Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rithimeach rhythmic
" Mheall an ceol rithimeach i dtreo an bhosca mé, áfach, agus thosaigh mé ag féachaint ar chlár faoi Chúba.
rithimí rhythms
" Thóg mé bosca speisialta le húsáid in áit piliúir ar mo leaba, chun éisteacht le fuaimeanna agus rithimí na Gaeilge i mo chodladh.
rithimeach rhythmic
" Bhain siad clú agus cáil amach ar Shráid Ghrafton ag seinm ceol bríomhar rithimeach Laidineach agus anois tá an cheolchoirm mhór seo ar na bacáin acu.
rithimeach rhythmic
" *Vamping* an t-ainm Béarla atá ar an stíl rithimeach pianódóireachta sin.
rithimeach rhythimic
" Tá atmaisféar rithimeach thart timpeall orainn anseo.
rithimí rhythms
"rithimí an *rap *agus *hip-hop *chomh maith le jigeanna agus ríleanna le cluinstin ina chuid véarsaí.
ceol éadrom rithimeach, light rhythmic music,
" Labhraím léi féin agus le Rossa faoin gceol a mbím ag éisteacht leis - ceol domhanda, ceol éadrom rithimeach, ceol dainséarach agus ceol cliste a bhfuil atmaisféar seachránach agus suaithinseach ag baint leis, mar atá i gceol Manu Chao.
Buillí rithimeacha rythmical beats
" Buillí rithimeacha, cuisleacha, ar na ciombail troitheáin.
rithimí eile other rhythms
" Rinneadh iad a lúbadh agus a athmheascadh agus ansin chuir sé rithimí eile ina mullach.
rithimí cainte rhythms of speech
" Chuirfeadh an blas draíochta sin agus rithimí cainte Rann na Feirste faoi gheasa thú.
rithimí rúndiamhra mysterious rhythm
" Ní raibh sé ar a chumas ag duine ar bith a ndearna mé comhrá leo cur síos cruinn beacht a dhéanamh ar an ghné den chultúr a chuireann faoi dhraíocht iad, ach luaigh siad luas agus rithimí rúndiamhra an cheoil agus an damhsa, rithim chainte na teanga, agus an draíocht a bhaineann leis an íomhá idileach atá acu den tír.
an trácht, rithimí na cainte the traffic, patterns of speech
" "Ar na rudaí is mó a thaitin liom faoi Owenvarragh ná go raibh muid ag éisteacht leis an fhíor-Bhéal Feirste, an trácht, rithimí na cainte, an blas, an dá thraidisiún mhóra, chuala muid sin uilig agus is aoibhinn liom an chathair seo, mar sin thaitin an ghné sin liom.