Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Roicéid rockets
" Roicéid, gunnaí, carranna, cluichí ríomhaireachta, bréagáin Harry Potter, bábóga, gúnaí bábóg, bréagáin Lord of the Rings, smideadh, éadaí bábóg, tuilleadh cluichí ríomhaireachta, tuilleadh Harry Potter .
roicéid rockets
" Leis an gcaint ar fad ar spásárthaigh ag dul go Mars le cúpla mí anuas, cheapfadh aon duine go raibh an réalteolaíocht ag brath go huile is go hiomlán ar roicéid agus róbónna.
gránáidí roicéadtiomána rocket-launch grenades
" I measc na n-arm a bhfuarthas réidh leo bhí gránáidí roicéadtiomána agus tancanna.
diúracáin rockets
" Ní tharlódh an t-ionsaí mura mbeadh diúracáin á scaoileadh ó Ghaza ar bhailte san Iosrael agus tá freagrachtaí ar gach taobh, dar le Ging.
diúracán rocket(s)
" Muna mbíonn siad sásta deireadh a chur lena n-ionaid eithneacha agus diúracán, ba chóir do SAM iad a ionsaí.
Ní eolaíocht diúracáin is not rocket science
" Ní eolaíocht diúracáin atá ann.
Diúracán Dearg red rocket
" ’Sé an tram an rud a dtugtar an Diúracán Dearg air ach i ndáiríre is ainm mí-oiriúnach é mar níl an Diúracán Dearg chomh tapa sin.
diúracán rockets
" “Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.
a teilgeadh an chéad diúracán sa spás when the first rocket was fired into space
" Bhí nuachtáin ina measc freisin ón lá a teilgeadh an chéad diúracán sa spás i 1969; bhí trí nuachtán ó chuairt an Phápa go hÉirinn i 1979 agus sleamhnáin, clár agus ticéid ó chluichí Oilimpeacha Munchen i 1972.
diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde a weather rocket which the Norwegians shot up
" Ba é an rud a bhí ann ná diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde chun staidéar a dhéanamh ar na Gealáin Thuaidh.
cé a chaith na diúracáin cinniúnacha who cast the fateful rockets
" Ní fios cé a chaith na diúracáin cinniúnacha ar an 21ú Lúnasa (is mó is dóichí gurbh é arm Assad é), ach tá a fhios ag an domhan cé a d'fhulaing dá dheasca: fuair 635 bás nuair a phléasc diúracáin lán leis an néarghás Sarin i bhfobhailte thoir na Damaisce ina raibh na ceannaircigh i gceannas.