Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur shíolraigh an pheil Astrálach that Australian football originated from
" Tá roinnt mhaith daoine ann a cheapann gur shíolraigh an pheil Astrálach ón bpeil Ghaelach - nó gur col ceathracha iad ar a laghad.
a shíolraigh which sprang from
" Samhlaíodh cineál áirithe Sasanachais le saothar The Smiths ó thus, féiniúlacht a shíolraigh ó shaoldearcadh lucht oibre thuaisceart na tíre sin.
shíolraigh descended
" Is cosúil gur ón sloinne Ó Tuathail a shíolraigh sinsear mo mhná, ach ag tráth éigin aistríodh an sloinne, nó traslitríodh ba cheart a rá, an sloinne go Béarla, mar a rinneadh le formhór na sloinnte.
shíolraigh descended
" Is i Meiriceá Theas ar ndóigh, idir an Airgintín agus an Bhrasaíl, atá Paragua agus cé go bhfuil Afra-Pharaguaigh in áiteanna éagsúla sa tír, ní ó sclábhaithe Pharagua a shíolraigh muintir Chambacuá, murab ionann is Afra-Pharaguaigh eile.
shíolraigh ó Ádhaimh descended from Adam
" Ba pheacach é gach duine a shíolraigh ó Ádhaimh, dar le Luther, agus bhí an pósadh ann mar bhealach éaluithe ón pheaca.
shíolraigh a chuid carthanacht dleathach his legal altruism arose from
" D’fhéadfaí a mhaíomh gur shíolraigh a chuid carthanacht dleathach as na tubaistí sin - gur leanbh de chuid na himeagla nó gur táirge den ár í - agus má shíolraigh, an léiríonn a chuid breithiúnais gur rud múnlaithe, deartha fiú an charthanacht sin? Rinne Wilde tagairt do ‘chneácha an ghráidh’ i De Profundis.
aithne a shíolraigh ó cheann de an acquaintance which arose from one of
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
a shíolraigh as an ithir chéanna cois Laoi which grew from seed in the same soil by the Lee
" Is trua nach bhfuair an claonbholscaire sin an deis oíche a chaitheamh i gcuideachta le Corcadorca, an chomhlacht aisteoireachta agus amharclannaíochta iontach a shíolraigh as an ithir chéanna cois Laoi i 1991.
go tras-síolrach le in a manner of cross fertilization
" Ach, athrú poirt a bhíonn ann le linn *Poorhouse*, oíche speisialta ina dtagann cultúr traidisiúnta na hÉireann agus na Gaeilge i réim, agus go gcrochtar suas an cultúr seo go tras-síolrach le cultúr na homaighnéasachta.
a shíolraigh ón meánaicme who came from the middle class(es)
" Ba ghráin léi na sóisialaithe a shíolraigh ón meánaicme bourgeois, daoine cosúil le Denis Healey, Tony Benn agus Roy Jenkins.
shíolraigh fadhbanna ilghnéitheacha as various problems arose from
" Ba léir dó gur shíolraigh fadhbanna ilghnéitheacha as meath na Gaeilge sa 19ú aois déag, meath a mhúin nósanna míshláintiúla don tsochaí.
ba as sin a shíolraigh it was from that ... was grown
" Sa bhliain 1934 a cuireadh an 'Purser-Griffiths Certificate in the History of Painting' ar bun agus ba as sin a shíolraigh an chéad dá roinn ollscoile in Éirinn a raibh an Ealaín agus Stair na hEalaíne ach go háirithe mar chúram orthu.