Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saghsanna ceoil types of music
" AÓF: An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm? OMD: Tá mé breá sásta a bheith ag déanamh mo dhíchill an fhidil a fhoghlaim i gceart! Gan dabht tá uirlisí iontacha eile ann, ach is fearr liom a bheith i mo shuí ar mo shuaimhneas ag éisteacht le ceoltóirí eile á seinnt! AÓF: An seinneann tú nó an gcanann tú in aon stíl cheoil eile seachas ceol traidisiúnta na hÉireann? Céard iad na saghsanna ceoil agus amhránaíochta a thaitníonn leat? OMD: I láthair na huaire ní sheinnim ach ceol traidisiúnta na hÉireann amháin, ach nuair a bhí mé ag déanamh céime sa cheol i gColáiste na Tríonóide cúpla bliain ó shin bhí mé ag seinnt ceol clasaiceach ar an bpianó.
a lán saghsanna éan many types of birds
" Tá an-chlú ar Chléire mar áit inar féidir a lán saghsanna éan a fheiceáil agus is féidir eolas a fháil sa Réadlann, nó cúrsaí a dhéanamh leis an mhaor cónaithe, a bhfuil ainm an-fhóirsteanach air, Steve Wing.
an saghas loighce the type of logic
" Seo an saghas loighce a mbeifeá ag súil léi ón Uasal Ahern.
chomhréiteach de shaghas éigin a compromise of some kind
" Anois cheapfá, nó cheapfainnse ar aon nós, go bhféadfadh daoine atá chomh saibhir agus cumhachtach is atá na fir atá páirteach sa chonspóid spóirt seo teacht ar chomhréiteach de shaghas éigin eatarthu agus leanacht ar aghaidh ag déanamh an rud a bhfuil siad go maith chuige, is é sin ag déanamh níos mó.
gach saghas trealaimh all sorts of equipment
" Bhunaigh Thomas Grubb an comhlacht chun gach saghas trealaimh a dhéanamh agus de réir a chéile thosaigh sé ag cur spéise i gcúrsaí réalteolaíochta.
mí-iompar d'aon saghas a chur ina leith to accuse him of any sort of misbehaviour
" Caithfidh an duine fásta bheith an-chúramach go deo nach bhféadfadh tuismitheoir nó éinne eile mí-iompar d'aon saghas a chur ina leith.
cúiteamh de shaghas éicint compensation of some sort
" In 2001 bhí scéim ag aire rialtais a d'íocfadh an t-airgead chomh maith le hús agus cúiteamh de shaghas éicint.
ornáidíocht de shaghsanna eile other types of ornamenation
" Tá fuaimeanna áirid a ligeann duit tríréidí a chur isteach sa tiún nó ornáidíocht de shaghsanna eile.
pionós de shaghas eicínt some sort of penalty
" Is rí-chiniciúil an chaoi a gcaitheann an Rialtas le daoine dífhostaithe, ag cur in iúl dúinn gur leisceoirí iad uilig go léir ar chóir pionós de shaghas eicínt a ghearradh orthu.
go rabhas beag beann ar an saghas sin faisin that I didn't care about that kind of fashion
" D’fhéadfainn suim a chur iontu nó gan bacaint leo, ach ba thábhachtaí go mór liom a léiriú go rabhas beag beann ar an saghas sin faisin.
saghas nua traenach leictrí a new type of electric train
" Tá siad ag cur chun cinn saghas nua traenach leictrí, traein Maglev (*Magnetic Levitation* nó ardú adhmainteach) a “eitlíonn” 1 cm os cionn an riain, ardaithe ar adhmaintí agus gan rothaí, nó fiú ráillí, na rudaí a chuireann moill ar ghnáth-thraein.
saghas nua traenach leictrí a new type of electric train
" Tá siad ag cur chun cinn saghas nua traenach leictrí, traein Maglev (*Magnetic Levitation* nó ardú adhmainteach) a “eitlíonn” 1 cm os cionn an riain, ardaithe ar adhmaintí agus gan rothaí, nó fiú ráillí, na rudaí a chuireann moill ar ghnáth-thraein.
cén saghas feithiclí a thiomáinfear orthu what kind of vehicles will be driven on them
" ” Sna blianta atá romhainn, ní hamháin in Éirinn ach i ngach áit, beidh orainn smaoineamh faoi conas a úsaidfear na bóithre sin, agus faoi cén saghas feithiclí a thiomáinfear orthu.
roinnt saghsanna curaí several types of currach
"roinnt saghsanna curaí le fáil thart ar chósta na hÉireann, agus is naomhóg Chiarraíoch í an Colmcille.
