Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tsamhail chuí the appropriate image
" Nach sin an tsamhail chuí den intleachtaí Éireannach? É mórtasach ach gan chumhacht in aghaidh na sluaite cúngaigeanta?" "Sea," arsa an dochtúir, "agus an dara ní?" "An dara rud a chonaic mé madadh rua i lár an lae ghil agus é ag tarraingt ar sheanchonablach éin.
gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid that this image was more suitable for the likes of me
" Chonacthas dom an iarraidh seo gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid.
tsamhail dhraíochtúil enchanting creation
" Gehry, tá an tsamhail dhraíochtúil seo againn a athraíonn cruth, dath agus dearadh gan stad i rith an lae de réir mar a dhéanann an ghrian a haistear trasna na spéire.
samhail image
" Tá na pictiúirí seo an-éifeachtach mar a deirim agus, i mo chás féin, cuireann siad i gcuimhne dom an tsamhail a bhí agam de na hiománaithe a chonaic mé le linn m'óige.
samhail na hoíche aréir the spectre of the night before
" Leis sin tháinig samhail na hoíche aréir chuici mar a bheadh buille ann.
samhail image
" I ndáiríre, is é an tsamhail a bhí i m'intinn ná go raibh daoine ag dul i gcré as éadan a chéile, faoi bháisteach a bhí ag titim gan stad! Sea, *An Béal Bocht.
Shamhail siad they imagined
" Shamhail siad cluichí beaga a d'fhéadfaidís a imirt léi .
samhail model
" Bhí sé i gceist acu foclóir aonteangach Gaeilge a chur le chéile (macasamhail fhoclóir Béarla Oxford), agus ní raibh a leithéid déanta riamh sa tír seo.
Shamhail mé I imagined
" Shamhail mé go raibh sí ag cosaint sraith dheireanach an traidisiúin ina brollach.
shamhlacha beannaithe religious icons
" Bhí na Cailvínigh i ndiaidh cosc a chur ar shamhlacha beannaithe agus na séipéil ar fad a ghealadh le haol agus, dá bharr seo, b'éigean d'ealaíontóirí fostóirí nua a fháil agus ábhair nua dá saothar.
an tsamhail a bhí roimpi the vision before her/her reflection
" Ní raibh an tsamhail a bhí roimpi ina sásamh.
shamhlacha models
" Ní bhainim úsáid as grianghraif mar shamhlacha, mar chuirfeadh siad ar an bhealach mícheart mé.
Níor shamhail mé I never imagined
" Níor shamhail mé go dtarlódh a leithéid ariamh agus mé ag bailiú logainmneacha ó bhéal i gCois Fharraige agus i nGaoth Dobhair sna seachtóidí.
shamhail image
" Agus é ag iarraidh teacht ar shamhail a chuirfeadh *síos *go héifeachtach ar ghamalacht agus ar bhómántacht agus ar dhúire na beirte eile deir sé: “Níl ciall dá laghad ag an bheirt sin *thuas *staighre.
shamhail image
" Nuair a théim go seomra acu, leanaim na rialacha a ghabhann leis, bím i mo shamhail den té atá sa tseomra mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúil.
samhail dá chloigeann a model of his head
" Ach, anois, tá mé thuas ansin, cúig troithe déag ar airde! Ní thig leat mé a sheachaint níos mó! Cén fáth nach dtig le mo chorp bheith mar ábhar ealaíne?” Tháinig an dealbhóir Marc Quinn os comhair an phobail ar dtús i 1991 lena fhéinphortráid *Self*, samhail dá chloigeann déanta le naoi bpionta dá chuid fola reoite féin.
an tsamhail a bhí roimpi the vision before her / her reflection
" Ní raibh an tsamhail a bhí roimpi ina sásamh.
samhlacha models
" Istigh sa seomra caidéil, tá taispeántas ann faoi stair an spá, agus samhlacha de chuid de na custaiméirí agus den fhoireann le feiceáil.
samhail ghnó business model
" Tá níos mó aerlínte ag iarraidh samhail ghnó Ryanair nó easyJet a chur i bhfeidhm ar a n-eitiltí cianaistir.
Ag cóipeáil samhla Copying the model
" Ag cóipeáil samhla de chuid Southwest Airlines i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí siad.
samhail ísealchostais a low-cost model
" Cén fáth nach bhfuil níos mó dá leithéid ag trasnú an Atlantaigh, nó ag dul go dtí an Astráil?Bhuel, ní féidir le haerlíne an méid céanna buntáistí a bhaint as samhail ísealchostais ar aerbhealach cianaistir.
samhail ísealchostais low-cost models
" De bhrí go bhfuil an brú aerthráchta ag méadú de shíor – i dtíortha atá i mbéal forbartha (an tSín, an India agus an Indinéis, cuir i gcás) agus i measc na n-aerlínte a bhfuil samhail ísealchostais á húsáid acu (Ryanair, mar shampla) – mura dtagann laghdú faoin ráta tionóiscí níos tapúla ná mar a thagann méadú faoin mbrú aerthráchta, tarlóidh sé go mbeidh tubaistí ag titim amach sa tionscal seo níos minice – tubaistí ar tragóidí do na híospartaigh iad agus tubaistí a chothóidh drochíomhá i leith na n-aerlínte agus i leith an tionscail trí chéile.
samhail an choimhthiúcháin the symbol of alienation, otherness
" Sin samhail an choimhthiúcháin fada siar i stair na scannánaíochta - Dustin Hoffman i dtús ‘*The Graduate*’, mar shampla.
tsamhail Chicago Chicago model
" ‘An tsamhail Chicago’ is ea is chúis leis an bhfaopach ina bhfuil an geilleagar faoi láthair, dar leis.
Samhail concept
" Ansin ag deireadh mí Bealtaine foilsíodh 'Samhail nua mhaoinithe do na heagrais bhunmhaoinithe' – plean radacach a dhéanfas athstruchtúrú iomlán ar mhaoiniú na n-eagras deonach Gaeilge.
tsamhail image
" ” Bhunaigh sí go leor dá saothar ar an chorp nó ar an tsamhail a bhí aici den chorp.
samhlacha models
" Tugann samhlacha na gclíomeolaithe dóchúlacht dúinn in ionad na cinnteachta, agus ní féidir ach a rá go mbeadh teagmhais fhoircneacha níos coitianta as seo amach ná mar a bhíodh.
tsamhail gheilleagrach economic vision
" Cé go bhfuil corrdhream mar Greenpeace ag iarraidh stop a chur leis an druileáil taiscéalaíochta, agus cé go dtuigeann gach duine againn go bhfuil cosán aontreo á shiúl againn, ar an drochuair tá sé soiléir nach bhfuil an tsamhail gheilleagrach á húsáid againn ábalta sinn a tharrtháil.
samhail eacnaiméadrach an economicmetric model
" Tá an Síónachas ag cothú “imbhualadh contúirteach” idir Giúdaigh agus Críostaithe ar thaobh amháin agus an saíocht Ioslamach ar an taobh eile, dar leis, agus ba dheacair an “stair thubaisteach” seo a mhíniú le samhail eacnaiméadrach.
samhlacha representations
" Ach ar an drochuair ní raibh a fhios fós cé hiad na samhlacha gnó a d’fheilfeadh don idirlíon.
An tSamhail Nua Mhaoinithe the new funding model
" An tSamhail Nua Mhaoinithe ============= Idir an dá linn, ní léir go bhfuil mórán dul chun cinn déanta i bpróiseas comhairliúcháin eile atá ar siúl faoi láthair.
Samhail de chuibhreann a type of allotment
" Samhail de chuibhreann don chruthaitheoir.
níl samhail agam the only thing …. brings to my mind
" Agus níl samhail agam do Teatru Manoel ach tigín babóige.
Dá mbeadh ceathrar dá samhail sin againn if we had four of their ilk
" Dá mbeadh ceathrar dá samhail sin againn dob’ oirearc an tabhartas ó Dhia iad, ach monuar! Is annamh a chítear a gcomhghile sin de réalta i gcuanta na spéire liteartha….
tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe a real semblance of life has been created
" In alt i 2005 (tá fhios agam - ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: tá samhail an tsaoil réadúil cruthaithe ach “*The Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories*.
a bhí sna samhlacha eacnamaíocha who appeared in economic conceptions
" Sin é an cineál duine a bhí sna samhlacha eacnamaíocha (agus a chuir amú go minic iad ina gcuid teoiricí).
tSamhail Nua Maoinithe the new projection of financing
" Cuireadh am agus fuinneamh na n-eagraíochtaí amú ag plé leis an phrácas ar a dtugtaí 'an tSamhail Nua Maoinithe' sular thit an tóin as a raibh molta.
samhail equivalent
" Is é samhail Heraclitus é, fealsamh ‘na síorghluaiseachta leanúnaí’.