Pota Focal Intergaelic
riot | robot | rood | roof | rook
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fréamhacha doimhne deep roots
" Nach ait an mac an saol! An fhadhb ná go bhfuil go leor de na comhlachtaí Meiriceánacha agus comhlachtaí eachtranacha go ginearálta ag úsáid na tíre seo mar láthair táirgíochta saor, seachas a bheith ag cur síos fréamhacha doimhne tré chonarthaí do thaighde agus d'fhorbairt a thabhairt do na fochomhlachtaí anseo.
fréamhacha 3Com a dhoimhniú to deep 3Com's roots
" Cé go raibh agus go bhfuil siad ag brath ar chomhlachtaí Meiriceánacha, d'éirigh leo fréamhacha 3Com a dhoimhniú sa tír agus sa Ghaeltacht féin.
fréamhacha roots
" Is as an Ghearmáin di agus tá fréamhacha a saothair bunaithe in ealaín choincheapúil agus *performance* a thosaigh sí sna seachtóidí.
fréamhacha roots
" Ag caint faoin suíomh ina bhfuarthas cnámha Brian McKinney agus John McClory duirt sé: "I bpáirc amháin, bhí rianta garbha a bhí fágtha ag boinn cairr le feiceáil ar an talamh agus beith gheal a bhí tarraingthe amach ag na fréamhacha agus caite ar leataobh, a fréamhacha go fóill ag coinneáil greim daingean ar an talamh a tháinig amach léi.
fréamhacha roots
" Eaglais iasachta ======= Bhí agus beidh an Eaglais Chaitliceach i gcónaí ina heaglais "iasachta" agus mhionlaigh sna Stáit Aontaithe, tír a bunaíodh i 1776 le fréamhacha doimhne Protastúnacha, agus ina rabhthas i gcónaí in amhras mar gheall ar aon rud "pápánta".
préamhacha roots
" Smaoinaigh ar an gcúnamh a thabharfadh sé sin do dhaoine atá ag iarraidh préamhacha a chur síos inár sochaí.
fréamhacha roots
" B'fhéidir go n-éireodh liom a leithéid a aimsiú sa deireadh - áit a bhfuil grá agam dó agus a thugann grá ar ais dom, áit ar féidir liom mo chuid fréamhacha a chur síos agus cur fúm.
préamhaithe rooted
" Déarfadh an CLG gur slí bheatha spioradálta agus chultúrtha atá i gceist, bealach maireachtála atá préamhaithe i measc an phobail.
tú féin a fhréamhú to root yourself
" Tú féin a thalmhú is ea é, tú féin a fhréamhú.
fréamhacha roots
" Is é seo an sampla is fearr fós den rud ar a dtugann cara de mo chuid "Dutchman-Speaks-Irish-itis": an chaoi a gceapann muintir na hÉireann i gcoitinne go bhfuil sé aisteach go mbeadh Gaeilge ag Ísiltíreach (nó duine ar bith nach bhfuil fréamhacha Éireannacha aige.
fréamhaithe go domhain deeply rooted
" Tá cúiseanna eile ann atá fréamhaithe go domhain i struchtúr agus meon na sochaí.
páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha a party that deserted its socialist roots
" Níl fáth ar bith nach n-éireodh le hEnda Kenny na vótóirí sin a mhealladh ar ais, agus tuilleadh vótóirí a mhealladh ó Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a thréig a chuid préamhacha sóisialacha go hiomlán le linn na 1990í.
fhréamhacha cultúrtha cultural roots
" Ach, in ainneoin na béime láidre seo ar fhréamhacha cultúrtha, is náisiún gan fréamhacha é Meiriceá ar go leor slite.
fréamhacha láidre strong roots
" Tá foireann éifeachtach gníomhach anseo a bhfuil fréamhacha láidre acu sa phobal.
fréamhacha doimhne deep roots
"fréamhacha doimhne aige, agus tamhan láidir freisin.
