Pota Focal Intergaelic
ríd | arid | grid | id | rad
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fáil réidh le get rid of
" Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh fáil réidh le Fadhb na hÉireann.
fáil réidh get rid of
" Cé gur mhol Tuarascáil Patten fáil réidh le piléir phlaisteacha, agus go bhfuil an L21A1 níos contúirtí ná an seancheann, fuair an t-arm/RUC an L21A1 ar an chéad lá de mhí an Mheithimh i mbliana.
seachas fáil réidh instead of getting rid of
" Mar sin, is é atá ag teastáil, seachas fáil réidh leis an Seanad, ná córas a chuirfeadh deireadh le smacht na bpáirtithe polaitiúla ar an Teach Uachtarach agus a chuideodh le níos mó daoine cumasacha ar nós sheanadóirí na nOllscoileanna suíochán a bhaint amach.
fáil réidh get rid of
" Mar an chéad chéim sa treo seo, deir sé, caithfidh Westminster fáil réidh leis an mhionn dílseachta don bhanríon.
réitithe a fháil dó to get rid of
" **AN Other:** An chéad rud ba mhaith liom réitithe a fháil dó ná Brainse Speisialta an PSNI/RUC.
fáil réidh le get rid of
" Ba é an plean a bheith acu ná fáil réidh le máthair Erika, agus ansin déanamh amhlaidh leis an athair, sa dóigh is go mbeadh níos mó saoirse ag an déagóir.
trí fáil réidh leis by getting rid of it
" 8 milliún in aghaidh na bliana, creidtear nach ndéanfaí aon airgead a shábháil trí fáil réidh leis, óir go mbeadh ar dhream éigin eile obair an tSeanaid a dhéanamh.
fáil réidh le get rid of
" Ag an bpointe sin bhí daoine ag iarraidh fáil réidh le Seán Boylan ach sheas na himreoirí leis, go mórmhór na himreoirí ba shine ar nós Colm O'Rourke agus Liam Hayes.
an ruaig a chur ar an bpusadaíl seo to get rid of this sulking
" " Conas is fearr an ruaig a chur ar an bpusadaíl seo, mar sin? Dar le hÓ Fiannachta gurb é ceann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí sa Chríostaíocht ná go dtáinig Críost le go mbeadh lúcháir agus an bheatha go hiomlán ag daoine.
díreach chun fáil réidh leis just to get rid of
" Le blianta fada tá eagraíochtaí ar nós Comhlámh ag gearán go bhfuil an tAontas Eorpach ag dumpáil bia ar mhargaí na dtíortha neamhfhorbartha ar phraghsanna atá thar a bheith íseal, díreach chun fáil réidh leis na sléibhte ime agus mairteola, na lochanna bainne agus na lochanna fíona.
fáil réidh leis to get rid of him
" Agus sin rud a chuir fearg ar Charlie agus Sidney Lennon: go bunúsach, nach raibh spás ag Julia do John óg ina saol agus, mar sin, go raibh sí ag iarraidh fáil réidh leis.
dá bhfaighidís réidh le Riail 42 if they got rid of Rule 42
" Níl aon dabht ach go mbeadh go leor dea-phoiblíochta le fáil ag an eagraíocht dá bhfaighidís réidh le Riail 42.
le fáil réidh leis an Chomhaontú to get rid of the Good Friday Agreement
" Tháinig siad isteach le Sinn Féin a scrios agus le fáil réidh leis an Chomhaontú.
féadann tú an smut sin a chaitheamh díot you might as well get rid of that sulky face
" Siúil leat agus féadann tú an smut sin a chaitheamh díot anois nó scanróidh tú lucht an tsiopa.
fuair mise réidh leis an áit I got rid of the place
" “Ní bheidh duine ar bith agaibh ag dul ar saoire in Dingle i gcás ar bith,” a mhaígh Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, “nó fuair mise réidh leis an áit! Is iomaí duine sa tír seo a bhunaigh baile úr – Neilstown, Blakestown, Tyrellstown, Quarry.
fáil réidh le ceann acu to get rid of one of them
" Tá an scéal amuigh, mar shampla, go mbeidh siad ag breathnú ar ranna beaga cosúil leis an Léann Ceilteach agus ag cur ceiste: ‘An bhfuil gá le ceann i gColáiste na Tríonóide, in UCD agus i Maigh Nuad?’ Táthar ag rá go mbeidh siad ag iarraidh fáil réidh le ceann acu nó fiú péire acu.
ar mhaithe le tuin na hIaráinise a ruaigeadh óna chuid cainte to get rid of the Iranian accent from his speech
" Mhúin siad cúpla focal Gaeilge dó, chomh maith leis an Ghréigis agus an Laidin ar mhaithe le tuin na hIaráinise a ruaigeadh óna chuid cainte.
fáil réidh leo to get rid of them
" Dá ligfeá isteach i do theach iad, bheadh sé deacair fáil réidh leo.
ba ghá fáil réidh leo they had to be gotten rid of
" Cén fáth? Mar ba ghá fáil réidh leo chun a chraiceann féin, Rialtas Fhianna Fáil agus an Stát Deisceartach a chosaint.
fáil réidh leo ar fad get rid of them totally
"fáil réidh leo ar fad agus deis a thabhairt d’Fhine Gael.
