Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
srianta restraints
" Ar thaobh amháin, tá daoine saor ó bhrúidiúlacht - is féidir siúl de ló nó d'oíche, gan brath faoi bhagairt, murab ionann agus i gcathracha eile - ach ar an taobh eile bhraith sí go raibh srianta uafásacha ar mhná pósta.
caiteachas gan srian spending without restraint
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian, Nó níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
srian restraint
" Is cuid de straitéis George gan mórán airde a thabhairt ar rudaí níos faide anonn ná ceithre bliana, rudaí beaga fadtréimhseacha mar "téamh domhanda," agus gan srian dá laghad a chur ar na comhlachtaí móra.
cosc restraint
" Cuireadh cosc ormsa aon bhaint a bheith agam léi.
srianta forbartha development restraints
" Cuireann sin srianta forbartha orainn gan dabht.
srian curb, restraint
" Ach mar a fuair roinnt scoileanna amach nuair a chuir siad féin na bogearraí sin ag oibriú, ní fada go dtí go bhfaigheann na páistí bealach timpeall ar na srianta sin.
guaim bheag a little self-restraint
" Ach go dtí go mbuann foireann na Poblachta (nó foireann an Tuaiscirt!) Corn na hEorpa nó an Domhain ba chóir dúinn guaim bheag a choinneáil orainn féin.
bac restraint
" bac ======= Ach tá srian mór amháin eile ar an gcóras - agus is buille i gcoinne na hEorpa é.
laincisí restraints
" “San Iaráic, áit a raibh eagla ar na Meiriceánaigh go ndéanfaí stát Shi’ite as an tír, ceann de na chéad rudaí a rinne siad ná reachtaíocht a chur i bhfeidhm a chuir laincisí ar chearta na gceardchumann! Ar an dóigh sin, chuir siad deireadh le cibé seans a bhí acu gan stát bunaithe ar an chreideamh a chruthú san Iaráic!” ar sé.
srian restraint
" Nuair a shílim go bhfuil caighdeán áirithe sroichte agam, éistim leis seo le srian a choinneáil orm féin.
éalú ón laincis sin to escape from that restraint
" Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint.
srianta restraints
" Ní bhfuair siad réiteach na faidhbe fós, ach tá siad ag teacht ar aon intinn maidir leis na srianta nua ar chóir dóibh a chur ar an mhargadh airgeadais.
laincisí restraints
" Deir an tOllamh Leon Schmidt, stairí ó Ollscoil Cottbus, go bhfuil sé dodhéanta an freagra ealaíne céanna a bheith agat ar mhothúcháín a bhí agat 10 mbliana ó shin, agus gur cheart ligint d’iarracht ealaíne fás go nádúrtha agus gan laincisí mar seo a chur air.
tslabhra mhorálta moral restraint, chain
" Bhíodh sé saor ar fad ón tslabhra mhorálta a chuireann an pobal ar chosa an aonaráin.
srian a grip, hold, restraint
" Tugadh isteach ó Mheiriceá Theas d’aon turas sa bhliain 1935 é, le srian a choimeád ar chiaróga sna plandálacha chána siúcra ar chósta thuaidh Queensland.
srian restraint
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
srian hold, restraint
" Ní bheidh aon srian anois ar mo chuid téacsála ná ar na scairteanna abhaile is mé thar lear ar saoire, rud nach ligfidh dom gach aon ní (agus go háirithe an fón!) a scaoileadh uaim mar a dhéanainn tráth.
srianta restraints
" Cuireadh srianta ar dheoch mheisciúil sna comhphobail, rinneadh scrúdú dochtúra ar gach páiste agus ní raibh cead ag na daoine 50 faoin gcéad de na sochair leasa shóisialaigh a chaitheamh ach amháin ar bhia agus ar earraí bunriachtanais eile.
fá smacht under restraint
" Sochaí ina gcoimeádann an Críost Liútarach agus an Kaiser Gearmánach fá riar, fá eagar agus fá smacht phiúratánach iad.
laincisí restraints
" Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag díspeagadh na gcomharsan.
srian restraints
" B’fhéidir nach ndearna, ach ní mór cuimhneamh gur iomaí srian atá air mar uachtarán.
shrianta an tsaoil life's restraints
" Is áit í an choill ina n-éalaíonn cuid de na carachtair ó shrianta an tsaoil nó toisc go dteastaíonn uathu a bheith as radharc daoine.
srian restraint
" Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta.
srian restraint
" Ar ndóigh, níl aon srian ort na grianghraif den duine céanna ar an ndrabhlas a lorg ar Facebook freisin! An rud a thuigeann Weedle agus LinkedIn agus na líonraí soisialta eile ná nach ceist príobháideachais atá ann, ach ceist smachta.
