Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
riail iarainn an Cumannachais the iron rule of Communism
" Cad a tharla do *people power*, an chumhacht ollmhór sin a bhris riail iarainn an Cumannachais agus a thug bata agus bóthar do Ceausescu, do Hoenniger, don iliomad deachtóir, beag agus mór, in oirthear na hEorpa? Cá bhfuil sé i dtuaisceart na hÉireann? Tá an oiread sin eagla ar dhaoine roimh an dream eile - agus sin gach aicme den tsochaí - nach bhfuil siad sásta bata agus bóthar a thabhairt don tseicteachas.
rialacha bunaidh original rules
" rialacha bunaidh ======= Dhá phointe dhéag a bhí i rialacha bunaidh an chluiche mar a thuigimid an iománaíocht inniu.
Riail na Mamónna the Grandmothers' Rule
" Méala mór eile dó nach bhfuil sé dlite imirt fiú faoi Riail na Mamónna.
an Riail Dhíreach Direct Rule
" Loighciúil? Pilleadh ar an Riail Dhíreach ======= Agus cén aisling atá ag na haontachtaithe den todhchaí? Labhair mé le Pastor Jack McKee, ministir Elim Pentecostal ó Bhóthar na Seanchille, fear a d'iompair crois 6 troithe ar airde thart ar cheantracha Caitliceacha agus Protastúnacha Bhéal Feirste.
tá rialacha níos déine the rules are stricter
" Rinne na foraoiseacha dochar mór do na locha agus na haibhneacha le fiche bliain anuas ach anois tá rialacha níos déine ann, rud a chuideoidh leis an cheantar.
Riail Dhíreach Direct Rule
" An mhí seo, thit an Tionól agus phill Riail Dhíreach.
cad iad na rialacha atá i bhfeidhm what rules are in force
" Is fiú do chomhlachtaí polasaí cinnte a bheith acu maidir le húsáid an idirlín agus an chórais ríomhphoist chun go mbeidh sé soiléir do gach aon duine cad iad na rialacha atá i bhfeidhm.
rialacha imeartha playing rules
" Má dhéantar comparáid idir an dá shaghas peile, is féidir a rá nach bhfuil an chuma chéanna ar an liathróid, ar an bpáirc, ar na cuaillí, ar an scóráil ná ar na rialacha imeartha.
ag sárú a chuid rialacha infringing its own rules
" Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí? De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí.
nach gcloíonn le rialacha ar bith who doesn't stick to any rules
" In eachtra cháiliúil i gclár sa dara sraith, ghlac sé seilbh ar mhicreafón fógróra in oifig ollmhargaidh in Helsinki na Fionlainne agus d'fhógair sé i nGaeilge go raibh buachaill dána cúig bliana d'aois tar éis micreafón a thógáil agus gur cheart dá mháthair é a thabhairt léi as an siopa láithreach! Nuair a bhuail mé le Hector i nGaillimh le déanaí rith sé liom gur duine é nach gcloíonn le rialacha ar bith, is cuma cé acu na rialacha a bhaineann le cláracha taistil nó rialacha ghramadach na Gaeilge atá i gceist.
mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol if you don't put your life in some sort of order
" "Ach mura gcuireann tú riail de chineál inteacht ar do shaol, ní bhfaighidh tú réiteach den mheáchan.
riail dhíreach direct rule
" Míníonn an meamram dá dtitfeadh Faulkner, rud a tharla ar deireadh, go dtitfeadh Tuaisceart Éireann faoi riail dhíreach na Breataine.
riail na Breataine British rule
" D'oibrigh Noonan mar mhaisitheoir agus mar scríbhneoir fógraí agus bhí sé ina bhall den Transvaal '98 Centenary Committee - poblachtánaigh a bhí in aghaidh riail na Breataine San Afraic Theas.
rialacha aisteacha strange rules
" Cuireadh as an gcomórtas é dá bharr (tá rialacha aisteacha ag baint le galf ar uairibh) ach in áit an milleán a chur ar a chéile imeartha (a raibh baint aige leis an mbotún ar bhealach nach cuimhin liom anois) nó ar a ghiolla ghlac sé leis gurb é féin a rinne an botún gan chabhair ó éinne.
