Pota Focal Intergaelic
pare | pire | pore | puce | puke
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íomhá íon, thrédhearcach pure/clean transparent image
" In ainneoin go gcothaíonn sé íomhá íon, thrédhearcach de féin, is minic roimhe seo a raibh deacrachtaí aige leis an dlí mar gheall ar scannail éagsúla.
phurgóid ghlan pure torture
" " Bhí a fhios ag Áine go mbeadh an oíche seo ina phurgóid ghlan agus is í a bhí.
íon pure
" Mar a mhíníonn **Mary Beth Taylor** anseo, tá na milliúin dollar á gcaitheamh ag Bush anois chun cláracha den chineál céanna a chur chun cinn ar fud na Stát Aontaithe.
le teann mórtais with pure haughtiness
"le teann mórtais ná díomais ná anuabhair a mhaíonn sé seo, ach leis an umhlaíocht sin a eascraíonn ón fhéinmhuinín agus ón chinnteacht dhobhogtha go mbíonn an ceart aige i gcónaí.
le teann díchreidimh agus dírathaithe with pure disbelief and frustration
" ” Agus le teann díchreidimh agus dírathaithe briseann sé an cupán ar an tábla.
le teann fraochtachta with pure rage
" ” Agus thiontaigh sé thart le go bhfeicfeadh Balor an meall millteanach mór a bhí i ndiaidh fás amach fríd an mhéid sin dá chuid gruaige nach raibh stróicthe amach aige le teann fraochtachta.
geal-liath pure grey
" Bíonn sé doiligh réiteach a fháil den ghruaig atá geal-liath ach dhéanfaidh mé mo dhícheall.
shéid sé anáil amach le teann sásaimh he blew out his breath with pure satisfaction
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.
ionruathar pure raid
" Tá beagnach 4,000 saighdiúir Meiriceánach marbh sa chogadh díchéillí seo, agus na céadta míle Iarácach marbh mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre ó tharla ionruathar Mheiriceá.
íonuisce pure water
" Baile íonuisce atá ann; ba é sin an rud a mheall na Rómhánaigh chun na háite i dtosach sa bhliain 123 RC agus sin an tuige a bhfuil an oiread sin scairdeán ann, is cosúil.
croí íon pure heart
" Ba é Soshin an t-ainm Búdach a tugadh di sa mhainistir - croí íon agus ceann glan.
íon clean, pure
" Thug go leor de na tuairiscí luatha le fios go mb’fhéidir go raibh baint ag an eachtra le *South Park*, an scigchlár beochana teilifíse, ós rud é gur páirceáladh an SUV, líonta le leasachán neamhphléascach, thart ar bhloc ó cheanncheathrú Viacom ar leis *Comedy Central*.
airdeall íon pure awareness
" " Sin is neachtar an chreidimh ann, mar sin ól is bí sona! Tuig gur aon airdeall íon amháin is ea thú.
íonghlan pure
" Conas is ceart onóir a thabhairt dá anam dílis? Doirtim uisce íonghlan ar a leac uaighe is cuirim paidir chiúin lena anam.
seachas fonn diabhlaíochta amháin rather than just from pure devilment
" B'fhéidir gur le barr tuisceana, seachas fonn diabhlaíochta amháin, a chaith sé spalla beag neamhurchóideach leis an rí.
Seafóid Ghlan pure nonsense
" *’ Seafóid Ghlan, faoi €63m sa Bhliain ============== Tá sé doiligh dul in éadan na bpointí sin uilig má chreideann tú na figiúirí atá luaite ag an tionscal féin.
Níl ins an tuairim sin ach deargamaidí óir that’s just pure poppycock because
" Níl ins an tuairim sin ach deargamaidí óir is isteach san eangach náisiúnta a théann an leictreachas a ghintear agus ní chruthófar aon tairbhe faoi leith don phobal áitiúil dá bharr.
pure laine true blue
" Creideann an páirtí seo gur cheart neamhspléachas a bhaint amach do Québec leis an teanga agus leis an gcultúr ‘pure laine’ - dóibh a dtáinig a muintir ón bhFrainc, agus gur ‘leo’ mar fíréin Québec - a chosaint, agus ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo faoi reifreann gan mhoill.
An t-ádh dearg pure luck
" An t-ádh dearg is dóigh a deirim leis ach ní de thaisme amháin a bhaineann tú an méid seo amach gan aon agó a d’fhiosraigh mé: “Déanta na fírinne bíonn daoine ag rá go bhfuil sé bunaithe go huile agus go hiomlán ar ádh, ach ní mar a shíltear a bhítear, mar chreid uaimse tá níos mó scil ag baint leis thar aon ní eile.
ní de thaisme amháin it’s not just by pure accident
" An t-ádh dearg is dóigh a deirim leis ach ní de thaisme amháin a bhaineann tú an méid seo amach gan aon agó a d’fhiosraigh mé: “Déanta na fírinne bíonn daoine ag rá go bhfuil sé bunaithe go huile agus go hiomlán ar ádh, ach ní mar a shíltear a bhítear, mar chreid uaimse tá níos mó scil ag baint leis thar aon ní eile.
Seo cnámh Dé na fírinne this is the pure truth
" Seo cnámh Dé na fírinne anois: B’fhearr go mór liom a bheith ag ní clúidíní salacha ná ag triall ar Odious Gael, ach sin an breithiúnas aithrí a chuirim orm féin achan bhliain.
le barr frustrachais from pure frustration
" – (stadann, ag machnamh, tosaíonn ag caint arís) - Is é an fáth a ndeachaigh muid ar an rúidbhealach, le barr frustrachais.