Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rialú ruling
" Dhiúltaigh muintir Southie don rialú seo agus thosaigh siad ag tógáil a gcuid páistí amach ón scoil phoiblí agus á gcur isteach sna scoileanna príobháideacha Caitliceacha.
rialú stoic stock control
" Mar sin de, tá deis curtha ar fáil do chomhlachtaí suíomh lánfheidhmeach ríomhthráchtála a bheith acu, ceann ina bhfuil rialú stoic, ina bhfuil nuashonrú déanta ar phraghsanna ar líne, ina bhfuil cumas ríofa CBL agus costas seachadta atá bunaithe ar mheáchan na n-earraí.
á rialú ag being ruled by
" Ó dheireadh 1999 tá an tír á rialú ag na Náisiúin Aontaithe.
rialú ruling
" Ba é an rialú seo go háirithe a spreag an rialtas le Binse Fiosraithe Morris a bhunú.
rialaíodh it was ruled
" Mar shampla, rialaíodh sa chúirt ar na mallaibh go dteastaíonn ceadúnas theach cearrbhachais uait, má tá caife idirlín agat.
iad féin a rialú to rule themselves
" Thug an Ísiltír aitheantas do neamhspleáchas na hIndinéise i 1949, ansin i 1952 d'aithin siad ceart phobal Papua Thiar iad féin a rialú, de réir Chairt na Náisiún Aontaithe.
rialú ruling
" Cé gur chuir rialú a thug breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche i Cincinnati deireadh le cuid iarrachtaí na bPoblachtánach agóid a dhéanamh in aghaidh cháilítheacht na vótóirí nua, dúirt Mark Weaver, dlíodóir de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh in Ohio, nach gcuirfeadh an rialú seo cosc ar chuid pleananna an pháirtí 3,600 dá lucht monatóireachta a chur sna hionaid vótaíochta, go háirithe i gceantair uirbeacha a thugann tacaíocht láidir do na Daonlathaigh.
a rialú its regulation
" Ach tapaíodh an deis arís, sna nuachtáin ach go háirithe, le gearáin a dhéanamh i gcoinne an tionscail agus a rialú in Éirinn.
Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe Director of the Regulated Markets Division
" " I 1996, ceapadh Goggin mar Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe san Údarás Iomaíochta.
rialú cáilíochta quality control
" "Tacaíonn muid go láidir le rialú cáilíochta," a deir sé.
a rialaíonn which rules
" Ach, dar ndóigh, fir ghnó is ea an bheirt úd agus nuair a chonaic siad deis chun brabach maith a dhéanamh thapaigh siad í - an cineál rud a dhéanann lucht ghnó chuile lá! Gnó ======= Is cosúil nach dtuigeann lucht leanta clubanna ar nós Man United gur gnó é an sacar agus gur airgead a rialaíonn an gnó sin.
iad féin a rialú to rule themselves
" Is iomaí cor is lúb a tharla i gcinniúint na nGael ó shin ar ndóigh agus tá ceart na bpobal iad féin a rialú bainte amach anois.
altraí rialaithe ionfhabhtaithe infection management nurses
" Ba cheart go mbeadh sé mar thosaíocht aici an srian seo a bhaint le go bhféadfaí speisialtóirí ar nós micreabitheolaithe, altraí rialaithe ionfhabhtaithe, eolaithe saotharlainne, ceimiceoirí agus speisialtóirí sláinte poiblí a fhostú.
Rinneadh Aird Uladh a rialú ón chaisleán seo the Ards were ruled from this castle
" “Rinneadh Aird Uladh a rialú ón chaisleán seo,” arsa Billy.
a rialaigh who ruled
" ” Deir sé go raibh sé suimiúil gurbh as Tuaisceart na hÉireann cuid mhór de na daoine a rialaigh an Meánoirthear nó gur imir cuid mhór acu páirt mhór i rialú na Sé Chontae fríd Stormont.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
rialú to rule
" Coimeádach is ea an fear is déanaí a ceapadh ar an gcúirt - an Breitheamh Samuel Alito, ach níor ghá dhó rialú ar aon rud suntasach go fóill.
seomra rialaithe control room
" Ní raibh aon ní le déanamh agam ar an bpíosa agus mar sin shuíos sa seomra rialaithe ag éisteacht go cúramach le gach nóta a seinneadh.