Riail Dhíreach Direct Rule
" " Agus Riail Dhíreach ó Westminster i bhfeidhm arís, tá deis ag an rialtas cosc buan a chur ar na paráidí: "There might be one almighty row initially, but better that than this senseless carnage - not to mention the absurd waste of money which could be so much better spent every summer," arsa an t-eagarfhocal.
cinneadh a sháraigh rialacha an Choimisúin a decision which contravened the Commission's rules
" Ar deireadh d'ordaigh an tAire Mara Frank Fahey go ndéanfaí an bád a chlárú mar *"merchant vessel"* agus bhronn cúig cheadúnas shealadacha air, cinneadh a sháraigh rialacha an Choimisúin.
ag iarraidh na rialacha a chur i bhfeidhm trying to enforce the rules
" Níl súile ar chúl a gcinn ag réiteoirí agus déanann siad botún ó am go ham, ach sa deireadh thiar níl siad ach ag iarraidh na rialacha a chur i bhfeidhm.
Dá gcuirfí na rialacha i bhfeidhm if the rules were enforced
" Dá gcuirfí na rialacha i bhfeidhm ina chás siúd mar a dhéanfaí le "gnáthimreoirí" seans maith nach mbeadh sé ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann.
riail na haontoilíochta the unanimity rule
" Tá Éire agus an Bhreatain imníoch faoin iarracht riail na haontoilíochta a chealú go háirithe maidir le ceisteanna sóisialta agus cánachais.
Riail 42 a chur ar ceal to revoke Rule 42
" Agus gan ach thart ar mhí le dul roimh Chomhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael, tá níos mó brú ná riamh ar údaráis an CLG Riail 42 a chur ar ceal agus sacar agus rugbaí a cheadú den chéad uair riamh i bPáirc an Chrócaigh.
dá bhfaighidís réidh le Riail 42 if they got rid of Rule 42
" Níl aon dabht ach go mbeadh go leor dea-phoiblíochta le fáil ag an eagraíocht dá bhfaighidís réidh le Riail 42.
rialacha áithrid certain rules
" Is cosúil, mar sin, go bhfuil dhá chineál sceimhlitheoireachta ann agus rialacha áithrid ag baint leo.
rialacha imeartha playing rules
" Tá athruithe suntasacha déanta i rialacha imeartha na gcluichí le hiad a dhéanamh níos gaiste agus níos tarraingtí don lucht féachana.
rialacha na Comhairle Ealaíon the Arts Council's rules
" Agus, de réir rialacha na Comhairle Ealaíon, níl cead cur isteach ar mhaoiniú má tá an obair déanta agat cheana!" Spás agus solas ======= Is mór an tábhacht a bhaineann le spás agus solas i dtaispeántas ealaíne físiúla.
tréimhse fhada de riail dhíreach a long period of direct rule
" Deir an DUP go mbeadh siad sásta le tréimhse fhada de riail dhíreach ó Westminster ach bhainfeadh poblachtánaigh úsáid as comhthéacs na rialach dírí le brú a chur ar rialtas na Breataine maidir le ceisteanna ceart daonna, dímhíleatú, agus a leithéidí sin.
rialacha dochta strict rules
"rialacha dochta i gceist in RTÉ maidir le huaireanta agus coinníollacha oibre, atá rud beag ródhocht, dar léi, ach a mhalairt atá i gceist san earnáil neamhspleách.
riail an mhóraimh in éide úr majority rule in new clothes
" " Tá muid uilig i bhfách le "tacaíocht trasphobail" ach ciallaíonn sé go dtig leis na haontachtaithe bac a chur ar chinneadh ar bith nach maith leo - riail an mhóraimh in éide úr, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
rialacha dochta strict rules
" Chreid mé féin agus go leor eile go bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí na rialacha dochta seo i bhfeidhm i gcónaí, go dtí go bhfaca muid iompar náireach agus mí-éifeachtach na n-údarás le linn thoghchán uachtaránachta na bliana 2000.
lena leithéid d'athrú rialach with such a rule change
" Sin í an fhadhb lena leithéid d'athrú rialach ag leibhéal club agus scoile.
