Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ribí hairs
" Thug mé faoi deara go raibh ribí bána d'fhionnadh cait ar a cóta agus smaoinigh mé ag an am go gcaithfeadh sé go raibh sí buíoch as comhluadar an chait.
Níl ribe féin ort anois you haven't a hair left on your head
" Níl ribe féin ort anois," arsa Féilim agus é ag amharc ar Fhiachra a raibh gach ribe ar a cheann gearrtha isteach go dtí an dúid aige.
súil ribe snare (of thin cord or wire)
" Agus b'amhlaidh nuair a d'iniúchfadh sé trapa nó súil ribe, go leagfadh sé a bheart uaidh i gcoinne claí nó cloiche.
scrobarnach ribí sna polláirí scrubby bristles in the nostrils
" Bhí línte i ngach áit air, a éadan, línte doimhne ag síorathrú timpeall ar na súile, ar an mbéal agus é ag meangadh, na malaí seasta amach, bán, scrobarnach ribí sna polláirí, i bpoill na gcluas, línte ar na méara freisin, an muineál, gach áit.
ag tarraingt na ribí deireanacha de chreatlach an turcaí, pulling the last bristles from the turkey's skeleton,
" Fad is a bhí sibhse uilig ag tarraingt na ribí deireanacha de chreatlach an turcaí, bhí mise sáite sa stiúideo ag obair.
ribí dorcha gruaige dark bristles
" Luaitear níos mó ná uair amháin faoi Aisling, mar shampla, go bhfuil ribí dorcha gruaige ar a liopa uachtair agus samhlaítear cumhrán róis le Caoimhe.
ribí beaga little hairs
" Ní hamháin gur fhág an tae ribí beaga ar mo theanga leis an tainnin agus an tseirbhe, bhí an oiread sin pointí teagmhála ag an uisce a fhad is a bhí sé sa phota go raibh an tae fuar.
ribe blade, strand
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
gach ribe dá dhlaoi every strand of his tuft
" An dara sainchomhartha a léirigh sé ná gur dhírigh sé é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh sé a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dá dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.
ribe éadaí stitch of clothing
" Scáthbhrait agus scáthanna báistí móra; téitheoirí allamuigh; toilg; agus pluideanna fiú! Agus mar a dúirt mé – daoine áille – gach ribe éadaí a chaitheann siad ó dhearthóir éigin.
ribí strands
" Tá leacht tiubh sa chochla agus ar a hurlár tá structúr ilchasta, ar a ghlaotar Orgán Corti, leis na mílte mionghuairí, ribí gruaige a 'léann', nó a bhaineann adhmad as an minicíocht chasta, phróiseáilte.
ribe beag the slightest morsel
" Ach in ainneoin an reo anama sin agus gach uafás seaca eile, is éacht scríofa agus aisteorachta é go gcoiméadann an bhean ghránna seo ribe beag dár gcomhbhá suas chomh fada leis na teidil chreidiúna deiridh.
ribe one hair
" ” Enda da Gabharment ============ Ar aghaidh le Balor chuig ceanncheathrú Fhine Gael, áit ar bhuail sé le hEnda Aoibhinn Aoibhiúil a bhí ag stánadh isteach sa scáthán agus ag cinntiú nach raibh oiread is ribe dá dhlaoi as alt.
aos bearrtha ribí gruaige barbers
" Bhí sé doiligh go leor cur suas leis na léinte gorma, ach anois tá daoine ann le léinte bándearga! Ní chaitheann a leath acu carbhait agus tá an leath eile ag iarraidh aos bearrtha ribí gruaige a chur as gnó.
ribe gruaige a single hair
" Ní raibh ribe gruaige uirthi seachas ar a ceann.
ribe roibéis in anlann shrimp in sauce
" Itear meascán de bhia na Fraince, mar earraí bácúis darb ainm beignets agus bia mara créole mar phiardóg agus ribe roibéis in anlann (*"Gumbo"*) le anlann spíosraithe.
gach ribe ar a ceann chomh dubh leis an bhfiach every hair on her head as black as a raven
" Tháinig bean a’ tí, bád breá mná, agus gach ribe ar a ceann chomh dubh leis an bhfiach.
agus deoir as achan ribe dom soused through to the skin
" Bhí mé chomh craplaithe le smután maide fán am a bhain mé an Líonán amach agus deoir as achan ribe dom.
chomh maith le ribí gruaige dá cuid as well as a strand of her hair
" Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile áfach agus choinnigh Luigi grianghraf Mokryna i gcónaí chomh maith le ribí gruaige dá cuid.
gan ribe dá dhlaoi as alt not a rib out of place
" D’amharc sé ar fholt breá gruaige Enda agus chonacthas dó go raibh sé ní ba ghile mar fholt ná folt fireann ar bith a chonaic sé lena bheo; agus chonacthas dó go raibh cuid gruaige fionnrua an Taoisigh ní ba shlíoctha agus ní ba réidhe agus ní ba mhínmhothaithí ná folt gruaige ar bith a chonaic sé riamh; gan ribe dá dhlaoi as alt; é gan barrchleite amach ná bunchleite isteach.
ribí gruaige locks of hair
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.