Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réasúnta coitianta reasonably common
" De réir na tuarascála "Discrimination and the Irish Community in Britain", a d'fhoilsigh an Commission for Racial Equality (CRE) sa Bhreatain i 1997, tá ciapadh ciníoch in aghaidh na nÉireannach ina n-áit oibre réasúnta coitianta.
measúnú réasúnta cruinn a reasonably accurate assessment
" Mar sin, ní cúis iontais é gur thug sé mí iomlán ar na húdaráis measúnú réasúnta cruinn a dhéanamh ar an tubaiste.
iomlán mí-réasúnta totally unreasonable
" Níl an oiread sin rialacha ag baint leis an chóras seo, ach tá gach uile cheann acu iontach tábhachtach: Bíodh na dea-rúin féin iomlán mí-réasúnta.
ar feadh tréimhse réasúnta fada for a reasonably long period
" Bhíos cinnte fé rud amháin, agus b'in é gur theastaigh go géar uaim imeacht ó Éirinn ar feadh tréimhse réasúnta fada, ach níor theastaigh uaim an Ghaeilge a fhágáil i mo dhiaidh.
réasúnta dílis reasonably loyal
" Bhí sé i gcónaí báúil leis an Socialist Workers Party agus chuaigh sé isteach sa pháirtí sin i 1983 mar gur mhothaigh sé go raibh "níos mó céille ag baint leis ná mar a bhí ag baint le páirtithe eile" agus, cé go n-admhaíonn sé nach dtiocfaí a rá gurb é an réabhlóidí a bhfuil an féinsmacht is fearr aige, gur ball "réasúnta dílis" é .
réasúnta éirimiúil reasonably intelligent
" "Bhail," ar sise, agus í ag cur fios ar bhuidéal eile *Cork Dry*, "cuidíonn sé go mór má tá polaiteoirí agat atá réasúnta éirimiúil.
le ceol réasúnta casta a thaifeadadh to record fairly complex music
" Agus b’in í cúpla bliain níos déanaí ag dul isteach i stiúideo linne le ceol réasúnta casta a thaifeadadh.
eagraíocht réasúnta nua a reasonably-new organisation
" Is léir go bhfuil déagóirí agus daoine óga áirithe ag glacadh seilbhe ar cheisteanna cearta teanga agus go bhfuil dreamanna mar na Gaeil Óga, eagraíocht réasúnta nua, chun dul i ngleic leis na dúshláin nár éirigh leis an ghlúin a tháinig rompu a shárú.
réasúnta reasonable
" Ba iad comhairleoirí an Chomhaontais Ghlais a mhol an scéim seo; ar dtús, bhí roinnt amhrais ar dhaoine faoin smaoineamh, ach tá an caighdeán nua seo glactha ag forbróir maoine amháin cheana féin, rud a chruthaíonn go bhfuil sé réasúnta.
ar phraghas réasúnta at a reasonable price
" D’oscail cuid acu bialanna agus níor thóg sé mórán achair go bhfaca an pobal go raibh bia den scoth le fáil ar phraghas réasúnta, cé nárbh é an bia a raibh taithí acu air é go minic.
sprioc réasúnta reasonable target
" Is sprioc réasúnta é a bheith ag súil go mbeidh caoga míle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre taobh istigh de shé bliana.
Fonn réasúnta simplí. A fairly simple tune.
réasúnta luath reasonably early
" In áit dul a chodladh ag am réasúnta luath oíche amháin le déanaí, agus ní den chéad uair a tharla sé ach an oiread, thosaigh mé ag breathnú ar “All Ireland Gold” ar TG4.
baineann sé slí bheatha réasúnta amach he makes a reasonable living
" Oibríonn sé go héifeachtach dícheallach agus baineann sé slí bheatha réasúnta amach dó féin.
ceantar réasúnta saibhir reasonably wealthy area
" Is ceantar réasúnta saibhir é Marbella – tá na praghsanna a ghearrtar ar earraí agus ar sheirbhísí san áit ina gcomhartha soiléir den rachmas sin.
go raibh mé réasúnta eolach that I was reasonably knowlegeable
" Shíl mé féin go raibh mé réasúnta eolach ar an ábhar seo go dtí gur léamh mé an liosta seo.
réasúnta cinnte reasonably sure
" Dá n-iarrfaí ar dhaoine sa tír seo Éireannach amháin a ainmniú a bhfuil baint ollmhór aige le Searnóbail, táim réasúnta cinnte go luafadh a bhformhór acu an t-ainm Adi Roche.
chaith seal réasúnta fada spent a fairly long period
" Duine amháin den lucht imeartha a chaith seal réasúnta fada in Éirinn lena shaol, mar sin ní haon luí mór leis an oileán iathghlas is bun leis an gcumann.
ceann réasúnta maith a fairly good one
" Scríobh mé ceann réasúnta maith, fuair muid an darna háit agus bhí mé iontach, iontach sásta.
réasúnta sócúil fairly comfortable
" Níl uainn ach láthair chruinnithe atá réasúnta sócúil, áit a bhfuil bia agus deoch ar fáil, agus seomraí atá fóirsteanach do na comórtais agus do na himeachtaí éagsúla.
réasúnta diúltach fairly negative
" Agus mé ag fás aníos, bhí mise réasúnta diúltach ó thaobh na Gaeilge mar bhí mé i gcónaí ag troid lem’ athair.
deir gach duine réasúnta every reasonable person says
" Is tábhachtach a mheabhrú, gur cuma cén fhealsúnacht atá agat, más creidmheach thú nó a ghlanmhalairt, deir gach duine réasúnta go bhfuil meas acu ar an mbeatha.
réasúnta deisiúil doing fairly okay
" As Benin na hAfraice, tír bheag réasúnta deisiúil idir Mali agus Burkina Faso.
Rannpháirtíocht Réasúnta an Phobail reasonable public participation
" Rannpháirtíocht Réasúnta an Phobail ============ Ba léir le linn mo chuairte giorra go bhfuil suim mhór i measc mhuintir Mheiriceá sa pheil Mheiriceánach agus sa chluiche corr nó bhí an méid sin le léamh ar a raibh de chluichí sa dá spórt úd á gcraoladh ar stáisiúin éagsúla teilifíse chuile oíche agus na sluaite daoine i láthair ag na cluichí sin.