an córas rialaithe the regulatory system
" Leoga, scríobh iriseoir leis an *Guardian* gur dhúirt ceannaire an Bhoird Póilíneachta, Sir Desmond Rea, go raibh an córas rialaithe is fearr sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i dtuaisceart na hÉireann, áit a dtiocfadh leo oifigigh – agus oifigigh MI5 san áireamh – a choinneáil cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí.
slí tráchta an-rialaithe a very regulated air route
" Is slí tráchta an-rialaithe é: tá conradh déthaobhach idir na Stáit Aontaithe agus gach tír Eorpach ina léirítear an t-uasmhéid aerlínte nó an t-uasmhéid eitleán nó an t-uasmhéid suíochán a bheidh eatarthu gach bliain.
dea-rialaithe well-regulated
" Deir an t-airteagal atá i gceist go bhfuil ceart iompartha gunnaí ag daoine mar gheall ar “mhílíste dea-rialaithe a bheith de dhíth do shlándáil an stáit.
i rialú na tíre, in the ruling of the country,
" Fiú dá gcuirfeá ceist ar na daoine céanna cén ról atá ag an Seanad i rialú na tíre, is cinnte nach mbeadh a fhios acu ach an oiread.
scaoileadh eolais a rialú to regulate the releasing of knowledge
" Léirigh sé fosta nach bhféadfadh na húdaráis nó foinsí seachtracha scaoileadh eolais a rialú ar a rogha bealaigh.
a gcuid córas rialaithe féin their own control systems
" Ní shin le rá, áfach, nach mbíonn a gcuid córas rialaithe féin ag cuid acu.
níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn No penalty was given to those who ruled Poland
" Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais.
ó rialaigh an Bord Pleanála since An Bord Pleanála ruled
" Níor mhiste a chuimhneamh fosta go bhfuil díospóireacht ar siúl faoin choinníoll teanga i gCiarraí ó rialaigh an Bord Pleanála in Aibreán 2005 go mbeadh ar Southbound Properties 75% de na haonaid i bhforbairt chonspóideach i mBaile an Fheirtéaraigh a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
rialú ruling
" D’aithin Cowen chomh maith go raibh daoine buartha faoi neodracht na tíre seo agus eagla orthu go dtiocfadh leis an gCúirt Bhreithiúnas Eorpach rialú a dhéanamh i réimsí conspóideacha mar an ginmhilleadh.
rialú regulation
" Chuir an reachtaíocht seo deireadh, go bunúsach, le rialú ar an earnáil airgeadais a bhí ann ó chuir an tUachtarán Franklin D.
lucht rialaithe regulators
" Má ‘cailleadh’ airgead mór le déanaí i scéimeanna Ponzi nó i ngadaíocht (agus, dar fia, is curiarracht nua an méid a chaill Bernard Madoff), ní rud nua é, ach is suntasaí go mór chomh héasca agus a bhí sé le roinnt blianta anuas caimiléireacht airgeadais a dhéanamh gan aird ar bith an lucht rialaithe a tharraingt.
rialú (to) regulate
" Dar le Madoff agus le cuid mhór daoine, ba cheart do réimse an airgeadais é féin a rialú, agus nach raibh ról ar bith don rialtas in eagrú an domhain airgeadais.
rialaíonn regulates
" Chuir Sukhkev san áireamh an chaoi a n-ionsúnn na foraoisí carbón agus an dóigh a rialaíonn siad timthriall an uisce.
rialú regulation
" Tá ceannaire láidir de dhíth go mór ar Mheiriceá anois i ndiaidh ocht mbliana den lagcheannaireacht a chuaigh roimhe, agus tuigeann an té beag ar mealladh a mhorgáiste agus a mhaoin uaidh go bhfuil sé in am rialú a thabhairt ar ais.
rialaítear is regulated
" Ní hamháin go ndéantar próiseáil ar fhuaimeanna ann, ach téann gach puinn eolas ó gach aon mhatán, teannán nó cnámh chuig an gcluais chomh maith mar is ann a rialaítear cothromaíocht an choirp.
