Pota Focal Intergaelic
briar | friar | iar | rear | ria
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag riaradh managing
" Tá an comhlacht IE Domain Registry ag riaradh an raoin d'Éirinn, ach ní féidir déileáil leo go díreach agus is gá dul trí chomhlacht idirlín chun seoladh ".
Choiste Riartha management committee
" Dónall Ó Baoill, Breandán Mac Cormaic, Vivian Uíbh Eachach, Niamh Ní Mhaoláin, Dónal Ó hAiniféin, Micheál Ó Riabhaigh, Lorcán Mac Gabhann, Niall Ó Murchadha, Cathal Ó Donnghaile agus a lán daoine eile a chaith sealanna fada ar Choiste Riartha nó ar Bhord Stiúrtha na heagraíochta.
impireacht mhór gnó a riar to manage a large business empire
" , ós rud é gur éirigh leis impireacht mhór gnó a riar go héifeachtach.
riartha managed
" Níl muid in aghaidh athruithe, ach caithfidh sé a bheith riartha sa dóigh is go mbeidh múinteoirí ábalta an chuid is mó den am a chaitheamh ag múineadh agus go mbeidh pá sásúil acu.
ag riar ar providing for
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ar na chéadspriocanna bhí freastal ar riachtanaisí pháistí scoile agus ar phobal ginearálta na Gaeilge; rinneadh roinnt sraitheanna raidió agus teilifíse do dhaltaí scoile agus bímid ag riar ar fhoghlaimeoirí i rith an ama; de réir a chéile cuireadh seirbhís chuimsitheach le chéile chomh maith do phobal na Gaeilge ar na trí mheán.
ag riaradh administering, managing
" "Fuair mé thart ar 2,000 teachtaireacht *spam* le daichead lá nó mar sin anuas," a dúirt David Malone, atá ag riaradh na ríomhairí i Roinn na Matamaitice i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, le *Beo!* "Sroicheann na mílte teachtaireacht an córas s'againne gach lá.
ag riar an mhargaidh managing the market
" Tá eagraíochtaí móra ag riar an mhargaidh a shocraíonn cé a sheasann cén áit, an táille ba cheart dóibh a ghearradh agus an méid airgid ba cheart dóibh a thabhairt don té atá i gceannas orthu ag deireadh na hoíche.
riar mé ag na sochraidí I administered at the funerals
" Bhí aithne agam orthu - riar mé ag na sochraidí agus mar sin de.
ar riaradh an stáit the running of the state
" D'fhág sin a lorg go tréan ar riaradh an stáit ar feadh an chuid is mó den 20ú haois, agus tá an lorg ann go fóill.
pobal riartha managed community
" " Tá The Villages i seilbh teaghlaigh le daichead bliain anuas agus deirtear san ábhar bolscaireachta gur "pobal riartha" atá i gceist, a bhfuil sé mar sprioc aige cuidiú le daoine "an aisling atá acu maidir le stíl mhaireachtála thaitneamhach, ar phraghas réasúnta" a bhaint amach.
leis an struchtúr nua seo a riaradh to manage the new structure
" Ach mar chuid den phlean, agus déarfaidh mé seo go neamhbhalbh agus go macánta, bhí i gceist agus thuig mé agus chreid mé go mbeadh, faoin am seo, breis airgid agus dá bhrí sin breis foirne leis an struchtúr nua seo a riaradh.
a bhí á riaradh which was being run
" Ach cad é an tionchar a imrítear ar chuid de mhuintir Bhéal Feirste a thiontaíonn ina nGaeilgeoirí iad? D'fhoghlaim Gearóid méid éigin Gaeilge ar an bhunscoil agus ó sin chuaigh sé go Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste thiar, scoil a bhí á riaradh ag na Bráithre Críostaí agus ina raibh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar.
ag riar dá mhuirín providing for his family
" Mar athair triúr páistí, is gá bia a chur ar an tábla agus a bheith ag riar dá mhuirín agus admhaíonn sé go raibh sin i gcúl a intinne nuair a thoisigh sé ar an cheol an chéad lá riamh.
riar administration
" Ní mór a rá, áfach, gur ábhar buartha faoi leith é an gearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS, agus go bhféadfadh sé seo dochar mór a dhéanamh do riar an Árais.
