Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rídhéanaí up to date, most recent
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach agaibh? An sprioc mór a leagamair síos dúinn féin ó thosach ná réimse de phacáistí ríomhaireachta a sholáthar ag cur chultúr na hÉireann i láthair leis an teicneolaíocht is rídhéanaí, agus tá sé sin á dhéanamh againn.
ar na saolta deireanacha seo in these recent times
" Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhíonn le fáil ar thuarastal seachtaine ar na saolta deireanacha seo.
na saolta deireanacha seo in recent times
" Léigh mé go rialta sna blianta tosaigh é, léigh mé ó am go chéile ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin é, agus tá mé á fháil ar síntiús na saolta deireanacha seo.
na saolta deireanacha seo in recent times
" Léigh mé go rialta sna blianta tosaigh é, léigh mé ó am go chéile ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin é, agus tá mé á fháil ar síntiús na saolta deireanacha seo.
le blianta beaga in recent years
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
ar na saolta deireanacha seo in recent times
" Agus cad é is ábhar cráite dóibh siúd ar na saolta deireanacha seo? *League Tables *na Naíonraí!! Bhí na léig-tháblaí seo mar mhíreanna a haon go dtí a fiche is a seacht ar chlár an chruinnithe dheiridh s'acu.
le blianta beaga anuas in recent years
" Fágann sin níos mó brú an na siopadóirí sna bailte beaga agus tá a rian le feiceáil - tá cuid mhaith acu tar éis dúnadh le blianta beaga anuas.
ar na saolta deireanacha seo in recent times
" Má léann sibh é seo go cúramach gheobhaidh sibh léargas glé glan glinn ar mheon an Oráistigh bhoicht atá faoi aintreise agus faoi leatrom ina chúige féin – cúige a chruthaigh Dia dó – ar na saolta deireanacha seo.
Ba é an mheancóg ba dhéanaí The most recent mistake was
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
na cinn is déanaí, the most recent ones,
" Más fíor na cinn is déanaí, leoga, bainfidh an freasúra ollbua amach.
an cor is déanaí sa scéal, the most recent turn of events
" Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin.
Ach an oiread le blianta beaga anuas, The same as in most recent years,
" Ach an oiread le blianta beaga anuas, bhí Cill Chainnigh an-láidir san am sin agus bhí imreoirí den scoth acu ar nós Eddie Kehir, Ger Henderson, Frank Cummins agus araile.
de réir an eolais is déanaí. according to the most recent information
" html ) - á phleanáil agus beidh sé i bhfeidhm thart ar 2013, de réir an eolais is déanaí.
le blianta beaga anuas in recent years
" Ach is iomaí uair a cáineadh “Liveline” le blianta beaga anuas as ucht é a bheith ag láimhseáil scéalta áirithe mar a bheadh nuachtán táblóideach ann, in ainneoin gur clár de chuid craoltóra seirbhíse poiblí é.
le blianta beaga anuas. in recent years
" Dar ndóigh, tá an scoil sin i ndiaidh a bheith sa nuacht cuid mhór le blianta beaga anuas.
Le blianta beaga anuas, in recent years
" Le blianta beaga anuas, tá tírdhreach na háite athraithe go mór ag lucht tógála dheisceart na Spáinne.
le blianta beaga anuas, in recent years
" Is é an sampla is fearr den dearcadh diúltach sin ná an dóigh ar mhéadaigh buiséad na Comhairle Ealaíon ó €20m go €83m le blianta beaga anuas, ach sa tréimhse chéanna nár mhéadaigh buiséad Fhoras na Gaeilge ach méid an-bheag.
le dornán blianta anuas in recent years
" ” Is í an aisteoireacht an phríomhghairm a bhfuil Carrie ag díriú uirthi le dornán blianta anuas agus tá sé i gceist aici cloí leis an obair sin san am atá romhainn fosta.
le seachtainí beaga anuas in recent weeks
" Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.
le dornán blianta anuas in recent years
" **Reabhlóid** Tá dul chun cinn suntasach déanta le dornán blianta anuas ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá ranganna á gcur ar fáil go forleathan.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí according to the most recent sales figures
" De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí atá eisithe ag an Audit Bureau of Circulation (ABC), díoltar ar a mheán 160,000 cóip den *Irish Independent* gach lá; 118,000 cóip den *Irish Times*; 107,000 cóip den *Irish Sun*; 103,000 cóip den *Irish Star*; 83,000 den *Evening Herald* agus den *Belfast Telegraph* araon; 73,000 den *Irish Mirror*; 56,000 den *Irish Examiner* agus 49,000 den *Irish News*.
is déanaí most recent
" An Cur is Cúiteamh =========== D’eascair an díospóireacht phoiblí is déanaí i dtaca le pósadh comhghnéis as rún a ritheadh trí Theach na nIonadaithe cúpla mí ó shin.
De réir na dtuairiscí is déanaí according to the most recent reports
" De réir na dtuairiscí is déanaí, baineann an comhshuaitheadh nó an comhtholgadh le himreoirí rugbaí níos minice ná mar a ceapadh go dtí seo, go minic gan fhios dóibh féin ná do lucht leighis.
ar na mallaibh in the recent past
" Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre, is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith.
i rith na dtríoblóidí deiridh during the recent troubles
" org> Tá íobairt na laochra seo fós i gcuimhne na ndaoine ar Merseyside, d'ainneoin an chur ina gcoinne i rith na dtríoblóidí deiridh.
ar na saolta deireanacha seo in the recent past
" Ba léir nach mbeadh an moladh seo sásúil ar na saolta deireanacha seo agus an-bhéim á cur ar fheidhmiúlacht chostais.
An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas the most remarkable aspect of the warfare of recent times
" Sraith Cogaí agus an Mhoráltacht ============== An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas is ea gur sraith cogaí atá ann a thionscnaíonn an t-iarthar gan náire amhail is nach bhfuil súile an domhain orthu.
sna saolta deireanacha seo in recent times
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.