Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Rubha Robhanais Butt of Lewis
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.