Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shaoiste superviser
" Bhí ormsa mar shaoiste dul ar cheithre chúrsa oiliúna seachtaine sa bhliain le daoine nach raibh *clue* dá laghad acu agus éisteacht le conraitheoirí ag maíomh go bhfuair siad £70,000 sa bhliain as a bheith mar chomhairleoirí ag FÁS.
shaoiste foreman
" Chuaigh Breannan isteach i rannóg dóiteáin na cathrach mar oibrí deonach i dtús na 1840í, agus ceapadh é sa deireadh mar shaoiste ar an bhuíon.
shaoistí bosses
" Bhí cúpla fear as an Téaváin ann, idir shaoistí agus oibrithe.
mo shaoiste my supervisor
" “Nuair a chuaigh mé féin go dtí a fheirm, bhagair sé orm agus dúirt mo shaoiste liom go raibh sé róchontúiteach dom dul ar ais ansin.
saoiste overseer
" “Nuair a chacann gé cacann siad ar fad” – sin é mana Biffo, agus é ag tabhairt le fios gurb é féin an saoiste agus go mbítear ag súil leis go mbeidh gach duine sa pháirtí ar aon fhocal leis.
saoiste boss, foreman
" Tuigeadh do Sibel Edmonds go raibh muintir Dickerson ag iarraidh í a earcú mar ghníomhaire ar son eagraíochta a raibh sí ceapaithe a bheith ag déanamh faire air, agus d’inis sí an scéal dá saoiste.
saoiste foreman
" Ar an láimh eile de, is mise fós an saoiste, an geafar – an boss, an dtuigeann tú – taobh istigh de mo pháirtí féin.
saoiste báite sunami
" Tharla crith talún faoin bhfarraige san Aigéan Indiach 26 Mí na Nollag 2004 ba chúis leis an saoiste báite, nó an súnámaí, is mó a bhfuil cur amach ag domhan mór an lae inniu air.
lámh an tsaoiste the leaders hand
" Ó tharla go raibh lámh an tsaoiste i bhfostú sa sparán, mheas roinnt dá chuid comhleacaithe go raibh a leithéid d'iompar inghlactha.
shaoiste leader, boss
" Cuirfidh a cheapachán an-olc ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach is tábhachtaí dá shaoiste an riachtanas atá ann freastal ar mhórtheaghlach an iarthair.
iar-shaoiste ex-boss
" Bladar Tóna ====== Tá Feargus Finnicky Finlay agus a iar-shaoiste Ruairí Ropach Ó Cuinn, chomh maith le Gerrymander Adams agus Ming the Merciful Flanagan ar a mbealach go Féile na bhFéasóg in Cuba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato – nó lena thaibhse, b’fhéidir – cibé acu a bheas thart ag an am, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don mhuirthéacht atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó nuair a bhí siad uilig fós in ann bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é mar bhladar.
dian ar shaoiste hard on the main man of
" Bhí an bhliain seo dian ar shaoiste Ryanair, Micí Ó Leery.
shaoiste gaffer
" Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.