Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Reifirméisean Reformation
" I nGlaschú, bhí an scéal ní ba mheasa de bharr na biogóideachta seictí a bhí le fáil go hoscailte, mar sin chloígh na hinimircigh go dlúth lena chéile mar chosaint ar an naimhdeas polaitiúil agus eacnamaíoch a bhí ag an móramh Protastúnach leo, dream ar éirigh leo fáil réidh leis an gCaitliceachas go hiomlán beagnach i Reifirméisean na bliana 1560.
san Athrú Creidimh in the Reformation
" Tógadh an scrín i 1275, ach scriosadh í san Athrú Creidimh.
i ndiaidh an Reifirméisin after the Reformation
" Mar shampla, i ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois, cuireadh an phuilpid san áit ab fheiceálaí.
i ndiaidh an Reifirméisin after the Reformation
" Tháinig deireadh leis an mhainistir i ndiaidh an Reifirméisin agus fágadh na foirgnimh ina bhfothracha.
Athleasú Creidimh Reformation
" Ba dhaingean Caitliceach an áit seo san Athleasú Creidimh (is as Crosby Vincent Nichols, Ard-Easpag Westminster nua) agus ba údar mórtais do theaghlaigh mar na Pinningtons gur choinnigh siad an seanchreideamh tríd an Ghéarleanúint.
hAthleasuithe Gréagóracha Gregorian Reformation
" Flaitheas agus Maoin =========== Tharla an chéad fhorbairt eile ar scéal na haontumhacta san aonú haois déag agus í seo mar chuid de shraith mhór athruithe ar a dtugtar na hAthleasuithe Gréagóracha.
Fhrith-Athleasú Creidimh Counter Reformation
" Ó sin i leith, bheadh na ministrí Protasúnacha pósta, agus bheadh cléir an Fhrith-Athleasú Creidimh aontumhach.
I ndiaidh an Reifirméisin after the Reformation
" I ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois d’éirigh daoine éiginnte faoi fhíordheimhneacht na dtaisí agus caitheadh ar shiúl cuid mhór acu.