an riail seo á briseadh this rule being broken
" In ainneoin sin, feictear an riail seo á briseadh arís agus arís eile i ngach cluiche peile.
ag sárú na rialacha breaking the rules
" Seans go mbeidh na maoir an-ghnóthach, is é sin má leanann na himreoirí orthu ag sárú na rialacha ag an ráta céanna is a bhí le cúpla bliain anuas.
rialacha trialacha trial rules
" Ardaíonn an méid sin ceisteanna faoin triail: an raibh cead ag comhairlí Uladh agus Chonnacht neamhaird a thabhairt ar na rialacha trialacha? Má bhí, cén fáth? Mura raibh, cén fáth nár cuireadh é sin in iúl dóibh? Cúige Laighean is mó a bhí i gceist ó thaobh míshástachta toisc gur imríodh níos mó cluichí i gcomórtas Chorn Uí Bhroin (comórtas Laigheanach) faoi na rialacha trialacha ná in aon chúige eile.
rialacha smachta disciplinary rules
" B’fhéidir go bhfuil cuid áirithe den fhírinne sa mhéid sin, ach le tamall anuas níl aon dabht ach go bhfuil na rialacha smachta imithe ó smacht! Tá sé feicthe againn freisin níos mó ná uair amháin go bhfuil imreoirí sásta dul i muinín dhlí na tíre chun sásamh a fháil nuair is cosúil, dar leo féin, go bhfuil éagóir déanta orthu.
cloí lena gcuid rialacha sláinteachais féin to stick to their own hygiene rules
" Má chruthaitear gur theip ar na hotharlanna cloí lena gcuid rialacha sláinteachais féin, d’fhéadfadh bille mór eile a bheith le díol ag an cháiníocóir.
rialacha dochta pleanála strict planning rules
" Is doiligh, mar shampla, rialacha dochta pleanála a leagan síos do na ceantair Ghaeltachta i gcoitinne nuair nach bhfuil ach dornán beag daoine ábalta an teanga a labhairt i gcuid de na ceantair sin.
riail an dlí the rule of law
" Tá croí na faidhbe i bhfad níos simplí - baineann sé le riail an dlí.
rialacha dochta strict rules
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
riail nár chomhlíon cuid againn a rule that some of us didn't fulfill
" Ní raibh cead amach againn chomh minic agus is dóigh gur coinníodh súil orainn i ngan fhios dúinn, gan a bheith ag caint an iomarca leis na cailíní agus leis na mná óga a bhí ag staidéar linn, riail nár chomhlíon cuid againn chomh maith sin!” D’fhág Ó Ciardha na cléirigh tar éis dhá bhliain go leith ach deir sé nach raibh sé sin chomh dian is a cheapfadh daoine é sin a dhéanamh.
ach cloí le rialacha an mhóraimh. but to stick to the rules of the majority.
" ” Tchí Dia an fhís atá ag an Uasal Empey de shochaí an tuaiscirt nuair nach bhfuil rogha agat ach cloí le rialacha an mhóraimh.
rialacha dochta strict rules
" Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair.
na Rialacha Idirnáisiúnta the International Rules
" Níorbh é an chéad chluiche idirnáisiúnta, neamh-Ghaelach é, áfach, a imríodh ann riamh, mar, dar ndóigh, bhí cluichí faoi na Rialacha Idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile ann go minic agus bhí cluiche taispeántais den pheil Mheiriceánach ann roinnt blianta ó shin freisin.
i leith na rialacha agus an chórais smachta. regarding the rules and the disciplinary system.
" Nárbh é sin an t-imreoir céanna a raibh an oiread sin clampair faoin gcaoi ar caitheadh chun talaimh é go dleathach le linn cluiche a imríodh i gcoinne na hAstráile faoi rialacha idirnáisiúnta an fómhar seo caite? Fadhbanna leis an gcóras Ach is í an fhadhb is mó atá ag CLG ná seasamh na n-imreoirí, na mbainisteoirí agus na n-oifigeach i leith na rialacha agus an chórais smachta.
de réir na rialacha, according to the rules,
" Maidir leis na maoir eitleáin ar na haerbhealaí cianaistir - a thugann do bhia agus do dheoch duit idir Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac - de réir na rialacha, is cóir go mbeadh deis acu a scíth a ligean ar feadh lá nó dhó tar éis dóibh gach turas trasatlantach a chríochnú.
a leagadh síos na rialacha that the rules were set down
" Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair.
ach amháin go raibh rialacha i gceist. only that rules were involved.
