Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taithí phraiticiúil practical experience
" Ag brath ar an ábhar, bíonn taithí phraiticiúil ar fáil freisin.
spriocanna praiticiúla practical aims
" spriocanna praiticiúla ======= Tá go leor oibre le déanamh.
ní ba phraiticiúla more practical
" Bhí páistí óga ag Nic Pháidín ag an am, agus cé go raibh fonn uirthi imeacht, bhí sé ní ba phraiticiúla fanacht sa phost.
cúiseanna praiticiúla practical reasons
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
nithe praiticiúla practical things
" nithe praiticiúla ======= Má tá an Cumann Lúthchleas Gael dáiríre faoi chur chun cinn na hiomána is gá tosú leis na struchtúir atá ann.
tionchar dearfach praiticiúil positive practical effect
" Go mbeidh tionchar dearfach praiticiúil ag an Acht Teanga ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
i gcomhthéacs praiticiúil laethúil in a practical everyday context
" " Agus í ag tagairt don tionscadal seo, dúirt Fidelma Ní Ghallchobhair ó Fhoras na Gaeilge: "Cuirfidh sé go mór le stádas na Gaeilge agus le meon dearfach i leith na Gaeilge ár dteanga a bheith le feiceáil i gcomhthéacs praiticiúil laethúil mar seo.
tacaíocht phraiticiúil practical support
"tacaíocht phraiticiúil de dhíth.
cumas praiticiúil practical ability
" Is minic nach mbíonn cumas cruthaitheach agus cumas praiticiúil le fáil le chéile i nduine amháin, ach is léir go bhfuil an dá thréith sin ag baint léise.
fóinteach helpful, practical
" Ba mhian liom an leabhar a bheith fóinteach, sothuigthe, agus cuíosach saor, agus tá - a bhuíochas ar na heagarthóirí ag Cois Life agus ar an chlóchuradóir.
an-phraiticiúil very practical
" Tá eolas an-phraiticiúil ann faoi theicneolaíocht na faisnéise agus an Ghaeilge a úsáid le chéile san oifig.
comhthéacs taitneamhach, praiticiúil an enjoyable and practical context
" ) a dhéanamh agus (ii) ar theagasc trí ghníomhaíochtaí, rud a aistríonn foghlaim na teanga go dtí comhthéacs taitneamhach, praiticiúil.
an-phraiticiúil very practical
" Mar sin, is tábhachtaí ná riamh síntiús mar seo ó Eoin Mac Thiarnáin, fear an-chumasach, an-phraiticiúil a thuig tábhacht an Ghaeloideachais do thodhchaí na tíre.
an-phraiticiúil very practical
" Tá eolas an-phraiticiúil ann faoi theicneolaíocht na faisnéise agus an Ghaeilge a úsáid le chéile san oifig.
comhthéacs taitneamhach, praiticiúil an enjoyable and practical context
" ) a dhéanamh agus (ii) ar theagasc trí ghníomhaíochtaí, rud a aistríonn foghlaim na teanga go dtí comhthéacs taitneamhach, praiticiúil.
taithí phraiticiúil practical experience
" Bíonn teagasc ar siúl ar feadh trí uair an chloig ar maidin agus taithí phraiticiúil le comhlacht nó eagraíocht san iarnóin.
taithí phraiticiúil practical experience
" Bíonn teagasc ar siúl ar feadh trí uair an chloig ar maidin agus taithí phraiticiúil le comhlacht nó eagraíocht san iarnóin.
rud inteacht praiticiúil something practical
" Cuireadh tús leis an tionscadal anuraidh nuair a shocraigh Mícheál Mac Giolla Easbuic, gur as an cheantar dó, rud inteacht praiticiúil a dhéanamh leis an ábhar a bhí bailithe aige féin thar na blianta ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan agus go furasta do dhuine ar bith ar suim leis ceol agus seanchas Dhún na nGall.
rud inteacht praiticiúil something practical
" Cuireadh tús leis an tionscadal anuraidh nuair a shocraigh Mícheál Mac Giolla Easbuic, gur as an cheantar dó, rud inteacht praiticiúil a dhéanamh leis an ábhar a bhí bailithe aige féin thar na blianta ionas go mbeadh sé ar fáil go forleathan agus go furasta do dhuine ar bith ar suim leis ceol agus seanchas Dhún na nGall.
faoi shocruithe praiticiúla about practical arrangements
" Tá ceisteanna ann fosta faoi shocruithe praiticiúla.
poblachtaigh dhígeanta, phraiticiúla die-hard, practical republicans
" B’in iad na geallúintí faoinar sheol Dev agus a bhuíon isteach i dTeach Laighean arís, bíodh scéal na boilge amuigh fíor nó a mhalairt! B’in an chéad sluachorraíl – poblachtaigh dhígeanta, phraiticiúla ab ea an dream nua seo.
tábhacht phraiticiúil practical importance
" Ach, so what? Cad é an tábhacht phraiticiúil atá leis seo in Éirinn an lae inniu? Ní féidir fadhb a réiteach mura dtugann tú aghaidh ar an chomhthéacs as a bhfáisctear grúpaí, smaointe, gluaiseachtaí, is cuma cén taobh.
srianta praiticiúla practical constraints
" AÓF: Ós rud é gur thóg sé an oiread sin ama ort, ar smaoinigh tú riamh ar é a chaitheamh san aer? Nó ar chaill tú spéis ann nó foighid leis aon uair? PM: Níor chaill mé spéis riamh ann cé go raibh amanntaí ann nuair a bhí srianta praiticiúla ag cur isteach orm, tinneas, ríomhairí agus araile.
