Ní hamháin sin ach tá gach cuma ar an scéal nár fhan siad leis an toradh ón bpróiséas comhairliúcháin sular deineadh an cinneadh thíos i gCill Airne, le linn Oireachtas na Gaeilge, deontas a chur ar fáil do nuachtán ar líne amháin, Smaoinigh gur deineadh an cinneadh ar an 1 Samhain ach an dáta atá ar an anailís a cuireadh ar fáil don bhForas ná an 8 Nollaig 2013!
Sa chonchlúid deirtear sa tuarascáil, a réitigh Regina Uí Chollatáin agus Róisín Ní Mhaolchallann, go bhfuil sé ‘
róluath le bheith ag dul i dtreo an idirlín amháin’ agus go mba mhaith le pobal na Gaeilge ‘go mbeadh nuachtán clóite ar fáil’ chomh maith le nuachtán ar líne.