mar shaghas teiripe báis as a sort of death therapy
" Cúpla mí tar éis dom m’fhear céile a chailleadh i bhfómhar na bliana 2001, thosaigh mé a fhoghlaim na feadóige stáin ag Siamsa i Montreal mar shaghas teiripe báis.
shaghsanna éagsúla different types
" AÓF: Tá meascán de shaghsanna éagsúla ceoil agus amhránaíochta air.
gach saghas gléas leictreonach every type of electronic apparatus
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
gach saghas gléas leictreonach every type of electronic apparatus
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
saghas síntiúis leictreonaigh a kind of electronic subscription
" Toisc gur féidir le daoine saghas síntiúis leictreonaigh a chur i bhfeidhm le blag, ag úsáid teicneolaíochta mar phodchraoladh, ní gá do chomhlacht nuachtlitir i bhfoirm ríomhphoist a sheoladh amach chun aird daoine a fháil.
saghas síntiúis leictreonaigh a kind of electronic subscription
" Toisc gur féidir le daoine saghas síntiúis leictreonaigh a chur i bhfeidhm le blag, ag úsáid teicneolaíochta mar phodchraoladh, ní gá do chomhlacht nuachtlitir i bhfoirm ríomhphoist a sheoladh amach chun aird daoine a fháil.
aon saghas leadráin any kind of boredom
" Ní bheidh aon saghas leadráin ag baint leis.
saghas mearbhaill kind of confusion
" Ní bhraitheann tú tuirseach ach, ag an am céanna, bíonn saghas mearbhaill ort an t-am ar fad.
saghas nua gineadóra cumhachta toinne an new kind of wavepower generator
"saghas nua gineadóra cumhachta toinne, ar a dtugtar Wavebob, ceaptha ag fisiceoir Éireannach.
ar chuile shaghas nuaíochta on every kind of new thing
" Ná deinimis dearmad go raibh láithreacht thuarach Dev (cad déarfadh “an fear fada?”) ag oibriú mar choscán neamhráite ar chuile shaghas nuaíochta, ar chuile shórt dul sa tseans.
muinín de shaghas confidence of a kind
" Níl aon dabht ach go dtugann airgead muinín de shaghas do dhuine, ach imíonn an mhuinín chéanna chomh luath is a imíonn an t-airgead.
an saghas seo spéise this kind of interest
" Ní chuirfeadh an saghas seo spéise i mic léinn ionadh orm dá mba léachtóir óg glas a bhí i gceist agus é ag iarraidh aird a tharraingt air féin agus dul chun cinn a dhéanamh sa saol acadúil.
an uile shaghas turasóra a mhealladh to attract all kinds of tourists
" Cinnte is lárionad don phobal i gcoitinne a bheidh i gceist agus beidh muid ag déanamh gach iarrachta ar an uile shaghas turasóra a mhealladh chomh maith leis na mic léinn.
eolas de shaghas éicint some kind of knowledge
" Faoi láthair tá daoine in ainm is eolas de shaghas éicint a bheith acu ar an mBéarla ach ní chuirtear ach cúpla ceist fhánach orthu ar nós “Cén fhad san Astráil tú?” nó “Cé mhéad páiste atá agat?” agus ní cosúil go ndéanann sé mórán difríochta an bhfuil siad in ann iad a fhreagairt nó nach bhfuil.
doiciméid de gach saghas all types of documents
" Ach an coiscéim mhór chun tosaigh atá sna bogearraí nua seo nó an bhfuil siad á n-athrú ar mhaithe le margaíocht agus poiblíocht?Cé go gcuireann an clár ríomhaireachta Microsoft Word as do dhaoine ó am go ham is cinnte gur pacáiste iontach úsáideach atá ann agus go bhfuil sé tar éis an tslí ina gcuireann daoine doiciméid de gach saghas le chéile a athrú.
ceangal de shaghas éigin a link of some sort
" Moladh amháin a bheadh agam féin ná ceangal de shaghas éigin a dhéanamh le gradam na Réalta.
gach aon saghas foirgnimh all kinds of buildings
" Bíonn na mílte dráma agus seó grinn *stand-up* ar siúl, agus baintear úsáid as gach aon saghas foirgnimh mar ionaid, neart eaglaisí agus coláistí ina measc.
gach saghas torainn all sorts of sounds
" Bhí gach saghas torainn le cloisteáil taobh amuigh agus go leor ainmhithe, éan agus plandaí éagsúla le feiceáil.