Bheadh sé praiticiúil it would be practical
" Bheadh sé praiticiúil dá dtiocfadh leo bheith ag obair sa cheantar ina bhfuil cónaí orthu.
Obair phraiticiúil practical work
" Obair phraiticiúil den chuid is mó a bhí i gceist agus bhí go leor saoirse ar an gcúrsa.
léiriú i dtástáil phraiticiúil to show in a practical test
" Glacfar le hiarratais ó chéimithe Gaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite, ach ar féidir leo léiriú i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
scileanna praiticiúla agus acadúla practical and academic skills
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
dearcadh saolta practical outlook
"dearcadh saolta ag an pháirtí agus tá siad go mór ar son na hiolrachta.
feidhmiúla practical
" Mhaígh Ó Tuathail sa chúirt go bhfuil sé intuigthe sa Bhunreacht go bhfuil sé de cheart ag cainteoir Gaeilge as an Ghaeltacht a chás a chur i nGaeilge os comhair coiste a mbeadh Gaeilge acu, ach deir an Stát go mbainfeadh deacrachtaí feidhmiúla le sin.
gníomhartha cruthanta practical action(s)
" B'fhéidir gur fíor, mar sin, dóibhsean a mhaíonn gur fearr le rialtais reitric mar gheall ar an troid in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí seachas gníomhartha cruthanta a chosnódh cearta daonna na n-inimirceach ar gnách leo gabháil d’obair nach ndéanfaidh an pobal dúchais.
feidhmiúil practical
" Tugann Muiris Ó Laoire bréagnú feidhmiúil don tuairim sin ina leabhar ‘Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge?’ (lch.
feidhmiúil practical
" Léiríonn Gopnik go dtuigeann an leanbh dhá bhliain d’aois an difríocht idir rialacha a bhfuil bun mórálach leo (‘ná déan dochar do leanbh eile’) agus rialacha nach bhfuil ach oiriúnach, nó feidhmiúil (‘bain na bróga díot ag an doras’).
tionchar feidhmiúil practical effect
" Bhí na Gearmánaigh sásta tacú le haon duine a bhí i gcoinne na bhFrancach, ach ní raibh mórán tionchar feidhmiúil leis an ngluaiseacht seo.
eolas feidhmiúil practical information
" Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam *Google* agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
go feidhmiúil ar fad really very practical
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
obair fheidhmiúil practical work
" 
Ní theastaíonn próifíl ard uainn mar ní hionann sin agus obair fheidhmiúil.
an taobh feidhmiúil the practical aspect
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
Tá comhairle fheidhmiúil practical advice
" Tá comhairle fheidhmiúil le fáil don réaltóg úr ar an suíomh seo <http://www.
beartais feidhmiúla eile lasmuigh other practical plans outside
" ”* Téann Donal Flynn céim níos faide ná seo sa mhéid is nach measann sé go bhféadfadh beartais feidhmiúla eile lasmuigh den chóras oideachais an uaillmhian seo a bhaint amach ach an oiread: *“There can be no pragmatic steps for a project that is not itself pragmatic.
gur beag an leas feidhmiúil a bheas aici that it shall have little practical benefit
" Más riachtanas é Béarla a bheith ar do thoil agat le bileoga eolais faoi tháirge leighis a léamh cén teachtaireacht a thugann sé sin faoi sheasamh agus faoi stádas na Gaeilge? Agus tá ceist níos leithne ag eascairt ó chás seo: cén mhaitheas stádas oifigiúil a bheith faighte ag an Ghaeilge mar theanga oibre de chuid na hEorpa má tá an rialtas féin i mbun socruithe faoi choim lena chinntiú gur beag an leas feidhmiúil a bheas aici?
nuair a bhaintear earraíocht fheidhmiúil aisti when it’s put to practical use
" Bíonn an reitric beag beann ar an bhfírinne ana-mhinic, áfach, agus nuair a bhaintear earraíocht fheidhmiúil aisti, ní mór dúinn a thuiscint nach coinníoll riachtanach í fírinne sa reitric pholaitiúil.
an tslí is feidhmiúla the most practical way
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
níos feidhmiúla more practical
" Dul san Iomáint ======= **Colm: Cén uair a cuireadh tús leis an iománaíocht?** Aodán: “Nuair a bunaíodh Na Gaeil Óga ceapadh go raibh sé níos feidhmiúla céim amháin a ghlacadh ag an am agus beartaíodh tosú le foireann peile ach bhí sé i gceist go gcuirfí foireann iomána ar bun ina dhiaidh sin.
cabhair thuisceanach feidhmiúil practical and sensible assistance
" An Súsa Bán ===== Bunaíodh Féileacáin le cabhair thuisceanach feidhmiúil a chur ar fáil do theaghlaigh a dtagann páiste chun an tsaoil chucu marbh.
moltaí praiticiúla practical recommendations
" Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as a bheith cáinteach an t-am go léir.
obair phraiticiúil practical work
" Tá an bhéim ar an obair phraiticiúil ar chúrsa nua raidió a thosaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara le gairid, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, atá ina theagascóir ar an gcúrsa.
go feidhmiúil in a practical way
" Tá roinnt ealaíontóirí a bhraitheann go gcaithfidh a saothar labhairt amach go feidhmiúil faoi shaol an duine agus faoina anbhás.
chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla spent in a more practical way
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.
Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil a display of control more so than anything sensible or practical
" Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce.