Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcarcair in prison
" Cén bhaint atá ag seo le cúrsaí? Is é an pointe ar mhaith liom aird a tharraingt air ná gur cuireadh Simpson i gcarcair díreach i ndiaidh dhúnmharú Simpson Brown agus Goldman agus nár ligeadh amach ar bannaí é ag am ar bith le linn na trialach.
tréimhse phríosúnachta prison term
" Tá sé chun fáilte a chur roimpi ar ais abhaile nuair a bheas a tréimhse phríosúnachta curtha isteach aici.
campa géibhinn prison camp
" Tar éis an ghéillte, cuireadh na Kings agus a lán óglach eile sa phríosún i Sasana agus i mí an Mheithimh aistríodh iad go Frongoch, iardhrioglann agus campa géibhinn do na Gearmánaigh.
Phríosún Mhuinseo Mountjoy Prison
" Bheadh duine eile de na robálaithe, Joe Dillon, sa phríosún muradh botún a deineadh in ordú aire agus é á aistriú ó Phríosún Mhuinseo go Port Laoise.
phríosúin bhrúidiúla brutal prisons
" Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach, do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.
téarma príosúnachta prison sentence
" D'fhéadfaí téarma príosúnachta cúig bliana a ghearradh air má chiontaítear é.
téarmaí fada príosúnachta long prison sentences
" In aimsir na bhFíníní sna 1860í, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht.
téarma príosúntachta prison term
" Astu sin daoradh téarma príosúntachta ar 176 tionónta ach ar deireadh níor chaith ach cúigear seal sa phríosún.
téarma príosúin prison term
" Gearradh téarma príosúin trí bliana ar Pauline Hanson agus David Ettridge, beirt de bhunaitheoirí an pháirtí chiníoch One Nation an mhí seo caite.
príosún saoil life in prison
" Tá athruithe ar an *Twelfth *anois, go háirithe in Drumcree Le comórtas mór éigeantach fá choinne bannaí buí, Ach beidh príosún saoil ag banna ar bith nach sroicheann caighdeán cuí Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
i bPríosún Chill Mhaighneann in Kilmainham Prison
" Cuireadh a cheannfort, Éamonn Ó Dálaigh, chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann in éineacht leis na ceannairí eile agus ghearr an Chúirt Mhíleata pianseirbhís trí bliana ar Bhéaslaí féin.
i gcarcair in prison
" Ionadaí é O'Rawe, agus easaontóirí eile ar nós Brendan Hughes, Anthony McIntyre agus Tommy McKearney, dóibh siúd a chaith blianta fada i gcarcair ar mhaithe le haisling nár baineadh amach.
sa Cheis in Long Kesh/Maze Prison
" Chaith mé cúpla bliain sa Cheis.
ar gearradh coicís príosúnachta air who was given a two-week prison sentence
" Anuraidh ghlac Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an IFA) agus Eagraíocht na bhFeirmeoirí Beithíoch agus Caora (an ICSA) páirt i léirsiú taobh amuigh de phríosún Theach an Locháin lena dtacaíocht a thabhairt d’Andy “The Bull” McSharry, feirmeoir as Contae Shligigh ar gearradh coicís príosúnachta air i gcás a bhain leis an aighneas leanúnach idir lucht siúil na sléibhte agus úinéirí talún.
i gcarcair in prison
" Bhí sé toilteanach tréimhse a chaitheamh i gcarcair seachas géilleadh ar a chuid prionsabal.
i gcarcair in prison
" Idir an dá linn, tá cúigear fear Gealtachta i gcarcair i bPríosún Chnoc na Seimre le chóir a bheith sé seachtaine anuas agus gach cuma ar an scéal nach saorfar iad go dtí go dtosóidh an téarma úr dlí i mí Dheireadh Fómhair.
Príosún Chnoc na Seimre Cloverhill Prison
" Idir an dá linn, tá cúigear fear Gealtachta i gcarcair i bPríosún Chnoc na Seimre le chóir a bheith sé seachtaine anuas agus gach cuma ar an scéal nach saorfar iad go dtí go dtosóidh an téarma úr dlí i mí Dheireadh Fómhair.
