Pota Focal Intergaelic
íon | scíon | scon | sín | son
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shíon stormy weather
" Ó thuaidh, radharcanna aoibhne ó Chnoc Fola; na portaigh, glas le féar is donn le móin; tránna fairsinge ciúine agus céanna beaga seascair ag amharc amach ar na hoileáin, Gabhla, Inis Meáin, Inis Oirthir agus Inis Sionnaigh atá mar a bheadh slabhra ag cosaint na mórthíre ar stoirmeacha agus ar shíon an Atlantaigh.
chun na Síne to China
" com thar lear? Agus an mbeidh sé á úsáid ar a chéad turas eile chun na Síne? "Úsáidim é, gan mórán stró.
oifig staidrimh na Síne China's statistics office
" D’fhógair oifig staidrimh na Síne an mhí seo go mba cheart don tír sin éirí as an méid sin dá cúlchiste a bheith aici i ndollair.
de phríomhchathracha na Síne, of the main cities of China
" Tá íomhánna de phríomhchathracha na Síne, a bhíonn dubh le rothair de shíor, feicthe ag beagnach gach duine.
Ach ní gá dul chun na Síne but there is no need to go to China
" Ach ní gá dul chun na Síne lena leithéid a fheiceáil.
ag déanamh tinnis do Rialtas na Síne getting on top of the Chinese Government, ie creating difficulties
" I dteannta na dTibéadach, tá daoine eile ag déanamh tinnis do Rialtas na Síne faoi láthair.
Aois na Síne the Chinese Era
"Aois na Síne Deirtear gur leis an Bhreatain an 19ú céad, gur le Meiriceá an 20ú céad ach gur leis an tSín an 21ú céad? Óna thaithí sa tSín, mar a raibh sé ar feadh cúig bliana, an aontaíonn O'Clery leis an dearcadh sin? “Sílim go bhfuil cuid den fhírinne ansin,” ar sé.
dTaochas na Síne Chinese Taoism
" Tá an choimhlint seo i gcroílár cuid mhaith creideamh ar fud an domhain: an streachailt idir yin agus yan i dTaochas na Síne, idir Séat agus Osiris na sean-Éigipte, idir fhorsaí diaga agus lucht an tsaoil seo sa tsean-Ghréig, agus idir an Mhaith agus an t-Olc i mBíobla na Críostaíochta.
bhunadh na Síne Chinese people
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
Síne China
" Tarraingíodh aird na meán idirnáisiúnta ar Uígir na Síne le déanaí nuair a bhris ráig fornirt amach in Urumqi, príomhchathair an réigiúin Xinjiang, tráthnóna 5 Iúil.
na Síne of China
" Tá balla mór na Síne ann, balla Hadrian, balla Antonine, bhíodh balla clúiteach i mBeirlín agus tá an-chonspóid ar siúl faoi láthair faoi na ballaí atá na hIosraelaigh á dtógáil ar an Bhruach Thiar.
eolaithe na Síne Chinese scientists
" D’fhoilsigh eolaithe na Síne 120,000 alt, ardú millteanach ón 20,000 a bhíodh á bhfoilsiú acu deich mbliana ó shin.
ainneoin síon despite stormy weather
" Dhá lá dár gcionn bhí 20,000 múinteoirí ar shráideanna Mhadison, agus dhá lá ina dhiaidh sin bhí 70,000, ainneoin síon agus sneachta.
údaráis na Síne the Chinese authorities
" D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach.
ndomhan nua-aimseartha seo na Síne this modern China
" I ndomhan nua-aimseartha seo na Síne tá tú ábalta dul ar obair in áiteanna eile ach bíonn sé an-chasta do chearta sibhialta a bhaint amach ina n-iomláine.
muintir na Síne the Chinese people
" “Ní bheidh mórán de theacht isteach againn ón mhuirear sin!” Murar Mhiste ===== Ar na buntáistí is mó atá ag an tír i láthair na huaire, seachas muintir na Síne a bheith mar dhlúthchairde againn, tá na hacmhainní nádúrtha is fearr san Eoraip.
fé bhorradh as cuimse na Síne the massive Chinese growth
" Gach uair a labhraíonn Ferguson fé fhréamhacha ár “sibhialtacht domhanda” nó fés na *“killer applications”* dar thug an lámh in uachtar don Iarthar nó fé bhorradh as cuimse na Síne, is maith is cuimhin liom an t-alt sin in aiste Nietzsche nuair a mhaíonn: *“What is history then other than the way in which the spirit of man takes in the events which are impenetrable to him, something in which only God knows whether there is a relationship holding it together, in which that spirit replaces an incomprehensible thing with something comprehensible, from the outside underwrites with his ideas of purposefulness a totality which really can be known only from within, and also assumes chance events, where a thousand small causes were at work.
ar nósanna na Síne of Chinese customs
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
chuir údarás na Síne cosc láithreach ar the Chinese authorities immediately banned
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
turas na Síne a trip to China
" “Déan do dhícheall léi,” arsa mise, “faraor nach mbeadh Gaeilgeoirí na hÉireann chomh pointeáilte leat!” “Seans go mbeidh muid ag déanamh turas na Síne aríst an bhliain seo chugainn,” ar sé.
ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne thieving throughout the Chinese computer system
" Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu! B'fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d'fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.
i gcomórtas le daonra na Síne compared to the Chinese population
" Maíonn an cumann freisin go raibh níos mó daoine i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar lá cluichí Ceannais na hÉireann 2013 agus a craoladh beo ar TG4 ná mar a bhí i láthair ag aon imeacht spórt ban eile in áit ar bith ar domhan an lá áirithe sin rud atá deacair a thuiscint ná a mhíniú nuair a chuimhníonn duine ar cé chomh beag is atá daonra na hÉireann i gcomórtas le daonra na Síne nó na hIndia cuir i gcás.
chun na Síne to China
" Thug sé chun na Síne é agus tháinig sé ar ais agus dúirt sé, “táimid i ndiaidh leabhar Bridget a dhíol”.
faoi shíon is faoi fhearthain in wind and rain
" Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh.