Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
soilse séimhe gentle lights
" Lasann soilse séimhe an seomra, agus ólann sé ón gcupán tae taobh leis.
séimhe gentle
" Locha móra séimhe, sléibhte clúdaithe in oráiste, buí agus dearg dóite, agus seo ar fad ina luí faoi spéir mhór ghorm.
macallaí séimhe séisbhinne smooth melodious echoes
" Chuir sé a lámha i gciorcal thart ar a bhéal agus lig sé amach sraith nótaí áille, a rinne macallaí séimhe séisbhinne ar fud an chruinneacháin.
ní ba shéimhe, ní ba chiúine, gentler, quieter,
" Bhrúigh Balor an Biatach Blonagach a bhealach fríd na sluaite, bhailigh sé cúig bhairille pórtair leis ón bheár, agus ar aghaidh leis amach go dtí forhalla an óstáin, áit a raibh rudaí ní ba shéimhe, ní ba chiúine, ní ba chosúla leis an seanam, agus áit a raibh cuid mhór de sheanchairde Bhaloir cruinnithe le bheith ag ól agus ag ceol go maidin.
séimhe pleasant
" Suas, síos, timpeall agus timpeall ar dhroimníní séimhe Shasana.
ba shéimhe was more refined
" Thug William Oddie, iareagarthóir *The Catholic Herald, “a religious scorched earth policy”* ar smaoineamh Robinson ach ba shéimhe an Cairdinéal Sean Brady a dúirt gur chuir moladh Robinson díomá air.
shéimhe finesse
" ” Déan Dearmad de Straitéis na Dea-Teangan ==================== Agus le linn do na mílte d’fhíréin na hÉireann a raibh súile acu le hamharc leo agus a raibh cluasa acu le héisteacht leo a bheith ag ithe agus ag ól le Dinnius Mac Ginlicus, sheas Dinnius suas agus labhair i nguth a bhí lán d’fhearg agus de shéimhe, lán de mhórtas agus d’umhlaíocht, agus dúirt: “Anois go bhfuil rás an Árais rite agus rás an Uachtaráin rite, is ceart agus is cóir dúinn aire mhuintir bhocht chráite bhuartha na hÉireann a dhíriú ar rudaí níos tábhachtaí agus níos mórchúisí, mar atá staid na Gaeilge sa tír seo.
suantraithe séimhe pleasant lullabies
" Tá na hamhráin mhóra anseo mar ‘An Draighneán Donn’ agus ‘Róisín Dubh’, chomh maith le suantraithe séimhe.
Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách a tranquil and pleasant expression on everyone
" Séimhe agus Dea-Ghnaoi ar Chách =============== Tar éis chaitheamh an dinnéir mhóir (de dhlúth agus d'inneach chultúr na Spáinne la cena) agus tar éis bhronnadh na gcorn agus thabhairt na n-aitheasc fadálach (nós thar a bheith Éireannach) a lean iad, thug lucht na peile aghaidh ar thrá Orzan, mar a raibh an chraic is an spraoi is lasracha na dtinte cnámh.
atá níos séimhe ná mé féin who is more placid than I am
" ) Fear díobh seo, bhí sé ag labhairt le Polannach sa tsráid tamall ó shin, i bPolannais, nuair a spalp Éireannach mná chucu “*why don’t you go back to your own country?*”! Is duine é an fear a bhfuil mé ag trácht air, atá níos séimhe ná mé féin, measaim, agus níor chuimhnigh sé ar aon ní maslach a ropadh ar ais chuici lom láithreach.
daoine séimhe múinte quiet mannerly people
" Chonaic mé iad ag an mbigil i mí an Mheithimh, daoine séimhe múinte a bhfuil suim acu i gcúrsaí cearta daonna.
focail shéimhe, gentle words
" Is mór do dhaoine na nithe beaga a thugann misneach dóibh – na focail shéimhe, na dreacha spreagúla.