Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cothromaíocht cine racial balance
" iachall ar na húdárais scoile i 1974 gasúir ó Roxbury (geiteo de chuid na ndaoine dubha) a thógáil go South Boston High School ("Southie" - geiteo Éireannach) mar chuid d'fheachtas le cothromaíocht cine a bhaint amach sna scoileanna poiblí.
cúlra ciníoch racial background
" Beidh an tOllamh Alan Smithers ag amharc ar aois, inscne agus cúlra ciníoch na múinteoirí a fhágfaidh an tslí bheatha i mbliana.
chiníocha mionlaigh racial minorities
" " "Mar shampla, deirtear go bhfuil níos mó múinteoirí ó chiníocha mionlaigh ag éirí as a bpost, agus tá sé an-tábhachtach a fháil amach an fíor é seo.
chinedheighilt racial segregation
" Níl sé de dhánacht ionam mórán a rá faoi cheannaire na bPoblachtánach sa Seanad, Trent Lott, a mhol páirtí uachtaránachta ó 1948, a raibh an chinedheighilt mar phríomhpholasaí aige, agus a chuir Strom Thurmond (atá fós ina sheanadóir, bíodh a fhios agat) chun cinn mar iarrthóir.
ciapadh ciníoch racial harassment
" De réir na tuarascála "Discrimination and the Irish Community in Britain", a d'fhoilsigh an Commission for Racial Equality (CRE) sa Bhreatain i 1997, tá ciapadh ciníoch in aghaidh na nÉireannach ina n-áit oibre réasúnta coitianta.
idirchiníoch inter-racial
" Faoi bhonn 6% do phóstaí atá idirchiníoch i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
ilghnéitheacht chiníoch racial diversity
" Bhí ilghnéitheacht chiníoch i gceist sa chomharsanacht ag an am sin, agus bhí daoine dubha chomh maith le Giúdaigh ansin.
ilchiníoch multi-racial
" Is tír ilchiníoch í seo anois agus is ábhar áthais dom é sin.
mionlaigh chine racial minorities
" 13,246 duine daonra Dingle anois, agus baineann 7% acu le mionlaigh chine.
muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin if the racial harassment there wasn't tackled
" Go deimhin, scríobh sí tuarascáil i mí na Nollag 2004 inar thuar sí go dtarlódh rud éigin uafásach sa cheantar roimh i bhfad muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin.
ilchineálach, multi-racial,
" Ach ní fheileann go leor de mhodhanna seanfhaiseanta an lae inné do shochaí ilchineálach, ilchiníoch Éire na linne seo.
beartas ciníoch, racial policy
" Nuair a tháinig muid chun na tíre seo 36 bliain ó shin, bhí an beartas ciníoch, ar a tugadh White Australia Policy, i bhfeidhm go fóill.
bhonn ciníoch a racial basis
" Ciníochas === Is léir mar sin gur ar bhonn ciníoch a chuirfear an dlí i bhfeidhm.
eadarchine agus creidimh inter-racial and religious
" ‘Incendies’ ====== Nuair a fuair an seanfhaltanas eadarchine agus creidimh an ceann is fearr ar Chríostaithe, Muslamaigh agus Drúsaigh sa Liobáin i 1975, lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais ar gach taobh.
ceisteanna cine racial matters
" Má bhreathnaítear ar na staidrimh, tagann ceisteanna cine chun solais freisin.
ar son saoirse chine iomláin for entire racial freedom
" Ba théadchleasaí é Lincoln ar son saoirse chine iomláin.
Idirdhealú Ciníoch racial discrimation
" Tá an cheist achrannach chasta seo in airde san Astráil ar na mallaibh mar gheall ar iarratas atá idir chamáin ag an rialtas náisiúnta leasú a dhéanamh ar alt 18C, Cuid 2A, den Acht um Idirdhealú Ciníoch.
dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch to tackle racial harassment
" Labhair Tony Birtill le bean de bhunadh Éireannach, Margaret McAdam, atá mar chuid d’eagraíocht atá ag iarraidh dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch i Learpholl.