" 138 bliain ina dhiaidh sin, tá sé deacair a thomhas céard a d'imir siad i ndáiríre, ach amháin go raibh rialacha i gceist.
ar leagadh rialacha síos dó for which rules were laid down
" Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, ar leagadh rialacha síos dó sa bhliain 1863 i Sasana.
bunaithe ar rialacha peile based on football rules
" Bhunaíodar a gcumann féin, bunaithe ar rialacha peile a tháinig as scoil Rugby, agus dá réir, thugadar Rugby Football Union orthu féin.
na rialacha láimhsithe, the handling rules,
" Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua.
chlaonadar i dtreo na rialacha nua. they began to in the direction of the new rules.
" Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua.
rialacha úra cinsireachta new censorship rules
" Ní nach ionadh, mar sin, cuireadh cosc ar an scannán faoi na rialacha úra cinsireachta a chuir rialtas Margaret Thatcher i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1988.
riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann. a basic unbreakable rule of politics in Ireland
" Bhris sé riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann.
rialacha rules
" Imrítear dhá shaghas cluiche idirnáisiúnta cruicéid: na comórtais thrialacha, a mhaireann ar feadh laethanta, agus cluichí gearra ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála atá ceadaithe – cluichí lae agus cluiche ar a dtugtar Twenty20 Cricket, cuir i gcás.
maidir leis na rialacha a shárú as regards contravening the rules
" Thiocfadh leat a rá go raibh easpa dreasachta i gceist ó mo thaobhsa de maidir leis na rialacha a shárú nó a bhriseadh.
rinneadh de réir na rialacha the rules were followed
" Cheap Coiste an Chontae é mar bhainisteoir, agus rinneadh de réir na rialacha agus é á cheapadh.
faoina riail dhiaga. under his devine rule.
" Ní móide, áfach, go mbainfidh Moon amach an sprioc is ansa leis: an domhan go léir a bheith faoina riail dhiaga.
faoi riail na Seapánach under Japanese rule
" Rugadh Sun Myung Moon i 1920 sa Chóiré, áit a bhí faoi riail na Seapánach ag an am.
breis dlíthe agus rialacha additional laws and rules
" Bheadh breis dlíthe agus rialacha á leagan síos ag an AE go gcaithfeadh na ballstáit uile, Éire san áireamh, glacadh leo agus iad a chur i gcrích.
faoi riail Shasana under English rule
" Ó cuireadh an t-oileán faoi riail Shasana ó 1346, chuaigh an teanga a bealach féin agus lagaíodh an ceangal leis na teangacha Gaelacha eile.
rialacha diana strict rules
" Nuair a labhair mé leis an Roinn faoi seo, dúirt urlabhraí go bhfuil rialacha diana i gceist ó thaobh na Limistéar faoi Chosaint Speisialta ach dúirt sé fosta: "*But these do not rule out development.
rialacha rules
" *Miller*, an drámadóir cáiliúil a chónaigh ann ar feadh sé bliana – dúirt sé nár le Meiriceá an t-óstán seo agus nach raibh rialacha nó náire ar bith ann.
riail na dtiarnaí cogaidh the warlords rule
" D’fhulaing muintir na Somáile go mór faoi riail na dtiarnaí cogaidh go dtí 2006, nuair a d’éirigh le grúpaí Iosalamacha an ruaig a chur orthu.
sárú na rialacha rule breaking
" Bhí dhá rogha eile ar fáil don réiteoir ag an nóiméad áirithe sin agus b’in iad gnáthphoc saor ceithre shlat déag a bhronnadh ar Chill Chainnigh de bharr calaois a bheith déanta ar Risteárd de Paor (agus i gcomhthéacs an mhéid a cheadaigh an réiteoir go dtí sin sa chluiche maidir le sárú na rialacha ba éadromchúiseach go leor an chalaois í), é sin nó poc saor amach do Thiobraid Árann ar an údar gur iompar de Paor an sliotar ar feadh ocht nó naoi gcéim gan iarracht dá laghad á dhéanamh aige ar é a imirt.
