Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trí Shéadchomhartha Náisiúnta through a National Monument
" Chuir an Chúirt Uachtarach stop leis an tógáil arís tar éis na Nollag, ag rá nach féidir leis an Aire bóthar a fhógairt trí Shéadchomhartha Náisiúnta a bhfuil a aireacht féin freagrach as.
séadchomhartha monument
" In aice leis an tslí isteach san ionad tá séadchomhartha ann do "*Dandy*" Patrick Byrne, a fuair bás in 1890.
taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla artistic treasures and historical monuments
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
ceann de mhór-shéadchomharthaí seandálaíochta na hÉireann one of Ireland's great archaeological monuments
" Ach fiú má chuirtear stop an babhta seo leis na hinnill tochailte talamh spioradálta Teamhrach a réabadh, is féidir a bheith measartha cinnte, muna n-athraítear an córas tástála seandálaíochta, nach fada uainn an lá go scriosfar i gceart ceann de mhór-shéadchomharthaí seandálaíochta na hÉireann.
Séadchomhartha suimiúil an interesting monument
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
Séadchomhartha náisiúnta National monument
" Séadchomhartha náisiúnta Lios na gCat is ea an Cillín úd agus deirtear linn go mbíodh Naomh Pádraig na nÉireannach ag lorg comhairle ó Naomh *Cait*ríona sa tseanaimsir.
shéadchomhartha monument
" I 1991 rinne sé tanc sóivéideach, a bhí ina shéadchomhartha i lár Prág, a phéinteail bándearg agus gabhadh é ar feadh tamaill mar gheall air seo.
shéadchomharthaí monuments
" Déantar an dochar céanna do láithreacha stairiúla is do shéadchomharthaí Moslamacha agus tá seilbh glactha ag na húdaráis ar roinnt reiligí.
séadchomharthaí monuments
" Díol suntais ar leith scannánaíocht álainn Morrison ar na séadchomharthaí agus ar an timpeallacht álainn ina bhfuil siad.
séadchomharthaí suntais important monuments
" Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
séadchomharthaí an tuaiscirt northern artifacts
" 
Mhaígh aontachtaithe go raibh difir idir séadchomharthaí an tuaiscirt agus séadchomharthaí an deiscirt agus scríobh beirt staraithe críochdheighilteacha, E Estyn Evans agus Oliver Davies, ó tharla an cineál céanna ulacha a bheith in Albain gur ón Bhreatain anoir a tháinig siad.
an ceann ón séadchomhartha the one from the monument
" Thug mé faoi deara an méid breochloiche a bhí le feiceáil i Norfolk- baineadh feidhm as roinnt mar mhaisiúchán ar bhallaí eaglaisí agus bhí cnapáin mhóra ina luí thart san ollscoil a chuir an ceann ón séadchomhartha, Cnóbha sa Mhí, i gcuimhne dom.
shéadchomharthaí na Veinéise the monuments in Venice
" Is cosúil gur díoladh áilleacht roinnt de shéadchomharthaí na Veinéise d’fhonn cúpla pingin a dhéanamh.