Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
socrú praghsanna price fixing
" Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas.
a rogha luach any price they liked
" Ba seo nuair a cruthaíodh an t-idirlíon i dtús báire agus mheas go leor comhlachtaí úra idirlín go bhféadfadh siad a rogha luach a bhaint amach siocair go raibh saineolas acusan ar an teicneolaíocht úr seo.
praghsanna a mhéadú to increase prices
" Dar ndóigh, caithfimid a bheith ag faire amach d'iarrachtaí praghsanna a mhéadú faoi scáth tabhairt isteach an airgeadra nua.
phraghas na mbeithíoch the price of cattle
" An é go mbeidh Sotheby's ag díol na n-éadaí thuasluaite ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo? Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko's army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint.
chostas daonna an fhoréigin the human price of violence
" Ar an dóigh seo, bhí McKeown agus Campbell ábalta bualadh le hiarphóilíní agus a ndearcadhsan a fháil, chan amháin ar chúinsí na coimhlinte, ach ar chostas daonna an fhoréigin, ar an rud a spreag daoine le dul isteach san RUC, agus mar sin de, dul taobh thiar de *stereotype "an black bastard.
ar phraghas níos saoire at a cheaper price
" Má tá na halbaim atá ar fáil go forleathan sna siopaí á lorg agat ar phraghas níos saoire is fiú féachaint ar shuíomh CDWow ag (www5.
na praghsanna atá a ngearradh the prices being charged
" An é go raibh daoine róshantach nuair a tugadh isteach an euro nó an é nach raibh an rialtas dian go leor ar na gaimbíní a mhéadaigh a gcuid praghsanna go slítheánta nuair a fuair siad an deis ag tús na bliana seo caite? Níor smaoinigh na daoine seo, nuair a athraíodh go dtí an euro, go mbeadh sé níos fusa as sin amach comparáid a dhéanamh idir tíortha na hEorpa maidir leis na praghsanna atá a ngearradh ar earraí siopadóireachta.
san airdeall ar phraghsanna arda on the alert against high prices
" Ba cheart go mbeadh gach custaiméir san airdeall ar phraghsanna arda agus ag cinntiú go bhfaigheann sé luach a chuid airgid.
luach díolta selling price
" Ach nuair a ídeoidh an léas talún a bhaineann leis na foirgnimh seo, beidh ar an stát an t-ochtú cuid de luach díolta na bhfoirgneamh a íoc, más mian leo saorsheilbh a ghlacadh orthu.
an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí the Consumer Price Index
" Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais thógála agus an meántuarastal.
ar phraghsanna arda at high prices
" Forbróirí príobháideacha a chuireann 90% de thithe an stáit seo ar fáil agus, ar an iomlán, is fearr leo líon beag tithe ar phraghsanna arda a thógáil ná líon mór tithe ar phraghsanna ísle.
praghsanna scannalacha scandalous prices
" Ach, faraor, ní dhéanann na cláracha teilifíse agus raidió nó na nuachtáin trácht ar bith ar na praghsanna scannalacha atá i gceist sna mórchathracha Spáinneacha ar nós Barcelona, Bilbao, Valencia nó Mhaidrid.
ag tairiscint luachanna maithe offering good prices
" Bhí an baile geall le bheith tógtha, na striapacha fostaithe, geallghlacadóirí ag tairiscint luachanna maithe ar na rásaí áitiúla capall agus caimiléireacht ar siúl le fada an lá ó thaobh phleanáil tithíochta de.
Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí Consumer Price Index
" Ar feadh i bhfad mhéadaigh praghas na dtithe ar an iomlán ag an ráta céanna is a mhéadaigh an Treoiruimhir Praghsanna do Thomhaltóirí, costais tógála agus an meántuarastal.
a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe that would moderate the continuous growth in house prices
" Feicfear méadú cinnte ar an líon gnáth-thithe agus tithe sóisialta a thógfar sa stát seo sna blianta romhainn amach, ach is deacair a fheiceáil go bhfuil aon rud sna moltaí seo a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe sa tír.
luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin the price of the companies' shares on the stock exchanges
" In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
raon leathan praghsanna a wide range of prices
" Ní thógann sé ach tamaillín gairid ar an idirlíon chun raon leathan praghsanna ó chomhlachtaí éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile.
claonpháirteachas praghsála pricing collusion
" Agus an tionscal fón póca á phlé sna meáin chumarsáide, is minic focail mar "fáisceadh" in úsáid agus claonpháirteachas praghsála á chur i leith na gcomhlachtaí móra.
praghsanna iomaíocha competitive prices
" Tá sé an-deacair praghsanna iomaíocha a ghearradh agus gnó brabúsach a reáchtáil sa réimse sin.
praghsanna iomaíocha competitive prices
" Tá sé an-deacair praghsanna iomaíocha a ghearradh agus gnó brabúsach a reáchtáil sa réimse sin.
luach an mhargaidh market price
" Go deimhin, beidh ar an Stát seo an gás a cheannach ó Shell ar an phraghas céanna le hachan tír eile, de réir luach an mhargaidh.
praghas na hola the price of oil
" Mura mbeadh difear idir praghas na hola ó dheas agus an praghas ó thuaidh, ní bheadh smuigleáil ar bith ann.
dhúblaigh na praghsanna ar fad all the prices doubled
" Cúpla bliain ina dhiaidh sin, dhúblaigh na praghsanna ar fad.
praghas an bhreosla the price of fuel
" An rud is tabhachtaí ná praghas an bhreosla.
phraghsanna earraí the price of goods
" Tá mórán scríofa agam i Beo! faoi seo cheana féin; is leor a rá anois go mbeidh éifeacht mhór ag praghas na hola ar gach cinéal iompair, ach go háirithe aeriompar, agus go mbeidh an costas a bhaineann le hiompar ina pháirt níos mó agus níos mó de phraghsanna earraí.
praghas na hola gainne céanna the price of the same scarce oil
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
praghsanna na dí the prices of drink
" ======= Praghsanna ======= Is iad na rudaí is tábhachtaí agus tú ag obair i mbeár nua ná praghsanna na dí bheith ar eolas agat agus fios a bheith agat cá háit a bhfuil gach rud mar beidh slua mór romhat roimh i bhfad ag scairteadh ort.
íosphraghas leictreachais a ráthú to guarantee a minimum electricity price
" Is féidir leis an rialtas airgead a thabhairt dóibh ar dtús, chun costais tógála a íoc, nó íosphraghas leictreachais a ráthú ar feadh tríocha bliain.
an praghas is airde riamh the highest price ever
" Cuireadh iontas ar shaol na healaíne, idir uasal agus íseal, nuair a bhain saothar de chuid an ealaíontóra Gustav Klimt an praghas is airde riamh amach do phíosa ealaíne nuair a cuireadh ar ceant le déanaí é.
ar phraghas réasúnta at a reasonable price
" D’oscail cuid acu bialanna agus níor thóg sé mórán achair go bhfaca an pobal go raibh bia den scoth le fáil ar phraghas réasúnta, cé nárbh é an bia a raibh taithí acu air é go minic.
díoltar beoir ar leathphraghas beer is sold at half price
" Ach níl éinne róbhuartha - “Thirsty Thursday” a thugtar ar oíche dheireanach na sraithe agus díoltar beoir ar leathphraghas, nó níos saoire.
ar phraghas an-íseal at a very low price
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, despite global warming and the increase in oil prices,
" Ach, in ainneoin an téimh dhomhanda agus mhéadú phraghas na hola, tá an líon aerlinéar ar domhan agus líon na bpaisinéirí ag méadú gach uile bhliain.
praghas na hola the price of oil
" Agus má fhanann praghas na hola ard, beidh i bhfad níos mó eitleán mar seo le feiceáil i gceann fiche bliain, ach beidh i bhfad níos lú paisinéirí ag baint úsáide as eitleáin más féidir traein a fháil ina n-áit.
níos gaire ó thaobh costais de nearer in price
" Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair! Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard.