riail rule
" Dar ndóigh, ní déarfadh Seán Bán Breathnach ná Micheál Ó Sé a leithéid! Ar feadh 100 bliain, deir Ó Cuinneagáin, ba é an seachadadh leis an dorn a bhí in úsáid don chuid is mó agus tuigeadh an riail agus cuireadh i bhfeidhm í.
riail rule
" Tá cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.
Riail Dhíreach an Riail Ghaelach direct rule gives Irish a free hand
" Riail Dhíreach an Riail Ghaelach ======= “Achan uile dhul chun cinn a rinne an Ghaeilge tháinig sé ó riail dhíreach Westminster,” ar sé.
riail rule
" Níl de riail i gceist ach séimhiú a chur ar aidiacht.
rialacha rules
" Tá mórán athruithe ar chluichí feicthe ó bunaíodh an CLG, athruithe ar rialacha ballraíochta agus imeartha cuid acu, athruithe ar mhodhanna traenála agus ar stíleanna imeartha agus mar sin de.
riail rule
" Tuigfear nach i bhfad ciall an dá fhocal, 'eagar' agus 'riail' óna chéile.
rialach úd that rule
" Tháinig 705 duine slán as an tubaiste, ina measc Bruce Ismay, mar chuaigh seisean isteach sa bhád tarrthála deiridh, d’ainneoin na rialach úd faoi ‘mná agus páiste chun tosaigh.
riail ba shuimiúla most interesting rule
" Ach an riail ba shuimiúla a bhí ag an Assange óg ná go raibh iachall air agus ar a chomrádaithe aon eolas ar tháinig siad trasna air a roinnt le chéile, go hoscailte.
an oiread sin rialacha not too many rules
" Níl an oiread sin rialacha ag baint leis an chóras, ach tá gach uile cheann de na moltaí thíos iontach tábhachtach: - Bíodh na dea-rúin féin iomlán míréasúnta.
rialach rule
" Pé ní faoi pholasaithe oifigiúla, is cosúil go mb’fhéidir go bhfuil deighilt idir fhoclaíocht agus cur i bhfeidhm na rialach agus go bhfuil a leagan féin ag na réiteoirí air mar scéal.
riail docht daingean a steadfast stringent rule
" Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?** RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile.
rialacha rules
" Cathair phleanáilte í Brisbane, ach tír í an Bhrasaíl nár chualathas trácht ar rialacha pleanála ann go dtí le fíorghairid.
rialacha rules
" Cur i bhfeidhm na rialacha agus stiúradh an chluiche a bhíonn á mheas.
Riail Dhíreach direct rule
" ”
Measann sí go mbíodh bearna idir gnáth-Ghaeilgeoirí agus an Stát - níl sí ag caint ar Comhairle na Gaelscolaíochta nó ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta - ach is dócha gur sin toradh amháin ar an Riail Dhíreach agus réimeas Stormont roimhe, dar léi.
a cuid rialacha féin its own rules
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
riail nó dlí rule nor law
" Leoga measann cuid mhór nach bhfuil riail nó dlí ar na hoifigigh.
Rialacha Comhghéillte Compromise Rules
" Rialacha Comhghéillte a thugtar ar an gcluiche freisin, mar shampla ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is ainm é a thugann nod dúinn faoi bhunús agus faoi chomhdhéanamh an chluiche.
tsár-riail main rule
" * Is trua nár fhág mé an cúrsa díreach ansin, mar bhí an tsár-riail briste agam is é sin: ná seas in aghaidh an cheannaire, go mór mór os comhair daoine eile.
Pharlaimint Riail Dúchais a home rule parliament
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
iomrascála saor-ó-rialacha freestyle wrestling
" Agus chun an teannas millteanach le linn na comhráití gnó gutháin seo a bhriseadh, tugann Reilly groí cuireadh dóibh filleadh chun cupán eile caifé agus blúire eile na milseoige *‘cobbler’* a chaitheamh siar! Amantaí eile agus iad ar tí imeachta, caitear masla domhaite eile thar tairsigh chucu agus tiomáineann ego agus fearg arís isteach sa seomra suí iad chun babhta eile iomrascála saor-ó-rialacha na gcúirtéisí siabhialta a chur isteach.