srian restraint
" San áireamh sa smacht seo, is féidir srian a chur ar na bogearraí is ar na suíomhanna a bhfuil cead ag an bpáiste a úsáid.
srian dhaingean strong restraint
" Tá sé spéisiúil gur chuir California srian dhaingean ar uasmhéid an ráta cánach a ghearrtar ar réadmhaoin nuair a chuir siad “moladh 13” nó proposition 13 lena bhunreacht sa bhliain 1978.
laincis geilleagrach economic restraints
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé dó a bheith saor ó laincis geilleagrach mar atá ag an Tánaiste reatha.
laincisí airgid financial restraints
" Seo roinnt moltaí a bheadh agam do Dinny Mc Ginley, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm taobh istigh de na laincisí airgid atá ar a Roinn agus a bheadh ag tíocht le Clár an Chomhrialtais.
srianta fostaíochta employment restraints
" Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le *"hazardous work !!!"* Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh *'X rated.
srian daingean ar strong restraint on
" Molann siad go gcuirfí srian daingean ar an inimirce atá, dar leo, ag déanamh dochair don stát leasa.
guaim restraint
" Mar atá ag tarlúint faoi láthair i Sasana fágfar faoi na cúirteanna guaim a choinneáil ar an daoscarshlua tablóideach.
srian restraint
" Cuireadh an chéad srian mór le cur chun cinn an tobac an bhliain dár gcionn nuair a toirmeascadh aon fhógraíocht tobac ar an raidió agus ar an teilifís.
Ceangal na Saorthrádála free-trade restraint
" Ceangal na Saorthrádála ============= Mar bharr ar an donas, níl BlueScope in inmhe dul in iomaíocht le cruach allmhairithe taobh istigh den Astráil.
tsrian seo this restraint
" Cuirfear deireadh leis an tsrian seo fosta.
coinníollacha agus srianta conditions and restraints
" (a) Íocaíochtaí do bhainisteoirí a cheadú ach coinníollacha agus srianta áirithe a bheith leagtha amach go soiléir.
an t-adhastar restraint, halter
" Is cosúil nár chuir Polanski an t-adhastar ar a phríomhaisteoir mná an babhta seo (murab ionann agus an diallait, nach bhfuil aon chur amach agam ar a úsáid ag Polanski, ná a neamhúsáid, sa chás áirithe seo, ná in aon chás eile, geallaimse duit.
aon srian any restraint
" Ní chuireann na rialacha nua aon srian ar mhéid iomlán na cánach a bhaileodh rialtas ar leith nó ar mhéid an chaiteachais a dhéanfaidís.
srianta daingne firm restraints
" Bhí srianta daingne ar aistriú caipitil (infheistíocht trasteorann, ceannach scaireanna trasteorann, srl.
nach raibh an srian sin ann that restraint wasn’t there
" Tá sé feicthe, de réir mar a thuigim, i gcásanna eile den chineál céanna, nach raibh an srian sin ann.
feidhmíonn an mhoráltacht mar shrian seachtarach morality works as an external restraint
" Tá dlúthnasc idir an mhoráltacht agus an pholaitíocht sa chás seo mar feidhmíonn an mhoráltacht mar shrian seachtarach ar allagar inmheánach na polaitíochta.
gan srian ar bith with no restraints
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
Thug na srianta seo orthu these restraints forced them
" Brú chun Oiliúna ======= Thug na srianta seo orthu féachaint ar chás na ndaoine óga a scrúdú maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Is fearr dúinn na srianta a aithint we had best recognise the restraints
" Is fearr dúinn na srianta a aithint agus na féidireachtaí a thapú.
srian atá ag cur bac orthu a restraint holding them back
" Nach bhfuil siad i gceannas ar ghnéithe inmheánacha na tíre le cúig bliana déag agus nár éirigh chomh maith leo le hoifigigh Londain? Deir Ascherson nach bhfuil sa nasc le Londain faoi láthair ach srian atá ag cur bac orthu a bhfís féin a chomhlíonadh.
srianta controls, restraints
" Tá an t-uafás ceoil le fáil ar an idirlíon anois, cé go bhfuil srianta áirithe i gceist, i gcás chóras Apple, mar shampla.
srian restraint
" Dá dtuigfeadh muintir SAM an scéal, thiocfadh leo iompú droim ar ais le barr míshásaimh agus díriú ar an dream a chuireann srian leo agus a chuir cor go minic i saol a chuid seirbhíseach dílis.
ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí let’s not blind ourselves with talk of party restraints
" Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh os comhair na Dála dar le Muiris Ó Meara agus ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí ar thoil aon Teachta Dála.