Rialaíonn rule
" Rialaíonn ionadaithe an Chríost is an Kaiser pobal beag protastúnach na dúichí dúnta seo trí ordlathas docht.
á rialú being ruled
" Tá a leithéid fíor ach go háirithe faoi Éire Teoranta atá á rialú, a bheag nó a mhór, le breis is scór bliain anuas (díomaite de bhearna dhá bhliain go leith i lár na nóchaidí) ag comhrialtais a bhfuil Fianna Fáil mar pháirtí cheannasach ann.
Rialaigh ruled
" Sa chás cáiliúil *Brown v The Board of Education*, 1954, Rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht.
Rialaigh ordered
" Rialaigh an Chúirt ar an 6 Bealtaine nach bhfuil aon dualgas Bunreachta ann, go ginearálta, ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge.
Rialaigh an breitheamh the judge ruled
" Rialaigh an breitheamh nach raibh an t-ainm sin ceadaithe agus bhaist sé féin ‘Gregorio’ ar an leanbh óg.
rialaigh ruled
" Ach rialaigh an chúirt go raibh an chomhairle sin míchruinn agus go gcaithfí na marcanna breise a thabhairt i gcomórtais ardú céime.
chlis ar chóras rialaithe the system of governance failed
" Is éard a tharla in Éirinn ná gur chlis ar chóras rialaithe na tíre.
rialú run, rule
" Anois, éist liom go cúramach, a Bhaloir, agus b’fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú rud nó dhó faoin dóigh le tír a rialú.
rialaigh ruled
" Mhaígh PC Harwood don choiste gur thimpiste a bhí ann, ach níor chreid siad é agus rialaigh siad: *"he acted illegally, recklessly and dangerously in shoving Mr Tomlinson to the ground.
rialaithe cáilíochta regulated qualification
" Mhaígh siad freisin go gcuideodh pacáistíocht phléineáilte leis na smuigléirí atá ag díol toitíní “góchumtha” abhus agus níl aon “phróiseas rialaithe cáilíochta” ag déantóireacht a leithéide.
rialaíonn rules
" Ní lú iompar foréigniúil na dtuismitheoirí, in ainneoin gothaí éadoimhne na bréagshiabhialtacha a rialaíonn ionad sugartha na ndaoine fásta, ’sé sin, an seomra suí meánaicmeach.
Rialaíodh it was ruled
" Rialaíodh nár chloígh údaráis an Gharda Síochána le foráil d'Acht an Gharda Síochána 2005.
córas rialaithe atmaisféir the atmospheric regulating system
" Tá dóthain le hithe againn, dóthain le hól agus oibríonn an córas rialaithe atmaisféir go maith.
rialaigh ruled
" Cé gur trí mheán an Bhéarla don chuid is mó a bhí sí ag teagasc, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa go raibh sé de cheart ag an Roinn a leithéid de cháilíocht a éileamh cionn is go raibh sé mar aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga náisiúnta agus mar chéad teanga an Stáit.
Rialaigh ruled
" Rialaigh an Ard-Chúirt le déanaí i bhfábhar úinéir talún i gCill Mhantáin a mhaígh nach raibh aon chead slí trasna a chuid talún.
gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár he’s a sensible politician who rules from the centre
" Is dócha gurb é sin an faraor géar is mó dó, mar is léir cheana féin óna stair mar rialtóir ar Massachusetts gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár, seachas ó dheireadh na heite deise.
i mbun rialaithe laying down the law
" San am a chuaigh thart bhain breithiúna áirithe leas as an bhrollach mar leithscéal le dul i muinín shaothar mhórdhiagairí Críostúla ar nós Thomas Aquinas nuair a bhíothas i mbun rialaithe.
nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola you could not rule people against their will
" Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy "nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola," ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé.
