Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réadúil realistic
" Má fhéachann muid ar ghluaiseacht na Gaeilge mar aon *dynamic* amháin (agus sin mar ba cheart do chúrsaí a bheith), cad iad na rudaí a bhfuil sé réadúil tosaíocht a thabhairt dóibh sa bhliain 2002? Tá fadhb bhunúsach ag pobail Ghaeltachta agus lucht na Gaeilge i gcoitinne ó bunaíodh an Stát seirbhísí a fháil ó áisínteachtaí i nGaeilge.
réadúil realistic
" Cé go bhfuil na grafaicí tar éis feabhsú ón staid ag a raibh siad tamall de bhlianta ó shin, níl siad réadúil fós.
réadúil realistic
" Is dócha ná raibh sé sin riamh réadúil.
níos réadúla more realistic
" Tá sé ag obair ar úrscéal níos réadúla chomh maith, a bhfuil an teideal caolchúiseach *Crackheads* air.
moltaí réadúla realistic recommendations
" In ionad a bheith ina shíorfhreasúra, gan ach an focal "No" ina bhfoclóir, beidh ar an DUP moltaí réadúla a chur chun tosaigh mar cheannairí an phobail aontachtaigh.
réadúil realistic
" Sa dóigh sin thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh.
réadúil realistic
" Rud mór cruálach réadúil beo is ea an saol in Éirinn.
réalaíoch realistic
rogha réadúil realistic choice
" Ainneoin an mhórmheasa atá ag ceannaire an Lucht Oibre Pat Rabbitte air féin, is é an fhírinne gurb é Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, an t-aon rogha réadúil Taoisigh eile atá ann.
réadúil realistic
" Caithfidh siad é seo a dhéanamh ar dhóigh mhuiníneach, stuama, réadúil.
réalaíoch realistic
" Morgáistí ollmhóra ======= Ar an drochuair, is minic nach mbíonn muid réalaíoch faoinár gcostais mhaireachtála agus is fíorannamh a chuirtear suim airgid ar leataobh d’éigeandálaí.
réadúil realistic
" ” An dóigh léi go bhfuil sé réadúil na carachtair go léir sa leabhar bheith ag labhairt Gaeilge agus cónaí orthu i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath? “Tá a fhios agat nach mbeadh Gaeilge á labhairt ag na daoine seo dá mba rud é go raibh sé réadúil.
réadúil realistic
" Déarfadh an té atá réadúil, áfach, gur theip orthu ceachtar don dá sprioc sin a bhaint amach.
domhain shaorga níos réadúla a chruthú to create more realistic artificial worlds
" Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas foilsitheoirí domhain shaorga níos réadúla a chruthú le, mar shampla, uisce a shreabhann i gceart agus deatach a scaipeann go réalaíoch.
chomh réadúil céanna quite as realistic
" Ní dóigh leis, áfach, go bhfuil sé sin chomh réadúil céanna mar sprioc anois, i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse.
ró-réadúil, rófhíor, too realistic, too true,
" Má tá aon locht ar an phictiúr seo le Picasso, is é go bhfuil sé ró-réadúil, rófhíor, uafásach fíor.
polasaithe soiléire, réalaíocha clear, realistic policies
" In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.
réalaíoch, realistic,
" Cén fáth a bhfaigheadh imreoir airgead ach nach bhfaigheadh réiteoir airgead? Chomh maith leis sin, le bheith réalaíoch, cé as a dtiocfadh an t-airgead? Bhí caint tamall ó shin go bhfaighfí réidh le Connachta mar fhoireann phroifisiúnta rugbaí agus níl ach ceithre fhoireann sa tír sa spórt sin.
as ucht a bheith réalaíoch, for being realistic,
" Is mithid an chomparáid, agus b'fhéidir gur cheart dúinn buíochas a ghabháil leis an uachtarán as ucht a bheith réalaíoch, ach más ea, buíochas fuar ba cheart a ghabháil.
réadúil realistic
" Is mithid dúinn a admháil gur cur i gcéill atá i gceist – *the emperor is naked*! Cur amú acmhainní agus fuinnimh atá inti ar gá dúinn a bheith réadúil fúithi anois.
mar iarrthóir réalaíoch as a realistic candidate
" I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile.
seans réalaíoch realistic chance
" Mar gheall ar smál a bheith ar an triúir seo, tá seans réalaíoch ag beirt eile atá imeallach faoi láthair – Mike Huckabee ó Arkansas agus Fred Thompson ó Tennessee.
