Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fearsaid ridge of sand in tidal waters
" Bhí fearsaid ar an dá ghaoth agus sin mar a fuair sé a ainm, "Rannaigh na fearsaide ".
dhroim ridge
" Ansin shiúil muid suas ar dhroim creagach, agus bhí radharc iontach ann trasna páirceanna geala glasa agus fána leo go dtí an fharraige, iad lán de bhláthanna fiáine.
Droim rite steep ridge
" Droim rite atá ann go Punta Penia, ag 3,343 méadar an pointe is airde ar Marmolada, ach ní raibh muid ábalta na radharcanna a fheiceáil tríd an cheo.
go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh that a very difficult ridge is being ploughed
" ”Is amhlaidh go síleann King go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh ag an earnáil neamhspleách léirithe trí chéile ar na saolta seo.
iomairí fataí réitithe potato ridges prepared
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
droim sléibhe mountain ridge
" Chas muid ar ár gcara Glynn, an ball den fhoireann a d'aimsigh na coirp, nuair a bhí muid ar an droim sléibhe Crib Goch cúpla lá i ndiaidh an timpiste.
n-iomaire (potatoe) ridge
" Mar sin, le roinnt blianta, tá muid ag treabhadh ár n-iomaire féin.
t-iomaire ridge, work
" Níl an t-iomaire a bhí roimhe treafa ag an Aire Ó Cuív agus is baolach gur ar an mhéar fhada a fhanfas an chonspóid seo agus go bhfágfar faoi thíortha eile an fómhar turasóireachta a bhaint.
iomaire fada long ridge
" Is iomaire fada faoi uisce é a shíneann ó thuaidh ó chósta na Rúise faoin Mol Thuaidh féin, agus má chruthaíonn na Rúisigh go bhfuil an droim seo agus scairbh ilchríche na Rúise déanta as an ábhar geolaíoch céanna, beidh siad ag súil go dtreiseodh sé cás a dteideal sealúchais.
nDromanna mountain ridges
" Siúl na nDromanna =========== Ach bhí muid tiomanta dul suas Carn Dearg agus mar sin, d'éirigh muid go luath an mhaidin dár gcionn agus d'fhill muid ar ais go Gleann Beannchuir.
droim tanaí amháin one narrow ridge
" Táim beagnach ag rith ag an bpointe seo agus níl idir mé agus an deireadh ach droim tanaí amháin le trasnú.
iomairí os cionn a chéile on ridges above each other
" An seanchóras garraíodóireachta: iomairí os cionn a chéile mar a bheadh staighre agus claíocha cloch eatarthu.
trasna an iomaire across the ridge
" Ar aghaidh linn trasna an iomaire go Binn Mhór agus Binn Ramhar sula ndeachaigh muid leis an fhána chrochta go Mám Éan, mar a mbíonn Turas an Tobair faoin Chargas 7 faoi Dhomhnach Chrom Dubh.
shroich mé droim an tsléibhe I reached the mtn. ridge
" Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin.
Droim sléibhe ard, cúng a high narrow mountain ridge
" Droim sléibhe ard, cúng atá i Striding Edge, agus os rud é go dtéann na mílte de lucht siúl sléibhe an treo sin, bíonn timpistí air go rialta.