór talmhaíochta é ceantar Wentworth agus ba é an phríomhuirlis a bhí acu á thógáil ná tarracóirí de dhéanamh Ferguson a bhí coitianta go maith sa gceantar.
tá an-tóir orthu they're very popular
an clár mór-ráchairte sin that popular programme
" ” Ba é Cilian a léirigh an clár mór-ráchairte sin a bhí ar RTÉ an bhliain seo caite, “Rip-off Republic”, agus is cinnte gur buntáiste mór a bhí ann do Stillwater bheith ceangailte in intinn daoine leis an chlár áirithe sin.
go mbeadh an-tóir ar a leithéid that such a thing would be very popular
" Chuala sí faoin cheird nua seo, comhairleoireacht saoil, a bhí tagtha chun cinn i Meiriceá agus thuig sí láithreach go mbeadh an-tóir ar a leithéid in Éirinn.
Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, why is the programme so popular,
" Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, a d’fhiafraigh mé de Nicholas.
bhí an-tóir ar a chuid ceoil his music was very popular
" Ceol Uí Chearbhalláin is mó a bhí ann mar bhí an-tóir ar a chuid ceoil i measc na ndreamanna a cheannaigh leabhair.
a bhfuil tóir air go hidirnáisiúnta. which is internationally popular.
" Spéis sa chluiche Is rud é an Superbowl a bhfuil tóir air go hidirnáisiúnta.
Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí rugby matches are very popular
" Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí faoi láthair i ngeall ar go bhfuil foireann mhaith ag Éirinn agus gur bhuaigh an Mhumhain Corn Heineken anuraidh (cén fáth nach dtugtar ainm níos uaisle ar an gcorn seachas ainm comhlachta bheoraigh?).
Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, Anthony Gormley's work is very popular,
"Tá an-tóir ar shaothar Anthony Gormley, rud nach mbíonn i gcónaí ina ábhar sásaimh i gciorcail ealaíne áirithe.
i bhfad níos coitianta much more popular
" Chomh maith leis sin, bhog foirne ó Melbourne go dtí New South Wales agus go Queensland, cé go bhfuil rugbaí i bhfad níos coitianta ná peil Astrálach sna stáit sin.
ar tí a bheith coiteann. were about to become popular
" *Antaine Ó Faracháin: Cad as a dtagann an teideal* From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin atá ar an albam? Geraldine Bradley: Bhuel, tháinig mé ar an teideal Béarla ón tuairim a bhí agam féin go raibh ceol agus amhráin a bhí ar eolas agam le blianta fada ar tí a bheith coiteann.
go bhfuil an-tóir ar na halbaim anois, that the albums are popular now,
" Agus de bhrí go bhfuil an-tóir ar na halbaim anois, tromluí is ea cúrsaí cóipchirt.
dá mba rud é gur shíl siad nach mbeadh tóir ar na halbaim if they thought that the albums would not be popular
" Ach is comhartha é sin go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis; ní bheadh na lipéid cheoil buartha faoi na cúrsaí sin dá mba rud é gur shíl siad nach mbeadh tóir ar na halbaim nó mórán airgid le déanamh astu.
an-tóir great demand, i.e. they were popular
" Bhí an-tóir ar Scullion sna hochtóidí agus bhí am ann gur shíl cuid mhór daoine in Éirinn go dtabharfadh an domhan mór aird orthu, rud a tharla go pointe áirithe.
sraitheanna mór-ráchairte popular series
"sraitheanna mór-ráchairte mar *Bringing it All Back Home *(BBC), *Other Voices* (RTÉ) agus *Sé mo Laoch* (TG4) déanta aige, mar aon le cláracha faisnéise ar cheoltóirí mór le rá mar Tom Waits, Daniel Lanois, Christy Moore agus Elvis Costello.
camchuairt mhór-ráchairte popular tour
" Scríobhadh léirmheasanna an-dearfacha faoina n-albam is deireanaí, *The Cost* (2006), agus tá camchuairt mhór-ráchairte dar teideal “Swell Season” – ar díríodh inti ar cheol ón scannán *Once – *díreach curtha díbh acu.
Aigne Choiteann popular opinion
" mobi/ga/Tony_Gregory) An Aigne Choiteann Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
gean an phobail popular affection
" Le ráta tacaíochta de 83%, is é an tUachtarán reatha, Lula, an ceannaire is mó a bhfuil gean an phobail air ó bhain an tír neamhspleáchas amach ón bPortaingéil thiar sa bhliain 1822.
tá an-ráchairt air it's very popular
" Fós féin, tá an-ráchairt air, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.