Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Leithinis ghainmheach sandy peninsula
" Leithinis ghainmheach atá inti.
gráinníní gainmheacha sandy grains
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire fá choinne cúpla seachtain a chaitheamh ar a shuaimhneas, a bholg bhiata bhlonagach le grian gheal an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla a bheith lena thaobh, scaifte péas armtha i bhfáinne thart air le cailíní na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
fionnrua sandy-coloured/strawberry-blonde
" Cuirfidh muid imireacha fionnrua, donnrua, agus rud beag bídeach deargrua fríd.
tránna gainmheacha sandy beaches
" Thart ar an chósta, tá tránna gainmheacha le fáil.
na tránna fada gainmheacha. the long sandy beaches.
" Téann na mílte turasóir ansin le cuairt a thabhairt ar na seanfhoirgnimh mheánaoiseacha agus ar na tránna fada gainmheacha.
bá mhór ghainmheach a big sandy bay
"bá mhór ghainmheach ansin a bhfuil teach mór agus reilig in aice léi.
gainimh bán white sandy
" Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.
gainmheach sandy
" Níl eireaball ar an aosach agus má tá tú ar an gcósta nó in áiteanna atá gainmheach bí ag amharc amach d’aosach an chnádáin ach níl siad chomh flúirse forleathan is atá an Loscann.
gainimh sandy
" Anuas ó na sléibhte tá cósta gainimh de 130 ciliméadar mar a mbíonn an t-uisce glas.
sna dumhcha os comhair on the sandy ground in front of
" Tá Ó Cuinneagáin i ndiaidh airgead a fháil ó Údarás na Gaeltachta fá choinne ráschúrsa a thógáil sna dumhcha os comhair Oideas Gael.