Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na scórtha míle scores of thousands
" Is é an feall é nach gcaithfidh na scórtha míle duine óg a vóta ar an 17 Bealtaine.
na scórtha míle páiste scores of thousands of children
" Má fheiceann siad eitleáin de chuid aerfhórsa Mheiriceá ag tuirlingt in Éirinn ar a mbealach chun na hIaráice leis an tír sin a bhuamáil nó má chloiseann siad Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ag rá gurb í An Iaráic féin seachas na smachtbhannaí is cúis leis na scórtha míle páiste bheith ag fáil bháis, is deacair a shamhlú go mbeidh an fonn céanna orthu earraí Éireannacha a cheannach.
na scórtha péas scores of policemen
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin the scores of thousands of Muslims who were killed there
" Is beag plé a bhí ag an gcruinniú faoin ionradh ar an Iaráic agus an Afganastáin, na scórtha míle Moslamach a maraíodh ansin agus an bhaint a bhí ag rialtas na hAstráile leis an scéal.
scórtha scores
" Chuaigh na scórtha paraimíleatach de chuid an UVF isteach sa cheantar – atá in aice le coláiste traenála an PSNI! – leis an ruaig a chur ar theaghlaigh a bhain leis an LVF.
na scórtha bealach le bia a réiteach scores of ways to prepare food
" Thug siadsan leo a gcuid bia féin freisin agus na scórtha bealach le bia a réiteach agus ba ghearr go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhaoine nach raibh in ann *wok* a litriú, gan trácht ar a úsáid, tamall beag roimhe sin.
i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc after they had paid scores of euro
" (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu.
na scórtha scores
" Trí na cillíní linn ansin, áit a raibh na scórtha ina suí go díomách ag breathnú ar an urlár nó ar an mballa.
scórtha míle thousands
" Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.
Insíodh na scórtha scéalta grinn many funny stories were told
" Insíodh na scórtha scéalta grinn agus scéalta faoi eachtraí éagsúla.
nach bhfacthas leis na scórtha bliain not seen in over forty years
" Caitheann muid ar fad na brístí beaga i rith na bliana! Mo náire thú – Eagarthóir) Ar scor ar bith, a Eagarthóir fhaiseanta an bhríste bhig, chonacthas cosa áirithe nach bhfacthas leis na scórtha bliain, agus siocair mhaith nach bhfeicfí cuid acu.
na scórtha míle scores of thousands
" Tá go leor de na Chríostaithe coimeádacha sna Stáit Aontaithe a bhí ag iarraidh go leanfaí ar aghaidh ag cothú Terri Schiavo, seachas deireadh a chur lena beatha, sásta tacú le polasaithe a rialtais san Iaráic atá tar éis na scórtha míle a fhágáil marbh.