Atógadh an chórlann, ach fuarthas réidh leis an chorp. The choir was rebuilt but the nave was gotten rid of.
" Atógadh an chórlann, ach fuarthas réidh leis an chorp.
ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha trying to get rid of the native languages
" Ach bhí an Roinn Oideachais san ollscoil ar a dícheall ag an am ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha agus ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú.
ag fáil réidh leo getting rid of them
" Mary: Nár cheap mé go raibh tú ag fáil réidh leo cúpla mí ó shin? Peaitín: Ar ndóigh, bhí is ní raibh, a Mhary, a leana.
an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste to get rid of the leadership of the UDA in north Belfast
" D’éirigh leis an Chomhairle Inmheánach an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bhí rún aige an rud céanna a dhéanamh in Oir-Dheisceart Aontroma.
ag tabhairt bata agus bóthair giving the sack (getting rid of)
" Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin.
níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean. writers haven't gotten rid of them
" Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean.
tá drogall orthu fáil réidh leo. they are reluctant to get rid of them
" Céard leis a bhfuil siad ag fanacht? De bhrí, b’fhéidir, gur féidir le scríbhneoirí an obair a dhéanann eagarthóirí agus foilsitheoirí a fheiceáil go fisiciúil – san eagarthóireacht agus sa leabhar – tá drogall orthu fáil réidh leo.
fáil réidh le get rid of
" Dealraíonn sé anois gur mithid do lucht an pháirtí sin fáil réidh le hEnda Kenny.
I measc na n-arm a bhfuarthas réidh leo amongst the arms which were gotten rid of
" I measc na n-arm a bhfuarthas réidh leo bhí gránáidí roicéadtiomána agus tancanna.
go bhfuair siad réidh le that they got rid of
" BuaMá ghlacann an DUP leis an fhoclaíocht sin, beidh siad ábalta a rá go bhfuil an bua acu, is é sin, go bhfuair siad réidh le "Seanóirí na Sceimthlitheoireachta" – ar mór-eileamh dá gcuid é – agus mar sin, do dtig leo muinín a bheith acu as Sinn Féin.
ag iarraidh fáil réidh le wanting to get rid of
" Agus ní hé pobal na Seoirsia amháin a bhí ag iarraidh fáil réidh le Shevardnadze, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Shóivéadaigh.
chur de láimh to get rid of, dispose of
" Is amhlaidh gur tugadh an dramhaíl don mafia Iodáileach lena chur de láimh go saor.
fáil réidh leis to get rid of
" Táthar ag súil go n-éireoidh leis an scéim fáil réidh leis na coiníní, na francaigh agus na luchóga atá ina bplá ar an oileán.
fáil réidh leis to get rid of it
" Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin.
réitigh a fháil to get rid (of)
" Bhí na sliogáin ag foscailt chéanna féin – ach dhoirt mé seo amach le réitigh a fháil de mhórchuid den uisce sáile agus an gaineamh a thagann astu.
fáil réitithe de to get rid of
" Bhí sé de sprioc ag Aontachtaithe riamh anall fáil réitithe de Choimisiún na Mórshiúlta.
fáil réidh le get rid of
" Ar ndóigh, idir an dá linn, dá bhféadfadh Fine Gael fáil réidh le Kenny, d’athródh sin an scéal.
fáil réidh leis get rid of
" Ba cheart im’ thuairimse fáil réidh leis na Scéimeanna Teanga chomh maith.
seanchleachtais a chaitheamh uathu get rid of old habits
" Bhíodar ag iarraidh na seanchleachtais a chaitheamh uathu agus bealach nua foirfe saoil a aimsiú.
fáil réidh le háisínteachtaí áirithe to get rid of certain agencies
" Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid áirithe de na ciorruithe á roghnú, ní de bharr an méid airgid a shábháilfear ach de bharr an deis a bheith á tapú ag an státchóras fáil réidh le háisínteachtaí áirithe nach dtaitníonn leo, ar nós Oifig an Choimisinéir Teanga.
fáil réidh leis getting rid of
" “Arú, éirigh as an chac!” a dúirt Balor go breá béasach, “agus inis an scéal mar atá! Nach é go bhfuiltear ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas, agus nach bhfuil Foraois na Gaeilge ar na craobhacha!” Agus leis sin, shuigh sé siar agus straois air mar a bheadh ar chollach a raibh pian ina bholg agus ina thóin.
bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis the Roman authorities got rid of
" Ach is mór an meas atá aige orthu siúd a chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh de réir bhriathar agus shampla Saor Adhmaid Nasaireit, an Giúdach Palaistíneach a bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis ar an chros siocair nach raibh sé sásta a bhéal a choinneáil druidte.
réidh leis (got) rid of
" Foilsíodh leabhar eile ar na mallaibh a chuireann amhras sa bhreis i maíomh O Farrell go bhfuair na hinimircigh Éireannacha réidh leis an teanga a luaithe ab fhéidir leo.
fáil réidh leis ar iompú boise get rid of this at the drop of a hat
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
fhaigheann réidh leis na scamaill gets rid of the clouds
" Anois dá mbeadh feidhmchláirín a fhaigheann réidh leis na scamaill bheadh muid ar muin na muice! Ach i ndáiríre is fiú go mór eolas a bhailiú roimh do oíche mhór réaltóg ó fheidhmchláirín nó ó shuíomh réamhfhaisnéis na haimsire nó b’fhéidir gur ag cur amú do chuid ama a bheas tú.
réidh leis an (got) rid of the
" Ba iad a chuir amach an 40,000 bileog mailíseacha ag maíomh gur brathadóir a bhí i Naomi Long agus go bhfuair sí féin agus a páirtí réidh leis an *Union Jack*, a stróiceadh ó Halla na Cathrach, ráiteas chomh cóngarach do ghríosú chun foréigin agus a dtiocfadh leat a shamhlú.
réidh leis an ngearrthóg sin rid of that cutting
" Fuair Day-Lewis réidh leis an ngearrthóg sin.
an dobrón a chur dínn get rid of the immense sadness
" Ba chóir dúinn an dobrón a chur dínn agus dul i ngleic leis na ceisteanna móra a réiteoidh cén cineál tíre a fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh, ár gcuid páistí.
Dá bhfaighfí réidh leis were (that Article) to gotten rid of
" Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith.
fáil réidh leis na ciní sin faoi dheireadh get rid of those races finally
" Chuige sin, chuir na Naitsithe tograí aisteacha ar bun chun na tréithe “aitheanta” seo a chlárú sa chaoi is go bhféadfadh siad fáil réidh leis na ciní sin faoi dheireadh.
fáil réidh le to get rid of
" Mhol sí go láidir do Phearsa na Bliana fáil réidh le Mac Ránais sula dtarraingeodh sé droch-chlú amach is amach ar an choláiste.
gheobhaidh siad réidh leis an truflais they’ll get rid of the rubbish
" Ceann de na rudaí a dhéanfaidh siad ná ligfidh siad dúinn aon ní is mian linn a itheadh mar gheobhaidh siad réidh leis an truflais agus ní choinneoidh siad ach an bia atá uainn.
Faigheann siad réidh leis they get rid of
" Faigheann siad réidh leis na fadhbanna atá ag Integrated Trackers trí rud níos indiúscartha ach dobhearnaithe a chruthú sa chéad áit.
ná fáil réidh leis is to get rid of
" An chéad rud a dhéanfaidh mé ná fáil réidh leis an dlí sin nach ligeann do mhuintir na hÉireann a gcuid móna féin a bhaint.
chun fáil réidh leo to get rid of them
" Sa chlár teilifíse "Room 101" (a bhíonn le feiceáil ar BBC 2) faigheann aíonna deis rudaí nach maith leo sa domhan seo a chur isteach sa seomra áirithe sin chun fáil réidh leo.
fáil réidh leis na gutháin siúil to get rid of the mobile phones
" Measann Diarmaid Mac Mathúna go bhfuil sé in am fáil réidh leis na gutháin siúil.
fáil réidh leis get rid of him
" Tá Donncha Ó hÉallaithe den tuairim go léiríonn a mholadh go bhfuil easpa buntuisceana ar urlabhraí nuacheapaithe Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta agus go mba cheart do Enda Kenny fáil réidh leis mar urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.
Ní haon ribín réidh fáil réidh leis it’s no easy thing to get rid of
" Ní haon ribín réidh fáil réidh leis al-Assad.