Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bealach éalaithe escape route
" " In ainneoin gur shínigh Trimble an conradh réamhphósta ar Aoine an Chéasta tá sé ag cuartú bealach éalaithe ó shin.
ceithre bhealach chiorclacha four circular routes
" Is éard atá iontu seo ná ceithre bhealach chiorclacha, idir 50 agus 70 ciliméadar an ceann, a théann thart timpeall Ghaeltachtaí Thír Chónaill.
réimse leathan bealaí nua a wide range of new routes
" Dar le Michael O'Leary agus a ghnáth-thaidhleoireacht, thosódh Ryanair réimse leathan bealaí nua ó Bhaile Átha Cliath dá mbeadh áiseanna níos saoire ar fáil acu.
agus bealaí nua brabúsacha a aimsiú and to find profitable new routes
" Tá an méid sin eitleán nua ordaithe ag Ryanair go bhfuil orthu bheith i gcónaí ag tosú bealaí nua, díreach chun úsáid a bhaint as na heitleáin nua seo, ach tá sé ag éirí níos deacra luas an fhoráis a choimeád agus bealaí nua brabúsacha a aimsiú.
bealach route
" Tá tú ag iarraidh iad a mhealladh chun bealach nua a thosú ón mBaile Beag go Londain nó Manchain, chun cabhrú leis an lucht gnó áitiúil, chun turasóirí a thabhairt chun na háite, agus chun freastal ar an diaspóra Éireannach a thagann ar ais go dtí a gceantar dúchais ar a laethanta saoire.
bealaí eagraithe siúlóide organised walking routes
" Táimid in iomaíocht anois le tíortha in oirthear na hEorpa agus tuairiscítear go bhfuil bealaí eagraithe siúlóide den chéad scoth i dtíortha mar an tSlóivéin, an Rómáin, an Pholainn, an Bhulgáir agus an tSlóvaic.
cosáin siúlóide walking routes
" Agus cad atá le tairiscint againne in Éirinn ach sconsaí, sreang deilgneach agus fógraí bagartha? Ní fiú cac an diabhail cosáin siúlóide na hÉireann.
bealach an chomhréitigh a leanúint to follow the compromise route
" Beidh a chuid comhairleoirí ag tathant ar Harper bealach an chomhréitigh a leanúint – ar a laghad go dtí go mbeidh deis aige olltoghchán eile a ghairm agus an móramh sin a lorg amach anseo.
an t-aon bhealach éalaithe the only escape route
" ” Ba é seo an t-aon bhealach éalaithe a bhí fágtha aige.
dá gcuid bealaí is gnóthaí for their busiest routes
" Agus nach cinnte go mbeadh na haerlínte ag lorg eitleán mór nua dá gcuid bealaí is gnóthaí? Bhuel, ní mar a shíltear a bítear.
cúpla dosaen bealach a few dozen routes
" Measann Boeing nach bhfuil ach cúpla dosaen bealach ar domhan a bhfuil go leor paisinéirí orthu chun A380 a líonadh – ó Londain go Nua-Eabhrac, go Tóiceo nó go Singapore, mar shampla – agus go bhfuil eitleáin níos lú oiriúnach do roinnt mhaith de na bealaí eile.
ag iarraidh bealaí nua a chruthú trying to create new routes
" Fuair a lán den ghlúin sin bás ag iarraidh bealaí nua a chruthú.
na bealaí eagraithe siúlóide the organised walking routes
" Ar ndóigh, ní raibh aon imní orainn faoi fhadhbanna rochtana nuair a thosaigh muid ár dturas – tá léarscáil le fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta a bhfuil na bealaí eagraithe siúlóide air agus tá cead fánaíochta sna sléibhte.
ar bhealaí níos giorra, on shorter routes,
" Ach cad faoi chineálacha eile eitleán? Bhuel, ar bhealaí níos giorra, agus gan ardluas chomh tábhachtach céanna, bíonn eitleáin a bhfuil innill turba-liáin acu níos éifeachtaí ná scairdeitleáin.
an t-aerbhealach fadraoin is gnóthaí the busiest long-haul air route
" Mar shampla, is é an tAtlantach Thuaidh an t-aerbhealach fadraoin is gnóthaí ar domhan: téann timpeall 50 milliún duine siar nó aniar gach bliain idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh (na Stáit Aontaithe go háirithe, ar ndóigh).