gach saghas muiscíte every kind of mosquito
" Ach, faraor, bhí gach saghas muiscíte ann freisin; bhí mo chosa bochta ite, deich ngreim bainte as ceann amháin agus dhá cheann déag as an gceann eile.
ag eagrú gach saghas turais organizing every kind of tour
" Tá an t-uafás comhlachtaí ann atá ag eagrú gach saghas turais timpeall na n-oileán seo.
de shaghsanna difriúla of different kinds
" AÓF: Feicim go bhfuil amhráin de shaghsanna difriúla nó i stíleanna difriúla agat ar an albam.
cén saghas éilimh what sort of demand
" AB: Nuair a thosaigh muid ar dtús, theastaigh uainn fáil amach cén saghas éilimh a bheadh ar an tionscadal.
de shaghsanna éagsúla, of various types,
" Dúirt sí amhráin de shaghsanna éagsúla, bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc.
gach saghas tráchta all forms of traffic
" Níl ach créafóg sna sráideanna, agus, ar ndóigh, tá an baile dúnta do gach saghas tráchta ach capaill.
na saghsanna tiúineanna agus uirlisí the types of tunes and instruments
" ***AÓF: Tá an-éagsúlacht ó thaobh na saghsanna tiúineanna agus uirlisí atá ar na dioscaí.
Cén saghas éilimh what kind of demand
" AÓF: Cén saghas éilimh a bhí ar na leabhair agus atá anois ar na dlúthdhioscaí? An bhfuil sibh sásta leis an éileamh atá orthu? Is dóigh gur áiseanna iontacha iad do mhúinteoirí ceoil freisin? TMU: Toisc iad a bheith ar ardchaighdeán, tá éileamh ar na leabhair, agus úsáid á baint astu, ar fud an domhain mhóir anois.
saghas dóchais a kind of optimism
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
saghas rúin a kind of secret
" “Is saghas rúin atá ann, rún oscailte atá á chraobhscaoileadh agat agus tríomsa, go n-aithníonn daoine, b’fhéidir, cén sort rúin atá i gceist.
taithí ar an saghas sin timpeallachta experience of this type of environment
" ” Bheadh taithí ar an saghas sin timpeallachta úsáideach agus an bhrionglóid a bhí ag Izabela a bheith ina láithreoir teilifíse ar tí a fíoraithe.
do gach saghas galair. for every kind of disease.
" Tá an tSír fós an-tarraingteach dóibh siúd a bhfuil an fhealsúnacht ailtéarnach acu, agus bíonn gnóthaí ag tairiscint leigheasanna malartacha do gach saghas galair.
Imrítear dhá shaghas peile Meiriceánaí. Two types of American Football are played.
" Imrítear dhá shaghas peile Meiriceánaí.
imirt cheanndána den saghas sin. that sort of bold play.
" Bheartaigh mé go rithfinn i dtreo na foirne eile, agus go ndéanfainn iarracht dul tharstu ag ceapadh nach mbeidís ag súil le himirt cheanndána den saghas sin.
an saghas tionlacain the sort of accompaniment
" Deirim leis gur mian liom oibriú ar phort atá aige, atá go hiontach dar liomsa, agus a gcloisim an saghas tionlacain atá ar "Come Together" leis na Beatles taobh thiar de.
ceol de gach aon saghas. music of every sort
" Ach má théann tú isteach in aon chaife dá gcuid, bíonn ceol á sheinnt sa chúlra an t-am ar fad – ní hamháin ceol de chuid Mitchell agus McCartney, ach ceol de gach aon saghas.
an saghas seo cuardaigh ghrafaigh this type of graphic search
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
gach saghas Tuaisceartach every kind of Northerner
" Bhí gach saghas Tuaisceartach i láthair ag an ócáid seolta, má thuigeann tú leat mé, agus ní raibh a fhios ag daoine roimh ré cé acu an n-éireodh le Fíbín daoine a chur ag gáire, nó an dteipfeadh ar an jóc.
an saghas seo tionscnaimh this sort of initiative
" Ar ndóigh, braitheann an saghas seo tionscnaimh ar dhea-thoil an phobail, mar ní gá a rá nach mbeadh mórán fiúntais ag baint le léarscáil mhíchruinn.
saghas mná type of woman
" Sin an saghas mná a bhí i mo mháthair, bhí sí cabhrach ach bhí sí discréideach leis.
de shaghas éigin of sorts
" Bhí meas an phobail orthu mar chuir siad deireadh le caimiléireacht na dtiarnaí cogaidh, agus is cosúil go raibh ‘saol normálta’ de shaghas éigin ag muintir na Somáile arís tar éis cúig bhliain déag den ainriail.
