Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
súil ghéar shap eye
" Tagann Síle chun a súil ghéar a choinneáil orainn.
súil ghéar a close eye
" Chuadar ar stailc ag tús na bliana agus beidh chuile dhuine ag coinneáil súil ghéar orthu mar gheall air sin, féachaint a mbeidh siad níos fearr ná mar a bhí siad anuraidh nuair ba léir nach raibh cúrsaí ar fónamh sa champa.
súil ghéar a close eye
" Níl deireadh leis an scéal fós ná baol air, ach is léir cheana féin gur chóir súil ghéar a choinneáil ar chuid de na daoine atá i mbun gnó san Astráil agus go bhfuil gá ag cuid acu le tuiscint bhunúsach ar chúrsaí eitice.
ag coinneáil súil ghéar orainn keeping a close eye on us
" Ba léir go raibh na póilíní ag coinneáil súil ghéar orainn agus chuir sin isteach ar an atmaisféar meidhreach a bhí ann agus daoine ag ceiliúradh ár lá náisiúnta.
ag coinneáil súil ghéar keeping a close eye
" Is cinnte go mbeidh lucht gailf na hÉireann – agus pobal na hÉireann i gcoitinne, go deimhin – ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn Phádraig in 2008 agus ag dréim go mbuafaidh sé ceann eile de na mórchomórtais ghailf arís i mbliana.
le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí so that a close eye is kept on things
" Tá maoirseacht de dhíth le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí agus le go rachfar i mbun gnímh chomh luath agus a dhéantar gearáin.
súil ghéar a sharp eye
" Cé go bhfuil na toghcháin seo dírithe ar reachtáil contaetha agus eile, bíonn súil ghéar á coinneáil orthu ó thaobh dul chun cinn na bpáirtithe polaitíochta agus ar chomh maith agus a éiríonn lena gcuid iarrthóirí.
súil ghéar a sharp watch
" Chreid an Inuit, cuirim i gcás, go raibh sealgaire darb ainm Tarqeq ina chónaí ar an ghealach agus gur choinnigh sé súil ghéar ar an chine dhaonna agus ar a gcuid míghníomhartha.
tsúil ghéar sharp eye
" Stiúrthóir: **Risteard Ó Domhnaill** Léiritheoir: **Rachel Lysaght** Eagarthóirí: **Nigel O’Regan agus Stephen O’Connell** Cliar: **Pat (The Chief) O’Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir** Fad: 60 nóiméad Mar iareagarthóir físe, deirimse leat nach in éad le Nigel O Regan a bhí mé nuair a chuala mé an líon uaireanta an chloig de bhuntéip a leagadh os a chomhair; 400 céad! Tá ardmheas tuillte aige as an tsúil ghéar agus as an máistreacht theicniúil atá léirithe aige sa scannán An Píopa.
má chaitheann tú súil ghéar ar if you look sharply at
" Bíonn mo chuid Gaeilge ceart go leor is mé ag caint ach má chaitheann tú súil ghéar ar an chomhréir - an structúr - tá sé go holc! Arís, tá na deacrachtaí sin agam de bharr nach raibh mé tumtha sa teanga.
súil ghéar a leagan ar to take a critical look at
" Múinteoireacht Mheasartha ============= An chéad chéim ná súil ghéar a leagan ar chúrsaí múineadh na Gaeilge i Meiriceá, agus rinneadh sin in Ollscoil Notre Dame anuraidh nuair a eagraíodh comhdháil faoi mhúineadh na Gaeilge faoi scáth Fhoras Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach san Ollscoil sin.
Bhí orainn súil ghéar a choinneáil we had to keep a sharp eye
" Bhí orainn súil ghéar a choinneáil ar an gcairt mhara le linn an turais go hÍ, mar go bhfuil an cósta sách salach ar an dtaobh ó dheas de Eilean Muile: go leor carraigeacha le seachaint.
súil ghéar a choinneáil ar keep a close eye on
" Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.
a dhíríonn súil ghéar ar intinn lucht an airgid which looks intently at the rich (and the powerful)
" Feictear seo go soiléir i saothar Jeremy Deller i bpailliún na Ríochta Aontaithe, mar shampla, a dhíríonn súil ghéar ar intinn lucht an airgid agus na cumhachta sa phictiúr aige.
ag coinneáil súil ghéar orthu keeping a close eye on them
" Tá neart saineolaithe is múinteoirí ann cheana agus tá Google ag coinneáil súil ghéar orthu agus ar chaighdeán a gcuid oibre.
an tsúil ghéar a sharp eye
" Is léir go raibh an tsúil ghéar ag Balenciaga agus go raibh an-chumas ann i leith éadaí ban ar shlí a bhí tarraingteach agus álainn, slí a léirigh áilleacht agus meanma áirithe an duine sin.