Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
reathaí runner
" (Fuair Colm amach le déanaí gur ghlac seanuncail leis, Denis Cousin, páirt sna Cluichí Oilimpeacha i 1928 mar reathaí agus gur bhain sé amach craobh an domhain sa rás 100 slat ar féar an bhliain roimhe sin.
an reathaí is sciobtha san Eoraip the fastest runner in Europe
" Sa Bhreatain rinne an reathaí is sciobtha san Eoraip, Dwain Chambers, tástáil dhearfa i dtaca le THG agus tá an t-imreoir sacair Rio Ferdinand i dtrioblóid ar an ábhar nach raibh sé ar fáil nuair a tháinig na hoifigigh thástála ar cuairt.
reathaithe na hAetóipe Ethiopian runners
" Nuair a fheiceann tú reathaithe na hAetóipe, cuir i gcás, ag rith l0,000 méadar gan stró ar bith tuigeann tú nach mbeadh seans ag Éireannach ina gcoinne dá fheabhas é.
seanbhróga reatha old runners
" Is fear óg réchúiseach é Daniel, agus éide an mhic léinn á caitheamh aige: T-léine dhearg, bríste bánbhuí agus seanbhróga reatha.
réamhtheachtaí an rialtóra reatha the fore-runner of the current regulator
" Rinne an t-acht seo socrú chun comhlacht a bhunú a dhíscaoilfeadh Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide (réamhtheachtaí an rialtóra reatha).
neasóirí runners-up
" Seo a leanas mórshonraí an chomórtais roimh 2006: An Bhrasaíl: buaiteoirí i 1958, 1962, 1970, 1994, 2002; neasóirí i 1950 agus 1998; an tríú háit i 1938 agus 1978 An Iodáil: buaiteoirí i 1934, 1938 agus 1982; neasóirí i 1970 agus 1994; an 3ú háit i 1990 An Ghearmáin: buaiteoirí i 1954, 1974 agus 1990; neasóirí i 1966, 1982, 1986, 2002; an 3ú háit i 1934 agus 1970 Uragua: buaiteoirí i 1930 agus 1950 An Airgintín: buaiteoirí i 1978 agus 1986; neasóirí i 1930 agus 1990 Sasana: buaiteoirí i 1966 An Fhrainc: buaiteoirí i 1998 Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil grúpa beag tíortha (an Bhrasaíl, an Iodáil, an Ghearmáin agus an Airgintín) go mór chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan.
reathairí sealaíochta relay runners
" Sruth leanúnach de na páipéir chéanna á dtabhairt ag reathairí sealaíochta chuig “an gCeann Tallaí”, ard-draoi na bhfigiúirí, suite lena *acolytes* os comhair altóir na teicneolaíochta.
Reathaí runner
" Reathaí maratóin ab ea é fosta, agus níor glac sé ach 3 uaire 15 bomaite ann.
reathaithe runners, sneakers
" org/wiki/Fr%C3%B3%C3%B0i) Mé féin agus mo mháthair a rinne an turas, seanphéire reathaithe (sa dóigh is nach ngearrfaí na cosa dínn) agus bríste gairid orainn sa dóigh is go dtiocfadh linn treabhadh tríd an uisce agus na crústaigh a scríobadh de ghrinneall na farraige agus amach as íochtar carraigeacha.
reatha runners
" Ár ndóigh, bhí seantaithí aige le siúl agus brógaí cearta air, rud nach raibh fíor faoin chuid is mó den dream óg a chonaic mé ag sleamhnú thart ar na cosáin le brógaí reatha orthu féin.
neasóirí runners up
" Lena chois sin, cé go raibh an dara seans ag neasóirí na gcomórtas cúige, An Lú, Muineacháin, Luimneach agus Sligeach, b’éigean dóibh imirt arís go luath (fiú taobh istigh de sé lá) i ndiaidh dóibh a bheith buailte i gcluiche ceannais an chúige agus ní hiontas ar bith é agus iad fós faoi dhíomá agus faoi thuirse gur buaileadh iad sna cluichí cáilithe sin.
reathaí runner
" Bhuaigh mé ar an reathaí cáiliúil Frank O Meara sa rás sin.
Reathairí mí-oiriúnacha silly runners
" Reathairí mí-oiriúnacha, treabhsair gan chruth agus léine páircíneach á chaitheamh aige.
lucht reatha runners
" Ansin, suas trí bhaile Brest linn, agus shín an Redadeg amach ar aghaidh ó thuaidh… I measc lucht reatha ar an lá, bhí Tangi an Ostiz, múinteoir spóirt i Skolaj Diwan Penn ar Bed (= Ceann (tíre) an Bheatha), atá ar tí scata scoláirí a thabhairt go hÉirinn ar turas peil ghaelach ar feadh seachtaine i mí an Mheithimh.
reathaithe ar an mbealach isteach runners on the way in
" Bhí na reathaithe ar an mbealach isteach go Cathair na Gaillimhe, agus é i gceist acu críochnú ansin, tar éis dóibh an tír a thrasnú.
reathaithe runners
" Tá sé íorónta, mar sin, go raibh rún faoi chaibidil sa Pharlaimint náisiúnta ag gabháil leithscéal iarbháis le duine de na reathaithe Astrálacha ba rathúla riamh sna Cluichí Oilimpeacha an mhí chéanna, mí Lúnasa, inar reáchtáladh na mórshiúlta i mbliana le fáilte abhaile a fhearadh roimh na lúthchleasaithe ag filleadh ó na cluichí i Londain.
lucht an reatha (and runners)
" Bhí lucht coisíochta go tiubh amuigh dar ndóigh idir lucht an tsiúil, lucht an tsodair agus lucht an reatha.
bróga reatha maithe good runners
" Chaith mé an drogall ar leataobh, cheannaíos éadaí agus bróga reatha maithe, chuas ar aiste bia, agus chloígh mé le cleachtadh rialta do mharatón.
reathaithe craiceáilte crazy runners
" Daoine ar na sráideanna anois ina bpitseámaí, tagtha amach chun na reathaithe craiceáilte a fheiceáil.
ach crainnte agus reathaithe just trees and runners
" Nach iontach a bheith beo! Páirc an Fhionnuisce anois, gan ar feadh d’amhairc ach crainnte agus reathaithe.