saghas type
" Ní raibh mo dhóthain eolais agam faoi ríomhchlárú chun an saghas suímh a bhí uaim a chruthú.
saghas kind
" Níl mórán cáile orainn i Sasana, cé go bhfuil muid tar éis seinnt ag tromlach na bhféilte móra, don saghas seo ceoil.
shaghas kind
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
saghas type
" Áirítear ar an mbeirt is inchreidte iad i Hollywood don saghas seo ruda.
saghas a type
" com/watch?v=W20Btaww6zc) Maolaisnéis a bheadh ann a rá gur saghas Babette’s Feast a bhí ann seo.
saghas type, kind
" Tá an ceol traidisiúnta ann, tá traidisiún maith peile agus iomána san áit agus sin iad an saghas rudaí a bhfuil suim agam iontu.
saghas clipthe a bit of hassle
" Gheofá saghas clipthe ó dhaoine.
shaghas types
" Fuirsíonn Ando raonta ‘agape’ na nGréigeach fadó, dúiche a raibh an t-uafás dearfach le rá ag an Pápa Benedict XV1 ina thaobh sa chéad tréadlitir thábhachtach óna pheann, ‘Deus Caritas Est’ (2005), ina dtugann Easpag na Róimhe léargas léannta dúinn ar an dá shaghas grá – ‘eros’ na drúise agus ‘agape’ an spioraid.
shaghas type(s)
" Faightear dhá shaghas crogaill san Astráil, an crogall fionnuisce agus an crogall inbhir, agus tá siad araon ina gcónaí sa teochrios.
saghas type
" Tá an saltie ar an uathphéist is mó ar domhan agus tá fianaise ann go bhfuil an saghas crogaill seo ag maireachtáil ar an domhan ón aimsir réamhstairiúil, aimsir na ndineasár.
saghas cáise type of cheese
" Sna siopaí búistéara agus sna margaí sráide, cuirtear béim ar chuisine an Beaujolais, spóla coinín nó ar dhuáin laofheola mar shampla, mar aon le gach saghas cáise ach an cháis ghabhair go háirithe.
saghas a kind
" Agus (dúras) nach raibh mise sásta dul taobh thiar de dhroim daoine a chur isteach i bPairlimint na hEorpa mé le caint rúnda d’aon tsaghas.
saghas type
" Tá trí shampla den saghas ceiste atá muintir *Quora* ag lorg agus caithfidh tú an sampla ceart a roghnú.
gach saghas every kind
" Is dream atá tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr.
saghas fógraíochta type of advertisement
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
saghas deontais kind of grant
" Chuirfinn gach saghas deontais atá ar fáil ina threo agus cead a chinn a bheith aige ansin.
saghas gréasáin á fhorbairt a type of network being developed
" An raibh a fhios agat go raibh saghas gréasáin á fhorbairt agat i measc na scríbhneoirí, go raibh cumarsáid ar siúl eatarthu nach mbíonn de ghnáth istigh sa stiúideo nuair a bhíonn siad ann leo féin? An bhfaca tú é sin ón tús chomh maith? **CNíA**:Is dóigh gur tharla sé go nádúrtha.
aibhéise de shaghas of an abyss in a way
" Críochnaigh mé m’alt deiridh ar thaobh aibhéise de shaghas inar chuir mé tús le ceist mhór i leith oideachas na teicneolaíochta.
shaghsanna éagsúla various types
" Amhráin Ghrá is teideal don albam agus faightear léirithe ann ar shaghsanna éagsúla den ghrá: an grá rómánsúil, an grá máthartha agus an tírghrá.
saghas iomrall ceartais type of denial of rights
" Nuair a bhíonn na meáin ar nós drong linseála, cén t-ionadh go dtarlaíonn an saghas iomrall ceartais a d’fhulaing muintir Chamberlain?
bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin it was some kind of pretence
" Mhothaíomar go raibh rud éigin beagáinín bréagach ag baint leis, gur bhain sé le cur i gcéill de shaghas éigin maidir le ‘treisiú foirne’ san ionad oibre.
an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil the type of violence he wished to describe
" B’shin an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil le Krishnan.
is dóigh gur cosaint de shaghas éigin dúinn uilig I suppose it’s some kind of defense for us all
" Ar a laghad ar bith ainmnítear na naoscairí go minic agus is dóigh gur cosaint de shaghas éigin dúinn uilig a fhios a bheith againn cé hiad – Colm Cúipéir, Bearnárd Ó Brógáin, Annraoi Ó Sibhleáin is araile.
an saghas taithí ar an saol the type of life experience
" Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó ================ Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh.