Riarann an Bord scéimeanna éagsúla An Bord manages/runs various schemes
" Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá? Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
a riar to manage, administer
" * Gluais • Glossary i mullach a dteilifíseánon top of their television sets an tAlsáiseachthe Alsation ar a thóirafter him ag leámelting gréisceachgreasy bratachflag ag guairfeachfluttering caoincístrains séimhgentle leathadh tinneas aiféalacha lingering illness was spread á gcaoineadhmourning them na slánathe healthy na heasláinthe sick a riarto manage, administer nach dtruailleofaí na fialathat the vials wouldn't be contaminated na táirgí folathe blood products míchúramachcareless ginidínígerms cruth na ginidethe shape of the genie mearbhallconfusion a gcailleadh a gcroíthe buillewhose hearts would miss a beat
á riaradh being managed
" Tá feachtas ar siúl le roinnt blianta ag lorg airgid a shaothraigh dúchasaigh blianta fada ó shin ach a cuireadh i gcuntais speisialta a bhí á riaradh ag an rialtas.
riaradh running
" Má bhíonn tionchar ag Sinn Féin i riaradh an seirbhíse póilíneachta ó thuaidh, is léir nach mbeidh gá leis an IRA nó lena "eite timireachta" féin.
a riar to manage
" Déanann sé 24 oileán a riar freisin, agus is féidir le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu.
i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí in the moral and intellectual managing of society
" De réir an fhealsaimh Antonio Gramsci, coinníonn an stát smacht ar an tsochaí fríd an fhorneart (forneart “dlisteanach”) agus ag an am chéanna baintear heigeamaine amach nuair a ghlacann an grúpa ceannasach tús áite i riaradh morálta agus intleachtúil na sochaí.
riar managing
" Táthar ag súil chomh maith go mbeidh bainisteoirí agus riarthóirí ionad camchuairteanna, mar aon le hoibrithe a bhíonn ag plé le hathfhorbairt pobal iargúlta sa dá thír, ábalta freastal ar Chomharsain Ceilteacha / Cymdogion Celtaidd.
a riaradh to run
" Ní bheidh ann ag deireadh an lae ach céatadán fíorbheag den bhuiséad airgid a bhíonn ar fáil dóibh chun a gcuid cúrsaí a riaradh de ghnáth.
riar administer
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
riar administer
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
riar administer
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
riar amhrán a good number of songs
" Scríobh sé riar amhrán tráth, agus eisíodh caiséad dá chuid thart ar scór bliain ó shin.
Riarann mamaí cúrsaí an tí; Mammy runs things in the house;
" Riarann mamaí cúrsaí an tí; mar sin is féidir *An Rialtas* a thabhairt ar mhamaí.
freagrach as riar deontas responsible for managing grants
" Tá mé freagrach as riar deontas a bhaineann le gné idirnáisiúnta na n-ealaíon: duaiseanna taistil, an clár cónaithe *Banff* i gCeanada, agus an chomhaltacht *Location One* i Nua-Eabhrac.
faoi scáth an Choiste Riartha under the umbrella of the executive committee
" Díreach chun ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú, beidh athruithe móra ar Erectus Chathair na Mart, de réir réamhfhógra don phreas a d’eisigh an Coiste Náisiúnta ar na mallaibh, i gcomhair leis an Choiste Áitiúil, le caoinchead ón Bhuanchoiste, faoi scáth an Choiste Riartha agus le beannacht an Choiste Gnó.
a riaradh administer
" Mar bharr air seo, ní féidir cláracha leanúnacha taighde a riaradh ar an chaoi seo.
