Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dea-shampla good example
" In ainneoin na lochtanna ar fad, leanann an Cumann Lúthchleas Gael ar aghaidh ag tabhairt an dea-shampla agus na cinnireachta do mhuintir na hÉireann ar go leor bealaí, rud nár thosaigh inniu ná inné, dar ndóigh.
Tig na samplaí seo these examples come
" Tig na samplaí seo as tuarascáil a d'ullmhaigh Coimisiún na gCeart Daonna ó thuaidh ar thraenáil an PSNI maidir le cearta daonna.
dea-shampla good example
" Ní hé Learpholl amháin atá ag iarraidh dea-shampla na hÉireann agus Nua-Eabhrac a leanúint - tá Albain ag dul sa treo céanna fosta.
dea-shampla good example
" dea-shampla na hÉireann a bhí luaite sa díospóireacht ansin fosta.
dhea-shampla good example
" Dála na ndaoine i Smoke Free Liverpool, faigheann an Dr Kelly a lán dóchais ó dhea-shampla na hÉireann agus cuireann siléig rialtas Shasana sa cheist seo díomá air.
samplaí cáiliúla famous examples
" Is samplaí cáiliúla iad Condoleeza Rice, Rúnaí Stáit an Rialtais, a bhí ina propast ar Ollscoil Stanford nuair a glaodh uirthi, agus Donald Rumsfeld, Aire Cosanta Mheiriceá, a bhí ina chathaoirleach ar chomhlacht eolaíochta.
dea-shamplaí good examples
" Is dea-shamplaí iad den tslí inar féidir físeáin a chruthú a scaipeann teachtaireachtaí corparáideacha eagraíochta, agus atá fós in ann lucht féachana a mhealladh agus a aird a choimeád.
go leanfadh dreamanna ó na contaetha eile an sampla that groups from other counties would follow the example
" Má éiríonn leis an gcoincheap, ba mhaith linn go leanfadh dreamanna ó na contaetha eile an sampla.
samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta the lovely examples of sculpture and architecture
" Ach, seachas sin go léir, fágann na samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta atá le feiceáil gur fiú cuairt a thabhairt ar an reilig seo.
Sampla dá leithéid An example of such
" Sampla dá leithéid é an ceann a scríobh Pat McArt, eagarthóir *The* *Derry Journal*, ar an leabhar: Kevin Myers is just about everything a nationalist detests .
ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta. on examples of creativity which were unusual
" Théadh sé amach ag lorg rudaí le ceannach ar bhonn laethúil, a shúil i gcónaí dírithe ar earraí neamhghnácha agus ar shamplaí cruthaitheachta a bhí neamhchoitianta.
ar shamplaí aonair. on individual examples
" Is minic a chomhairlítear do dhaoine nach dtig argóint ghinearálta a bhunú ar shamplaí aonair.
dea-shampla a thabhairt don tréad, to give a good example to the flock
" Rinne siad beirt dearmad go raibh sé de dhualgas orthu mar aoirí de chuid na hEaglaise dea-shampla a thabhairt don tréad, ach ní dhearna an tréad dearmad *baa-aaa-aaa* a rá leis an bheirt acu.
Samplaí sciobtha samples snatched
" Samplaí sciobtha aige ó amhrán clúiteach Nina Simone, “Sinnerman”.
na samplaí geolaíocha the geological samples
" Cuideoidh na samplaí geolaíocha leis na heolaithe tuiscint nach beag a fháil ar gheolaíocht Mharsa amach anseo.
sampla amháin one example
" Ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
Gan ach sampla a lua just to mention one example
" Gan ach sampla a lua, cé go bhfuil feabhas mór curtha ar pháirceanna CLG le roinnt blianta anuas, idir pháirceanna na stáideanna móra go dtí páirceanna áitiúla timpeall na tíre, is minic a tharlaíonn sé (i mBaile Átha Cliath ar aon nós) go mbíonn ar imreoirí dul ag imirt sa tseachtain chéanna ar dhromchlaí éagsúla imeartha idir ghnáthpháirceanna féir, fhód astro agus pháirceanna uile-aimseartha, leathshaorga.
dea-shampla den obair seo a fine example of this
" "Geilleagar uile-Éireann, sin an tslí chun tosaigh," a dhearbhaigh sé agus thug sé an dul chun cinn atá déanta ag eagraíochtaí trasteorann ar nós *Tourism Ireland* mar dea-shampla den obair seo.
níl aon sampla glan, dílis eile no other perfect example
" Ach mura bhfuil dul amú orm, níl aon sampla glan, dílis eile le fáil ar an mór-roinn féin, mura gcuirfeadh muid Corsica agus Sardinia san áireamh, is é sin an Fhrainc agus an Iodáil faoi seach, nó oileán Rhodes na Gréige agus an Tuirc.
Sampla neafaiseach a trivial example
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
dea-shampla good example
" Tá spéis ag grúpaí eile sa tír dea-shampla na Cultúrlainne i mBéal Feirste a leanúint agus ionaid Ghaeilge a bhunú.
dhea-shampla good example
" Níl mórán raidiciúlachta fágtha sa Ghaeltacht ach tá glúin nua ag teacht chun cinn sa Ghalltacht atá ag leanúint dhea-shampla Mháirtín Uí Chadhain.
mar shamplaí den loitiméireacht. as examples of vandalism
" Tá meon an phobail scoilte maidir le cé acu ar chóir dúinn amharc ar shaothair ghaifítí mar ealaín, nó ar chóir dúinn iad a rangú mar shamplaí den loitiméireacht.