B’fhiú go mór eolas den saghas a roinntear linn knowledge of the type which is shared with us ought to be
" B’fhiú go mór eolas den saghas a roinntear linn sa scannán a chur ar a súile do mhuintir SAM agus dá n-ionadaithe poiblí agus iarrachtaí ar siúl i dTithe na Comhdhála i láthair na huaire chun an córas inimirce a leasú.
saghas gaoil dos some kind of relation(s)
" D’imigh sí láithreach agus nach iontach gur tháinig sagart ar an gciotrainn agus bhí a dheirfiúr pósta le Mícheál Ó hArtaigh ón Seanphobal agus saghas gaoil dos na Súilleabhánaigh is ea na hArtaigh agus dúirt a bhean liom gur tháinig an deartháir, an sagart, ar an gciotrainn.
saghas, neamhaird de chúrsaí caighdeáin almost paying no attention to standards
" Táthar ag déanamh, saghas, neamhaird de chúrsaí caighdeáin.
an saghas seo scannánaíochta this type of cinema
" Ba léir, áfach, nach maith le gach duine an saghas seo scannánaíochta ón méid daoine a shiúil amach as an scannán impriseanaíoch Cambódach-Astrálach Ruin, scéal léanmhar grá inar ghlac daoine nach aisteoirí iad na príomhróil.
a ghineann aon saghas which generates any type
" Luíonn seo leis an inspreagadh a ghineann aon saghas comhlacht nua ó chaife cúinne go dearthóir graificí, go feighlí linbh gan trácht ar na comhlachtaí nuatheicneolaíochta.
léirigh an saghas aigne which showed the mindset
" Mar fhreagairt ar an aitheasc seo, foilsíodh sna meáin ráitis éagsúla a rinne Abbott le blianta anuas a léirigh an saghas aigne a bhí aige i dtaca le mná, cuir i gcás an ceann seo a rinne sé sna 1970í: *I think it would be folly to expect that women will ever dominate or even approach equal representation in a large number of areas simply because their aptitudes, abilities and interests are different for physiological reasons* Maíonn Abbott go bhfuil athrú intinne tagtha air anois i dtaca le ról na mban sa tsochaí, d’ainneoin cheapacháin mhístuama a aireachta.
cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól what kind of strange mixum-gatherum beast
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
Saghas brionglóid is ea é cheana féin it’s like a dream already
" Críochnaithe! I 4:09 uaireanta an chloig! Saghas brionglóid is ea é cheana féin agus mé ar an mbus ar ais go Léim an Bhradáin.
Is saghas andúiligh mé i leith I’m a kind of fanatic about
" Is saghas andúiligh mé i leith rac-amhránaithe móra na 1990í freisin – go háirithe iad siúd a bhí ar i mbarr a réime ag tús na nóchaidí! **M.
cáin de shaghas ar bith tax of any type
" Mar bharr ar sin, ámh, is beag measa atá acu ar rudaí mar sheirbhísí poiblí, oideachas poiblí, cáin de shaghas ar bith, agus na saorealaíona.
as aon saghas ábhair from any type of material
" Dúshlán eile a bhí ansin mar go mb’éigean sconsaí a thógáil i ngáirdín duine éigin as aon saghas ábhair a bhí ar fáil - seanchathaoireacha, cathaoireacha gréine, brícíní móna, camáin, rothair, maidí, bataí leadóige, rópaí, boscaí, buicéid, báisín uisce (sconsa uisce).
saghas tost inmhéanach a type of internal quiet
" Ní raibh aon rian díobh siúd ina ghothaí – ach rud má bheinn ag súil leis, saghas tost inmhéanach.
bac de shaghas éigin ab ea an some type of constraint was the
" An Féintrua Náisiúnach ====== Ba léir don Fhréineach gur bac de shaghas éigin ab ea an féintrua náisiúnach, ach a mhalairt de scéal a bhí gceist dar leis an gCorcarach.
dearcadh saghas difriúil a slightly different view
" “B’fhéidir go raibh dearcadh saghas difriúil agam ar an nGaeilge mar go raibh col ceathracha liom á dtógáil le Gaeilge i mBleá Cliath agus go raibh baint ag mo mhuintir le heagraíochtaí éagsúla Gaeilge.
an t-aon saghas cur i láthair the only type of public performance
" Deirim féin corrstéibh d’amhrán, in amanntaí, ach an t-aon saghas cur i láthair a dhéanaim na laetha seo, ná a bheith ag insint scéalta.