a ardaítear praghas na dí that the price of drink is increased
" Níl mórán a chreideann gur trí chomhtharlú a ardaítear praghas na dí an méid céanna ag an am céanna i dtithe tábhairne éagsúla! Agus mar bharr dánaíochta, chuir na tábhairneoirí i gcoinne na reachtaíochta a bhaineann le hól agus tiomáint nuair a bhí sí á hachtú.
réimse praghsanna price range
" AÓF: Cén réimse praghsanna a bhíonn ann i gcás na mboghanna a dhéanann tú? NB: Tosaíonn siad os cionn €3,000 agus téann siad suas go dtí thart ar €5,000.
praghas an bhreosla the price of fuel
" Tá an obair seo bunaithe ar thaighde a rinneadh cheana féin sna Stáit Aontaithe, taighde ar cuireadh stop leis sa bhliain 1996 toisc nach raibh praghas an bhreosla ag an am sin ard go leor chun costais an taighde a chosaint.
tá bia agus scannáin san áireamh i bpraghas an ticéid. food and films are included in the price of the ticket.
" Ar eitilt thrasatlantach Aer Lingus, caithfidh tú íoc as deochanna, ach tá bia agus scannáin san áireamh i bpraghas an ticéid.
praghas ard a íoc to pay a high price
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
Titfidh praghsanna tithe go mór there will be a big fall in house prices
a gcuid táirgí a dhíol ar phraghas níos saoire to sell their products at a cheaper price
" Sa chéad dul síos, cosnaíonn sé airgead mór ar fheirmeoirí na tíre seo na rialacha ar fad atá leagtha síos ag an AE a chomhlíonadh, rud a chuireann ar chumas fheirmeoirí mairteola na Brasaíle a gcuid táirgí a dhíol ar phraghas níos saoire ná mar a ghearrtar ar mhairteoil Éireannach.
mar bharr ar an bhunphraghas in addition to the basic price
" How do you move a piece of work like this, how do you display it and how do you insure it?"* Bhí Luti Fagbenle den tuairim go gcosnódh sé £5,000 leis an íomhá a bhaint den bhalla agus leis an bhalla a dheisiú ina dhiaidh – costas ar gá don cheannaitheoir íoc as mar bharr ar an bhunphraghas a íocadh as an saothar é féin.
Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de there is a wide range of works available in terms of price
" Tá réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais de – d’íocfá idir 100 agus 15,000 Linden dollar orthu, nó níos mó arís dá mbeadh saothar sainiúil nó bunleagan de shaothar ar leith á cheannach agat.
praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí prices which are charged for goods and services
" Is ceantar réasúnta saibhir é Marbella – tá na praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí san áit ina gcomhartha soiléir den rachmas sin.
an t-ardú deireanach praghais the last price increase
" Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí bliana ó shin, tá méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
caighdeán, praghas, dáiliúchán, dílseacht standard, price, distribution, loyalty
" Tagann rudaí eile i gceist: caighdeán, praghas, dáiliúchán, dílseacht do nuachtán eile.
phraghsanna aibhléise electricity prices
" An tseachtain seo, tugadh le fios go dtiocfaidh ardú 30% ar phraghsanna aibhléise ó thuaidh, sin an cineál ruda a bhfuil daoine buartha faoi.
praghas price
" Insím dóibh mar gheall ar an gcomhrá a bhí agam le fear na gruaige cataí duibhe in Mojo Records – go ndúirt sé liom go raibh samhradh an-dian acu sa siopa toisc go raibh an dollar lag i gcomparáid leis an euro agus go raibh Meiriceánaigh míshásta le praghas na gceirníní dá bharr; go mbraitheann sé go bhfuil íoslódáil ag baint de ghnó an tsiopa; go síleann sé go bhfuil sé deacair ceol Gaelach a íoslódáil, ach go bhfuil sé buíoch as sin nó bíonn tóir leanúnach ar an gceol Gaelach sa siopa dá thairbhe! Fágaim slán le Mark agus é ag rith chuig cruinnithe eile – fear iontach gnóthach is ea é anois agus é ag iarraidh an gnó a fhorbairt.