ag pilleadh ar ais ar a ndúchas returning to their roots
" Buíochas le Dia, tháinig biseach ar chúrsaí ó shin agus anois tá méadú de 50% sa daonra de bharr cuid de mhuintir an oileáin a bheith ag pilleadh ar ais ar a ndúchas.
préamhacha an aighnis the roots of the dispute
" Cuireann siad ceist atá simplí go leor: Céard a tharlóidh má thagann sé chun solais an t-am sin gur cuireadh tag bréagach ar bheithíoch chun é a dhíol? Nach bhfuil sé beagáinín rómhall le bheith buartha faoi? Go híorónta, tá préamhacha an aighnis sa ngalar crúibe is béil a bhí ina bhagairt ollmhór ar gheilleagar na tíre tá dhá bhliain ó shin.
fhréamhacha roots
" I mí Iúil, bhí deis aige nach mbíonn aige ach go hannamh aird a tharraingt ar a fhréamhacha Éireannacha, gan feidhm a bheith air plé a dhéanamh ar chosc ar thobac agus ar cheisteanna conspóideacha eile.
préamh na faidhbe the root of the problem
" Uaillmhian agus fuath ======= Is é préamh na faidhbe dáiríre ná gné áirithe de chúltúr na gcluichí ag gach leibhéal, cultúr a chruthaíonn paisean agus uaillmhian agus fuath, uaireanta, in imreoirí agus i bhfoirne agus a théann thar fóir rómhinic.
fréamhacha roots
" Bloc i ndiaidh bloic, cuireann siad i gcuimhne duit an méid daoine a chaill a mbeatha, an méid daoine a fágadh ina ndiaidh, na fréamhacha stoite as an talamh.
fréamhacha roots
" B'uafásach an rud é go bhfuair beirt bás a raibh fréamhacha acu ar an bhloc céanna, an fear dóiteáin Mascali, agus Shawn Bowman, oibre oifige san Ionad Trádála Domhanda.
is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach the Kennedys themselves often hid their roots
" Ar ndóigh, is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach.
freámhacha roots
"freámhacha na Faróise sa tSean-Ioruais, teanga a thagann ó ré na Lochlannach.
rinneadh stacán cloiche de Dhónall Dónall was left rooted to the spot
" Leis sin rinne an máistir Ó Duibhir búirtheach agus rinneadh stacán cloiche de Dhónall.
ag machnamh ar a bhfréamhacha thinking about their roots
" I ndiaidh na réabhlóide síochánta sa bhliain 1989 (*sametová revoluce *nó an réabhlóid veilbhite), thosaigh daoine ag machnamh ar a bhfréamhacha, fréamhacha a d'imigh siar i bhfad roimh theacht na nGearmánach agus na Slavach, is é sin le rá, go dtí na Ceiltigh féin.
fréamhaithe rooted
" Córas de choincheapa idirghníomhacha atá sa teanga, agus is ansin, sa chóras tagartha sin, i gcóras sin na gcoincheap, atá cumas iontach na litríochta fréamhaithe.
feachtas i measc an ghnáthphobail a grass-roots campaign
" Eagraíocht darb ainm West Against Racism Network (WARN), feachtas i measc an ghnáthphobail atá lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste, a d'eagraigh an cruinniú.
fhréamhacha roots
" Ba thionscadal de chuid an phobail é in 1892, agus tá cúrsaí mar an gcéanna go fóill: tá a fhréamhacha go domhain sna pobail, mar is cóir.
ina staic rooted to the spot
" Tá an rialtas ina staic is nach againn a bheas an chraicLe mo raighdeal dúdal daighdeal dúdal déró.
fréamhacha roots
" ) Bhí Murphy chun a rá gur "fréamhacha" a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go gcaithfeadh na hinstitiúidí fás agus forbairt de réir cúinsí athraitheacha.
préamhacha traidisiúnta traditional roots
" B'fhéidir gur léiriú beag í an cheist ar an mbearna mhór atá ann idir an tsochaí chomhaimseartha in Éirinn agus préamhacha traidisiúnta na sochaí sin - mar, sa tsochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil anois, tá focail ar nós *"obese" *chuile phioc chomh riachtanach is a bhíodh leithéidí "sleán" nó "duileasc" san am a chuaigh thart.
