Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
roinnt mhaith de chosmhuintir na háite a lot of the ordinary people in the place
" Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
roinnt mhaith iarratas a good many requests
" Fuair Jeannie roinnt mhaith iarratas le hamhráin a chanadh i gclubanna ceoil tíre agus i gceolchoirmeacha agus rinne sí roinnt ceirníní, ach níor shaothraigh sí mórán airgid.
roinnt mhaith poiblíochta a great deal of publicity
" Bhí mná an cheantair sin chun tosaigh in agóidí i gcoinne díshealbhaithe, agus bhí roinnt mhaith poiblíochta ann, cuid di ag tacú leis na daoine agus cuid di ina gcoinne.
roinnt mhaith folcadán feamainne quite a few seaweed baths
" In Éirinn, bhí roinnt mhaith folcadán feamainne le fáil, agus ag Srath-pheofhair thiocfadh leat folcadh móna a bheith agat.
roinnt mhaith tionscal, a good number of industries,
" Thóg sé cuan nua leis an iascaireacht a fhorbairt sa cheantar, agus chuaigh sé i mbun roinnt mhaith tionscal, monarcha cnáibe agus grúdlann ina measc.
i roinnt mhaith cásanna in a lot of cases
" Ós rud é nach mbíonn ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn bainte amach go fóill ag an lucht iarrtha tearmainn, imíonn ceithre bliana san iomlán i roinnt mhaith cásanna sula ndéantar dídeanaithe in Éirinn agus a dteaghlaigh a thabhairt le chéile arís.
roinnt mhaith amhrán a good lot of songs
" “Bhí roinnt mhaith amhrán ag Christy nár ghlac Planxty leo mar nach luífeadh siad isteach leis na hamhráin eile a bhí ag an ghrúpa.
roinnt mhaith quite a lot
" Ach tá roinnt mhaith cosúlachtaí idir an dá thír freisin: is tír bheag í an Fhionlainn (tá daonra de 5 milliún ann) atá ag brath ar onnmhairiú chuig tíortha móra.
roinnt mhaith quite a lot
" Sin é an fáth is dócha gur thiontaigh roinnt mhaith tíortha beaga ó chóras an dá sheomra go córas an tseomra aonair.
roinnt mhaith blianta anuas for some years now
" Tá ráflaí láidre le roinnt mhaith blianta anuas i dtaobh íocaíochtaí neamhoifigiúla, neamhrialta agus neamhrialaithe, a bheith á ndéanamh le bainisteoirí foirne peile agus iomána, idir fhoirne clubanna agus fhoirne contae.
roinnt mhaith eile quite a bit more
" Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
roinnt mhaith machnaimh a good amount of thought
"roinnt mhaith machnaimh déanta agam ar rotha mór an tsaoil le déanaí ó thit sé ar mo chrannsa teach mo mháthar baiste a fholmhú, tharla go bhfuair sí bás, an bhean bhocht, faoi Shamhain seo caite.
foghlaimíonn siad roinnt mhaith they learn quite a lot
" Mar dhúthracht i gcuid de na Coláistí, foghlaimíonn siad roinnt mhaith Ghaeilge chomh maith agus meas ar an dteanga dá réir.
roinnt mhaith ar stair a fair amount about the history
" Bhí go leor eolais agam ar Thoraigh roimh ré siocair gur léigh mé roinnt mhaith ar stair agus ar mhuintir an oileáin blianta ó shin.
roinnt mhaith de lucht an ainm chleite a good lot of the nom de plume people
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
ag sárú roinnt mhaith ceart transgressing many rights
" I dtuairisc a d’eisigh Coiste Eorpach na gCeart Sóisialta níos luaithe i mbliana cuireadh in iúl go raibh Éire ag sárú roinnt mhaith ceart atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa.
roinnt mhaith fadhbanna many problems
" Fiú mura bhfuil ach bréag ina bhfuil ráite ag Marius Betondi ó thus deireadh, léiríonn scéal an Chamarúnaigh roinnt mhaith fadhbanna a bhaineann leis an bpróiseas iarrtha tearmainn is leis an gcóras inimirce i gcoitinne.
fuarthas roinnt mhaith de na hairm a lot of the weapons were recieved
" Ós rud é gurb ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) a fuarthas roinnt mhaith de na hairm, na hacmhainní is an oiliúint a lig d’fhórsaí míleata Ghuatamala ár a dhéanamh ar mhuintir na tíre, tá sé sách oiriúnach gur ar na Stáit Aontaithe a thug na mílte Guatamalach aghaidh agus iad ag iarraidh teitheadh ón sléacht is ó na héagóracha a bhí ar siúl ina dtír dhúchais.
roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh a fair amount of famous players absent
" Deirim gur deireadh ré atá ann in ainneoin go bhféadfadh sé tarlú go mbuafadh Cill Chainnigh craobh na hÉireann an bhliain seo chugainn ach go fiú is go dtarlaíonn sé sin, is dóigh liom go mbeidh roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh agus aghaidheanna nua ina n-áit.
go ceann roinnt mhaith blianta for a fair few years more
" Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro.
roinnt mhaith de na tionscnaimh a good lot of the projects
" Is cinnte go bhféadfaí locht a fháil ar an teoiric ghinearálta seo a chuireann Dauvergne chun cinn, ach feictear dom gur míniú maith é an teoiric seo ar roinnt mhaith de na tionscnaimh atá á gcur ar siúl ag Stáit ar fud na cruinne le breis is deich mbliana anuas i ngort na hinimirce.
roinnt mhaith acu a fair amount of them
" An dream leochaileach a d’imigh, tiocfaidh roinnt mhaith acu ar ais tá súil againn, níos oilte, amach anseo, ach an deis a bheith acu chuige sin.
is furasta do mhaith féin a roinnt ar it’s easy to share your own decency with
" As do Stuaim Féin ====== Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean.
a dúirt roinnt mhaith blianta who said a fair amount of years (ago)
" ) Mar a dúirt an té a dúirt roinnt mhaith blianta ó shin, ní chloisfear in aon áit ar domhan daoine ag béiceach “na Sé Chontae Fichead abú!” nó “na Sé Chontae abú!”, bíodh gurb shin é a bhíonn i gceist acu cuid den am, sé chontae/ fichead.
roinnt mhaith daoine a fair amount of people
" Cinnte, tá roinnt mhaith daoine nach n-aontaíonn le crosáid Bates agus níl bac ar bith orthu é sin a chur in iúl, mar is ceart, ar líne.
roinnt mhaith impí agus caoineacháin quite a lot of begging and crying
" I ndiaidh d’Fhear na Súile Nimhe roinnt mhaith impí agus caoineacháin a dhéanamh, ámh, thug muid cead dó ráiteas seasca focal a chur ar fáil.
roinnt mhaith many
" Tá an fear bailithe as saol baile agus as saol scoile roinnt mhaith de ghasúirí na hÉireann.
Ar nós roinnt mhaith like a good many others
" Ar nós roinnt mhaith de Ghaeil na hAlban, tá sé féin ag meá dhá thaobh an scéil go fóill.