slí tráchta an-rialaithe a very regulated air route
" Is slí tráchta an-rialaithe é: tá conradh déthaobhach idir na Stáit Aontaithe agus gach tír Eorpach ina léirítear an t-uasmhéid aerlínte nó an t-uasmhéid eitleán nó an t-uasmhéid suíochán a bheidh eatarthu gach bliain.
a bhealaí nua a sheoladh to launch its new routes
" Agus anseo in Éirinn, tá áthas i bpríomhoifig Aer Lingus (cé nach dtiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm go mí an Mhárta 2008, tá cead ag Aer Lingus a bhealaí nua a sheoladh i mbliana) agus cineál de ghéilleadh tuirseach ar bhruach an Sionainne.
a mbealach cumarsáide their communications route
" D’éirigh cúrsaí ní ba mheasa ansin de bhrí go raibh a mbealach cumarsáide gearrtha.
aerbhealach cianaistir. long-haul route
" Cén fáth nach bhfuil níos mó dá leithéid ag trasnú an Atlantaigh, nó ag dul go dtí an Astráil?Bhuel, ní féidir le haerlíne an méid céanna buntáistí a bhaint as samhail ísealchostais ar aerbhealach cianaistir.
Ba mhaith liom pilleadh ar mo phréamhacha. I would like to return to my routes
" AÓF: Cén treo ina bhfeiceann tú do chuid ceoil ag dul as seo amach? An bhfuil aon rud faoi leith ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh an cheoil de? TC: Ba mhaith liom pilleadh ar mo phréamhacha.
bealach éalaithe escape route
" Is gá go mbeadh an toil pholaitiúil ann agus bealach éalaithe a mheasann an dá thaobh a bheith ina bhua dóibh féin.
trí bhealaigh thuaithe, through rural routes
" Téann formhór den tsiúlóid seo trí bhealaigh thuaithe, trí fhoraoisí, fheirmeacha agus bhailte beaga tuaithe, áiteanna ar féidir fíorchultúr na Spáinne a fheiceáil.
ar bhealach atá contúirteach go leor on a route which is very dangerous
" Chuaigh mé síos an cnoc ansin – ceithre chiliméadar ar bhealach atá contúirteach go leor – go dtí baile Roncesvalles.
slí éalaithe escape route
" Caithfidh siad fanacht go dtí go dtiocfaidh siad chuig an gcéad sortie eile, nó ‘slí éalaithe’- nach oiriúnach an téarma é - 50 cileaméadar níos faide ar shiúl agus iad ag iarraidh i rith an ama teagmháil a dhéanamh leis an gendarmerie nationale chun teacht i gcabhair ar an bpáiste.
ar ruaig on route
" Ar tugadh? Tá an dealramh ar an scéal go mb’fhéidir gur tugadh cúpla duine, is gur fógraíodh an leagan scéil seo ar na meáin leis an dream isteach ar ruaig dól a bhailiú a scanradh as a gcleachtas.
slí route
" ” Comharlaítear do dhaoine dul ar mhalairt slí cionn is gur tharla trí sciorradh talún ann le chor a bheith bliain anuas.
lúbshiúlóidí routes
" Cinnte, tá roinnt lúbshiúlóidí forbartha le dornán blianta anuas, ach is beag iad.
Ruaigfear shall be routed
slí route
" ie) gach mí (Dia dhaoibh uilig!) Ach téann an ceangal idir an áit seo agus Éirinn i bhfad siar - nios sia siar ná 1,000 bliain, mar bhí an Ribble ina slí thábhachtach do na Lochlannaigh idir Caer Efrog (‘Eabhrac’ againne) agus Duibhlinn, nó Baile Átha Cliath, mar a raibh bunáit acu ó 841 AD.
ar a bhealach en route
" Agus é ar a bhealach as Tripilí go Caireo ar an 21 Feabhra, 1973 chuaigh an Boeing 727 amú de dheasca stoirm ghainimh.
lean mé féin a lorg I followed his route
" Cuireadh faoi choimeád aonair é ar Ile Saint-Joseph agus lean mé féin a lorg go dtí an t-oileán sin.