fréamhacha na biogóide the roots of bigotry
" Ach más cóir uafás na Naitsithe a choinneáil i gcuimhne na ndaoine, is ceart chomh maith fréamhacha na biogóide agus an fhuatha in Éirinn a choinneáil ina gcuimhne.
préamhaithe chomh daingean sin rooted so firmly
" Ní mórán é, mar chuimhne, i gcomórtas le heachtraí móra na staire, ach insíonn sí rud beag dúinn faoi nádúr an stáit ó thuaidh agus faoin gcaoi a mbíodh an seicteachas préamhaithe chomh daingean sin i mórán chuile ghné den saol ann.
lena bhfréamhacha a aimsiú to find their roots
" Go minic tagann a sliocht go hIarsmalann Ulapul lena bhfréamhacha a aimsiú.
fréamhaithe rooted
" An dara ceann, ó thaobh earcú foirne, riachtanas teanga a bheith fréamhaithe san earcú sin.
fréamhacha roots
" ” Bhí athair Fisk ina shaighdiúir sa chéad Chogadh Domhanda, agus uaidh sin agus óna thaithí a d’fhoghlaim an mac cuid mhór fá choimhlintí an lae inniu, a bhfuil a bhfréamhacha san ollscrios sin.
fréamhacha roots
" Nuair a leathann a gháire ar Harper, géaraíonn an bainne féin! Is é Alberta in iarthar na tíre a phríomhdhaingean cumhachta agus idé-eolaíochta agus is ann a bhí a cuid fréamhacha ag an Chomhghuallaíocht Cheanadach.
fréamhacha na caismirte seo the roots of this conflict
" Creach oscailte ======= Téann fréamhacha na caismirte seo siar chomh fada le Cath Ghort na Lonta Dubha i 1389.
fréamhaithe go domhain deeply rooted
" Tá an séanadh fréamhaithe go domhain i sícé na n-aontachtach.
ag cuardach a ndúchais looking for their roots
" ENíG: Cad chuige go roghnaíonn na mic léinn an Ghaeilge mar ábhar sa chéad áit? SNíR: Bíonn cuid acu ag cuardach a ndúchais.
ina bhfréamhacha in their roots
" “An tríú glúin, bhí an t-airgead acu, bhíodar compordach sa mheánaicme, bhí oideachas acu agus ba iad seo a chuir suim ina bhfréamhacha agus ina gcultúr.
préamhaithe rooted
" Níor léirigh sé seo easpa measa ar a theaghlach – cleachtas cultúrtha a bhí ann a bhí préamhaithe i saol na tuaithe sa tír seo le fada an lá.
Sheasas ansin i mo staic. I stood there rooted to the spot.
fréamhacha roots
" Bhí coimhlint ghéar idir Áth Cliath agus Ciarraí sna blianta sin, coimhlint a raibh fréamhacha aici i gcluiche ceannais na hÉireann i 1955.
fréamhaithe go láidir strongly rooted
" Pógfaidh siad lámh mná, tabharfaidh siad bláthanna di, osclóidh siad an doras duit – tá sé sin fréamhaithe go láidir i gcultúr na Polainne.
fréamhacha roots
" Agus muid ag druidim leis an Nollaig, ba bheag lá nach raibh scéal inteacht doghrach, donasach, dramhsach ar na nuachtáin – scéal inteacht a raibh a chuid fréamhacha bunaithe go domhain sa chóicín.
cur síos ar fhréamhacha na teanga. description on the roots of the language
" **Éacht**Tá éacht bainte amach chomh maith ag Ruairí Ó hUiginn ina chaibidil siúd, “The Irish Language”, ina bhfuil cur síos ar fhréamhacha na teanga.
faoi fhréamhacha an chine Airígh about the roots of the Aryan race
" Chreid ceannaire an SS go bhfaighidís fianaise ansin faoi fhréamhacha an chine Airígh i measc uaisle na Tibéide.