Rialacha Comhghéillte international rules
" D’imir Jim Stynes i gcoinne agus in éineacht le foireann na hAstráile agus le foireann na hÉireann sna cluichí faoi Rialacha Comhghéillte agus d’imir sé i gcoinne a dhearthár Brian a bhí ar fhoireann na hÉireann.
rialacha fioscacha fiscal regulations
" Is léir go bhfuil rialacha fioscacha de dhíth le go bhfeidhmeodh limistéir an euro go maith.
ar mhaoirseacht na rialach how the regulation is enforced
" Ach is ar mhaoirseacht na rialach atá an bhéim leagtha.
rialacha imeartha fadbhunaithe longestablished playing rules
" Chinn Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael ceann de rialacha imeartha fadbhunaithe na peile a leasú.
ag athscríobh rialacha airgid rewriting financial rules
" Ach tá cúpla comhlachtaí ann atá ag athscríobh rialacha airgid agus idirbheartaíochta airgid.
In ainneoin dhaingniú na rialacha despite the tightening of rules
" In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh nó dhó a ramhrú i gcónaí.
gearrfar pionós orthu siúd a sháraíonn na rialacha seo those who breech these rules shall be penalised
" Agus gearrfar pionós orthu siúd a sháraíonn na rialacha seo.
bhíodh riail ann it used to be a rule
" ) Níl sé chomh fada sin ó bhíodh riail ann nach n-íocfaí deontas na mban tí as aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta.
Riail daingean a steadfast rule
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
D’eascair roinnt rialacha as some rules arose out of
" D’eascair roinnt rialacha as cruinniú a bhí i nGaillimh an geimhreadh seo chuaigh thart ag daoine a raibh spéis acu i comórtais i dteangacha éagsúla.
sháraigh sé na rialacha áirithe sin he violated those particular rules
" D’fhonn an ‘réabhlóid’ a thionscain Kopernik a chur i gcrích, áitíonn Feyerabend gur dhein Kopernik neamhiontas de rialacha normatacha na heolaíochta agus gur sháraigh sé na rialacha áirithe sin sa chás úd.
lán go béal le rialacha casta brimming over with complicated rules
" Ina leabhar tábhachtach mar gheall ar a dhlúthchara Stephen Mc Kenna, Mo chara Stíofáin (1939), rinne sé ionsaí ar chur chuige liteartha daingin Daniel Corkery a bhí lán go béal le rialacha casta.
rialacha a leagan síos to lay down rules
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
rialachán agus rialacha rules and regulations
" Agus, mar is dual do leasaitheoirí, beidh siad thar a bheith dian ar dhuine ar bith nach gcloíonn go docht daingean lena gcuid rialachán agus rialacha.
luaite go sonrach sna rialacha mentioned specifically in the rules
" Is cosúil nach bhfuil an cineál gnímh atá curtha i leith imreoir Átha Cliath luaite go sonrach sna rialacha (ba dheacair gach cineál drochghníomh a shonrú is dóigh) agus dá bhrí sin níl tréimhse fionraíochta shonrach luaite.
má chuirfear na rialacha úra iontrála if new entry regulations are put
" Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.
Ní bheidh de thoradh ar an riail sheafóideach seo ach this nonsensical rule shall only mean
" Ní bheidh de thoradh ar an riail sheafóideach seo ach creimeadh ar chaighdeán na Gaeilge i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí na tíre.
rialacha agus laincisí áirithe rules and certain impositions
"rialacha agus laincisí áirithe ag baint le foireann a chur le chéile: uasmhéad áirithe airgid le caitheamh ar na imreoirí, gan níos mó ná triúr ó aon chumann amháin agus ar ndóigh líon áirithe tosaithe, cosantóirí agus imreoirí lár na páirce a bheith roghnaithe ar an bpainéal de 15 imreoir, as ar féidir an fhoireann a roghnú.