Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réadúlacht chomhthreomhara parallel realities
" Agus in dhá réadúlacht chomhthreomhara na Sé Chontae, ba doiligh leo taithí na "bhFíníní bradacha" seo a mhothú ina gcroí.
réalachas fíorúil virtual reality
" Tá na híomhánna i gcluichí níos cóngaraí do dhroch-chartúin ná an réalachas fíorúil a bhí geallta dúinn.
réalachas reality
" Ba bhreá liom gach aon rud a bhaineann leis an teanga - pleanáil, polasaithe rialtais, polasaithe eagraíochtaí, plé agus anailís ghinearálta, craoltóireacht, foilsitheoireacht, gach aon rud - ba bhreá liom iad a fheiscint bunaithe ar an réalachas agus ar an bhfírinne.
réaltachtaí míthaitneamhacha unpleasant realities
" Ach bhí córas dian cinsireachta i bhfeidhm, a chuir cosc ar dhaoine na réaltachtaí míthaitneamhacha i saol na hIaráine a nochtadh.
teilifíse réadúla reality TV
" Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite … Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla "Cabin Fever" amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna.
réaltacht eile another reality
" Osclaíonn gach alt fuinneog dom ar réaltacht eile; tugann leis amach mé ar chomhréir chraobhach an bhriathair bheo agus ar ais arís le léargas eile ar an réaltacht fhíorúil seo agam féin.
réaltacht fhíorúil virtual reality
" Osclaíonn gach alt fuinneog dom ar réaltacht eile; tugann leis amach mé ar chomhréir chraobhach an bhriathair bheo agus ar ais arís le léargas eile ar an réaltacht fhíorúil seo agam féin.
réaltacht eile another reality
" Osclaíonn gach alt fuinneog dom ar réaltacht eile; tugann leis amach mé ar chomhréir chraobhach an bhriathair bheo agus ar ais arís le léargas eile ar an réaltacht fhíorúil seo agam féin.
réaltacht fhíorúil virtual reality
" Osclaíonn gach alt fuinneog dom ar réaltacht eile; tugann leis amach mé ar chomhréir chraobhach an bhriathair bheo agus ar ais arís le léargas eile ar an réaltacht fhíorúil seo agam féin.
ag aithris ar réaltacht an tsaoil imitating reality
" Agus go gasta ina dhiaidh sin mheabhraigh mé arís eile an tseancheist shíoraí: an í an litríocht a bhíonn ag aithris ar réaltacht an tsaoil nó réaltacht an tsaoil a bhíonn ag aithris ar an litríocht? Gearrscéal atá in "Bullaí Mhártain".
réaltacht fhíorúil virtual reality
" Scéal eile gnáthréaltacht fhíorúil ár saoil laethúil agus is ar an tanalacht atá mé ag siúl go fóill.
ghnáthréaltacht ordinary reality
" Tuigeann an léitheoir nach é amháin go dtagraíonn friotal an tsaothair do réaltacht shamhalta an údair ach go dtagraíonn sé do ghnáthréaltacht taobh amuigh den litríocht chomh maith.
gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha that he crossed the threshold of literary reality
" Ó tá a fhios ag an léitheoir gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha ar léamh na n-abairtí tosaigh dó, tuigeann sé go bhfuil sé ag plé anois le domhan a dhéantar a struchtúrú ar bhealach áirithe mar mhaithe le scéal a insint, le téamaí a phlé agus le hipitéisí a chur i gcás.
réaltacht reality
" " Lena chois sin, deir an foilsitheoir: "Nuair a tháinig scannail ghnéis na hEaglaise chun solais arís is arís eile le blianta beaga anuas, agus nuair a d'éirigh sé soiléir go raibh cliarlathas na hEaglaise tar éis iad a chur faoi cheilt, ní raibh Breslin ábalta réiteach a dhéanamh idir a chreideamh agus an réaltacht nua seo.
ag diúltú don réaltacht denying reality
" Ach nach meatacht é sin, ag diúltú don réaltacht? "Is fíor gurbh fhearr liom maireachtáil gan na drochrudaí sin ag cur isteach orm, an foréigean, an bochtanas.
réaltacht reality
" Lean sé ar aghaidh: "Bímis soiléir faoi - cúrsaí teicniúla, polaitíocht, cuntasacht - tabhair do rogha ainm air, is sofhriotail iad uilig ar an réaltacht úr a bhfuil ar an DUP dul i ngleic léi, is é sin go gcaithfidh siad an chumhacht a roinnt ar bhonn cothrom le poblachtánaigh nó nach mbeidh cumhacht ar bith acu.
ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom ignoring the harsh realities
" Is fadhb chasta í seo, agus bheadh aon duine a mhaífeadh gur seo peaca eile de chuid na heaglaise ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom.
réaltacht leamh mundane reality
" Cuireann na híomhánna a tháinig ón am seo réaltacht leamh na tréimhse faoi ghlas in iúl go paiteanta.
réaltachtaí samhalta imaginary realities
" In áit a bheith ag díriú ar nóisean démodé den litríocht, dar le Miller agus lena chomhghleacaithe, ba chóra a bheith ag díriú ar shainchomhartha úd na litríochta a iniúchadh; ar chumas sin na litríochta na réaltachtaí samhalta a chruthú gan aici ach na focail.
réaltachtaí samhalta imaginary realities
" In áit a bheith ag díriú ar nóisean démodé den litríocht, dar le Miller agus lena chomhghleacaithe, ba chóra a bheith ag díriú ar shainchomhartha úd na litríochta a iniúchadh; ar chumas sin na litríochta na réaltachtaí samhalta a chruthú gan aici ach na focail.
na réaltachtaí úra the new realities
" na réaltachtaí úra ======= Tá am de dhíth le go dtig le gach duine meabhrú ar na réaltachtaí úra.
réaltacht reality
" Is deacair firicí agus réaltacht cogaidh a thuiscint, is cuma cé mhéad leabhar agus tuairisc a léann tú.
réaltacht reality
" Bhuel, tá an deich mbliana sin nach mór istigh: caithimis súil siar, mar sin, chun an réaltacht a chur i gcomparáid leis na gealltanais.
cláracha réaltachta reality programmes
" Níl duine ar bith acu ag dul a rá, ‘Ó, is breá liom cláracha réaltachta’.
Réaltacht Fhíorúil Virtual Reality
" ’ ‘Tharla rud éigin dom agus ní Réaltacht Fhíorúil a bhí ann,’ arsa Evan.
i gcláracha réaltachta éagsúla in various reality programmes
" Thug sé cuireadh do naonúr a bhí páirteach i gcláracha réaltachta éagsúla teacht chuig preasócáid a bhí ar siúl aige sa Café Royal i Londain le gairid chun labhairt faoin taithí a bhí acu agus chun ceisteanna a fhreagairt.
réaltacht reality
" Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair! Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard.
cur leis an réaltacht, to add to the reality,
" Ar ndóigh, is iarracht é seo cur leis an réaltacht, agus éiríonn leis mar sheift.
réaltacht uafásach na Spáinne. the terrible reality of Spain.
" duine ar bith a déarfadh a leithéid, is follas nach léir dó os comhair a dhá shúl réaltacht uafásach na Spáinne.
i ndáiríre. in reality
" D'fhéadfá a rá, mar sin, go raibh an t-ádh ar an stiúrthóir de bhrí go raibh deis aige próiseas orgánach a scannánú agus Irglova agus Hansard ag titim i ngrá lena chéile, i ndáiríre.
i ndáiríre in reality
" Is ríléir go bhfuil cosúlachtaí idir an chonspóid a tháinig chun cinn mar gheall ar mhótarbhealach an M3 a bheith ag dul trí shéadchomhartha náisiúnta na hÉireann - a tharla, dar ndóigh, i ndáiríre - agus cruachás Lios na gCat sa scéal.
sa tsraith réaltachta in the reality series
" Is cainteoir Gaeilge í agus bhí sí le feiceáil ar scáileáin na hÉireann le déanaí agus í ag glacadh páirte mar mholtóir sa tsraith réaltachta *Fáilte Towers* a craoladh ar RTÉ.
biorán réadaithe an injection/a touch of reality
" Thabharfainn péire glais lámh do Phaul Galvin, biorán réadaithe do fhoireann Dhún na nGall agus dá gcuid bainisteoirí líonmhara agus an ráta íosphá don GPA.
réaltachta reality
" ” Ba i measc éisteoirí meánaosta RTÉ Raidió 1 ba mhó a bhí aithne ar John Creedon go dtí gur ghlac sé páirt i gclár teilifíse réaltachta an samhradh seo caite.
réadúlacht reality
" Sin an difir idir an reitric agus an réadúlacht.
réalachais of reality
" Tré sheift cineamúil an réalachais draíochta, agus an corrghal mídhleathach, is cosúil, tagann an laochfhealsúnaí Eric Cantona chun comhairle a cur ar Eric an phoist.
réaltacht reality
" Nach í an réaltacht a thuilleadh atá agat, ach eagrán amháin de.
réaltacht reality
" Ins an aitheasc thuasluaite, mhaígh an Coimisinéir Teanga gurb é “an rud atá le déanamh anois ná dul tuilleadh den bhóthar ón reitric, ón teoiric agus ón teibíocht agus díriú níos mó ná riamh ar an réaltacht, an fheidhmiúlacht agus an ghníomh; feoil a chur ar an gcnámh; bearta a dhéanamh de réir na mbriathra.