préamhaithe rooted
" Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin.
fréamhacha roots
"fréamhacha na geamaireachta le fáil sa Commedia Dell’Arte, modh siamsíaochta a thosaigh san Iodáil agus a leathnaigh amach chomh fada leis an Fhrainc agus an Bhreatain – mar a raibh an-tóir air.
fréamhacha roots
" Táthar amhrasach go mbeidh maoiniú go leor ar fáil ón earnáil phríobháideach a chuirfidh ar chumas an Tionóil leanstan ar aghaidh leis an scéim a bhfuil a fréamhacha ag dul siar go dti 1995 - 13 bhliain ó shin - nuair a d’oscail Bill Clinton an *'Titanic Park'.
préamhaithe i rooted in
" An amhlaidh nach polasaí a bhí préamhaithe i ndianmhacnamh agus taighde a bhí anseo, ach eitleog eile a tharraing an tAire óna mhála agus a imeos le sruth in imeacht ama? I dtús mí Meán Fómhair 2008, chinn mé ar iarratas foirmeáilte a dhéanamh chuig an Roinn agus mé ag lorg “Aon chomhfhreagras, meamram, tuarascáil srl.
fhréamhacha roots
" Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin? Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
bunchúis the root cause
" Cén chaoi a réiteofar an fhadhb murar féidir, ar ndóigh, a bunchúis a aithint.
fréamhacha roots
" ” B’fhéidir gur comhtharlú é, ach téann fréamhacha ‘intleachtacha’ na nuachoimeádach siar go Chicago chomh maith, áit a raibh Richard Perle agus Paul Wolfowitz i measc an chaidre de mhic léinn a bhí ag an Ollamh Albert Wohlstetter in Ollscoil Chicago.
fhréamhacha a lorg to find the root (cause)s
" Tá coimhthiú áirithe tarlaithe dúinn le beagán de bhlianta anuas, agus ní dhéanfadh sé aon dochar a fhréamhacha a lorg.
chionsiocair root cause
" Pé rud ba chionsiocair leis, chuaigh na hagóideoirí Uígireacha le báiní.
bhunúdair root cause
" Ní seo an uair dheireanach a bheadh Diaghilev agus an Ballet Russe mar bhunúdair oilbhéime, nó scannail.
bhunaigh found a base, took root
" fr/)De réir a chéile bhunaigh Le Châtelet é féin le clú idirnáisiúnta mar lárionad léirithe d’ardchaighdeán agus de nuálaíochtaí.
fréamhacha roots
" Chuaigh an ceantar i bhfeidhm orthu agus nuair a cheannaigh siad teach samhraidh, fuair siad an deis fréamhacha dá gcuid féin a chur síos sa cheantar chomh maith le hateagmháil a dhéanamh leis an chontae ina raibh sinsir Michael, Clann Fiamhain nó Muintir Uí Dhochartaigh, faoi iomrá leis na céadta bliain siar.
chionsiocair root cause
" B’fhéidir maith gurbh é cailleadh nó tréigean na Gaeilge ba chionsiocair leis an bhfonn cíocrach a bhí ar dhaoine ar fud na tíre glacadh leis an eagraíocht nua seo a bhí le haird a thabhairt ar ghnéithe dúchais seachas gallda.
fréamhacha roots
" Bhí crann na Gaeilge meathlaithe go dona faoi 1911 féin, ach ní raibh a cuid fréamhacha chomh briste is atá siad sa lá inniu.
fréamhacha roots
" com/watch?v=6ZUlClqrTjA) Tá fochultúr i measc na n-óg inniu le fréamhacha a thagann ón vaimpíreachas le feiceáil go láidir beo sna meáin cumarsáide agus i gcúrsaí faisin.
bhainfeadh an bonn de cut from the roots, base
" Clár sceanairte a bhí molta ag Tuarascáil An Bord Snip Nua don teanga, a bhainfeadh an bonn de thionscail fhadbhunaithe Ghaeltachta agus de struchtúr riaradh na Gaeilge in aon scríob amháin.
cuas fréimhe root hole
" An rud a chuirfidh cuid againn ag scairteadh gáire is geall le cóireáil cuas fréimhe ag an duine eile é.
fréamhaithe rooted
" Scríobh mé an mhí seo caite faoi na *Tea Parties*, gluaiseacht neamhfhoirmiúil frithchánach ollmhór atá fréamhaithe, don chuid is mó, san eite dheis, agus a thosaigh ag an am céanna inar thosaigh geilleagar na Stát Aontaithe ag titim as a chéile.
domhainfhréamhaithe deeply rooted
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
réabadh amach was rooted out
" An teanga féin, réabadh amach as láthair na tíre í, ar mhodh sách brúidiúil in amanna mar a léiríonn na hannála dúinn (Annála Inis Faithleann 1305.
fréamhaithe rooted
" Spreagtar dearcadh úr sa chomhluadar trí thréithe cosúil le féintuiscint, féinmhuinín agus le féinfhios, iad fréamhaithe sa dúchas, agus i gcás na hÉireann, sa Ghaeilge.
préamhaithe rooted
" Bhí stair uasal ag an seanpháirtí sin, préamhaithe i luachanna an phobail go dtí gur cailleadh radharc ar na haidhmeanna uaisle a bhí ag lucht a bhunaithe.
fréamhaithe rooted, based
" Maíonn sé go bhfuil neamhaird á déanamh de dhá dhoiciméad ina bhfuil an daonlathas sa Fhrainc iarchogaidh fréamhaithe.
fréamhacha roots
" Le Gnéithe de Shinn Féin =========== “Ó mo thaithí féin de, faighim spreagadh ón duine is mó dar shiúil ar dhromchla an domhain riamh, an Tiarna Íosa Críost, a dúirt ‘Gráigh do chomharsa mar thú féin’”, ar sé, ag rá go raibh fréamhacha an tsóisialachais sa Bhreatain bunaithe cuid mhór ar an Athnuachan Modhach.
fréamhacha na faidhbe the roots of the problem
"fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
beo le fréamhacha cianda alive with ancient roots
" Scríobhann Heaney sa saothar seo go raibh an portach cosúil le him saibhir dubh, a d’oscail faoi do chois, gach sraith den ithir seo dlúth agus beo le fréamhacha cianda nach raibh deireadh leo.
fréamhacha an lucht oibre working class roots
" Tuigtear go maith fosta nár tharla réabhlóid an tionscail in Éirínn mar ar tharla sí in áiteanna eile, rud a d’fhág fréamhacha an lucht oibre an-lag ar bhonn náisiúnta anseo.
préamhacha roots
" Bhí préamhacha curtha ag an bpáirtí i ngach pobal sa stát, rud nár éirigh le haon pháirtí eile a dhéanamh.
préamhacha roots
" Bhí préamhacha curtha ag an bpáirtí i ngach pobal sa stát, rud nár éirigh le haon pháirtí eile a dhéanamh.
bhunchúis the root cause
" ”* Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
a bhfréamhacha their roots
" Bheadh comhghleacaí Robinson, Sammy Wilson, níos ginearálta blianta ina dhiaidh sin nuair a dúirt sé gur cheart postanna a thabhairt do dhaoine a raibh “a bhfréamhacha anseo” in áit iad a thabhairt d'eachtrannaigh.
bunchlocha ár leasa a aithint recognise our basic social roots
" Beidh orainn ár gcuid luachanna agus ár gcuid spriocanna a mheas mar phobal, agus beidh orainn bunchlocha ár leasa a aithint, agus nuair a bheidh sé sin déanta againn, beidh orainn obair go dian agus crua a chur orainn féin mar gheall ar na rudaí is ansa linn.