Príosún Mhuinseo Mountjoy Prison
" Ní dóigh liom ach an oiread gur chuir an pictiúr de bhean chéile agus d’iníon Ray Burke ag teacht amach as Príosún Mhuinseo a dhath leis an díospóireacht faoi chleachtais chama in oifigí arda.
phríosún míleata military prison
" Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004! Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit.
go mbogfaí é/í go phríosún eile that he/she would be moved to another prison
" Ach bhí stró eile ann fosta: an seans go mbeadh an príosúnach “*ghosted*”, is é sin go mbogfaí é/í go phríosún eile gan foláireamh ar bith.
téarmaí príosúin prison terms
" Bhí aird na meán cumarsáide dírithe ar an Derry Club i Learpholl i mí Iúil nuair a gearradh téarmaí príosúin ar bheirt bhall den chlub a bhí ina mbaill den “UVF Liverpool Battalion”, a bhí lonnaithe ansin.
sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta before he would announce the prison term
" Níor ghlac an breitheamh leis gur iarracht ar mharú a bhí i gceist ach mórdhíobháil choirp agus d’iarr sé tuairiscí síceolaíochta Haddock sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta.
fá phríosúin rúnda na Meiriceánach about the secret American prisons
" Cad é an tsaoirse ba cheart duit a thabhairt d’fhórsaí cosanta do thíre agus iad ag troid “in éadan na sceimhlitheoireachta”? Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair fá phríosúin rúnda na Meiriceánach ar fud na cruinne agus an céasadh a mhaítear a bheith ag tarlú iontu sa “troid in éadan sceimhle.
i bpríosún rúnda in a secret prison
" Níor cúisíodh é as aon rud, ach eitlíodh chun na hIordáine é, ansin seoladh ar aghaidh chun na Síre é, áit ar caitheadh i bpríosún rúnda de chuid an CIA é.
ó phríosúin rúnda from secret prisons
" Aistríodh ceithre amhrasach déag ó phríosúin rúnda timpeall an domhain go campa géibhinn Chuan Guantánamo le déanaí, agus beart ag réimeas Bush iad a chúiseamh roimh na toghcháin lár téarma ar an 7 Samhain.
go rachadh sé chun an phríosúin that he'd go to prison
" Bhí tábhairneoir amháin i nDún na nGall a gheall ar Raidió na Gaeltachta go rachadh sé chun an phríosúin mar agóid i gcoinne an choisc ar an tobac; níor tharla sin de bharr gur thosaigh go leor daoine nár thaitin an t-aer brocach a bhíodh ann roimhe seo ag dul amach go dtí na tábhairní den chéad uair.
a raibh tuismitheoirí acu i bpríosún. who had parents in prison.
" Bhíos ag féachaint ar chláracha teilifíse do leanaí le déanaí nuair a craoladh clár a chuir iontas agus alltacht orm – treoir ab ea an clár do pháistí a raibh tuismitheoirí acu i bpríosún.
i bhforhalla an phríosúin. in the prison entrance hall.
" Cuardach iomlán Chruinníomar go léir mar ghrúpa i bhforhalla an phríosúin.
fostaithe an phríosúin the prison employees
" Agus bhí fostaithe an phríosúin ar nós cuma liom fúinn pé scéal é.
príosúin íos-slándála minimum-security prisons
" Ar thaobh amháin den scála tá príosúin íos-slándála mar an ceann in Alderson, West Virginia, inár cuireadh Martha Stewart, an phearsantacht teilifíse, as a comhcheilg i gcúrsaí stocmhargaidh (“Camp Cupcake” a thugtar air go neamhoifigiúil).
dearcadh na ndaoine i leith na bpríosún people's view of prisons
" **Pionós seachas athinniúlú**Is de bharr drugaí atá líon na bpríosúnach i Meiriceá ardaithe ó thús na seachtóidí i leith, ach le fás na bpríosún i Meiriceá tá na dálaí i bhfad níos measa anois ná cheana, agus tá dearcadh na ndaoine i leith na bpríosún athraithe freisin.
ar altóir shéipéal an phríosúin on the altar of the prison chapel
" Agus sinn sna gnáthshuíocháin os a gcomhair, shuíodar ar altóir shéipéal an phríosúin agus labhraíodar linn faoina saol.
de phobal na bpríosún of the prison population
" Más fíor do na staitisticí, ámh, is daoine gorma iad 50% de phobal na bpríosún i Meiriceá.
téarmaí príosúnachta prison terms
" Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh sé ciontach ón chéad lá, agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.
gearradh aon bhliain déag príosúnachta air. he was sentenced to eleven years in prison
" I ndeireadh na dála, ciontaíodh athair Barbara as a héigniú, agus gearradh aon bhliain déag príosúnachta air.
de charcair an tuaiscirt. on the north's prisons.
