Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuascailte resolved
" Fiú tráchtairí aontachtacha, glacann siad leis go mbeidh móramh Caitliceach ó thuaidh, faoi 2030 ar a mhoille, ach níl ceist na hÉireann fuascailte fós, ar ndóigh.
a réiteach to resolve
" Bhíodar ag iarraidh "Ceist na dTaistealaithe" a réiteach.
meáite ar rudaí a athrú resolved on changing things
" D'eagraigh siad cruinniú anseo i Learpholl i Samhain 1999 leis na hÉireannaigh agus chuir beirt bhleachtairí, Stuart Parkinson agus Andy Isles, trí cheist orainn: How can we support the Irish community? Do we discriminate against you? In what ways can we make things better? Bhí fearg ar chuid mhaith de na hÉireannaigh a bhí i láthair ag an chruinniú tar éis cos ar bolg a bheith déanta orthu le blianta roimhe sin, ach dúirt na bleachtairí linn go raibh siad meáite ar rudaí a athrú.
é a réiteach to resolve it
" Ligeadh don aighneas dul ar aghaidh gan aon iarracht fhónta a dhéanamh é a réiteach, agus súil ag feidhmeannaigh shinsearacha na Roinne ar na himpleachtaí don chomhaontú náisiúnta pá dá ngéillfí dóibh.
le réiteach to be resolved
" Tá ceist an gháis fós le réiteach agus is gá muinín an phobail sna polaiteoirí a chothú arís.
meáite ar resolved to
" Le cois an gealltanas a dhéanamh agus an cárta cúnaint a shíniú os comhair an phobail, caitheann na rannpháirtithe fáinne ar an cheathrú méar dá lámh chlé le léiriú go bhfuil siad meáite ar an ghealltanas a choinneáil.
meáite ar resolved on
" Champáil na *Carrickminders* ar an láthair ar feadh sé mhí agus cuireadh moill agus costas ollmhór ar na tógálaithe mar go bhfuil siad meáite ar an mbóthar a thógáil caol díreach tríd an gcaisleán in ionad é a thógáil timpeall air.
meáite ar resolved on, determinded
" Go deimhin, tá daoine i dTuaim a deir go bhfuil Fianna Fáil meáite ar cheacht beag a mhúineadh dóibh toisc gur thréig siad an páirtí, agus nach dtarlóidh aon cheo arís go dtoghfar Teachta Dála Fianna Fáileach ann arís nó, ar a laghad, go mbeidh feachtas olltoghchánaíochta buailte linn arís.
diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh the resolve of the unionists in the north
" Shíl siad go mbeadh siad ábalta an Bhreatain a ghortú níos mó ná mar a bhí siad; níor thuig siad diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh agus ní bhfuair siad a sáith tacaíochta ón taobh eile den teorainn d’fheachtas ionsaitheach in áit feachtais chosanta.
a réiteach to resolve
" Agus cé a chuirfeadh an milleán orthu tar éis don Chóras Eadrána a bunaíodh go speisialta chun ceisteanna mar seo a réiteach rialú ar a son ar dtús.
ag beartú resolving
" Sa lá atá inniu ann, beirtear an tríú cuid de leanaí lasmuigh den phósadh, agus cé go bhfuil líon na ndaoine a phósann sa tír seo fós ard, tá níos mó agus níos mó daoine ag beartú gan pósadh ach cónaí le chéile, bídís heitrighnéasach nó hómaighnéasach.
meáite ar resolved on
" Nuair a shroicheadar an Caisleán Glas, ordaíodh dóibh filleadh ar an gCarraig Mhór toisc go raibh an réiteoir meáite ar an gcluiche a imirt san ionad a bhí ceaptha dó de réir na socruithe.
a dhaingne how resolved
" Ní raibh sé éasca aige, ach d'éirigh leis i ngeall ar a láidre is atá an Fhrainc san Aontas agus i ngeall ar a dhaingne is atá Sarkozy i dtaobh na rudaí seo.
d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach every problem could be resolved
" Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo, a dúradh, d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach gan foréigean agus achrann.
ag cur lagmhisnigh orainn fán tráth seo weakening our resolve by now
" Bhí na logainmneacha seo leis an aidiacht 'mór' ag cur lagmhisnigh orainn fán tráth seo, gan trácht ar an droim sléibhe, Anacair, gar dúinn.
meáite ar resolved on
" Ní bhíonn mórán deiseanna ag Stefan Müller a chuid Gaeilge a chleachtadh ach tá sé meáite ar feabhas a chur ar a chuid scileanna sa teanga mar sin féin.