préamhacha na faidhbe the roots of the problem
" Creidim fós go bhfuil cuid den locht ar an gcúrsa Matamaitice sna meánscoileanna agus ar chaighdeán na múinteoireachta sa seomra ranga ach anois ceapaim gur sna bunscoileanna atá préamhacha na faidhbe lonnaithe: tá sciar áirithe bunscoileanna ann atá ag cliseadh ó thaobh múineadh na mbunscileanna uimhríochta do na daltaí agus tá na daltaí sin ag snámh in aghaidh easa nuair a théann siad isteach sa gcóras meánscolaíochta.
fréamhaithe rooted
" Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu.
an ruaig a chur ar to root out
" Nuair a theip ar fhórsaí ionraidh na n-Iosraelach an ruaig a chur ar Hezbollah i rith an tsamhraidh 2006, mheas cairde Iosrael i Washington gurbh é an tSiria an ball lag sa phasáiste ón Iaráin go dtí an Liobáin Theas.
le ransú tríothu to root through them
" Cinní le Déanamh ========= Bean a bhí an-tógtha le teicneolaíocht (d’oibrigh sí mar ríomhcláraitheoir C+) agus mar sin táim cinnte go bhfuil neart grianghraf digiteach eile le ransú tríothu freisin.
préamhacha roots
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
fréamhaithe rooted
" ” Deir Duggan go bhfuil an scéal ‘fréamhaithe’ sa mhéid is go bhfuil sé suite i nDoire ach gur scéal ‘fairsing’ atá ann a dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine.
a bhfuil a fhréamhacha which is rooted
" Sa lá atá inniu ann, is ball é den Barquinha (‘An Báidín’) mar a thugtar ar chraobh amháin de chrann na n-eaglaisí Santo Daime, a bhfuil a fhréamhacha i ndufair na hAmasóine.
d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha remained loyal to his Irish roots
" Fear ab ea é Fuller a d’fhan dílis dá fhréamhacha Éireannacha i gcónaí agus chreid sé go daingean go raibh Murphy neamhchiontach.
a fréamhacha go domhain its roots deeply
" Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
fréamhacha chuid de the roots of some
" 
"Tá Gaeilge agam mar sin tá súil agam go rachaidh fréamhacha chuid de mhuintir Feeney agus de muintir Seoighe siar go Conamara nó go hOileáin Arann," ar sí, "ach d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar scoil.
ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo rooted out of the land they lived in
" " Ba chuma, ar ndóigh, cé acu Arabaigh nó dream ar bith eile a bhí iontu, níor cheart iad a ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo leis na mílte bliain.
Téann fréamhacha the roots go
"Téann fréamhacha The Dome of Delight mar a thugtar ar Halla Cathrach Bhéal Feirste i bhfad siar.
síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin the seed of this type of thinking is deeply rooted
"síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
préamhaithe sa tuiscint rooted in the understanding
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
a bhí fréamhaithe which was rooted
" Thagadh na feachtais seo, a raibh díchobhsú an chórais dhlíthiúil Bhriotanaigh a bhí fréamhaithe leis na céadta bliain mar aidhm acu, go buaicphointe i stailceanna ocrais na bliana 1980 nuair a nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh os comhair shúile an domhain mhóir den chéad uair, trí mheán na teilifíse ach go háirithe.
Fréamacha i bhFad Siar roots a long way back
" " Fréamacha i bhFad Siar ========= Le linn dó seo uilig a bheith ag dul ar aghaidh, bhí cúinsí nó an comhthéacs ag athrú i bpobail ar fud an tuaiscirt.
bhfréamhacha a dteanga the roots of their language
" Tá galar na Denglische ag sní isteach i bhfréamhacha a dteanga agus ag déanamh dochair dá sláinte.
Fréamhacha an oilc the roots of evil
" Fréamhacha an oilc agus nádúr na oilc.
Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe it’s not easy to get to the root of the problem
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
ceantar atá fréamhaithe go dlúth an area deeply rooted
" Athrú poirt a bhí i ndán dóibh, mar dhea, nuair a reáchtáil DiFranco ceardlann amhránaíochta agus ceoil i seanteach plandála i Louisiana – ceantar atá fréamhaithe go dlúth i stair fhoiréigneach, bhrónach, sclábhaithe Afracacha san Oileán Úr.