Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
saibhriú enriching
" Tá siad ag glacadh freagrachta as forbairt agus saibhriú a gceantair féin.
saibhriú enriching
" Ullmhúchán do ghairm bheatha ======= Is mian leis an Aire Moratti athruithe a chur i gcrích a chinnteoidh go mbeidh scoileanna ansin chun daltaí a ullmhú do ghairm bheatha seachas chun saibhriú a dhéanamh ar a saol.
shaibhrigh an aithne sin mo shaol go mór knowing him enriched my life greatly
" Dhá bhliain déag nó mar sin a bhí aithne agamsa ar Bharra Ó Donnabháin (Seán Ó Donnabháin a tugadh air an lá a baisteadh é ach thug gach éinne Barra air) agus, ar nós mórán nach mé, do shaibhrigh an aithne sin mo shaol go mór.
a shaibhriú to enrich
" " Comhaltacht ======= Deirtear go ndéanann an taisteal an intinn a shaibhriú, agus tá an deis sin tapaithe ag Angela go minic agus í i mbun taighde dá saothar scríofa.
ag saibhriú chultúr na tíre seo enriching the culture of this country
" Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine go bhfuil na scríbhneoirí seo, nach ndéantar aistriúcháin ar a saothar, ag saibhriú chultúr na tíre seo.
ag saibhriú m’intinne enriching my mind
" Cuireann an teanga iontas orm gach lá agus tá sí ag saibhriú m’intinne go mór.
eispéireas saibhrithe enriching experience
" Mar gheall ar an drochádh leis an rothar, an aimsir agus an easpa geansaithe, tá an t-eolas seo á chur i láthair agam le cuidiú ó Google, agus ní de bharr go raibh eispéireas saibhrithe agam féin ar an láthair.
ard-saibhrithe highly enriched
" Bhí NUMEC ag fáil go leor úráiniam agus plútóiniam ard-saibhrithe gan mhoill ar chonradh leis an rialtas le haghaidh athphróiseáil eithneach.
aguisín a shaibhríonn an addendum which enriches
" Tá níos mó ná scéal amháin le hinsint sa leabhar seo agus tá béaloideas agus scéalta mhuintir Donna fite fuaite ina scéal féin, aguisín a shaibhríonn an leabhar agus a dhúisíonn ionainn an mothúchán go bhfuil muid beo faoi scáth ár muintire i gcónaí.
leanfar ag saibhriú dornán beag daoine a small group of people shall continue on the road to riches
" Gan reachtaíocht fhánadóireachta a achtú leanfar ag saibhriú dornán beag daoine sa leabharlann dlí fad is a cheilfear áilleacht na tíre ar thromlach a chuid saoránach.
Má chreidimid go saibhrítear sochaithe if we believe that society is enriched
" Má chreidimid go saibhrítear sochaithe nuair a chuireann daoine ó thíortha is ó chultúir eile fúthu iontu, gan trácht ar na buntáistí éagsúla a bhaineann imircigh as an taithí a fhaigheann siad ar thír nua, fearfaimid fáilte roimh thorthaí daonáirimh 2011.