Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcomórtas na portaireachta in the lilting competition
" Bhí mé ag moltóireacht ag Fleadh Cheoil na hÉireann le déanaí i gcomórtas na portaireachta.
ag portaireacht isteach i mo chluas lilting into my ear
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
ag portaireacht singing
" Deir mo thuismitheoirí gur fhág siad mé faoi chúram mo mhamó deireadh seachtaine amháin agus nuair a d’fhill siad le mé a bhailiú, gur dhúirt mo mhamó leo gur chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ag portaireacht ón ardchathaoir! Tamall ina dhiaidh sin, thosaigh mé ag canadh na bport a bhíodh á gcleachtadh ag mo dheirfiúr ar an veidhlín.
portaireachta lilting
" Tá comhairle ag Antaine Ó Faracháin an mhí seo don té a mbeadh suim aige nó aici dul i mbun na portaireachta.