Ba chorrach, aimhréiteach an bealach a bhí aige le dul troublesome and toilsome was his route ahead
" Ba chorrach, aimhréiteach an bealach a bhí aige le dul, ach mar sin féin chuaigh sé ar aghaidh.
bealach na fógraíochta a sheachaint to avoid the advertising route
" Tá sé ag éirigh níos deacra i gcónaí bealach na fógraíochta a sheachaint i saol an lae inniu agus is beag áit phoiblí nach mbíonn faoi ionsaí ag fógróirí chomh maith leis na meáin.
líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach the number of unregulated boats caught en route
" Dúnghaois an Doichill ========= Bhí an rialtas i sáinn le linn 2012 nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile agus bhunaigh siad coiste saineolaithe le comhairle a chur orthu.
ruathair faoin routed
" Ó chuir na hairm Mhoslamacha ruathair faoin Impireacht Bhiosántach go dtí na crosáidí agus anuas go dtí an lá inniu, is iomaí braon fola a doirteadh i ngeall ar an chaidreamh theann idir an dá chreideamh.
seachas tír idirthurais rather than an en route country
" Is léir mar sin gur tír cheann scríbe anois é Maracó seachas tír idirthurais, cé nach é an ceann scríbe ab áil le cuid mhaith de na himircigh a fhanann ann.
bealach a roghnú nach mbeadh róbhaolach choose a route which wasn’t too risky
" Mhínigh sé dom nach raibh aon ionad seiceála ar bharr an chnoic a thuilleadh siocair gur séideadh an puball ar shiúl! Thug sé comhairle dúinn, dul síos le mala a luaithe is a thiocfadh linn agus bealach a roghnú nach mbeadh róbhaolach.
Bealach Éalaithe an exit route
" Bealach Éalaithe ======== Ní maith liom an tsáinn ina bhfuil an ASTI agus tá súil agam go mbeifear in ann Bealach Éalaithe a aimsiú sna cainteanna atá ag tiocht aníos idir an ceardchumann agus an tAire, sa gcaoi is go mbeidh deis ag an ASTI deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch atá ar bun acu sna meánscoileanna.
arb í an bealach ba ghaire taistil which was the shortest route to travel
" Agus iad ag fás aníos agus ag teacht in inmhe, ba ghnáth le deartháireacha Uí Chathasaigh a bheith ag dreapadh an tsléibhe in aice leis an mbothán inar tógadh iad nó ag rámhaíocht ar Abhainn na Snaidhme arb í an bealach ba ghaire taistil a bhí acu idir an baile, Bealach, agus An tSnaidhm, an baile ba ghaire dóibh.
de na ballaí ar bhealach of the walls on the route
" Mhol Anna Lo, Comhalta den Tionól Reachtach arb as Hong Kong ó dhúchas di, go mbainfí bratacha agus múrphictiúir a léirigh paraimíleataigh, idir dhílseacha agus phoblachtacha, de na ballaí ar bhealach an Giro.
chun an ruaig a chur ar an mionlach to route the minority
" Iamhchríoch Chultúir nó Iamhchríoch Báine? ========================= Ach céard atá i gceist leis an bplean seo? An cosaint chultúrtha é, mar atá á rá ag an PQ, ar son na luachanna uathacha a fhaightear sa chúige, nó an uirlis chiníochais é a chuirfí i bhfeidhm chun an ruaig a chur ar an mionlach a roghnaíonn an Béarla a labhairt seachas an Fhraincís - na Giúdaigh, na Moslamaigh agus na Sícigh ach go háirithe? Chun beagán de chúlra a thabhairt don scéal seo, ba shochaí faoi ordóg na hEaglaise Caitlicí í Québec go dtí deireadh na seascaidí.
Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh a politician is free to chose any route he may wish
" Tá saoirse ag polaiteoir a rogha bealaigh a ghlacadh os comhair na Dála dar le Muiris Ó Meara agus ná cuirimis dallamullóg orainn féin i dtaobh srian aon pháirtí ar thoil aon Teachta Dála.
go n-aimseofar bealach éalaithe do an escape route may be found for
" Tar éis don ASTI vótáil in aghaidh glacadh le socrú Bhóthair Haddington, ceapann Donncha Ó hÉallaithe go n-aimseofar bealach éalaithe do na meánmhúinteoirí le deis a thabhairt dóibh tíocht as an tsáinn ina bhfuil siad.