Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chúrsaí caorach matters relating to sheep
" Chaith Balor a shúil nimhe ar chúrsaí caorach an mhí seo agus go háirithe ar Aoirí Maithe na tíre.
réimsí gaolmhara related areas
" Den chéad uair riamh beidh clár cuimsitheach forbhartha chun taighde idirdhisciplíneach a dhéanamh ar an Stair, an Léann Ceilteach agus Litríocht na hÉireann agus na hAlban, an Béaloideas, Staidéar Cultúrtha, an Ultais, Tíreolaíocht Chultúrtha chomh maith le réimsí gaolmhara eile.
gaolmhar related/akin to
" Mo mháistir *renku* (saghas nascvéarsaíochta atá gaolmhar leis an haiku) i mo theannta, an tOllamh Shinku Fukuda - is ball mé de Chumann Renku Bhealach na Bó Finne, dála an scéil - agus ball eile den ghrúpa idirnáisiúnta renku, Fusako Matano, inár dteannta.
cheisteanna ag baint le domhandú issues relating to globalisation
" Clúdaítear gach saghas ábhair iontu; bíonn béim faoi leith ar ábhair a bhaineann leis an timpeallacht, idir fheirmeoireacht orgánach, cheisteanna ag baint le domhandú agus athchúrsáil.
ainmneacha gaolmhara related names
" com céim níos faide, agus baintear úsáid as stórchiste chun ainmneacha gaolmhara a mholadh.
gaolta le related to
" Rose Kennedy ======= Tá cuntas mion, atá ar fheabhas ar fad, i leabhar Maier ar an chaidreamh rómansúil cinniúnach a bhí ag Kathleen "Kick" Kennedy, a thit i ngrá agus a phós Protastúnach a bhí gaolta le teaghlach ríoga na Breataine.
duine ag eachtraí ar a ndearna siad relating all that they did
" Bhí achan duine ag eachtraí ar a ndearna siad ar an lá speisialta sin, Lá na Máithreacha.
ghaolmhara related
" Na sé theanga ghaolmhara bheith ar a dtoil ag ár mbaill.
meathlú matánach bainteach le haois age-related muscular degeneration
" Labhair mé le gairid le Gaillimheach eile, an Dr Simon Kelly, faoin taighde atá déanta aigesean ar an cheangal idir caitheamh tobac agus daille ag baint le haois nó meathlú matánach bainteach le haois (AMD sa Bhéarla).
cúrsaí an Aontais Eorpaigh matters relating to the European Union
" Ceapadh é mar Leas-Príomhfheidhmeannach ansin, agus bhí sé freagrach as forbairt réigiúnach, agus an réimse leathan a chlúdaíonn an teideal sin: na hoifigí réigiúnacha, cúrsaí traenála, cúrsaí teanga agus cultúir, cúrsaí an Aontais Eorpaigh agus na comharchumainn.
cúrsaí gobharnóireachta matters relating to governorship
" Cén ról atá agat féin i gComhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus cén fhad atá tú sa phost? Oifigeach Forbartha atá ionam ach tá ról ar leith agam ag plé cúrsaí gobharnóireachta, polasaithe scoile (Gaeilge) agus bainistíocht scoile.
cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta matters relating to employment and management
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
cúrsaí áitribh matters relating to premises
" Bím féin agus oifigeach eile ag plé le scoileanna aitheanta mar a bhaineann sé le polasaithe, bainistíocht, cúrsaí buiséid, cúrsaí áitribh agus araile.
ar chúrsaí mairteola, on matters relating to beef,
" I gcás ar bith, agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí mairteola, is minic a chuala tú an dán sin faoi bhean na dtrí mbó: *Go réidh, a bhean na dtrí mbó,* as do bhólacht ná bí teann; do-chonnairc mise gan gó bean agus ba dhá mhó a beann.
scéal gaolmhar related story
" Cé go raibh na drochscéalta seo mar cheannteidil sna meáin chumarsáide, bhí scéal gaolmhar as an ngnách eile sna meáin le déanaí freisin.
duine muinteartha leo, a person related to them,
" In Eanáir na bliana seo, bhronn an Ard-Chúirt suim de €70,000 ar theaghlach a mhaígh gur inis na gardaí do na meáin chumarsáide go raibh duine muinteartha leo, a ciontaíodh in éigniú, tagtha chun cónaithe leo i gContae Chiarraí.
i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad about all the related subjects
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré. knowledgeable about the related subjects in advance.
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
Aisteach le rá strange to relate
" Aisteach le rá, cé go raibh an-tóir ar na mná óga abhus, níor chuireadh fearadh na fáilte roimh na dílleachtaí ar an Earl Grey, nó roimh a gcomhpháirtithe a tháinig i dtír ní ba dhéanaí sa scéim.
saofúil le rá odd to relate
" Is saofúil le rá, d'fhreastail mé ar ócáid ar leith ag baint leis an cheist seo ar an Domhnach roimh an taisme.
Más aisteach le rá strange to relate/oddly enough
" Más aisteach le rá, cé go bhfuil Black '47 sa leabharliosta John Belcham, níl ‘Missions’ at Home luaite ann.
Insíodh it was told, related
" Insíodh an tseachtain seo caite (09.
d'inis siad they related
" Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d'fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d'inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite.
muinteartha related
" Is ann atá daoine muinteartha leo cheana féin a bheidh in ann cabhrú leo lóistín agus post a fháil; bíonn Béarla éigin ag roinnt mhaith acu; ach, thar aon ní eile, tuigtear dóibh go mbeidh sé níos éasca gan aird na n-údarás a tharraingt orthu féin i dtír nach gá páipéir aitheantais a bheith ag duine.
gaol acu le they relate to
" Léiríonn taighde agus fianaise go leor gur tábhachtaí le daoine a bheith sona, go bhfuil gaol acu le daoine eile, go bhfuil siad i bpobal a bhfuil nascanna sóisialta le daoine eile, agus ní tharlaíonn sé sin as forbairt gheilleagair.
maidir le relating to
" Bhí dúnghaois ag a pháirtí in éadan úráiniam a onnmhairiú chuig aon tír eile nár ghlac leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach de chuid na Náisiúin Aontaithe.
muinteartha related
" B’fhéidir nach ionadh, mar sin, nach n-éiríonn liom oiread is focal cáinteach a mhealladh uaithi mar gheall ar aon duine muinteartha, fiú nuair a bheadh cáineadh tuillte mar a bhí i gcás a dearthár Setanta.
gaolta related
" Bhí mise ag siúl amach le cailín a bhí gaolta leis an naoscaire.
Aisteach le rá strange to relate
" Aisteach le rá, cé go raibh ceiliúradh mór san Astráil thall sa bhliain 1942, rinneadh neamart ar an gcath agus ar shárobair na n-aingeal tar éis an chogaidh.
Aisteach le rá strange to relate
" Aisteach le rá, thug Rialtas na hÉireann £5 milliún do Ollscoil Learphoill i 2007 chun 'The Tony Blair Chair of Irish Studies' a bhunú i Roinn an Léinn Éireannaigh ansin.
cúrsaí gairme work related
" In aois a thrí bliana déag, bhí stainc air ó chuala sé roinnt seachtainí roimhe sin go raibh sé i gceist againn Baile Átha Cliath a fhágáil agus cúpla bliain a chaitheamh i bPáras de bharr cúrsaí gairme.
aisteach le rá strange to relate
" Ní raibh sé mar dhúnghaois oifigiúil ag aon rialtas riamh teorainn a chur le fás an daonra, ach, aisteach le rá, tá teorainn le fhás an daonra ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta le tamall anuas.
muinteartha related
" Ní bhíonn oiread sin leanaí i dteaghlach na linne seo, agus is minic nach mbíonn daoine muinteartha ina gcónaí in aon pharóiste amháin.
le ríomh to relate, to describe
" Thíos le Bua nó Céim Suas as an gCailleadh =============== Cé nach bhfuil an scéal ceannann céanna le ríomh maidir le cúrsaí iomána, tá sé thar a bheith soiléir nach ndearna sé dochar do fhoireann Thiobraid Árann an chéad bhabhta de chraobhchomórtas na Mumhan a chailliúint i gcoinne Chorcaí.
gaolmhaireachta related
" Sa stíl loighciúil smaointeoireachta seo, feicter an domhain ina aonáin scoilte; feictear é trí lionsa a fhágann gnéithe dinimiciúla agus gaolmhaireachta as an áireamh.
gaolta related
" Within two generations the family had converted to Protestantism”* Ba léir mar sin go raibh siad uilig gaolta lena chéile, agus tar éis roinnt bheag taighde scríobh Ian chugam: *‘Have since found out that Cesca’s friend Claud Chevasse WAS a distant cousin of Liverpool’s Noel Chavasse VC.
muinteartha related
" Cé go mba leor an t-aon teach amháin, bhí ar Rita obair a dhéanamh i dtithe dhaoine muinteartha a fostóra.
aisteach le rá strange to relate
" Nuair a tháinig muid chun na tíre seo beagnach ceathracha bliain ó shin, aisteach le rá, bhí an crogall inbhir ar liosta na gcineálacha i mbaol.
insíonn relate
" Dlíthe síoraí na cruinne a insíonn conas a rothlaíonn na pláinéid trí ‘fholús’ an spáis.
ghaolta related
" Déantar an fheoil a roinnt i dtrí chuid: cuid amháin don teaghlach é féin; cuid eile do theaghlaigh ghaolta; agus an train deiridh do na bochtáin.
insíonn relates
" Baineann *Lowlands Away* le hamhrán caointeach Albanach, a insíonn scéal faoi mhairnéalach a thagann ar ais chuig a ghrá geal mar spiorad chun insint dí gur bádh amuigh ar an fharraige é.