praghasanna peitril petrol prices
" Mar is eol do chách, tá praghasanna peitril ardaithe go mór le tamall anuas.
faoi bhun na mbuaicphraghsanna. under the peak prices
" I do bharúil féin, cé chomh híseal is a thitfidh siad?* DMW: Déarfainn go leanfar den titim go dtí go mbeidh na praghsanna thíos ag 30 faoin chéad faoi bhun na mbuaicphraghsanna.
luachanna prices
" Measann fear amháin go gciallaíonn sé go bhfuil geilleagar in ísle brí má bhíonn na luachanna earraí íseal - pá íseal, éileamh íseal, praghsanna isle.
gluaiseachtaí ionchais praghais expected price movement
" Is é an sainmhiniú a thugann Foclóir Fiontair ar ‘díorthach’, ná “ionstraim airgeadais a luacháiltear de réir gluaiseachtaí ionchais praghais bunsócmhainne, ar féidir gur tráchtearraí, airgeadra nó urrús í.
Fíorluach real price, real worth
" Fíorluach agus luach an mhargaidh Tá sé tuigthe ag eacnamaithe le fada an lá – nó ag cuid mhaith acu – go bhfuil an saormhargadh lochtach.
luach lascaine discount prices
" Nuair a loiceadh ar na hiasachtaí, díoladh na scaireanna ar luach lascaine do na holagarcaigh céanna i gceantanna rigeáilte.
chuirfeas lena luach increases its price
" Is é gainne ábhair a chuirfeas lena luach Is é bun agus barr na seirbhísí seo agus ceist shíoraí ghnó an cheoil faoi láthair, ná conas saolré ghnó an cheoil a chothú.
thit luach a dtithe their house prices fell
" Ba mhór a n-uafás nuair a phléasc bolgán na tithíochta agus nuair a thit luach a dtithe.
luach price, worth
" Bímís buíoch nach bhfuil Leabhar Ceanannais ná Dealg na Teamhrach curtha ar ceant ag údair na tuarascála seo mar is beag luach atá curtha acu ar chúrsaí cultúrtha, agus an teanga ach go háirithe.
Meánchostas average price
" Meánchostas isteach, Meathchostas amach D’fhógair Viviane Reding, Coimisinéir Eorpach Cumarsáide, i bpreasráiteas ag tús mí Iúil dar teideal “End of ‘roaming rip-off’” go mbeadh uasmhéid 0.
Meathchostas debilitation price
" Meánchostas isteach, Meathchostas amach D’fhógair Viviane Reding, Coimisinéir Eorpach Cumarsáide, i bpreasráiteas ag tús mí Iúil dar teideal “End of ‘roaming rip-off’” go mbeadh uasmhéid 0.
luach na talún the price of land
" Agus Asunción ag dul i méid, cuireadh le luach na talún i gCambacuá.
luach price
"luach tithe na tíre titithe go tapa agus i bhfad.
luachála price
" Is le taispeáint agus fógairt iWorks a tugadh an chéad nod i leith luachála an iPad dúinn: ní chosnóidh bogearraí iWorks ach €9.
níor shaill gan fiacha é it was at a price
" Ach níor shaill gan fiacha é - cead ag mórshiúlta Oráisteacha siúl fríd cheantracha náisiúnaíocha.
chostas sceimhliúil a terrible price
" Tugann ‘Don’ na gcimí fána sciathán é, ach ar chostas sceimhliúil.
luach price
" Ba bheag luach a chur údair Thuarascáil an Bhord Snip Nua ar chúrsaí Gaeilge ach bhí sé doiligh cás a dhéanamh ar a son ó tharla an tua a bheith ag titim ar achan ghné eile de chaiteachais an stáit.
luach scaireanna share prices
" Coicís tar éis cliseadh Lehman tá an baol ann go dtitfidh an tóin as córas baincéireachta na hÉireann agus titim thubaisteach i luach scaireanna an Bhainc Angla-Éireannaigh.
luach price
" Mhaígh saineolaithe deilbhe ag an am go raibh dochar déanta dá shrón, dá hata agus dá leabhar agus nár cheart seoid a bhí chomh luachmhar sin a bheith curtha i mbaol arís.