coiste riartha executive committee
" Caint Obama I ndiaidh do Barack Obama labhairt os comhair AIPAC, an brúghrúpa is cumhachtaí ar son Iosrael sna Stáit Aontaithe, i Meitheamh na bliana seo, thionlaic Emanuel an t-iarrthóir uachtaránachta go cruinniú le coiste riartha AIPAC.
riar administrating
" Beidh na fostaithe úra le bheith ag obair in oifigí fostaíochta (job centres) agus iad ag riar ar dhream daoine atá dífhostaithe!
riarann regulates
" Tá tithíocht phoiblí agus shóisialta i measc na gnéithe bonneagair a riarann na rialtais dara leibhéil.
riaradh administration
" Thug sé ról lárnach don stát i riaradh gheilleagar na tíre.
riaradh na tíre the running of the country
" Fágann sé nach bhfuil guth ag an ghnáthdhuine sa Seanad ná guth ag an Seanad i riaradh na tíre.
riaradh administration
" D’aon scríob amháin, tá molta ag an abairt seo na blianta de chleachtais fhadbhunaithe Gaeltachta mar aon le struchtúr riaradh na Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí.
riar to mangage
" Méadófar an t-ioncam ola agus gáis agus bunaíodh An Ciste Peitriliam leis na hioncaim seo a riar ar bonn trédhearcach agus inbhuanaithe.
fá riar administered
" Sochaí ina gcoimeádann an Críost Liútarach agus an Kaiser Gearmánach fá riar, fá eagar agus fá smacht phiúratánach iad.
chleas riartha ruling class
" San am céanna, is giolla an díspeagtha é do chleas riartha na carcrach agus dá ‘chosantóirí’ cruálacha araon.
riaradh admin
" Clár sceanairte a bhí molta ag Tuarascáil An Bord Snip Nua don teanga, a bhainfeadh an bonn de thionscail fhadbhunaithe Ghaeltachta agus de struchtúr riaradh na Gaeilge in aon scríob amháin.
riarann administer
" Measann daoine go leor – mise ina measc – gur drochéasc bunúsach ag córas rialtais na hAstráile é an deighilt seo idir an t-údarás a íocann as seirbhísí poiblí na tíre agus na húdaráis a riarann iad.
riarann an tír run the country
" Is iad na ceannairí polaitiúla a riarann an tír agus ar ndóigh b’iadsan a bhí freagrach as an tír a stiúradh agus muid ag dul amú.
riar a ndóthain their fill
" Bíodh go bhfuil riar a ndóthain den teanga seo acu, idir léamh agus labhairt, is mar ligean scíthe acu, nó mar chaitheamh aimsire acu é.
riaradh attend to, deal with
" Ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm sa bhliain 2003, tá dualgas ar an stát agus ar chomhlachtaí poiblí cásanna cúirte sibhialta a riaradh i nGaeilge más í sin rogha teanga an pháirtí eile.
riar iasc amount, supply of fish
" De dheasca thógáil na cora, nach ndeachthas i gcomhairle leo mar gheall air ar ndóigh, cuireadh deireadh leis an riar iasc a bhí mar phríomhbhia acu is tháinig an mhaláire i measc Emberá na Sinú den chéad uair.
riar mhaith a good supply
" Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
Riarann runs, organizes
" Riarann mamaí cúrsaí anseo sa teach; mar sin is féidir linn An Rialtas a thabhairt uirthi.
riaradh administrating
" Is iad na hathruithe a bhaineann le riaradh agus le leagan amach na gcraobhchomórtas sinsear peile agus iomána is mó a bhíonn faoi chaibidil agus ní bréag a rá nach bhfuil gach duine sásta lena bhfuil ag tarlú.
riar administration
" Dhiúltaigh an tAire Comhshaoil sa rialtas náisiúnta ag an am, Peter Garrett, an t-iarratas, áfach, mar gur mheas sé nach raibh an cur chuige oiriúnach do riar na n-ainmhithe.
