Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile to participate in each other's fate
" Is é a bheith rannpháirteach i gcinniúint a chéile.
a bheith níos rannpháirtí to participate more
" Féachtar ar Celtic go minic mar cheann de phríomhchrainn taca an chultúir Éireannaigh-Chaitlicigh in Albain ach chomh maith leis sin chabhraigh an club le Caitlicigh a bheith níos rannpháirtí agus níos gníomhaí sa tsochaí.
atá rannpháirteach i gcoiste an Oireachtais who are participating in the Oireachtas committee
" Ceann de na deacrachtaí ná nach bhfuil an t-am agamsa ná ag an riarthóir a bheith amuigh ag déanamh earcaíochta! Agus níl na heagrais atá rannpháirteach i gcoiste an Oireachtais ag déanamh na hearcaíochta sin ar ár son.
línte digiteacha rannpháirtí digital subscriber lines (DSL)
" Beidh Dempsey freagrach as méadú líon na n-úsáideoirí a bhaineann leas as leathanbhanda, agus go háirithe línte digiteacha rannpháirtí.
táirgí líne digití rannpháirtí DSL products
" Tá go leor comhlachtaí nach bhfuil in ann íoc as seo agus, mar sin, má theastaíonn uathu leathanbhanda a sholáthar dá gcustaiméirí, tá orthu táirgí líne digití rannpháirtí a cheannach ó Eircom ar bhonn mórdhíola, agus iad a dhíol ar aghaidh chuig na custaiméirí.
rannpháirteach taking part
" Tá Glór na nGael ag iarraidh go mbeidh grúpaí éagsúla rannpháirteach sa chomórtas, bídis ina n-imircigh, ina bhfoghlaimeoirí de bhunadh Éireannach i bhfad siar, nó dream ar bith eile a chuireann spéis sa Ghaeilge.
rannpháirteach san iarracht participating in the effort
" Is é aidhm Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ná aitheantas a thabhairt do chomhlachtaí agus eagraíochtaí ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid go laethúil agus atá, mar thoradh air sin, rannpháirteach san iarracht atá ar bun Gaillimh a chur chun cinn mar phríomhchathair dhátheangach na hÉireann agus inmharthanacht na hachmainne is tábhachtaí ó thaobh cultúir agus cúrsaí geilleagracha de a chinntiú.
rannpháirteach participate
" Ní raibh riamh aon dabht ach go raibh an bheirt acu rannpháirteach sa chaimiléireacht seo, ach ba í sárintleacht chalaoiseach Myatt a bhí taobh thiar den chomhcheilg.
eagraíochtaí rannpháirteacha participating organisations
" **Oiliúint** Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
rannpháirteach i dtionsnaimh to partake in projects
" Thosaigh an feachtas cruthaitheach seo trí bliana ó shin leis an sprioc go mbeadh deis ag daoine áitiúla a bheith rannpháirteach i dtionsnaimh ealaíne lena gceantar a athmhaisiú le híomhánna nach raibh conspóideach, polaitiúil, foréigeanach, paramíliteach nó seicteach.
ceachtar rannpháirtí either of the participants
" Ag deireadh mhí na Samhna, áfach, bhí cruinniú COAG ar siúl agus, aisteach go leor, ní raibh gearráin le déanamh i ndeireadh báire ag ceachtar rannpháirtí.
rannpháirteach taking part
" Tá sé ag brath ar dhaoine an t-am seo leis an tionscadal is déanaí atá ar siúl aige ina mbeidh 2,400 duine den ghnáthphobal rannpháirteach in ealaín suiteála beo.
rannpháirteach participating
" Is mar sin a choiméadtar sinn rannpháirteach in oibriú amach an scannáin leis.
rannpháirteach participating
" Ach, ar an láimh eile, má smaoiníonn tú “cén seort branda a dtig linn a dhíol thar lear cionn is gur de dhéantús na hÉireann é, cé atá ag baint tairbhe as sin? Cé atá rannpháirteach ann? Cad é chomh ceangailte is atá sé le cuimhne, le stair, le láthair atá sé?” Dua na Dála ======= Aontaíonn sé liom nach dtuigeann polaiteoirí ach síleann sé go bhfuil locht ar an dóigh a bhfuil obair na dTeachtaí Dála leagtha amach.
rannpháirtí sa chomhrac participants in the conflict
" Sin ráite, chuaigh McGuinness – a bhfuil go leor miotas, i bhfách agus in éadan, faoi – go Teach Parlaiminte na Breataine an lá dár gcionn, le cur in iúl d'fheisirí thall go raibh Sasain mar rannpháirtí sa chomhrac ó thuaidh agus nach “réiteoirí neodracha” a bhí iontu.
comhraiceoirí rannpháirteach sa the combatants participating in
" “Bhí na comhraiceoirí rannpháirteach sa phróiseas, dob é sin an phríomhchúis go raibh rath air,” a mhaigh sé.
rannpháirteach ann participating
" Beidh an ceiliúradh seo bunaithe ar an oidhreacht shaibhir de cheol diaga a thagann ó thraidisiúin na Gaeilge ar an dá thaobh de Shruth na Maoile agus beidh slua ceoltóirí ó Albain agus Éirinn rannpháirteach ann.
rannpháirteach participating
" Tá na comharthaí ann go bhfuil níos mó ban rannpháirteach i gcúrsaí spóirt inniu ná mar a bhí riamh cheana ach níl an dul chun cinn sin á léiriú fós sna meáin chumarsáide i gcoitinne.
bheith rannpháirteach participating
" Buaicpointí na bliana ======== Ní raibh aon teorainn leis an fhonn ag bhí ar dhaoine a bheith rannpháirteach sna himeachtai móra pobail a bhí ar siúl ó thus go deireadh na bliana.
formhór mór na rannpháirteach the great majority of the participants
" Thug formhór mór na rannpháirteach b mar fhreagra, cé nach féidir gurb é sin an freagra ceart.
rannpháirteach participating
" Bhí daoine óga rannpháirteach i gceardlanna éagsúla chomh maith agus ar na ceardlanna a cuireadh ar fáil bhí ceann ar an ealaín Cheilteach agus seisiúin rannaireachta le Rannairí Ard Mhacha.