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
sa phríosún in prison
" Chuala muid gur caitheamh cuid mhaith acu sa phríosún ina dhiaidh sin.
Carchair na Ceise Fada Long Kesh Prison
" Tá muid istigh i gCarchair na Ceise Fada i 1981.
leis an bpláta beag in prison
" B’fhéidir go ngearrfar tréimhse ghairid air agus go scaoilfear amach go ciúin é i gceann cúpla bliain, nó b’fhéidir go ndéanfar sampla de agus go gcaithfidh sé an chuid eile dá shaol leis an bpláta beag.
gcampaí géibhinn prison camps
" "Ar ámharaí an tsaoil, táthar ag comóradh shaoradh na gcampaí géibhinn i gcaitheamh an dara cogadh domhanda leathchéad bliain ó shin faoi láthair ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn don Drochshaol céad caoga bliain ó shin a bheith á thabhairt chun cuimhne abhus" a deir sé.
carr carchrach prison car
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht príosúnaigh ón chaismirt a shaorú as carr carchrach agus scaoil na saighdiúirí ar an slua.
Charcair prison
" Maigh gCabraí ====== I mí na Nollaig 2009, d'éirigh Steve Rodford as a phost mar rialtóir Charcair Mhaigh gCabraí i ndiaidh do eochróirí theacht ar a mhionsonraithe pearsanta i gcillín ina raibh cime easaontóra, Brendan McConville.
fhoireann na carcrach of the prison staff
" Measadh go raibh Rodford faoi bhagairt bháis ag poblachtánaigh An tseachtain seo, cuireadh beirt eochróirí ar fionraí i ndiaidh fiosrúcháin ó Ombudsman na gcarcracha, Pauline McCabe, a mhaígh gur dócha gur bhall de fhoireann na carcrach a leag na sonraí sa chillín.
carr carcrach prison van
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht cimí na caismirte a shaorú as carr carcrach agus scaoil na saighdiúirí leis an slua.
gcarchair prison
" Pé bealach ar tharla sé, bhí bua Átha Cliath ar Chiarraí i gcluiche ceannais 2011 ina bhua chomh milis is a bhí riamh agus bhí muintir Átha Cliath ar nós dream ar baineadh cuing throm na tíorántachta díobh tar éis blianta fada i gcarchair chrua dhobhriste.
rialtóir na carchrach the prison governor
" Cuireadh an diltálaire isteach, agus fanadh ar ordú rialtóir na carchrach.
ceannaire na rialtóirí príosúin the prison governors leader
" Agus beidh siad ag íoc as an £30,000 an duine a chosnaíonn sé chun coirpeach a choinneáil ar an leaba chláir ar feadh bliana, i gcarcracha atá beagnach lán anois mar gheall ar an *"feeding frenzy in sentencing"* a tharla tar éis na gcíréibeacha, de réir Eoin McLennan-Murray, ceannaire na rialtóirí príosúin.
Maraíodh oifigeach príosúin a prison officer was killed
" )
 Maraíodh oifigeach príosúin inniu, 2 Samhain.
ar an loing on the (prison)ship
" "I gcuid de na carcracha, ar an loing Argenta, i mBóthar Cromghlinne, ar an Churrach, ní raibh ach baicle bheag i mbun fhoghlaim na Gaeilge.
i gcarcair in prison
" Chaith gach duine acu tuairim is deich mbliana i gcarcair.
gléasta in éadaí carcrach dressed in prison clothing
" Bíonn roinnt daoine san arm craiceáilte gléasta in éadaí carcrach le reanna saighde orthu chun cur i gcuimhne don dream eile gur bunaíodh coilíneacht Bhriotanach abhus mar áitreabh pionóis agus gur de shliocht na gcimí iad na hAstrálaigh.
dá ngardaí géibhinn to their prison guards
" Sa mhír ar an Uileloscadh, cheol páistí ó Scoil na Croise Naofa Ode to Joy de chuid Schiller (agus cuid de 9ú Siansa Beethoven) mar chomhartha greannaithe dá ngardaí géibhinn ach d'amharc muid go héidreorach ar na páistí ag dul thart linn i leoraí oscailte a fhad leis an bhás, sceimhle ina súile agus réaltaí buí ar a gcótaí.
bPríosún Mhuinseo Mountjoy Prison
" Thug Mary Beth Taylor cuairt ar thaispeántas grianghraf le gairid a thugann léargas ar shaol na gcimí i bPríosún Mhuinseo nach mbíonn le fáil go rómhinic.