Rialaigh ruled
" Rialaigh an Chúirt go raibh seans go gcaithfeadh na leanaí an tAE a thréigean dá ndíbreofaí a dtuismitheoirí, rud a d’fhágfadh nach mbeidís in ann leas a bhaint as a saoránacht Eorpach.
filleadh i mbun rialaithe na Siria return to ruling Syria
" Cibé rud a tharlóidh, má éiríonn le al-Assad filleadh i mbun rialaithe na Siria arís amach anseo, ní gan dúshlán a bheas sé.
rialaigh ruled
" Ina bhreithiúnas siúd, rialaigh an Breitheamh Henchy go raibh láncheart ag cosantóir a chuid fianaise agus fianaise finnéithe eile a chur os comhair na cúirte trí mheán na Gaeilge, ach nach raibh aon chead aige a éileamh go mbeadh na himeachtaí uilig á reáchtáil i nGaeilge.
rialaigh Cúirt Uachtarach na the Supreme Court ruled
" In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d'fhan an rialú sin slán go dtí 1868.
d'fhan an rialú sin slán the ruling remained untouched
" In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d'fhan an rialú sin slán go dtí 1868.
Rialaigh ruled
" Rialaigh na húdaráis sa bhliain 1635 go mba cheart “tithe ceartúcháin” a bhunú i ngach baile mór in Éirinn.
den rialú inimirce of immigration control
" Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce.
rialaíodh it was ruled
" Ins an chás sin, chaith an Chúirt Chuarda amhras i dtaobh tosaíocht a bheith ag páistí de chuid iarscoláirí, ach nuair a deineadh achomhrac chun na hArd-Chúirte rialaíodh go raibh de chumhacht ag an scoil idirdhealú den chineál sin a chur i réim ina dúnghaois iontrála.
rialaíodh was ruled
" Chuir bord an Bhord Pleanála an cinneadh seo ar ceal, áfach, agus rialaíodh i Lúnasa, 2001 nár cheart an cead pleanála a bhronnadh ar an bhonn go millfeadh sé áilleacht an tírdhreacha.
rialaíodh i Samhain ruled in November
" Ach thug bord an Bord Pleanála droim láimhe dá chinneadh agus rialaíodh i Samhain 2011 go leanfaí leis an togra.
an rialú teorann border control
" Ach is mó i bhfad an obair atá déanta ar ghné eile den chomhbheartas inimirce, is é sin an rialú teorann.
rialú ar an roth stiúrtha steering wheel control
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
faoin phróiseas rialaithe about the process of governance
" *” Ba cheart go mbeadh na focail úd ó Edward Snowden greannta i gcloich ar thairseach gach roinn rialtas in Éirinn ach faraor géar is go drogallach a scaoileann an státchóras eolas faoin phróiseas rialaithe sa tír seo.
mbeifí ag rialú na tíre the country would be ruled
" Tá scór bliain ann ó mhaígh an t-iar-Thaoiseach John Bruton go mbeifí ag rialú na tíre ‘trí phána gloine’ ach is iondúil ó mo thaithí féin go mbíonn na dallóga tarraingte ar an phróiseas chinnteoireachta.
iontach dóchasach go rialófar ar mo shon very hopeful that my appeal shall be upheld
" Ar ndóigh, tá sé i gceist agam achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir Faisnéise sa chás áirithe seo agus tá mé iontach dóchasach go rialófar ar mo shon.
Rialaigh ruled
" Rialaigh Juan Martin de Pueyrredón an tír in 1816 mar Supreme Director of the River Plate Provinces.
ag troid in aghaidh aon rialú dian fighting against strict regulation
" Sa lá atá inniu ann tá David Cameron ag troid in aghaidh aon rialú dian a chuirfeadh an Eoraip ar na bainc i Londain! Ní féidir ach aon toradh a bheith ar na coimhlintí agus ar na deighiltí seo: an laige.
Rialú de Dhíth regulation needed
" Rialú de Dhíth ===== “Thuigeamar i gcónaí an tábhacht a bhain le rialtóir san earnáil seo agus bhí díomá orainn go léir nár cuireadh an bonn faoi go dtí go raibh géarchéim.
rialaigh an breitheamh the judge ruled
" Chuir siad an dlí air agus rialaigh an breitheamh gur sháraigh Bolt alt 18C thuas sna colúin.
rialú regulation
" Smachtú agus rialú géar a bheas i bhfeidhm feasta dar le Brian Ó Broin.
rialaíonn rules
" Tchítear do Robert McMillen go léiríonn cúlú an Chamshrónaigh ó nochtadh na fírinne go rialaíonn bunaíocht Shasana an tír thall.
rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe to rule the wind farm industry better
" Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.