níl sin réalaíoch. that is not realistic
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
ceangal an-réalaíoch very realistic link
" Ar an dóigh seo, tá ceangal an-réalaíoch idir an saol fíorúil agus an fíorshaol! Is amhlaidh go bhfuil córas speisialta i gceist, LindeX, leis na malartuithe a chur i gcrích.
gnáthshaol réadúil normal realistic life
" Meastar freisin nach dtuigeann muid gnáthshaol réadúil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den chathair seo atá faoi phribhléid, dar leo.
gan bhunús réadúil without realistic basis
" Tá an tacaíocht seo gan bhunús réadúil mar atá léirithe go ríshoiléir ag USAIG.
réadúil realistic
" Óir caithfear a bheith réadúil i dtólamh faoi shrianta an mhargaidh.
réadúil realistic
" Is pictiúr réadúil é den saol ileitneach atá sna bruachbhailte sa Fhrainc faoi láthair agus den obair atá ar siúl ag daoine chun teacht ar thuiscint ar an saol atá thart orthu agus ar a chasta is a d’fhéadfadh an saol sin a bheith.
réalaíoch realistic
" Is mór an t-údar díomá é, áfach, go bhfuil an dara páipéar seo ag teacht salach ar an gcéad cheann, mar maíonn na húdair ann nach bhfuil na spriocanna fuinnimh in-athnuaite atá leagtha amach ag an rialtas réalaíoch ar chor ar bith! Tá an rialtas ar tí na billiúin Euro a chaitheamh ar bhonneagar fuinnimh na tíre, agus más mall is mithid.
réadúil realistic
" Beidh orthu a bheith straitéiseach agus réadúil faoin mhéid atáthar ag iarrraidh a chosaint ó mholtaí Thuarascáil McCarthy.
réadúil realistic
" Is dócha, go nglacann daoine leis nach bhfuil sé réadúil a bheith ag súil le páipéar laethúil; cé gur éirí le lucht LÁ seo a dhéanamh, ní raibh sé gan stró, ná gan chailliúint airgid.
sprioc réalaíoch realistic target
" An sprioc réalaíoch é sin? In eagrán an Mhárta 2008 den iris eolaíochta ‘Science et Vie’, caitear amhras ar an gcumas atá ag an gcumhacht gaoithe (nó gréine) ionad na cumhachta eithní nó ionad cumhacht ó bhreoslaí iontaise a thógáil.
réadúil realistic
" BD: An gceapann tú go bhfuil na spriocanna sa dréachtstraitéis, maidir le cainteoirí Gaeilge de, réadúil? PÓC: Tá sé ráite ag roinnt tráchtairí go bhfuil sé ró-uaillmhianach, ach b’fhearr a bheith uaillmhianach, dar liom.
réadúil realistic
" Chun an sprioc sin a bhaint amach tá Frank Feighan ag iarraidh tosnú ar oileán beag i Maigh Eo agus é de rún aige an Ghaeilge a chur i mbéal na ndaoine i gCliara mar ghnáth-theanga laethúil an phobail! Cuireann sé iontas orm go bhfuil Fine Gael agus Frank Feighan ag glacadh leis gur sprioc réadúil é líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú fá thrí sa fiche bliain den Stráitéis.
réadacha realistic/objective
" Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós mhodh na eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla.
réalaíoch realistic
" Caithfidh tú a bheith dáiríre agus réalaíoch, mura n-athraímid rud éigin, leanfaidh rudaí mar atá siad agus níl an scéal go maith.
réadúil realistic
" Bheadh amhras orm an mbeadh aon saineolaí le meas ar an bhfírinne, sásta a rá go poiblí go bhfuil an sprioc sin réadúil.
níos réadúla more realistic
" Díol spéise gur figiúir níos ísle - agus níos réadúla - é seo ná an ceann náisiúnta atá fós luaite sa leagan deireanach den straitéis.
gníomha réadúla realistic actions
" Tá an Ghaeltacht faoi bhrú millteanach i láthair na huaire, ach is é atá ag teastáil ná gníomha réadúla cearta chun tacú leis an nGaeltacht.
réadúil realistic
" Sa dóigh sin thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh.
réadúil realistic
" Dá gcruthófá féiníomhá náisiúnta réadúil sa lá atá inniu ann, is dóigh liom go mbeadh sí an-éagsúil ón Aussie umhadhaite thuas.
réadúil realistic
" Go bhfios dom, níl aon saineolaí teangeolaíochta sásta a rá go poiblí go bhfuil an uimhir sin réadúil.
réalaíocha realistic
" An spriocanna réalaíocha iad sin? El Hierro ==== Ar El Hierro, an t-oileán is lú de chuid na nOileán Canárach, tuigtear go mbeidh an pobal buan, beagán os cionn deich míle duine, mar aon leis an seasca míle duine a thagann ar cuairt chuig an oileán gach bliain, iomlán neamhspleách ó thaobh cúrsaí fuinnimh de go luath an bhliain seo chugainn.
léargas réalaíoch realistic exposition
" An Fhírinne nó Cruinneas Áirithe ================ Cé gur chuir an iliomad scribhneoirí idir scribhneoirí Gaeilge agus Béarla spéis iontu i gcaitheamh na mblianta is beag leabhar a bhfuil léargas réalaíoch déanta ar an mionlach seo iontu, léargas a bhfuil fírinne nó cruinneas áirithe ag baint leis – (is eisceachtaí anseo iad an léargas a thugann Pádraic Ó Conaire ar Lucht Siúil na Seónna Taistil in Deoraíocht agus an dream ar tugadh na ‘tincéirí’ uair amháin orthu sa nóibhille Eitleán le Seán MacMathúna).
réadúil realistic
" Ag pilleadh ar cheist na gramadaí ansin, b’fhearr go mbeadh eolas ag daoine ar an ghramadach ach caithfear a bheith réadúil faoin teorainn atá ar chumas daoine fásta agus leoga, níor mhaith leat iad a chur ó dhóras.
chomh réadúil how realistic
" Níl ann ach gimic ach tugann sé le fios cé chomh cumhachtach is chomh réadúil is atá na cluichí atá le fáil ar uirlisí soghluaiste anois.
réadúil realistic
" Sa riocht ina bhfuil an tír, bheadh deis níos fearr ann go mbeadh tacaíocht forleathan ón bpobal le fáil, ach na smaointe a bheith réadúil.
réadúil realistic
" Dhealródh sé gur bhean réadúil seachas bean réabhlóideach ina dearcadh í Libuše Palachová.
mholtaí réadúla realistic recommendations
" Má tá ciall acu, beidh cur chuige réamhghníomhach acu agus tiocfaidh siad féin ar mholtaí réadúla chun gearradh siar ar chostais riaracháin agus ar dhúbláil oibre.
níos réadúla more realistic
" Bheadh an sprioc sin níos réadúla agus d’fhéadfaí é a shárú.
sprioc réadúil a realistic target
" Cúpla bunrudaí a bhí ann ná sprioc réadúil a bheith agat agus na spriocanna sin a roinnt le do chomhluadar chun tacaíocht a chaomhnú.
spriocanna réadúla realistic targets
" Is spriocanna réadúla iad san ach cén caoi a mbainfí amach iad? Ar an gcaoi seo: is cosúil go bhfuil 70% de lucht fágáil meánscoile ag dul ar aghaidh chuig coláistí tríú leibhéal sa stát seo.
domhan réadúil a realistic world
" Chun “an scéal a oscailt do dhaoine nach bhfuil Briotáinis líofa acu” agus “domhan réadúil” (dátheangach) a chur in iúl, shocraigh foireann Lann Vras Fraincis agus Béarla a chur i mbéil na gcarachtar, ach is í an Bhriotáinis is mó a chloistear.
cosúlacht an-réalaíoch go deo a very realistic appearance
" Faoin mbliain 1765 bhí úinéir caifé aitheanta i Leipzig na Gearmáine, Johann Georg Schröpfer, ag eagrú séance go rialta i seomra cúil a chaifé, seónna a raibh tionchar uathúil mar chuid rialta díobh, lena n-áirítear teilgeadh taibhsí a raibh cosúlacht an-réalaíoch go deo orthu.
bheith réadúil ina gcuid spriocanna be realistic in their targets
" Tuiscint ar na laincisí:** I mbeagán focal caithfidh nuachtán beag le foireann bheag a bheith réadúil ina gcuid spriocanna.
dhá rogha réadúil two realistic choices
" Ar na huimhreacha sin tá an chuma ar an scéal go bhfuil dhá rogha réadúil ann: FF agus FG i gcomhrialtas le chéile agus 84 suíochán eatarthu nó FF, LO agus SF le chéile le 79 suíochán agus iad ag brath ar roinnt Teachtaí Dála neamhpléacha, leis an rialtas a choinneáil i gcumhacht.
chun domhain níos réadúla a chruthú to create more realistic worlds
" Tá lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.
gan bhunús réadúil without realistic basis
" Tá an tacaíocht airgid gan bhunús réadúil, dar le Robert McMillen, agus tá teipthe go tubaisteach ar iarrachtaí an teanga a chur chun cinn.