muinteartha related
" Nocht Weir chomh maith go bhfuil daoine muinteartha san arm Iosraelach ag go leor iriseoirí atá ag tuairisciú ar an gcoimhlint—príomhoifigeach biúró an *New York Times* ina measc, a bhfuil a mhac san arm Iosraelach.
d’inis related
" "Bhí mé ag féile i Los Angeles an uair seo agus chonaic mé scannán dar teideal Roses in December, a d’inis scéal triúr bean rialta agus cailín tuata, Jean Donovan, a éigníodh agus a maraíodh in El Salvador.
déarfaidh mé seo uaireanta I sometimes relate this
" É sin ráite, is breá liom dul ar ais go Ceathrú na gCloch, ag an’c ar na daoine sin agus déarfaidh mé seo uaireanta.
dlí uathúil an ghasúir special law relating to juniors
" Roimhe sin, is gasúr thú agus beidh tú faoi réir dlí uathúil an ghasúir.
inse relate
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
chostais ghaolmhara related costs
" 5 billiún, sea, B(illiún), in aghaidh na bliana, idir íocaíocht as cúram sláinte, tháirgiúlacht laghdaithe agus chostais ghaolmhara eile nach iad a eascraíonn as caitheamh tobac.
Más aisteach féin le hinsint if in itself strange to relate
" Más aisteach féin le hinsint, is fíor gur san Astráil atá an cumann sciála is sine ar domhan.
Níor ríomhadh has not been related
" Níor ríomhadh scéal inmheánach Libia mar a bhí le scór go leith bliain anuas agus an dream a níos caint faoi Libia ar na meáin, is cosúil nach bhfuil aon spéis acu i gcóras reachtais Libia le linn an ama sin.
gaolta related
" Le fada an lá, ní raibh mórán Éireannach nach dtiocfadh leo a rá nach raibh aithne acu ar alcólaí nó ar dhuine a bhí ‘trom’ ar an ól’; bíodh sé gur duine den teaghlach, duine gaolta nó cara a bhí i gceist.
gaolta lena fear cheile related to her husband
" Eilís II féin, tá sise gaolta lena fear cheile.
i gcumann iomlán leis fully related with
" Is eaglais í an Eaglais Aonaíoch Mheilcíteach atá i gcumann iomlán leis an Róimh.
a dhualgas a chomhlíonadh maidir le to fulfil its duty relating to
" Ó scéalta na scoileanna saothair go dtí an tuarascáil dheireanach ar bhás na bpáistí a bhí faoi chúram an FSS, is léir go dteipeann ar an stát a dhualgas a chomhlíonadh maidir le páistí.
raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa he had to admit that he was responsible for a criminal scam relating to credit cards
" B’éigean dó a admháil go raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa fad is a bhí sé i Singeapór sular tháinig sé chun na hAstráile.
atá gaolta le cuid acu who are related to some of them
" Ní thuigim an pholaitíocht a bhain leis na stailceanna ocrais 1981 - níor rugadh mé go dtí na 1990í! - ach tá cairde scoile agam atá gaolta le cuid acu, mar sin, chosain mé iad.
le haghaidh taifid a bhain le for records relating to
" Baint As na Treorach ========= Ag eascairt as sin, rinne mé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le haghaidh taifid a bhain le hathrú na treorach.
Ritheadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar an amendment to related legislation was passed
" Ritheadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar sa pharlaimint in NSW tar éis na trialach le toirmeasc a chur ar úsáid a leithéide.
gaolta le daoine related to people
" Tá mé gaolta le daoine i gContae Loch Garman chomh maith.
na forálacha a bhaineann le the orders relating to
" Agus na forálacha a bhaineann le roinnt cumarsáidí idir an Stát agus creidimh éagsula in Éirinn á scagadh ag na cigirí bunreachtúla mór le rá, scríobh said: *“Broadly speaking, the existing provisions of Article 44 are satisfactory and have worked well.
maidir le taisteal relating to travel
" com/tracks/143329126&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ceann de na rudaí is suimiúla maidir le taisteal ná foghlaim faoi na traidisiúin a leantar sna tíortha ina bhfuil tú.
gaolta le related to
" An bhfuil an focal God/Gott gaolta le Guth? Freagra: Tá! Is maith liom a bheith ag éisteacht le cantaireacht agus tá a lán lán samplaí ar fáil ar an Idirlíon.
tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara various related organizations have a campaign afoot
" Max Bromson, nach Maireann =========== Tá deis ag eagrais agus daoine aonair aighneas a chur faoi bhráid choiste de chuid an tSeanaid faoin mbille i láthair na huaire agus tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara i bhfabhar agus i gcoinne an togra.
chúrsaí sealúchais matters relating to property
" Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go leanfaidh praghas na dtithe ag ardú in Éirinn, fiú má chuireann an rialtas i bhfeidhm moltaí coiste dá chuid atá tar éis tuarascáil a fhoilsiú ar chúrsaí sealúchais.
faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis about his opinions regards matters relating to space
" Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.
Ríomhfaidh shall relate
" Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.
D’eachtraigh sé he related, talked
" D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.
gar i ngaol dúinn closely related to us
" Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.