Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
socrú praghsanna price fixing
" Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas.
praghsanna a mhéadú to increase prices
" Dar ndóigh, caithfimid a bheith ag faire amach d'iarrachtaí praghsanna a mhéadú faoi scáth tabhairt isteach an airgeadra nua.
phraghas na mbeithíoch the price of cattle
" An é go mbeidh Sotheby's ag díol na n-éadaí thuasluaite ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo? Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko's army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint.
ar phraghas níos saoire at a cheaper price
" Má tá na halbaim atá ar fáil go forleathan sna siopaí á lorg agat ar phraghas níos saoire is fiú féachaint ar shuíomh CDWow ag (www5.
na praghsanna atá a ngearradh the prices being charged
" An é go raibh daoine róshantach nuair a tugadh isteach an euro nó an é nach raibh an rialtas dian go leor ar na gaimbíní a mhéadaigh a gcuid praghsanna go slítheánta nuair a fuair siad an deis ag tús na bliana seo caite? Níor smaoinigh na daoine seo, nuair a athraíodh go dtí an euro, go mbeadh sé níos fusa as sin amach comparáid a dhéanamh idir tíortha na hEorpa maidir leis na praghsanna atá a ngearradh ar earraí siopadóireachta.
san airdeall ar phraghsanna arda on the alert against high prices
" Ba cheart go mbeadh gach custaiméir san airdeall ar phraghsanna arda agus ag cinntiú go bhfaigheann sé luach a chuid airgid.
an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí the Consumer Price Index
" Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais thógála agus an meántuarastal.
ar phraghsanna arda at high prices
" Forbróirí príobháideacha a chuireann 90% de thithe an stáit seo ar fáil agus, ar an iomlán, is fearr leo líon beag tithe ar phraghsanna arda a thógáil ná líon mór tithe ar phraghsanna ísle.
praghsanna scannalacha scandalous prices
" Ach, faraor, ní dhéanann na cláracha teilifíse agus raidió nó na nuachtáin trácht ar bith ar na praghsanna scannalacha atá i gceist sna mórchathracha Spáinneacha ar nós Barcelona, Bilbao, Valencia nó Mhaidrid.
Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí Consumer Price Index
" Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais tógála agus an meántuarastal.
a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe that would moderate the continuous growth in house prices
" Feicfear méadú cinnte ar an líon gnáth-thithe agus tithe sóisialta a thógfar sa stát seo sna blianta romhainn amach, ach is deacair a fheiceáil go bhfuil aon rud sna moltaí seo a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe sa tír.
raon leathan praghsanna a wide range of prices
" Ní thógann sé ach tamaillín gairid ar an idirlíon chun raon leathan praghsanna ó chomhlachtaí éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile.
praghsanna iomaíocha competitive prices
" Tá sé an-deacair praghsanna iomaíocha a ghearradh agus gnó brabúsach a reáchtáil sa réimse sin.
praghsanna iomaíocha competitive prices
" Tá sé an-deacair praghsanna iomaíocha a ghearradh agus gnó brabúsach a reáchtáil sa réimse sin.
praghas na hola the price of oil
" Mura mbeadh difear idir praghas na hola ó dheas agus an praghas ó thuaidh, ní bheadh smuigleáil ar bith ann.
dhúblaigh na praghsanna ar fad all the prices doubled
" Cúpla bliain ina dhiaidh sin, dhúblaigh na praghsanna ar fad.
praghas an bhreosla the price of fuel
" An rud is tabhachtaí ná praghas an bhreosla.
phraghsanna earraí the price of goods
" Tá mórán scríofa agam i Beo! faoi seo cheana féin; is leor a rá anois go mbeidh éifeacht mhór ag praghas na hola ar gach cinéal iompair, ach go háirithe aeriompar, agus go mbeidh an costas a bhaineann le hiompar ina pháirt níos mó agus níos mó de phraghsanna earraí.
praghas na hola gainne céanna the price of the same scarce oil
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
praghsanna na dí the prices of drink
" ======= Praghsanna ======= Is iad na rudaí is tábhachtaí agus tú ag obair i mbeár nua ná praghsanna na dí bheith ar eolas agat agus fios a bheith agat cá háit a bhfuil gach rud mar beidh slua mór romhat roimh i bhfad ag scairteadh ort.
an praghas is airde riamh the highest price ever
" Cuireadh iontas ar shaol na healaíne, idir uasal agus íseal, nuair a bhain saothar de chuid an ealaíontóra Gustav Klimt an praghas is airde riamh amach do phíosa ealaíne nuair a cuireadh ar ceant le déanaí é.
ar phraghas réasúnta at a reasonable price
" D’oscail cuid acu bialanna agus níor thóg sé mórán achair go bhfaca an pobal go raibh bia den scoth le fáil ar phraghas réasúnta, cé nárbh é an bia a raibh taithí acu air é go minic.
ar phraghas an-íseal at a very low price
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, despite global warming and the increase in oil prices,
" Ach, in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, tá an líon aerlinéar ar domhan agus líon na bpaisinéirí ag méadú gach uile bhliain.
praghas na hola the price of oil
" Agus má fhanann praghas na hola ard, beidh i bhfad níos mó eitleán mar seo le feiceáil i gceann fiche bliain, ach beidh i bhfad níos lú paisinéirí ag baint úsáide as eitleáin más féidir traein a fháil ina n-áit.
a ardaítear praghas na dí that the price of drink is increased
" Níl mórán a chreideann gur trí chomhtharlú a ardaítear praghas na dí an méid céanna ag an am céanna i dtithe tábhairne éagsúla! Agus mar bharr dánaíochta, chuir na tábhairneoirí i gcoinne na reachtaíochta a bhaineann le hól agus tiomáint nuair a bhí sí á hachtú.
réimse praghsanna price range
" AÓF: Cén réimse praghsanna a bhíonn ann i gcás na mboghanna a dhéanann tú? NB: Tosaíonn siad os cionn €3,000 agus téann siad suas go dtí thart ar €5,000.
praghas an bhreosla the price of fuel
" Tá an obair seo bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin sna Stáit Aontaithe, taighde ar cuireadh stop leis sa bhliain 1996 toisc nach raibh praghas an bhreosla ag an am sin ard go leor chun costais an taighde a chosaint.
tá bia agus scannáin san áireamh i bpraghas an ticéid. food and films are included in the price of the ticket.
" Ar eitilt thrasatlantach Aer Lingus, caithfidh tú íoc as deochanna, ach tá bia agus scannáin san áireamh i bpraghas an ticéid.
praghas ard a íoc to pay a high price
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
Titfidh praghsanna tithe go mór there will be a big fall in house prices
a gcuid táirgí a dhíol ar phraghas níos saoire to sell their products at a cheaper price
" Sa chéad dul síos, cosnaíonn sé airgead mór ar fheirmeoirí na tíre seo na rialacha ar fad atá leagtha síos ag an AE a chomhlíonadh, rud a chuireann ar chumas fheirmeoirí mairteola na Brasaíle a gcuid táirgí a dhíol ar phraghas níos saoire ná mar a ghearrtar ar mhairteoil Éireannach.
Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de there is a wide range of works available in terms of price
" Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de – d’íocfá idir 100 agus 15,000 Linden dollar orthu, nó níos mó arís dá mbeadh saothar sainiúil nó bunleagan de shaothar ar leith á cheannach agat.
praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí prices which are charged for goods and services
" Is ceantar réasúnta saibhir é Marbella – tá na praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí san áit ina gcomhartha soiléir den rachmas sin.
an t-ardú deireanach praghais the last price increase
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
caighdeán, praghas, dáiliúchán, dílseacht standard, price, distribution, loyalty
" Tagann rudaí eile i gceist: caighdeán, praghas, dáiliúchán, dílseacht do nuachtán eile.
phraghsanna aibhléise electricity prices
" An tseachtain seo, tugadh le fios go dtiocfaidh ardú 30% ar phraghsanna aibhléise ó thuaidh, sin an cineál ruda a bhfuil daoine buartha faoi.
praghas price
" Insím dóibh mar gheall ar an gcomhrá a bhí agam le fear na gruaige cataí duibhe in Mojo Records – go ndúirt sé liom go raibh samhradh an-dian acu sa siopa toisc go raibh an dollar lag i gcomparáid leis an euro agus go raibh Meiriceánaigh míshásta le praghas na gceirníní dá bharr; go mbraitheann sé go bhfuil íoslódáil ag baint de ghnó an tsiopa; go síleann sé go bhfuil sé deacair ceol Gaelach a íoslódáil, ach go bhfuil sé buíoch as sin nó bíonn tóir leanúnach ar an gceol Gaelach sa siopa dá thairbhe! Fágaim slán le Mark agus é ag rith chuig cruinnithe eile – fear iontach gnóthach is ea é anois agus é ag iarraidh an gnó a fhorbairt.
gluaiseachtaí ionchais praghais expected price movement
" Is é an sainmhiniú a thugann Foclóir Fiontair ar ‘díorthach’, ná “ionstraim airgeadais a luacháiltear de réir gluaiseachtaí ionchais praghais bunsócmhainne, ar féidir gur tráchtearraí, airgeadra nó urrús í.
praghas measta estimated price
" I measc na sonraithe bhí praghas measta, ach iarradh orthu an praghas ceart a mheas de réir an taithí a bhí acu féin ar an cheantar srl.