Luach price
" Luaineacht Luach na hOla ========= Tá fianaise ann go bhfuil caidreamh neamhlíneach idir an t-éileamh ar tháirgí ganna agus an Luacháil a chuirfear leo.
Luach price
" Luach na Seoltán ======== Tá roinnt réigiún i Mailí, mar shampla, atá ag brath, beagnach go hiomlán, ar sheoltáin a theacht abhaile as tíortha eile.
luach price
" Léiríonn sé an easpa intleachta atá i gcroí an rialtais anseo nuair atá bearna billiún punt idir luach na ciorruithe atá á thuar ag an Aire Airgeadais, Sammy Wilson (£4bn) agus ag an Chéad-Aire, Peter Robinson (£5bn).
lascaine a price cut
" Cuir duais ar fáil as do chuid táirgí féin nó tabhair lascaine nó éarlais do gach aon duine a comhlíonann an suirbhé.
luach ola price of oil
" Luann Alam na céadta billiún i bhfóirdheontais, coimhthiú na nArabach, arduithe ar luach ola, borradh faoin radacachais sa réigiún, cogadh costasach nach gá i gcoinne na hIaráice, agus go leor eile nach iad.
faoina luach at a cut down price
" Rinneadh an-dochar do na barraí agus díolfar an chuid ba mhó d’fhómhar an arbhair faoina luach mar bheatha stoic.
luach a gcuid scaireanna the price of their shares
" Ní amhras ar bith ach gur chuir na hócáidí go mór le gnó Guinness agus le luach a gcuid scaireanna.
luach price
" Le gáire beag, d’fhreagair Pablo mé “Tá a mhac!” Ní raibh a fhios agam ceard a bhí i gceist aige agus mhínígh sé go raibh an sruthán beag sin mar theorainn leis an Bhrasaíl, agus níos mó ná céad bó tugtha againn go dtí feirm ar an taobh eile, áit a bhfuil luach dhá uair níos airde orthu.
Costais an tSotail the price of arrogance
" Costais an tSotail ========= D’fhoilsigh an tÚdarás Iomaíochta tuarascáil ar chostais dlí sa bhliain 2005.
luach a chur leis to value, price
" Conas gur féidir luach a chur leis an mbunrud mar sin? Ach fós tá costais ag baint le cruthú cultúir: go bunúsach, caithfidh ealaíontóir ithe agus ar thaobh eile an scéil, is gá foireann a íoc i dtionscail idirnáisiúnta an cheoil is na scannánaíochta.
shocraíomar ar luach we settled on a price
" Rinneamar roinnt stangaireachta, shocraíomar ar luach agus gan aon ní seachas mo sheoladh r-phoist, sheol mo chara nua le nós cniotála uafásach $45 chugam trí *PayPal*.
luach ard a high price on
" An té a bhí sna tíortha sin 1991, chonaic sé go raibh luach ard ar pháipéar leithris mar go raibh sé gann go leor ag an am.
an taifeadadh ar tháille the recording at a price
" Iarradh orm foirm a shíniú ag an Oireachtas i gCill Áirne cúpla bliain ó shin, an gnáthfhoirm a iarrtar ar dhaoine a shíniú faoina dtugtar cead úsáid a bhaint as an taifeadadh ar tháille.
dochar do luach tithe damage to house prices
" Maidir le dochar don tírdhreach tá dhá chuid den scéal – dochar do luach tithe agus dochar d’áilleacht na tíre.
laghdú ar luach tithe a drop in house prices
" Tugann roinnt fianaise ó na Stáit Aontaithe le fios go dtagann laghdú ar luach tithe nuair a thógtar feirmeacha gaoithe in aice leo.
luach na dtithe tite le house prices fell to
"luach na dtithe tite le 53 faoin chéad agus líon na dtithe a thógtar tite le 60 faoin chéad ó bhí 2006 ann agus tá fiacha €4 billiúin ag iasachtaithe sa tuaisceart ar NAMA.