riaradh geilleagair na tíre managing the country’s economy
" Chuir an CAI agus an AE isteach ar riaradh geilleagair na tíre go tobann, ach i gcás na hÉireann níl siad ag plé le tír a bhfuil teipthe go hiomlán uirthi.
ghléas riartha an stáit the state’s admin apparatus
" (Sa chás seo, bheadh vóta saor ag gach teachta nuair a bhí an socrú leis an CAI a chíoradh sa Dáil) Is annamh a fhaighimid deis cruth úrnua a chur ar ghléas riartha an stáit, ach seo anois sinn in am na cinniúna.
riar ár gcás enough to go around
" Tá an t-airgead ag roinnt daoine, tá riachtanas an airgid ar roinnt eile agus níl le déanamh ach an córas a bhunú agus a eagrú le go mbeadh riar ár gcás ag muintir na Gaeilge astu féin.
riaradh to administer
" Tá rúnaithe agus lucht riaracháin fostaithe ag gach cúige agus ag gach contae chun an obair sin go léir nach mbeadh an t-am ná na scileanna ag oibrithe deonacha a dhéanamh chun eagraíocht chomh mór agus chomh tábhachtach leis an gCumann Lúthchleas Gael a riaradh ar bhonn láidir, sásúil.
caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart You have make a provision for it almost as a right
" “Má tá na healaíona agus an cultúr le bheith mar chuid de bhonneagar do bheithe, den dóigh a fhorbraíonn muid ár bpearsantacht ar bhonn pearsanta agus sa phobal, caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart.
scéim a riaradh to administer the scheme
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
riaradh to administer
" Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
riaradh administrating
" Bhí alltacht ar dhaoine a dúirt nár cheart go mbeadh ról i riaradh na Sé Chontae ag a leitheid de dhuine.
riaradh running, administrating
" Ach sílim go gcothóidh an gréasán oscailteacht i gcúrsaí gnó agus polaitíochta – bíonn daoine ag súil go mbíonn mioneolas a bhaineann le riaradh na gcomhairlí contae nó na gcomhlachtaí móra a bhfuil spéis acu iontu ar fáil ar líne.
riaradh running
" Tar éis an tsaoil, ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna MFG, agus is leor mar chruthú ar sin líon na bhfiosrúchán agus na dtuarascálacha a coimisiúnadh maidir le riaradh na cuideachta i gcaitheamh na mblianta.
an dóigh a riaraidís a ndúiche the way they managed their countryside
" D’fhoilsigh an seandálaí Breatnach, Rhys Maengwyn Jones, staidéar sa bhliain 1969, fágaim, inar thug sé *“firestick farming”* ar an dóigh a riaraidís a ndúiche.
an riaradh the organizing
" Cé go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithe – an lucht acadúil fágaim – tá a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.
aon eagraíocht a riaradh to run any organization
" Ní féidir aon eagraíocht a riaradh i gceart mar seo agus téann sé glan in aghaidh an daonlathais áitiúil.
riaradh go feidhmiúil administer effectively
" Cuireadh in iúl dúinn go pianmhar le déanaí fosta nach raibh sé ar chumas ár gcórais stiúrtha geilleagair ná polaitíochta an tír a riaradh go feidhmiúil.
a riaradh i gceart to regulate properly
" Luíonn sé le céill gur fearr don tír a bheith ina ball d’aontas airgeadra, is é sin, más féidir an t-aontas airgeadra sin a riaradh i gceart.
riaradh administration
" Ní haon áibhéil é a rá mar sin go bhfuil an bhearna chumarsáide seo ag cur as do riaradh an chóras dlí is cirt sa Ghaeltacht.
Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige taking off at a clipping pace
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
bhí ag riar na ndeontas féin was administering the grants themselves
" Tá an scéim seo anois i mbaol, ní hamháin mar gheall ar chiorruithe deontais ach mar gheall ar chríoch iomlán leis an rannóg a bhí ag riar na ndeontas féin.
le go laghdófaí costais riartha an stáit in order to pull back the costs of running the state
" Táthar i gcónaí a rá go bhfuil barraíocht daoine ag obair san earnáil phoiblí ó thuaidh agus go gcaithfidh an earnáil phríobháideach jabanna a chruthú dóibh le go laghdófaí costais riartha an stáit, ach níor fhás an earnáil phríobháideach le 58 mí anuas.
freagracht as riar cheantar an locha responsibility for administering the lake district
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
i gcoincheap agus i riaradh an tionscnaimh the concept and the organizing of the project
" D’admhaigh Ericsson ina dhiaidh sin gur botún straitéiseach a bhí i gcoincheap agus i riaradh an tionscnaimh AXE-N, ach léiríonn achar agus méid an tionscnaimh an dóigh ar oibrigh cúrsaí teicneolaíochta roimh na nóchaidí.
an freastalaí a riaradh in organizing the server
" An buntáiste is mó atá leis seo ná gur le cuireadh amháin a ligeann tú imreoirí teacht isteach; an míbhuntáiste ná is faoin tuismitheoir, de ghnáth, an freastalaí a riaradh.
chun an caipitleachas a riaradh to direct capitalism
" Don chuid is mó, níl smaointe radacacha ar chor ar bith ag gnáthpháirtíthe na heite clé níos mó; ní bhíonn i gceist acu ach an bealach is fearr a fháil chun an caipitleachas a riaradh.
le sainchuspóir chun riar ar with the one intention of serving
" “Tá sé de rún againn ollionad pobail a thógáil le sainchuspóir chun riar ar an chreatlach oibre atá luaite agam cheana.
riaradh na tíre seo running this country
" Anuas ar an chastacht a tháinig ar riaradh na tíre seo, tá scéal an Aontais Eorpaigh.
Ghuigh mé fad saoil ar lucht a riartha I prayed for long life to its admin people
" Ghuigh mé fad saoil ar lucht a riartha, bláth agus biseach ar a saothar.
Riar an Cheartais the administration of justice
" Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737 i bhFeidhm go Fóill ==================== Luaigh Tuarascáil Chomhairle na hEorpa na cúirteanna - de réir an Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737, tá cosc ar Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna Thuaisceart Éireann.
socraítear riar suíocháin Dála some D. seats are established
" De ghnáth, socraítear riar suíocháin Dála le slám beag vótaí ag deireadh an chomhairimh.
maide rámha gan riar an oar unmanned
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
go trom ar lucht riartha heavily on the administrators
" Luífidh toradh na gcinntí sin go trom ar lucht riartha an nuachtán ar líne agus iad ag iarraidh glúin úr iriseoirí a earcú a bheas in inmhe scéalta a bhriseadh.
riaradh mar is mian linn run it as we please
" Ach fós féin tá níos mó cumhachta againn nó mar a cheaptar, cuirim i gcás, tá sé ar ár gcumas, mar Éireannaigh, ár gcóras sláinte féin a dhearadh agus a riaradh mar is mian linn.
gan aon tionchar acu ar a riaradh while they would have no influence on its management
" Bheadh an punt acu mar airgeadra agus gan aon tionchar acu ar a riaradh.
ag riar mar is ceart dóibh serving them properly
" Is masla é sin do na páirtithe i Stormont go síleann mná nach bhfuil ceann ar bith acu ag riar mar is ceart dóibh.
tá riar maith díobh ar fáil there are plenty of them available
" Cinnte, is féidir a leitheid de chlár mionghearrtha a fháil: tá riar maith díobh ar fáil.
riar a adequate
" Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, tá riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.
le riar maith ceisteanna a chur ar to put a good compliment of questions to
" Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára.