ritheadh trí líne na gcosantóirí,who used to run through the line of the defenders,
Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
ritheadh an reachtaíochtthe legislation was enacted
Is fíor gur tháinig thart ar 100 duine le chéile ar an Pont des Arts i bPáras ar lá na vótála chun cur in aghaidh an gradam seo a bhronnadh uirthi, toisc gur ritheadh an reachtaíocht a cheadaíonn ginmhilleadh sa Fhrainc (la Loi Veil sur l’IVG) in 1974 agus í i gceannas ar an Roinn Sláinte i rialtas Giscard d’Estaing (1974-81).
Ritheadh leasú don Acht Bunchíosa náisiúnta sé bliana ó shin, cuirim i gcás, a thug pinsean do dhuine de lánúin chomhghnéis tar éis bhás an chomhpháirtí.
Ritheadh reachtaíocht sna sé choilíneach roimh neamhspleáchas a chuir toirmeasc ar státchabhair do na scoileanna príobháideacha, scoileanna a bhí faoi chúram na sainaicmí creidimh éagsúla.
Ritheadh an Immigration Restriction Act sa bhliain 1901 le toirmeasc a chur ar “aicmí éagsúla” teacht chun na hAstráile ar inimirce, muintir na hÁise chun tosaigh i measc na n-aicmí seo.
Ritheadh an rún d’aon ghuththe motion was passed unanimously
Ritheadh an rún d’aon ghuth le leithscéal a ghabháil le Peter Norman, rábálaí Astrálach a tháinig sa dara háit sa rás dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo sa bhliain 1968.
ritheadh dlíthe ar fud na tírelaws were brought in throughout the country
Cheana féin tá eagla ar gach éinne roimh gach éinne eile, go háirithe ó ritheadh dlíthe ar fud na tíre a cheadaigh do dhaoine gunnaí a iompar faoi choim.
mar gheall ar dhlí a ritheadhbecause of a law enacted
Mar bharr ar sin, ní gá do na stáit eile na lánúnais seo a aithint, mar gheall ar dhlí a ritheadh 17 mbliain ó shin agus atá ina chnámh spairne i Washington faoi láthair.
ritheadh bille sa tionól áitiúila bill was run through the local assembly
Is féidir leis na lánúineacha ádhúla seo fanacht sa bhaile anois, ámh, mar gur ritheadh bille sa tionól áitiúil in Canberra le déanaí a thugann cead dóibh pósadh san *Australian Capital Territory* (ACT), an chríoch bheag ina bhfuil an phríomhchathair.
ritheadh a leithéid don Bhreatnaissuch was enacted for Welsh
Is maith leis an Bhanríon Eilís an cúpla focal Gaeilge a labhairt in Éirinn, ach an mbeidh deacracht aici má dhéanann sí amhlaidh sa Tuaisceart? Is é Tuaisceart Éireann an t-aon chuid den Ríocht Aontaithe (taobh amuigh de Shasana féin) nach bhfuil dlí ann chun an teanga dhúchais a chosaint – ritheadh a leithéid don Bhreatnais i 1993 agus do Ghaeilg na hAlban i 2005.