réaltacht reality
" Ach tuigtear faoi láthair gur féidir leis an pháiste dhá bhliain d’aois idirdhealú a dhéanamh idir cur i gcéill agus an réaltacht – nó idir an súgradh agus an dáiríre! Léiríonn Alison Gopnik ina leabhar cáiliúil ‘The Philosophical Baby’, go dtuigeann an naíonán nach bhfuil ach cur i gcéill i gceist nuair a bhíonn siad ag súgradh.
réaltacht reality
" “Bhí saol suáilceach i ndáiríre agam, go dtí gur thosaigh an réamhscoil agus níos measa fós, an scoil – chuir an réaltacht chumannach déistin orm.
i ndáiríre in reality
" Ba bheag an tacaíocht a fuair sé i ndáiríre.
fhírinne a saoil féin her own living reality
" Dúirt sí nach ndearna sí péintéireacht riamh ar a cuid briongloidi nó ar a cuid tromluithe, ach ar fhírinne a saoil féin.
réaltachta reality
" Sar i bhfad bhí Donald Trump agus a pheiriúc dochreidte le feiceáil ar scáileáin teilifíse Mheiriceá, go háirithe nuair a chuir sé tús le sraith teilifíse réaltachta "The Apprentice" i 2004.
Ní mar a shíltear a bhítear appearance is not reality
" Ní mar a shíltear a bhítear agus ní bhíonn muintir na sráide ‘mar a shíltear’ ach oiread.
réadúlacht stairiúil historic reality
" Tá an chumhacht chéanna ag baint leis an Chúnant i measc Aontachtaithe inniu is atá ag Forógra na Poblachta i measc Náisiúnaithe, mar sin, cad é mar is féidir réadúlacht stairiúil an Chúnaint ina chomhthéacsanna éagsúla a cheiliúradh i 2012 ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar Aontachtaithe cionn is nach n-aithníonn sé an chrógacht agus an mórtas cine a bhí ina measc agus nach gcuirfidh isteach ar Náisiúnaithe cionn is nach n-aithneofar an seicteachas agus an bhagairt fholaithe foréigin atá ann? Bunaíodh an bhuíon pharaimíleatach na *Ulster Volunteers/Ulster Volunteer Force* ag an am seo le troid in éadan Riail Dúchais - bhíodh na hAontachtaithe go minic ag beartú foréigin sular smaoinigh Náisiúnaithe air - agus ba é an UVF - mar an 36th (Ulster) Division - a throid ag sléacht an Somme i mí Iúil 1916.
chláracha réaltachta reality programs
" Rinne an scríbhneoir/iriseoir Éamonn Mc Cann, in éineacht leis na léiritheoirí cláir bhreathnadóireachta, Julian Keane, Ewan Angus, Paul Mc Guigan agus Steve Carson ó RTÉ, scrúdú géarchúiseach ar an bhonn eiticiúil a bhí faoi ‘chláracha réaltachta’ agus mheabhraigh siad an mhórtharraingt a bhí ag cláracha ar nós *The Estate* agus *The Scheme*.
ag caitheamh an tsaoil amhlaidh living such a reality
" Labhair mé le hÉireannach óg atá ag caitheamh an tsaoil amhlaidh, nó ag ‘beochan na brionglóide’ mar is nós le daoine a rá.
Is í fírinne an scéil the reality is
"Is í fírinne an scéil, ar ndóigh, nach gcaithfear ach líon teoranta cáipéisí a aistriú agus nach bhfaigheann ach a leath de na daltaí a dhéanann an Ardteist trí mheán na Gaeilge pointí breise CAO mar thoradh ar chóras casta na marcanna bisigh atá ann.
ach ag cur síos ar réadúlacht a saoil just describing the reality of her life
" Ní ag gearán atá Julie, níl sé ach ag cur síos ar réadúlacht a saoil nach bhfeiceann daoine ach an chuid is galánta de.
an t-amharcóir imchaite réadúlachta the expendable reality viewer
" Bhí sé ar intinn agam plé a dhéanamh ar Oculus Rift, an t-amharcóir imchaite réadúlachta a bhris gach teorainn ar Kickstarter, a bhí mar scéal mór ag CES i mbliana, a ligeann do chluichirí a bheith taobh istigh de chluiche mar dhea.
Spúnóg mhór réadúlachta a large helping of reality
réadúlachta reality
" Níor chaith siadsan uaireanta a chloig ag breathnú ar theilifís na ‘réadúlachta.
réaltachta reality
" " Cosúil leis an teilifís réaltachta leanfar an seisear ó sheachtain go seachtain agus iad i mbun foghlama.
dáiríre in reality
" Gníomhaire diMaso (FBI), dáiríre, atá ann.
ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta on a Reality TV programme
" Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh.