Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag rothaíocht cycling
" Téann sé ag rothaíocht chuile Dhomhnach lena chairde, agus gach samhradh téann sé ar shaoire rothaíochta leis an gcumann *Blazing Saddles *ar mhaithe le hairgead a bhailiú do Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill.
Cumann Lúthchleas agus Rothaíochta na hÉireann National Athletic and Cycling Association of Ireland
" Bhí sé páirteach i gcúrsaí lúthchleasaíochta ach ní sna ghnátheagraíochtaí - bhí sé chun tosaigh i gCumann Lúthchleas agus Rothaíochta na hÉireann.
an rothaíocht, cycling,
" Tá baint ag costas leis seo toisc gurb iad na spóirt indibhidiúlacha is mó atá i gceist mar an snámh, an galf, an rothaíocht, leadóg agus suaitheadh coirp sa ghiomnáisiam.
ar an ngréasán rothaíochta seo on this cycling network
" Chinn mé ar lá a chaitheamh le cara ag taiscéalaíocht an oileáin ar an ngréasán rothaíochta seo agus Nua-Eabhrac a fheiceáil ar shlí nua: ón diallait.
rianta nua rothaíochta new cycle lanes
" Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh! Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair.
ag rothaíocht cycling
" Thug mé cuairt ar an scrín do Rhys Jones nuair a bhí mé amuigh ag rothaíocht le gairid.
timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a more pleasant cycling and walking environment
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
ag rothaíocht cycling
" Dúirt an *Fraulein* liom go dtabharfadh sí scáth fearthainne domh, ach tá scil amháin atá i linn géinte na Síneach nach bhfuil i gceann na nGael: a bheith ag rothaíocht agus scáth fearthainne i do lámh agat ag an am chéanna.
sa rothaíocht. in cycling.
" Ach mo dhála féin, bhí suim aige i siúl sléibhe agus sa rothaíocht.
rothaíocht cycling
" Agus faitíos ar dhaoine roimh shiúl agus roimh rothaíocht mar gheall ar chomh dainséarach is atá na bóithre, téann siad níos mó i dtuilleamaí an chairr.
Ag rothaíocht cycling
rothaíocht cycling
" Ar an droch-uair – ó thaobh na nAstrálach de – dhírigh siad ar chuid de na spóirt a bhfuil an Astráil go maith acu, ar an rothaíocht ach go háirithe.
rothaíocht cycling
" Bheir sé saoire iontach duit, agus diomaite de landáil isteach i bpub nó i rang ar an choláiste agus an t-allas ina rith leat, tá an rothaíocht ar an rud is fearr a thiocfadh leat a dhéanamh duit féin, do dhaoine thart ort agus don timpeallacht.
Rothaíocht cycling
" "Nach tusa a tháinig i bhfad! Sínigh leabhar na gcuairteoirí!" Thograíos gan a rá léi gurbh as Nua-Gheansaí a d'eitlíos! "Rothaíocht sa chathair? An bhfuil tú cinnte nach bhfuil carr agat?" Is ea, lánchinnte.
rothaíocht cycling
" Chanas seo de shíor agus mé ag rothaíocht i gcoinne na gaoithe timpeall na cathrach.
rothaíochta of cycling
" Bhí sé ar intinn agam roinnt rothaíochta a dhéanamh agus mé thiar.
rothaíocht cycle
" Go tobann rith sé liom nár mhiste rothaíocht thairis go dtí Marin County, an leithinis shaibhir atá ceangailte le San Francisco ag an droichead.
rothaíocht cycling
" Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid.
rothaíocht cycling
" Tarlaíonn sé sa rugbaí, san iománaíocht, sa pheil, sa rothaíocht agus mar sin de.
saoire rothaíochta cycling holiday
" Seo an chéad saoire rothaíochta a bheadh againn le chéile.
bealaí rothaíochta cycle paths
" Is féidir a rá gur cathair ghlas í Toronto le siúlóidí, bealaí rothaíochta, páirceanna, agus áiteanna súgartha ar fud an bhaill.
rothaíochta cycling mountains
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
ag rothaíocht liom a bhíos I was cycling along
" An chéad uair, cois Abhainn na Réine sa nGearmáin, ó dheas de chathair Bonn, is ag rothaíocht liom a bhíos le bruach na habhann nuair a chonaic mé leacht.
ag rothaíocht cycle
" Is féidir é a úsáid mar smachtú ceoil seinnteoir do ghutháin, mar áis sláinte is tú ag rith nó ag rothaíocht.
Is féidir rothaíocht one can cycle
" Is féidir rothaíocht ó Oileán Acla go Cathair na Mart ar an mBealach Glas.
ag rothaíocht thar bráid cycling past
" Ba ait liom nach raibh éinne eile a bhí ag siúl nó ag rothaíocht thar bráid ag cur a dhath suime ann.
na rothaíochta of cycling
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
Cuirfear tús leis an rás rothaíochta the cycling race shall start
" Cuirfear tús leis an rás rothaíochta an Giro d'Italia - lá partenza - i mBéal Feirste ar an 9ú Bealtaine i mbliana agus beidh babhtaí ann ar an chósta thuaidh sula rachaidh sé ó Ard Mhacha go Baile Átha Cliath ar an 11ú Bealtaine.
rothaíocht cycling
" An Neamh Seo Chugainn =========== Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin.
rothaíocht cycling
" Molann sé dúinn go léir a bheith níos cúramaí i mbliana i leith an duine eile sin a bhíos ag rothaíocht nó ag siúl.
rothaíochta of cycling
" Leagadh PJ Mac Gabhann dá rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste.
lucht rothaíochta cyclists
" Beidh chuile chathair ag éirí níos báúla feasta lena lucht rothaíochta, cathracha na hÉireann mar a chéile.
rothaíocht cycling
" Tá Brian Ó Broin i ngrá le Cathair San Francisco go fóill agus é ag rothaíocht amach ar Dhroichead an Órgheata an turas seo.