roinnt eolais faoina luach some info price
" I nDiaidh an tSoiscéil, an tAirgead! ================= Anois, má tá tú ag smaoineamh ar E46 a cheannach, seo chugat roinnt eolais faoina luach.
meánphraghsanna average price
" Níl sa mhéid thíos ach meánphraghsanna.
na meánphraghasanna the average prices
" Má tá tú ag smaoineamh ar cheann a cheannach seo chugat na meánphraghasanna don Avensis T250.
beidh luach níos lú uirthi it shall have depreciated in price
" Má cheannaíonn tú gluaisteán nua idir Eanáir agus Iúil – agus cláruimhir 131 air – agus má dhéanann tú iarracht í a dhíol amach anseo, beidh luach níos lú uirthi i gcomórtas le ceann a ceannaíodh sa dara leath den bhliain.
titim bheag ar luach a small fall in price
" Ní bhíonn mórán difir eatarthu sa luach, ach tagann titim bheag ar luach carranna athláimhe a mbíonn cláruimhir 131D orthu.
luach tí a bhí ar díol a mheas to reckon the price of house which was for sale
" Mar shampla deireanach, iarradh ar na céadta gníomhaire eastáit luach tí a bhí ar díol a mheas.
praghas measta estimated price
" I measc na sonraithe bhí praghas measta, ach iarradh orthu an praghas ceart a mheas de réir an taithí a bhí acu féin ar an cheantar srl.
Thit luach na holna the price of wool fell
"Thit luach na holna agus fuair Éireannaigh amach gur mhó na deiseanna le hairgead a dhéanamh i gCeanada nó sna Stáit Aontaithe nó san Astráil féin agus chomh maith le sin, bhí sé de bhuntáiste ag na tíortha sin gur tíortha Béarla iad.
mar gheall ar luach na huirlise due to the price of the tool
" Sin ráite muna n-éiríonn liom uirlis nasctha níos saoire ná guthán cliste a aimsiú le mo rothar a chosaint, beidh an rothar á ghoid mar gheall ar luach na huirlise in ionad luach an rothair…! Ach samhlaigh dá mbeinn in ann slisín beag GPS a cheangal de mo rothar bheadh an tseirbhís nua seo ó Bug Labs foirfe chun an rothar a leanúint.
in ionad luach an rothair rather than the price of the bike
" Sin ráite muna n-éiríonn liom uirlis nasctha níos saoire ná guthán cliste a aimsiú le mo rothar a chosaint, beidh an rothar á ghoid mar gheall ar luach na huirlise in ionad luach an rothair…! Ach samhlaigh dá mbeinn in ann slisín beag GPS a cheangal de mo rothar bheadh an tseirbhís nua seo ó Bug Labs foirfe chun an rothar a leanúint.
le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha during the (Price) sisters’ hunger strike
" Tugann Campbell léargas ar leith dúinn ar chur chuige Jenkins le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha Price, Marion agus Dolours, i mBrixton, beirt dar ciontaíodh as buamáil an Old Bailey agus a bhí i gcarcair le fiche bliain.
Lorgaítear an luach is fearr the best price is sought
"Lorgaítear an luach is fearr don mhadra ar mhian leo ceannach ach go minic roghnaítear madra nach bhfuil cláraithe ó dhuine gan cheadúnas oifigiúil.
luach cúpán the price of a cup of ..
" 65 - luach cúpán tae/caifé - a íoc ar an aon nuachtán Ghaeilge a bhí ar fáil, as féin, le blianta beaga anuas.
ardluach orthu a high price for them
" Thiomsaítí iad go rialta mar go raibh ardluach orthu mar chapaill ghraifne agus mar eich oibre araon, ach ba é an dóigh ar léiríodh iad sa litríocht a ba chionsiocair le han-dúil na nAstrálach i gcapaill fhiáine na hard-dúiche.
le luach táirgí a choinneáil íseal to maintain low priced products
" Is eol do Chiarán Mac Aonghusa go mairimid i saol santach agus go maraítear daoine thart orainn le luach táirgí a choinneáil íseal.