Pota Focal Intergaelic
rós | bros | cros | dros | gros
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
corr-rois cainte a dhéanamh to have the odd short conversation
" Bhí Áine ag siúl ar uibheacha ó fuair sé an cuireadh nó cé go raibh aithne acu ar a chéile níorbh ionann beannú dá chéile nó corr-rois cainte a dhéanamh thall is abhus, agus oíche iomlán a chaitheamh ina gcuideachta.
ros headland
" Bíonn grianghraif in *Beo! *gach mí de cheantar Gaeltachta a léiríonn an áilleacht seo; mar shampla, bhí ros Eoin i nGleann Cholm Cille le feiceáil in eagrán mhí Eanáir, 2003.
ros headland
" Is ceantar gránna é, ach bíonn miongháire ar mo bhéal i gcónaí agus mé ag tiomáint thar bráid ar mhótarbhealach an M53 nuair a fheicim an fógra mór "rossmore", agus smaoiním ar a mhacasamhail i nGleann Cholm Cille.
ros headland
" Tá crosa snoite ar dóigh a rinne siad le feiceáil in iarsmalann Historic Scotland.
Oirthear Rois Easter Ross
" Tá an ceann seo sa cheantar a dtugtar Oirthear Rois air, agus téann sí soir trí na cnoic go Caolas Dhornàich.
Ba ghnách le Derek dul go dtí na Rosa Derek used to go to the Rosses
"Ba ghnách le Derek dul go dtí na Rosa i nDún na nGall sna 1960í nuair a bhí sé ag déanamh na hArdteistiméireachta i mBóthar na Cloiche agus bhí deis aige a chuid Gaeilge a cleachtadh agus é ar ais i mBaile Bhailcín.
Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin I also want to congratulate the Roscommon hurlers
" Dochreidte! Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin as a mbuanna i gCorn Nicky Rackard agus i gCraobh Faoi 21 B na hÉireann, agus le foireann Dhoire Faoi 21 a bhuaigh Craobh Uladh agus buanna maithe ar an Dún agus ar Aontroim i gceist.
ag deireadh Ros Muc at the end of Ros Muc
" Bhíomar ag deireadh Ros Muc sular thug mé faoi deara.
go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach that the Government has badly let down the Rossport Five
" Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.